Dóchas linn Naomh Pádraig

Dóchas linn Naomh Pádraig, aspal mór na h-Éireann,
ainm oirirc gléigeal, solas mór an t-saoil é,
Is é a chloígh na draoithe, croíthe dúra gan aon mhaith,
d’ísligh dream an díomas trí neart Dé ár dtréanfhlaith.

Sléibhte, gleannta, máighe is bailte móra na h-Éireann,
Ghlan sé iad go deo dúinn, míle glóir dár naomh dhil.
Iarraimid ort a Phádraig, guigh orainne Gaedhealach.
Dia linn lá ‘gus oíche ‘s Pádraig Aspal Éireann.