Caoimhín Ghleann Dá Loch – 3adh Meitheamh:

A Chaoimhín le caoineas do mhéine
Fuair an-chion ainmhithe is éanlaith;
I do láthair ba ghnáth leo go léir a bheith
Gan scáth romhat i bhfásach an fhéir ghlais.
Bímisne, a Chaoimhín na féile,
Dea-iompair le dúile gan éirim:
Dia a chruthaigh is a chuir ar an saol iad
Is cúiteoidh Sé linn an chroí trua-mhéile.