Béaloideas Beo na Nodlaig

Sitheann Féidh agus am Nodhlaig:
Féidh-fheoil agus am Nollaig:

Air gach aon Nodhlaig san Obar Dheathain, thug na mórmar áite féidh-fheoil gu nan daoine faoi ceannas e. Bha seann dualchas ceanntar Obar Dheathain, Anghas agus thairis Albainn an Ear. Ach, bha sin seann dualchas an-mhor i n-Obar Dheathain gu h-áiridh gun teagamh.

Thug ead – na mórmair – féidh-fheoil gu nan daoin’ a-rithist le Bliadhain Úr cuideachd gun teagamh. Dh’ith Gaedheil an Ear féidh-fheoil le dinnéar Nodhlaig in aice le Cearc Frainge no gé cuideachd. Agus dh’ith cuid ‘s mó nan daoine féidh-fheoil amháin ó am gu h-am.



Nodlaig ar an t-Oileán Mór (Gaeilge Iar Chonnacht)

Chuaidh mo mháthair-mór go dti an siopa lá roim Nodlaig agus chuaidh mé féin agus no dhrifiúr go dtí an t-Oileán Mór agus thug muid dhá scian-mhór linn agus bhain muid cuileann agus chroc muid ar na ballaí é. Nuair a táinig mo mháthair-mhór abhaile bhí an áthas uirthí.

Lá’r na mháireach mharbhuigh mo shean mháthair gé agus lacha agus chroc sí ar chul an dorais iad. Oidhche-Nodlag lasamar coinnle sul dá dtáinig an oidhche agus mhúch muid iad ag an h-aon-dhéágh a chlog.

D’fhága muid an doras osgailte san oidhche.
Chuaidh muid agus chuir muid síos teine mhór na Nodlag annsin. Oidhche Nodlag Bige lasamar coinnle freisin agus Oidche Chinn an dhá lá dhéag chómh maith. Bhíonn an Nodlag caithte Oidhche Chinn an dhá lá Dhéag. Tagann an Nodlag ar an cúigeadh lá fichead de mhí na Samhna cuile bhliadhain. Aimsir an-bheannuighthe iseadh an Nodlaig agus bíonn an-fháilte ag na daoine roimpe. Bionn go leor féastaí agus nósanna ag na daoine ar feadh na Nodlaig. Seo cuid aca. Feisteann na daoine na tighthe go deas le oigheann agus cuileann agus lasann siad coinneal Nodlaig a chuile fuinneoig ar an teach.

Fágtar na dóirse osgailte ag cur fáilte roimh an Maighdean Muire dhá mbeadh sí ag dul thart mar deirtear go mbíonn sí ag dul thart agus Iosa dhá iomchur aice cuile oidhche Nodlaig ó rugadh Íosa. Cuireann na daoine teine mór síos in onóir don oidhche bheannuighthe agus bíonn féastaí ag na daoine freisin. Oidhche Chinn ar a’ dá lá Dhéág, lasann chuile duine coinneal bheag dhó féin agus an ceann is luaithe a bheas caithte sin é an chéád duine a caillfear sa teac sin.

le Máire Ní Liodáin
Oileán Iarthach, Ros Muc, Iarthar Chonnacht



Féile Mór na Nodlag (Gaeilge Iorrais) 

Níl féile ar bith is mó sa mblian, is mó a bhíonn ómós ag gach duine idir sean agus óg, saidhbhir agus bocht, roimhe ná Oidhche Nodlag. ‘Féile mór na h-Éireann’ a thugann na sean-daoine air. I bhfad sul má thagann an Nodlag bíonn gach duine go gnóthach ag réidtiú an tighe ina gcóir. Glanann siad amach gach greim de’n teach. Cuireann siad aoil air agus ceannuigheann siad a lán rudaí deasa de’n tighe lé comóradh don ‘oidhche beannuighthe’ deireann siad.

Is é faisiún na h-aite seo fear nó bean-an-tige a dhul go dtí an siopa roimh Lá Nodlag agus stór do gach rud a dhineadh iad ar feadh míosa nó go spiosaidéalta ar feadh na coigcíse. Má tá aon duine muinnteardha leat imithghe go Sasana no h-Ameiriceá nó áit ar bith imighthe ó bhaile, cuireann a mhuinntir gé nó cáca milis nó rud eicint mar pronntanas agus cárta Nodlag chuca. Cuireann an duine imighthe cárda agus airgead nó pronnthanas eile chucu san.
Nuair a thagann Oidhche Nodlag tosuigheann bean-an-tighe ag deanamh cácaí milis, agus ag réidhtiú gé nó franncach i gcóir an dinnéir lá’r na bhárach. Is iondamhail go dtéigeann na comharsanna isteach ag a chéile an oidhche sin agus bíonn buidéal uisge beatha acú agus ólann siad a sláinte. Nuair a bhíonn siad ag ól deireann siad, ‘go bhfágaidh Dia slán sabhailte muid lé bheith ag ól sláinte i gcuidheachta a chéile bliadhan ó ‘nocht.
Nuair a théigheann na páistí óga a chodladh deineann an mathair suas beart nó stoca Nodlag dóibh agus cuireann sí ubhla agus óráistí ‘na stocaí chomh maith. Nuair a bhíonn na páistí ag dul a chodladh crochann siad suas a stocaí os comhair an t-simné mar ceideann siad go dtagann ‘Deadaí na Nodlag’ anuas an t-simné ‘gus go bhfágann sé féirínní acú.
Nuair a n-éirigheann siad ar maidin sé an chéad rud a dheineann siad ná féachaint ins na stocaí go bhfeicfeadh siad céard a d’fág ‘Deadaí na Nodlag’ acú. An lá roimh oidhche Nodlag teigheann gach duine chuig faoistinn agus lá Nodlag glacann gach duine Comaoin Naomhtha.
Bíonn gach duine ag fanacht ar fear an phuist an lá sin go bhfeicfeadh sé cé’n pronntanas a gheobhfadh sé. Sé an gnó a bhíodh ag na sean-daoine dul isteach go teach an ósta thar éis Aifrinn Lá Nodlag deireadh siad go bhfliuchadh siad an Nodlag.

le Maighréad Ní Cinnéidigh
Dumha Dhearc, Iorrais.



An Stocaí san Oidhche Nodhlag (Gaeilge Iorrais) 

Crochannna páiste a stocaí cois na leapthan an oidhche sin agus bíonn siad a súil le féirín ó Santa Claus maidhean lae’r na bhárach. Oidhche an 25adh lá bíonn damsa ag an aos óg. Téigheann na sean daoine ar cuairt chuig a chéile agus bíonn siad ag gabhail amhrán.



Féásta na Nodlaig (Gaeilge Iorrais) 

‘Sé an Nodlaig an féásta is mo sa mbliadhain. Crochann na daoine cuilleann agus eidhneán agus druad-lus i n-gach seómra le na mhaiseadh. Lastar coinneal i n-gach fhuinneóg sa tighe Oidhche Nodlaig i n-onóir Íosa Críost mar sé solus an domhain é. Bíonn doras an tighe ar osgailt tar-éis meadhon oidhche. Bíonn an Mhaidhean Mhuire ag dul thart leis an leanbh agus bféidir go dteasdóchadh uaithe theacht isteach. Múchtar na choinnle le linn dul a chodhladh do na daoine Lastar arís ar maidin iad. Lá Nodhlaig bíonn gach duine ag súil le leitreacha agus cardaí Nodhlaig. Nuair a thagann fear an phuist tugann siad gloinne uisge beatha nó leann dó, agus deireann siad ” Nodhlaig Maith Duit ” agus nuair a castar daoine le chéile deireann siad an rud céadhna.

le Pádhraig Ó Cearáin
Gleann Chuilinn Íochtarach.



An Nodlag (Gaeluinn na Déise) 

Bíonn lá Nodlag ann an cúigiú lá is fiche de Mhí na Nodlag. Do rugadh Ár Slánuightheóir i mBeitil ar an lá san. Déineann mo mháthair an tigh do ghlanadh agus cuireann sí cuileann suas ar an dreasúr agus ar na pichtiúirí. Déineann sí putóg Nodlag agus cístí misle cúpla lá roimh Nodlaig.

Bíonn na páistí óga ag feitheamh le Santa Claus le súil go dtiocfaidh sé le féirín cúcha. Crochann siad a stocaí suas i n-aice na teine oidhche Nodlag, agus bíonn siad suas le breacadh an lae maidin Lae Nodlag ag feitheamh leis an féirín. Cuirtear coinnle mór ag lasadh nuair a bhíonn tuitim na h-oidhche ann Oidhche Nodlag.
Bíonn fear an phuist an-ghnótach le linn na Nodlag. Bíonn leitreacha agus cárdaí Nodlag aige. Bíonn na siopaí ins na bailte móra gleasta go deas le páipéirí ioldathacha agus le breagáin agus le cuileann. Stadann gach aoinne in-a thigh féín Lá Nodlag agus aoinne a thiocfaidh isteach tugtar braon uisce-beatha dó. Bíonn turcaí agus putóg Nodlag leis an dinnéar Lá Nodlag.

le Siobhán De Róiste.



An Nodlag (Gaeluinn Tuadh Mhumhan) 

Tagann lá Nodlaig ar an 25 adh lá de’n mhí deirneach de’n bhliadhan.

Lasann na daoine coinnle ins gach fuinneóg an aoidhche sin agus lasann siad trí coinnle eile agus fágann siad ar an mbórd iad I gcóir na trí righthe agus cuireann siad luachair ag an n-dosar. Lasann an t-achair na coinnlí i n-áiteanna agus in áiteanna eile sé an duine is óige sa tig a lasann iad.

Deirtear nach ceart aon obair a thosnúghadh ar an tríomhad lá den bhliadhan nua agus tugtar lá crosta na bliadna air.

Oidhche Nodlag deirtear nach ceart na doirse do dhúnadh mar dá mbéadh an Maighdhine Muire ag dul thart araírt do bheadh na dóirse ar osgailt dí.

Má dheireann tú aon run an céad lá de’n bhliadhan nua deirtear go mbeidh tú á dhéanamh ar feadh na bliadhna.
An maidean sin téigheann fear an tighe amach roimh breacadh an lae agus núair a eirigheann an líon tighe tosnuigeann sé ag tabhairt isteach cabáiste agus prátaí agus gach saghas bíad agus deirtear so mbeidh bíadh agat ar feadh na bliadhna.

le Máire De Long
Dúlainn, Tuadh Mhumhain.



Nósaí ag baint le Nodhlag agus Lá na Bliadhna Nuadh (Gaeluinn Tuadh Mhumhan)

1. Bíodh ré de nós aca an duine ab aosta sa tighe na coinnleacha do lasadh.
2. Rachaidís ar a glúnaith annsin agus dheirdír paidreacha.
3. Ní raibh ré ceart, uaigh a oscailt lá na bliadhna núadh.
4. Ní maith an rud gol an lá sin nó bheadh cúis agat i rith na bliadhna.
5. Ba ceart do bhuacaill teacht isteach I dtigh ar dtúis lá na bliadhna nuadh.
6. D’fhanadh na daoine in a suidh ar feadh an oidhche sin ar fad ar eagla go n-deanfhadh na daoine maithe aon díobháil.
7. Dá d’thaghad aon stróinséar isteach an lá sin do chuireadh na daoine an “Soipín Fear” fé na cois.
8. Ní raibh sé ceart luaithreach no h-uisge do chaitheamh amach, Lá na Bliadhna Núadh.

le Máire Ní Fhlannagáin.



Nodlaig am Fada ó Shoin (Gaeilge Eachréidh) 

Sé an méid plúir a thiocfadh abhaile dhá chloich agus leath chloch “Bosca Nodlaig”. Cheannochadh siad dhá phunt corainge ‘gus punt rísíni, ‘gus geobhfadh siad leath phunt isteach. Ceannochadh siad ceithre punt de mhuicfheoil Ameirceá, agus cloigeann caorach, na scámhóga, agus na h-aebha. Bhácáilthí cloch de’n phlúir le h-aghaidh Nodlag Mhór agus cloc eile le h-aghaidh Nodlag Bheagh agus bheadh leath-chloch le h-aghaidh Lá Chinn. Bhruicheadh siad dhá phunt de’n fheoil le h-aghaidh Nodlag Mhór agus dhá phunt le h-aghaidh Nodlag Bheag. Bhiodh an cloigeann caorach na h-aebha agus na sgamhóga le h-aghaidh Lá Chinn. Ceannochadh siad pionnta fuisge ar chúig pinghne déag ins an teach a b’fhearr a bhí i n-Gaillimh san am sin a dtughadís tigh “Fidil Caitidh”. Chuireadh siad pionta uisge thríd an fuisge. D’ólfadh siad a leath Oidhche Nodlag Mór, agus an leath eile le h-aghaidh Oidhche Nodlag Beag agus dhéanadh siad punch dhó. Cheannochadh siad péire coinnle agus gheobhfadh siad coinneal beag isteach. Lasfad siad ceann de na coinnle h-Oidhche Nodlag Mhór agus an ceann eile le h-aghaidh Oidhche Nodlag Bheag agus an choinneal bheag le h-aghaidh Lá Chinn an dá lá déag. Bheadh an Nodlaig thart annsin agus bheadh cathú mór in a diaidh acu, chuireadh siad slán agus beannacht leithe go ceann bliadhna, mar ní bhfuigheadh siad píosa h-aráin ná braoin te go dtiocfadh an Nodlaig aríst.

le Seán Beaglach
Coill Uachtair, Eachréidh.



‘Odlaig na bhFear (Gaeluinn Deas Mhumhan)
‘Odlaig Mhór Mhaith
‘Odlaig na mBan
‘Odlaig gan Rath

Ainm eile ar Oidhche Nodlag na mBan iseadh – “Oidhche na dTrí Rith,”
Níor thuig an t-sean-bhean seo cad é an fáth nó an brígh bhí leis an ainm sin.
Deirtear go n-deintear fíon de’n uisce i n-gach áit neomait áirighthe an oidhche sin, ach níl fhios ag aoinne cad é an neomat é. Bíonn na daoine cúramach mar sin an t-uisce bheith istig aca roimh thuitim na h-oidhche an oidhche sin.
Bhí beirt chailíní ann uair agus chuadar amach Oidhche na dTrí Rith a triail an uisce féachaint ar deineadh fíon de.
Má ‘seadh níor chasadar, agus n’fheacatas a thuille iad.

le Nóra Ní Dhuinneacha.



Oidhche Nodlag sa Bhéarra (Gaeluinn Iar Mhumhain) 

Fadó sé dinnéir a bíodh acu lá Nodlag na colmóirí agus ím leacuighthe ortha. Ní bhíodh aon coinnil aca acht aon ceann mór amháin. Leigidis an coinneal sin ar lasadh agus an teine leis agus dhúisidís maidin lá Nodlag. Tugadís caorthí cuillean isteach leis agus bíodh béile breágh aca lá Nodlaig agus ní bhíodh an oiread san aca ar feadh na bliana airís.

Oidhche Nodlaig cuiridís síos bloc mór adhmad sa teine agus choimeadís an píosa de ná dóightí agus lasadís é nuair a bíodh stoirm nó tórnach ann. Oidhche Nodlaig chuiridís an coinneal isteach i dturnap agus bíodh lámh ag an líon aige go léir agus an fear a tige a lasadh.
Óm shean athair a fuaras iad seo, tá sé 76 do bhliantaibh anois.

le Pádraig Ó Donnabháin.



An Nodlaic (Gaeilge Lár Chonnachta) 

Tuiteann an Nodlaic i lár an Gheimhridh. Tá go leor nósanna ag baint leis an oidhche sin. Lastar coinnle an oidhche sin. Tá sean-nós ag baint leis an oidhche sin freisin. Fágtar an doras ar fhosgailt go dtí go mall san oidhche. Ce’n fáth a bhfágadh síad an doras ar fhosgailt?

Chreid na sean-daoine go mbíodh an Mhaighdean Mhuire agus Naomh Iosep agus an Leanbh ag dul o áit go h-áit. D’fhágadh síad cathaoir cois na teine freisin i gcaoi go mbeadh áit aca le suidhe síos agus le na sgíth a leigint. Tugtar “Lá an Dreoilín” ar Lá le Stiophán. Bíonn Buachaillí an Dreoilín amuigh agus dreoilín i mbosca aca. Bíonn siad ag amhránaidheach agus ag bailiu airgid.

Tagann Mummerein insan oidhche freisin. Bíonn eadaigh breige ‘gus aghaidh-feidil ortha. Bíonn gléasanna ceoil aca agus bíonn síad ag gabhail fhuinn agus ag damhsa agus ag déanamh grinn.



Trí Féile Mhór sa Nodlaig:
1. Lá Nodlag Mór
2. Lá Nodlag Beag
3. Lá Chinn an Dá lá Dhéag

Roimh an Nodlaig téigheann na daoine ag na siopaí ‘gus ceannuigheann siad trucáistí na Nodlag. Faghainn siad Bosca Nodhlag acu. Fághann siad coinneal mhór, cuiríní, tae siucra. Fáigheann cuid aca sheál dubh. Bíonn coinneal ar gach fuinneóig ins gach teach Oidhche Nodlag agus Oidhche Nodlag Beag agus bíonn dhá choinneal dhéag lásta oidhche Chinn an Dá lá dhéag. Deirtear go mbíonn an Maigdean Mhuire ag dul thart Oidhche Nodlag agus lastar na coinnle le solas a thabhairt dhí. Bíonn féasta mór in chuile theach Oidhche Nodlag. Bíonn cácaí milse ‘gus im, sugh agus ubhall. Fágann siad coinneal lasta ar feadh na h-oidhche. Bíonn gé nó ceaerc Franngach le na bhéile ag gach Lá Nodlag. Lá Féile Stiopháin bíonn siad ag imtheacht leis an dreóilín. Bíonn siad ag damhsadh agus ag casadh phuirt. An fear a mbíonn an dreóilín aige deireann sé, “Dreóilín, dreóilín rí na n-éan, Lál Stiopháin geineadh é. Is mór a mhuinntir is beag é féin agus dá bhfuigheadh sé capaire damhsóchadh sé”. Nuair a bhíos siad ag rádh an pháidrín Oidhche Nodlag Beag leagann siad dealbh na Maighdine Muire ó’s a gcómhair. Cuireann na gasúir a gcuid stocaí suas ag Santa Clás. Fágann siad rudaí deasa uaidh. San am fadó nuair a bhí Íosa ag bainfheis d’athruigh sé uisce go fíon. Deirtear go mbíonn an t-uisce ina fhíon ag an dó dheag a chlog Oidche Nodlag Beag. Bíonn na h-ainmhidhthe ag cainnt le chéile Oidhche Nodlag Mór. Agus an duine a bhíos ag éisteacht leo caillfidhe é. Chuile dhuine a fhéadfas é bíonn sé ina theach féin Oidhche Nodlag. Na daoine nach bhféadfa cuireann siad airgead abhaile. Tá sé de nós ag na daoine óga a dhul ag faoistean Oidhche Nodlag Beag.



Bricfeasta Nodlaig:
Seanchas nan iasg roimhe Dinnear Nodlaig:

Thánaig seanchas an-suimiúil go na Gaedhealtachd bliadhanta fada ó shoin anois, agus thánaig sin annseo leis na Géanna Fiáine nuair a d’fhill ead abhaile tar éis bha ead a-muigh trasna na h-Eóraip. Thosaidh na saighdearan do’n ith’ iasg – gach aon iasg – roimhe Nodlaig nuair a bha saighdearan ead san Arm na Spáinne, Arm na Fhrainnge ‘s arm Caitliceach eile ‘gus thosaidh siad sin annseo eadar 1600idí go 1900idí mar bha cogaimhean trasna na roinn Eóraip gan stad ‘s gan sos le linn an áma seo.

Thosaidh an seanchas nan iasg go Gaedhealtachd an Iar ó 1620idí nó 1640idí ar aghaidh. Dh’fhoghluim na saighdearan Gaedhealach an seanchas sin as Iodáil a Deas cuid ‘s mó ‘gus fhuair ead seo ‘s saighdearan ‘s sagairt as Eóraip an Ear fosta gan amhras. Bha sin seanchas an-mhor eadar na daoine bhochd go dtí 1900idí agus thánaig sin go trasna na dtonnta go Dúthaich nan Craobh agus go Gleann Uisge Dhearg, Sruth an t-Sabhail agus cúpla ceanntar eile go h-áiridh. ‘S seanchas sin beó ‘nn indiu.



An Nodhlag Fadó (Gaeluinn na Déise)

Nuair a bhíos im garsún fadó is fádha a bhíomhar ag caoineadh ar lá Nodhlag ach thágadh sé san deire agus fáilthe roime, bhíodh na daoine na suidhe go h-an luath ar maidin an uair sin ag tnú léis an gcéad Afrainn, annsan nuair a bhíonn an breacfasth ithe againn t-súl-ailímís linn. Ba bhreágh an rud casadh le na comhairsine an maidin sin. Dia duith a Máire nó Dia dhuith a Seán nó pé duine a bhéadh ann, go dtugadh Dia Nollaig maith díobh agus an freaghra a geibhinn siad ”gurbh amhladh duit” agus a lán eile na theannta.
Dá bréaghtha na buachaillí agus na cailíní agus na sean-daoine a bhí ann fadó. chuirfidís áthas a croidhe ort ag éisteacht leó ag cainnt le na céile, ar na beannachta a baint leis an Nodhlag. Bhíodh an coinnle beannachta lasta an oidhche sin inoír maidin Glormha, a bhí ag lorgh a sligh agus lóistín na raibh le fághail aicí an oidhche roimhe sin, sula rugadh a mac naomtha, tá an solus seo le theasbhaint dó gach aoinne ná bheadh a tigh aige, go raibh fáilte inóir na Maidhin Muire agus a mac Naomhtha.
Théigheadh na buachaillí go dtí an coill cúpla la roimh an Nodhlag, agus thugadhas coille glás agus chuirtí timcheall an tighe é annso is ansiúd agus cuiridh sé an mhais ar fadh ar an dtigh, go minic an oidhche sin a bhíodh spórt agus gleo, agus demharsin bhatha rinnce agus amhrán ins gach tigh, ó “cead slán leis an aimsir fadó agus do dtugadh Dia suaimhneas agus solus dóibh atá imthighthe agus dúinn féin lá éigin.

Le Micheál de Lundera
Gleann Garra,
An Lios Mór
Na Déise.



Féilí na Bliadna (Gaeluinn na Déise)
An Coileach

Is é an nós atá go fóill coráiteacha tríd an tír nó dá n-glaodhadh an coileach cúpla seachtmhain roimh an Nodlaig san oidhche, go rachadh bean an tighe amach agus mharbhóchadh sí an coileach láithreach, mar dearfeadh sí go raibh piseoga ins an gcoileach.

Le Máire Ní Chráith
Sráid Uí Chonaill
Na Déise



Oidhche Nodlag (Gaeluinn Iar Mhumhain)

Tuiteann oidhche Nodlag ar an fiche sa cuigmhadh lá de Mí na Nodlag. An oidhche san lasadh na daoine coinnle mór fadó sa cistin gach tig ar fúid na tíre. Dheinidís na coinnlí seo iad féin agus bíodh siad go h-iongantach.

An oidhche san bíodh feile ins gach tig. Ceannuighidís cuiriní, raisíní, subh, cistí mílise agus mearóga Nodlag i gcóir an lintighe. Rugadh an dTíghearna an oidhche san fado Deireadh na sean-daoine go raibh na h-ainmaidhthe go léir ag caint le na céile ar oidhche san.. Ní ceart d’aoine dul amach ar a dó deag a clog cun fíon-uisge d’fághailt mar deiridís go mbeadh fion ann in ionad uisge.

Siobhán Ní Dhonnchadha
Dubhglais,
Cill Orglan
Ciarraidhe
Iar Mhumhain



Nosanna Nodlag (Gaeilge Iar Chonnacht)

Cuirtear coinneal lasta ar gac bhfuinneóig sa teac Oidhche Nodlag le h-aghaidh soluis a tabhairt do Íósa agus an Mhaighdean Mhuire mar bíonn siad amuigh an oidhche sin.
Badh ceart gac cailín dar ainm Máire an chead coinneal a lasadh Oidhche Nodlag. Cuirtear cuileann agus eidheann suas i n-gac teac Oidhche Nodlag le h-aghaidh an tighe a dheasú i n-onór Iósa.
Ní fhagann aon dhuine ar bith a teac féin Oidhche Nodlag.

Le Micheál Ó Congailligh
Na Cnocáin Bhána
Béal Átha na mBreac
Iar Chonnacht.



Nodlag (Gaeilge Iar Chonnacht)

Deirtear go mbíonn cainnt ag na h-ainmhidhibh uilig Oidhche Nodlag. Deirtear go dteigheann na h-asail ar a gluanaibh le h-aghaidh onóra a tabhairt do Iósa Oidhche Nodlag.
Agus tá sé ráidte go n-iompuigheann an t-uisge do fíon Oidhche Nodlag. Deirtear freisin go mbíonn an Mhaighdeann Mhuire agus Íósa ag dul thart o theac go teac agus go ceart an doras a fhagailt oscailte ionnus go dtiucfeadh Siad isteach dá mbeadh fascadh ag teastáil uatha.
Deirtear nac luighe ann an chaora ná an bhó an oidhche sin cór ar bith.

Deirtear go mbíonn cainnt ag na h-ainmhidhibh uilig Oidhche Nodlag. Deirtear go dteigheann na h-asail ar a gluanaibh le h-aghaidh onóra a tabhairt do Iósa Oidhche Nodlag.
Agus tá sé ráidte go n-iompuigheann an t-uisge do fíon Oidhche Nodlag. Deirtear freisin go mbíonn an Mhaighdeann Mhuire agus Íósa ag dul thart o theac go teac agus go ceart an doras a fhagailt oscailte ionnus go dtiucfeadh Siad isteach dá mbeadh fascadh ag teastáil uatha.
Deirtear nac luighe ann an chaora ná an bhó an oidhche sin cór ar bith.

Le Micheál Ó Congailligh
Na Cnocáin Bána
Béal Átha na mBreac
Iar Chonnacht



Aimsir Nodlag (Gaeilge Iar Chonnacht)

Bí fear ann uair amháin agus sé an t-ainm a bhí air Páidín Ruadh. Oidhche Nodlag do bhí ann agus dhúin sé an doras amach an oidhche sin. Chuala sé torann mór ag an doras, agus d’fhosgal sé é agus ní aca sé aoinne. Dhúin sé amach an doras arís. Chuala sé aríst é. Chuaidh sé amach agus chonnaic sé bean agus páiste ag seasamh taobh amuigh. Labhair sé go garbh leobh agus dubhairt sé “Tuige bhfuil sibh ag bualadh an dorais mar sin”. Agus cé bheadh ann acht an Mhaighdean Bheannuighthe.

Cáit Breathnach
An Léim Thiar
Iarthar Chonnacht



Lá Nodlaig (Gaeluinn na Déise)

Tá go leor feili againn san mbliain. Tagann Lá Nodlaig ar an cúigear lá fichid de Mí Nodlaig. Sé sin an lá a rugadh an Sláinitheoir ar an saol seo. Is gnáthach go mbíonn níos mó Aifrinn an lá sin a aon lá eile sa mbliain. Bíonn Oidhche Nodlaig againn an oidhche roimh Lá Nodlaig. Bíonn coinneal mór ag lasadh ag na daoine chun solas a thabhairt don Sláinitheoir nuair a thichfaidh sé go dtí an tigh sin. Bíonn cístí Nodlaig aca comh maith agus mearóg Nodlaig. Bíonn fáinne istigh ins na cístí agus pé duine a fhaigheadh an fáinne sé sin é an cead duine a bheadh pósta as tigh sin. Mí den Geimhreadh iseadh Mí na Nodlag agus sé sin an mí deireannach den mbliain é.

Le Máire Ní Cobhtaig
Cill Riain Íochtarach
Na Déise



Oidhche Nodlag (Gaeluinn Iar Mhumhain)

Bíonn ana áthas ar na leanbhaí óga an oidhche seo mar deireann siad go dtiocfadh Santa Claus chúcha. Bíonn an tig déanta suas go deas. Bíonn slabhraí dathaighthe timceall na bhfuinneóg agus bíonn coinneal mhór agus í lasta ar an bhfuinneóg. Bíonn na trosgáin go léir dathaighthe.

Lá Nodlag:
Bíonn trí Aifrinntí ann maidean an lae sin. Bíonn sé nó turcae ag gach líon tighe chun dinnéir an lá san. Téigheann buachaillí amach sa Dreóilín an lá so, ach ní bhailigheann seadh mórán mar ní hé an lá ceart. Nodlaig na bhfear a glaodhtar ar an Nodlaig seo.

Liam Bhúdhlaeir
Baile an Fheirtéaraigh
Chiarraidhe



Aimsir na Nodlaig (Gaeilge na h-Oileáin)

An céad lá de’n Nodlaig cuir mo grád bán cugam no Crann Toraidh Ó.
An dara lá de’n Nodlaig cuir mo grádh bán cugam do Patair uisce agus na crann toraidh Ó.
An tríomhadh lá de Nodlaig cuir mo grádh bán cugam tri giodan eibhean, dhá patair uisge, no an crainn toraidh Ó.
An ceathramhadh lá de Nodlaig cuir mo grád bán cugam cithre cinn de cearca Frannchacha, tri giodan eibhean, dhá patair uisce agus an crainn Ó.
An cúigeadh lá de Nodlaig cuir mo grádh bán cugam cúig Fáinne Óir, ceithre cinn de cearca Francacha, trí giodán eibhean, dhá patair uisce, agus an crann toraidh Ó.
An sémhadh lá de Nodlaig cuir mo grádh bán cugam sé gé breágh, cuig fáinne óir, ceithre cinn de cearca Franncacha, trí giodán eibhean, dhá patair uisce, agus an crann toraidh Ó.
An seachtmhadh lá de Nodlaig cuir mo grádh bán cugam seacht n-eala ar snámh, sé gé breágh, cúig fáinne óir, ceithre cinn de cearca Francaca, trí giodán eibhean, dá patair uisce, agus an crann toraidh Ó.
An t-ochtmadh lá de Nodlaig cuir mo gradh bán cugam ocht gcoileach ag glaodhach, seacht n-eala ag snámh, sé ghé breágh, cúig fáinní óir, ceithre cinn de cearca Frannacacha, trí giodan eibhean, dá patair uisce, agus an crann toraidh Ó.
An naomhadh lá de nodlaig cuir mo grádh bán cugam naoi mná oig ag damhsa, ocht gcoileach ag glaodhach, seacht n-eala ag snámh, sé gé breágh, cúig fáinne óir, ceithre cinn de cearca Franncácha, trí giodan eibhean, dhá patair uisce, agus an crann toraidh Ó.
An deicheadh lá de Nodlaig cuir mo grádh ban cugam, deich dtighearna ag leímhrigh, naoi mná oig ag damhsa, oct cgoileach ag glaodhach, seach n-eala ag snamh, se gé breágh, cúig fainní óir, ceitre cin de cearca Franncacha, trí giodain eibean, dá Patair uisge, agus crann toraidh Ó.
an t-aonmhadh lá déag de Nodlaig cuir mo grádh agamsa aon bó déag sa n-garraidhe, deich dtigearna ag leimrigh, naoi mban óg ag damhsa, ocht gcoileach ag glaodach, seacht n-eala ag snámh, sé gé breágh, cúig fainní óir, ceitre cinn de cearca Franncaca, trí giodán eibhean, dhá patair uisge, agus an crann toraidh Ó.

An domhadh lá déag de nodlaig cuir mo grádh bán cugam dhá capall déag sa stábla, aon bó sa n-garraidhe, deich dtighearna ag léimrigh, noi mná óig ag damhsa, ocht gcoileach ag glaodhach, seacht n-eala ag snámh, sé gé bréag, cuig Fainní óir, ceithre cinn de cearca Franncacha, trí giodan eibean, dá patair uisge, agus an crann toraidh Ó.

Peadar Seoige
Leitir Calaidh
Ceanntar na h-Oileáin
Iar Chonnacht



Nósa na Nodlag (Gaeilge na h-Oileáin)

Tagann an Nodlag ar an cúigeadh lá fichead de mhí na Samhna cuile bhliadhain. Aimsir an-bheannuighthe iseadh an Nodlaig agus bíonn an-fháilte ag na daoine roimpe. Bionn go leor féastaí agus nósanna ag na daoine ar feadh na Nodlaig. Seo cuid aca. Feisteann na daoine na tighthe go deas le h-oigheann agus cuileann agus lasann siad coinneal Nodlaig a chuile fuinneoig ar an teach.

Fágtar na dóirse osgailte ag cur fáilte roimh an Maighdean Muire dhá mbeadh sí ag dul thart mar deirtear go mbíonn sí ag dul thart agus Iosa dhá iomchur aice cuile oidhche Nodlaig ó rugadh Íosa. Cuireann na daoine teine mór síos in onóir don oidhche bheannuighthe agus bíonn féastaí ag na daoine freisin. Oidhche Chinn ar a’ dá lá Dhéág, lasann chuile duine coinneal bheag dhó féin agus an ceann is luaithe a bheas caithte sin é an chéád duine a caillfear sa teac sin.

Máire Ní Liodáin
Oileán Iarthach
Rosmuc
Iar Chonnacht



Traidisiúntaí na Nodlag (Gaeilge na h-Oileáin)

Fágann siad na dóirse ar osgailt Oidhche Lae Cinn an Dá Lá Dhéag, mar bíodh na sean daoine ag rádh go mbiodh geatai na bhFhlaitheas ar osgailt.
Don duine nach mbiodh bainne aca an uair sin, chuireadh na comharsana bainne agus im ag a chéile mar bhronntanais.

Bhiodh teine mhór thíos ag na daoine agus ‘sé an t-ainm a thugann siad ar teine mhór na Nodlag. Bhiodh na seandaoine a’ cur fios ar an chéile le h-aghaidh an tuisce beathadh a ól nuair bhiodh sé fairsing. Agus bhiodh sé ag ‘chuile dhuine fadó ach níl sé ag aon duine anois buidheachas le Dia. Bhiodh mná ann nach n-ólfadh an tuisce beathadh. Cheannuigheadh siad fíon agus cuireadh siad fios ar a chéile, agus dóladh siad é agus bhíodh siad lán t-sasta le na cheile annsin.

Brighid Ní Fhlaithearta
An Cnoc
Leitir Mór
Na h-Oileáin
Iar Chonnacht



Dán faoi Dhá Lá Dhéag na Nodhlag: (Gaeilge na h-Oileáin)

“An chéad lá de Nodlaig chuir mo grádh chugam na crainn toraidh ó”.
“An dara lá de Nodlaig chuir mo ghrádh chugam dá phatair uisce agus na crainn toraidh ó.”
An triomhadh lé de Nodhlaig chuir mo ghrádh bán chugam trí ghiodán eibhean, dhá phatair uisce agus crainn toraidh ó.
An ceathramhadh lá de Nodhlaig chuir mo ghrádh bán chugam ceithre cinn de cearca Franncaca, trí ghiodán eibhean, dhá phatair uisce agus crann toraidh ó.
An cúigeadh lá de Nodlaig chuir mo ghrádh bán chugam sé ghé breagh, cúig fáinne óir, ceithre cinn de chearca Fhranncaca, trí ghiodán eibhean, dhá phatair uisce agus crann toraidh ó.
An séamhadh lá de Nodlaig chuir mo ghrádh bán chugam sé ghé breagh, cúig fáinne óir, ceithre cinn de cearca Fhranncaca, trí giodán eibhean, dhá phatair uisce agus crann toraidh ó.
An séachtadh lá de Nodlaig chuir mo grádh bán chugam seacht n-eala ór snámh sé gé breagh, cúig fáinne óir, ceithre cinn de chearca Fhranncaca, trí ghiodán eibhean, dá phatair uisce agus crann toraidh ó.
An t-ochtmhadh lá de Nodlaig chuir mo grádh bán chugam ocht gcoileach ag glaodhach, seacht n-eala ag snámh, sé ghé breagh, cúig fáinne óir, ceithre cinn de chearca Fhranncaca, trí ghiodán eibhean, dhá phatair uisce agus crann toraidh ó.
An naomhadh lá de Nodlaig chuir mo grádh bán chugam naoi mná óga ag damhsa, ocht gcoileach ag glaodhach, seacht n-eala a’ snámh, sé ghé breagh, cúig fáinne óir, ceithre cinn de chearca Franncaca, trí ghiodán eibhean, dhá phatair uisce agus crann toraidh ó.

Máire Seóige
An Cnoc
Leitir Mór
Na h-Oileáin
Iar Chonnacht



Dá la Déag an Nodlaig (Gaelg Acaill)

Dá la déag an Nodlaig:- Tagann na leatnta on lá roime lá Nodlag go an cead lá den mblaida uair, agus tagann na sean daoine dá lá deag an Nodlaig air na leatnta sin. Mar sin é an tam ar rugadh ar Slairteor Iosa Criost sna mblianta fado chun bhíonn an crib i dteach an Phopail ar fead na fhá lá deag sin agus tig le na daoine dul síos agus é feiceal lá ar bhit ar mait leo dul sios Bíonn na pauste ag imirt go leor cluice. Seo cuid acu.

1. Dalóg.
2. Thart an bróg.
3. Tubóg lorbóg
4. Cuir thart an cruipe
5. Sionach agus an gandal
6. Chírin faoi tamall
7 BFholacan
8 Pardóga Snúga
9. Ag cuir ruball ar an asal
10. Adarca
11. Dia duit a Maire
12. Seo iad na gadaí

Dalóg:- Seo é caoí a n-imhritear salóg. Bhíonn ceatrar no cuigear paiste i dteach ecint. Cuiréann duine acu suas go fiche agas ce bhí duine a thugas fiche ar caitfeaín an duine sin an dalóg ortí agus seasaid sé amuig i lár an urlar agus abrocaid sé.
Dalóg O Dalóg.
O báile go baile
an meid atá sna coirneal
Bíod siad i gceart lár an tig.
Béad sé ag éirigh duine a ceapadh.
Nuair a béad an duine sin ceapadh ag an duine a bhí an dalóg ar an duine sin. Abrocaid sé Fhoghramh. Cuireann an duine sin an dalóg air agus deanfaid sé an rud ceadna a rineadh an duine éile. Thart an Bhrogh:- Cuirean cuplá duine isteach i dteach agus suidean siad sios acht duine amain geobfinn duine de na daoine ata ina suide sios.

Brighid Ní Dhuibhir
Buaile na Ghleanna
Acaill



Aimsear na Nodhlag agus San Nioclas (Gaelg Acaill)

Bíonn coinneal leagtha ar gach fuinneóg sa teach mar bhí coinneal lasta ag Naomh Seósamh agus ag an Maighdean Muire. Oidhche Nodlaig cuireann na páistí a stocaí suas sa similéir ag súil go bfuighfidh siadh bréagán ó San Nioclas. An lá ina dhiaidh sin la Stiophán téigheann na páistí thart leis an dreóilin ag crinniú pingineacha. Nuair a téigheann na páistí thart leis an dreóilín abruigheann siad.

Dreóilín Dreóilín righ na n-éan lá Stiophán gabhadh é, eirigh suas a bhean a tighe beir ar sgian na coise buidhe agus gearr píosa d’on dreóilín. Oidhche Nodlaigh téigheann na nasal ar leath glún ag dó dhéag a chlog mar nuair a bhí an Maighdean Muire agus Naomh Sheósamh agus ár Slánuightheór ag dul go h-Éigeipt bí siad ag marcaidh-eacht ar asal agus da thuit an asal agu-s tá spota ariamh ó shoin ar chos an asail. Nuair a casfar na daoine le chéile am Nodlaig Abruigheann siad go mbeidh-imid beo an am seo arís.

Le Seósamh Ó Gallchobhair
Bun an Churraigh
Acaill



Na Ciarraigeach agus Aifreann Lae Nodlaig: (Gaeluinn na Déise)

Tháinig Ciarraigheach go dtí an Éaglais ar a phaigh lae ag baint phrataí. Bhí sé ag dul go dtí an Aifreann maidin Lae Nodlaig. Bhí daoine bochta na sráide ag seasamh ag an droichead. Do bheannaigh an Ciarraigeach dóibh agus d’iarr sé ortha an raibh sé in am chun an Aifreann. “Ó” arsa na daoine “tá an Sagart Paróiste thíos ag an n-geata agus níl aon pingin againne chun cuir san mbosca.
Chuaidh an Ciarraigeach síos agus cuir sé pingin san mbosca agus arsa sé leis an sagart.

“Is oth liom a Shagairt gur caill tú an náire
Gur báire an n-geata Lá Nodlaig na Páise
Tá Luther agus Cailbhin ag briseadh a gcroidhe gáire
‘S daoine bochta an bhaile ag seasamh na sráide”

Máire Ní Cobhthaigh
Cill Riain Íochtarach
Na Déise



Aimsear Bheannaithe na Nodlag (Gaeilge Ceara)

‘Se an Nodlaig an féasta is mo sa bhliadain. Bíonn sé ar siubhal o Oidhche Nodlag go dtí i láe Nodlag beag agus lá saoire isead gach aon lá den dá lá déag san.
Ins an áit iargcúlta seo tagann áthas croide gach duine nuair a bhíonn an Nodlag ag teacht agus ní dhéintear aon obair i rith na h-aimsire sin ach pé gnó tighe is riachtannach. Ní mór a bhíonn le déanamh an t-am sin den mblian ach féachaint i n-diaidh na mbó agus na mbeithidheach. Roimh teacht na Nodlag bimíd go léir ana ghnothach ag glanadh an tighe. Bhíonn m’athair taobh amuigh ag cur dín ar an tigh agus ag cur slacht is críche ar gach aon rud. Bhíonn mó mháthair taobh istigh go dícheallach ag dathú, ag nighe agus ag aolú fallaí in ónóir don Rí atá ag teacht.
Cúpla lá roimh Nodlaig téigheann m’athair agus mó mháthair go dtí Caisléan-a-Bharraigh agus beireann siad an “Nodlaig” abhaile leo agus bíonn ualach mór aca nuair a bhíonn siad ag filleadh abhaile. Bíonn té is suícra, oráistí is ubhla is milseáin, bairíní breaca, buidéal fuiscí agus a lán pórtair, risiní is cuirniní agus coinnle móra bána nó dearga.
An fhaid is a bhíonn m’athair agus mó mháthair ins an mbaile mór téighimíd ag bailiú cuilinn is labhrais is eidhneain agus cuirimíd ós cionn na bpictiúrí iad. Nuair a thagann Oidhche Nodlag leagain mo mháthair an bórd i lár an urláir agus suidhimíd go léir ag an mbórd. Ar dtús lasann an duine is óige sa tigh coinneal na Nodlag. Fagann mó mháthair ar an bhfuinneóig í chun solus a thabhairt do Mháthair De. Bíonn an doras ar osgailt againn agus craitheann mo mháthair an t-uisge coisreacan ar fud an tighe agus deireann sí “sláinte is compórd don líon tighe go dtí go dtagann an Nodlaig aris”. Annsin geibheann m’athair buidéal fuiscí no buidéal poitín agus tógann sé braoin do gach duine sa tigh agus deireann sé “gur i seacht bhfearr a bheimís an t-am seo aris”.


Féile na Nodlag i bPont Abhann:

Maidin láe Nodlag éirigheann na daoine go moch mar bíonn an t-Aifreann go moch an maidin sin. Bíonn sí dubh dorcha agus iad ag dul ar Aifreann. Glacann beagnach gach duine Comaoin Naomhtha. Ag teacht abhaile dóibh deireann na daoine le’n a chéile “Nodlaig maith duit” nó “Nodlaig seán duit”

Bíonn na daoine fásta ag troscadh ar feadh an láe roimh lá Nodlag agus bíonn féasta mor aca Oidhche Nodlag. Bíonn coinnéal ar lasadh i n-gach fuinneóig ar feadh na h-oidhche ar fad cun solus a thabairt do’n Mhaigdhean Mhuire agus a leanbh. Ní dúntar an doras an Oidhche sin. Deireann na daoine go dtiocfhaidh an Maigdhean Mhuire go gach teach Oidhche Nodlag. Fágtar an teine ar lasadh ar an teallach freisin.
Aon Oidhche Nodlag amháin chuaidh an Maigdhean Muire agus a leanbh go teach agus diarr sí ar bean-a-tighe bíadh agus lóistín a tabhairt di féin agus dha leanbh. Do thug an bean lóistín agus bíadh dóibh. Cuir an Maigdhean Mhuire rath ar an teach agus dubhairt sí go mbeidh páiste beag ins an teach sin roimh deire na bliadna. Cuaidh an Maigdhean Mhuire agus a leanbh go teach eile agus diarr sí an rud céadhna ar bean-a-tighe sin. Níor thug an bean lóistiín ná bíadh doibh mar cheap sí gur bean déirce a bhí ann. Dubhairt an Mhaigdhean Muire nach gcurfidh Dia aon pháiste chúig an teach sin coidhche, agus níor chuir.

Fuaireas an t-adhbhar seo ó
Máire Ní Nadhraig
Seanbhaile


Dá Láe Dhéag na Nodlag:

Bíonn feásta na Nodlag ar siubhal ar feadh dá láe déag ó Oidhche Nodlag ar an 24 adh Mí na Nodlag go dtí lá Nodlag beag ar an 6 adh Eannair. Seo h-iad na laetheannta in a mbíonn féasta mór ann, Oidhche Nodlag ar 24 adh de Mí na Nodlag, Láe Nodlag an lá in a dhiadh sin. Lá Fhéile Stiopáin, an lá in a dhiaidh sin aris. Oidhche Coille an oidhche deiridh d’en bliadhain agus lá cinn bliadna 1 adh Eanair, Láe Nodlag Beag an 6 adh lá Eanair.

Bíonn áthas ar na daoine nuair a bhíos an Nodlaig ag teacht. Bíonn síad ag glanadh ag sguabadh agus ag aoileadh falla na dtighte. Cuirtear cuileann agus eidhnean thart timcheall na bpictiúr. Nuair a bíonn an teach go deas le h-aghaidh na Nodlag téigheann mo mháthair go dtí Baile Mór leis ‘an Nodlaig” a cheannacht. Ceannuigheann sí te, siúcra, bullóg araín, cuiríni, risíní subh, cáca mílis, agus coinneal dearg le h-aghaidh Oidhche Nodlag agus rudaí deasa eile. Annsin biónn gach rud réidh le h-aghaidh na Nodlag. Ní bhíonn aon rud gá dheánamh ach pe gnó is riactanach ar fud an tighe. Nuair a biónn sé in a oidhche cúpla uair déanann mo mháthair tae agus bíonn gach aon rud ar an mbórd le h-aghaidh na Nodlag. Bíonn coinnnéal mór na Nodlag ar lasadh ar an bhfuinneóig Oidhche Nodlag agus fágtar ann go maidin é cun solas a thabairt don Maighdean Mhuire a bíos ag dul thart an oidhche sin. Bíonn ár sáith le nithe againn Oichche Nodlag.
Seo nós atá aca in-áiteanna. Sé an duine is óige sa teach a lasann an coinnéal. Bíonn trí Aifrinn againn lá Nodlag. Oidhche Nodlag is ceart do ghach daoine a bheith in a thigh féin, agus is ceart a sáith uisge a beith ins na tighthit roimh rhe mar bhíonn fion ins an tobar roimh meadon oidche.

Oidhche Nodlag crochaim mo stoca ar an mballa in aice leis an teine le súil go dtiocfadh San Niocláis. Nuair a éirigham maidin lae Nodlag bíonn go léor rudaí deasa ins an stoca. Bhí stocaí Nodlag, uairadóir, babóg in mo stoca maidin Nodlag anuraí.

Cait Ní Rablaig
Gort
Caisleán a Barraigh
Conmhaícne Ceara