Gaeilge na h-Eachréidh

Ólamuid sláinte na n-Éan

(I)
Tá teach ósta ag an Dreoilín chomh daingean is 'tá i bhFlondras,
Tá fíon is uisce beatha aige, tá beoir agus brandaidh,
Tá rum ag tíocht 'na thuile aige anall ó Rígh na Fraince,
Tá an Crotach Mara ag seinniúint ann 'gus an uile rón ag damhsa,
Agus ólamuidí sláinte na n-éan.

(II)
Tháinig an Dreoilín breabhsanta go doras theach an táilliúir,
Bhuail sé cic ar an doras agus bhris sé lena sháil é,
"Mura n-déana tú mo chóta mór dhom agus bheilbhit lena chába
Ach beidh mé ag goil dho fhuip ort nó go leona mé do chnámha!"
Agus ólamuidí sláinte na n-éan.

(III)
Tháinig an Chorr Scréachóg le salann 'un an fhéasta,
"Míle mora agus Muire dhaoibh," a dúirt sí leis na h-éanlaith,
Mur dtuga sibh dhomhsa cosamar le caitheamh in mo mhéadail
Nach rachaidh mé go h-Iorrus mar gach bocht ag iarraidh déirce!"
Agus ólamuidí sláinte na n-éan.

Le Tomás Ó Ceallaigh.

Image