Béaloideas Ainmhithe i gCríostaíocht

Asal agus Mac Dé:

Nuair a bhí Mac Dé ag dul a chéasadh, tháinig é ‘steach go dtí cathair nan Giúdachaí ‘gus é ag marcaíochd ar asal. Nuair a bhí sé ag imeacht ar asal sin, d’fhág sí a bheannachd aige ‘gus bhí a fhios aige freisin go rabh sé le bás a fháil ar an gCrois. Agus d’fhág sé comhartha na Croise ar an asal, agus tá sin air chuile lá ó shoin anuas. Sin é fáth a bhfuil an t-Asal naofa freisin go brách air fad.



Na h-Ainmhithe ‘s Oidhche Nodlag

Deirtear go mbíonn cainnt ag na h-ainmhidhibh uilig Oidhche Nodlag. Deirtear go dteigheann na h-asail ar a gluanaibh le h-aghaidh onóra a tabhairt do Iósa Oidhche Nodlag.

Agus tá sé ráidte go n-iompuigheann an t-uisge do fíon Oidhche Nodlag. Deirtear freisin go mbíonn an Mhaighdeann Mhuire agus Íósa ag dul thart o theac go teac agus go ceart an doras a fhagailt oscailte ionnus go dtiucfeadh Siad isteach dá mbeadh fascadh ag teastáil uatha.

Deirtear nac luighe ann an chaora ná ‘n bhó an oidhche sin cór ar bith an chead coinneal a lasadh Oidhche Nodlag. Cuirtear cuileann agus eidheann suas i ngac teac Oidhche Nodlag le h-aghaidh an tighe a dheasú i n-onór Iósa.

Ní fhagann aon dhuine ar bith a teac féin Oidhche Nodlag.
Deirtear go dtéigheann na h-ainmhidhthe go léir síos ar a n-dá n-glúin tosaigh chun adhradh a thabhairt do’n ár Slánuightheoir ag uair an mheadhon oidhche – Oidhche Nodlag.



Seanchas Bó ‘gus an t-Asal sa Nodlaig

Ar gach aon Oidhche Nodlag faoi Meadhan Oidhche téigheann an bó agus an t-asal síos ar a n-dhá ghlúin ar a dó-dhéag a’chlog oidhche Nodlag. Déanaidh iad sin mar bha siad lathair le linn breith na Críosd agus tá díleas acu le Dia, na h-Aingil, na Naoimhe ‘gus le Íosa Críosd go h-áiridh. Agus bíonn sin na sgéal seo bhon nuair a thánaig Íosa Críosd go ‘n Domhain seo eadar i measg na dhaoinne.

Fuairtheas an smaointeadh seo ó na páistí uilig. Tá an smaointeadh sin ar fághail i n-achan teach, chomhair a bheith annseo.