Urnaí Déaglán Aird Mhóir

A Dhéagláin a bheannaigh i mbailte na n-Déise,
‘S i n-Aird Mhóir a shocraigh ionad d’aiséirí,
Le sampla do bheatha is le teagasc do bhéil ghil
Do tharraingís sluaite i ród a saortha.
Páistí maithe ba taitneamh gach lae leat;
Thugtá dóibh teagasc i dteanga na Gaeilig,
Guímid tú a Dhéagláin, a ghrianán ghléineach,
Teanga n-ár sean go gcasa ‘r Éirinn.