Chun Colm Cille Naofa

A Cholm Cille a fuair cuisle na h-éigse,
‘S a sgríobh na dánta breátha Gaeilig,
Do chabhair go dtaga do ghasra léannta
A chleachtann an peann i bhfabhar na h-Éireann.
Múscail sa dhúthaigh seo spré cheart
An grá dá dtír ba chuí do Ghaedhealach,
Admháil gach peaca dá n-déanaid,
‘S leor-ghníomh le ró-chroí dá éis sin.