El Mahdi

(I)
Mo bheannacht, El Mahdi!
Mo bheannacht ort arís!
Go dtuga Allah cabhair duit
Ag cur do namhad síos!
A shaoi! A shaoi! Tá agat guí
Tréan-Éireannach an domhain;
Go mbeidh do thír gan mhoill go saor
Ó iomarghó an leoin.

(II)
Seo fógra duit, El Mahdi,
Seo fógra carad fíor –
Ná déan aon chonradh síochána
Le Sacsanach go síor
Tá agat ceart in aghaidh neart –
Is mealltóir náireach Seán –
Ná glac aon duais ar son do chúis’,
Ach saoirse buan amháin.

(III)
D’éist sinn le Seán, El Mahdi,
Go minic d’éist sinn leis,
Chreid sinn geallta thug sé dúinn
Ach d’oibrigh sé ár sgrios.
Óir i n-gach geall rinne sé feall,
Bhris sé iad gach tráth, ‘gus tá bpian,
Le seacht gcéad bliadhain,
Níos géire ‘fás gach lá.

(IV)
Ach i do chúis, El Mahdi,
Tá croidhe na h-Éireann leat,
‘Gus le do chlann tá ‘troid go teann
Do shaoirse faoi do bhrat.
Tá fear is bean, tá óg is sean
Ó thoir go Bearnas Mór,
Ag guí chun Dé, go gcuiridh Sé
Do leithéid dúinn mar threoir.

(V)
Buail leat! Buail leat, El Mahdi!
‘S na stad ón troid go deo,
Chomh fhad is tá aon Sacsannach
I dtír do dhúthchais beo,
Buail leat! Buail leat!
‘Gus coinnigh brat
An Fháidh go h-ard sa n-gaoith;
Go mbéidh gach béal ag glaoigh an sgéil;
“Tá Éigipt saor a choidheach’!”

 

Le Pádraic Ó Beirn.

(Sgríobh Pádraic an amhrán seo nuair a d’fhoghluim sé faoi Cogadh Saoirse na Mahdi san Afraig an Oir. D’éirigh El Mahdi shuas amach in aghaidh na saighdeara dhearga sa bhliadhain 1881 nuair rinn na Sacsannaigh an ionnsaigh mór do ghabhail air. Ach chuaidh Saighdeara ‘s Óglaigh Mahdi ar an ionnsaigh in aghaidh na Gaill agus chuir iad eadar 400 go 500 Gall bás ann i gCath na h-Aba. Thosaidh an Cogadh Saoirse na Mahdi ‘mach i ndhiaidh sin, agus chuaidh sin ar aghaidh eadar 1881 go 1899. Throid na h-Óglaigh Mahdi ‘n aghaidh na Sacsannaigh, na h-Arabaigh agus na Turcaigh le bliadhanta fada, ‘gus thánaig iad faoi n-ionnsaigh as Gaill eile ó ám go h-ám fosta le linn an cogadh. Ba siad ‘troid le fíor saoirse na Daoine Dhúthchais na Súdáin nó na Súdánaigh. Ach fhuair siad bhristeadh le lámha Sacsann eadar 1898 go 1899, agus ba mór an truagh sin gan amhras. Ach chuir iad troid an-mhór in aghaidh Sacsann agus thug iad spiorad láidir chun ar na Gaedheil mar sin fosta.)