Lá Le Mártain

Lá Le Mártain (Gaeluinn Iar Mhumhain)

Bhíodh fhios ag na sean-daoine gur ceart fuil do scaoileadh mór timcheall cró na gcearc an oidhche san timcheall a h-aon a clogh san meadhon oidhche. Bhíodh fhios go mbeadh an féile san ann sa t-aonmadh lá déag de mhí na Samhna.

Mharbuigheadh na daoine éan éigin ar nós gé, cearc no lachain fadó ach anois níl sé déanta ach ins cuid d'es na h-áiteanna. D'inis mo shean-athair liom go bhfeacha sé fuil scaoilte mór thimcheall cró na gcearc cúpla blian o shoin agus gur connaich sé cearc marbh lastiar do'n doras.

Níl fhios cé mharbh í ach b'feidir gur mharb daoine ó'n saoghal eile í.

Bríd Ní Dhonnchadha
Dubhglais,
Cill-Orglan



Lá'l Mártain (Gaeilge Iar Chonnacht)

Marbhuigheann chuile dhuine caora an oidhche sin. Cuireann siad crosóg ar a inbaithis leis an bhfuil. Bhí Mac Dé agus Naomh Peadar ag dul thart agus tháinig siad isteach i dteach bocht. Ní raibh aon bhlas aca le tabhairt dóibh. Dubhairt Naomh Peadar le Mac Dé rud eicínt a dhéanamh leis na daoine bochta. Blian ón lá sin bhí síad ag dul thart aríst. Bhí siopa agus deis agus beithidhigh aca. Bhí síad na ndaoine móra. Bhí Mac Dé agus Naomh Peadar an stroiche agus bocht. D'iarr síad braon tae. Ní bhfuigheadh siad é. Chuaidh an bhean ag breathnughadh ar an gcáca ach ní raibh aon cháca sa mbácús. Ní raibh a fhios aice céard a bhí sí a dhéanamh. Dubhairt sí le Mártan eirthige a chur ar na fir. Dubhairt Naomh Peadar gurbh é Mac Dé a bhí ann a rinne chomh maith sin íad. Nuair a chuala Martan sin chuir sé a chuid searbhónta amach ag marbhughadh caora. Rinneadar féasta móir. Bíonn féasta ag na daoine ariamh ó shoin in-onóir do Fhéile Mártan.



Lá Fhéile Mártain (Gaeilge Iar Chonnacht)

Tagann lá Fhéile Mártan ar an 4adh Mí na Samhna. Tá cuid mhaith nósanna agus béasa ag baint leis an oidhche seo acht tá cuid mhaith aca básuighthe amach anois. Seo cuid de na nósanna a chleachtuigheann siad san gceanntar seo fós, marbhuigheann siad gé agus bárdal agus cuireann siad i mias é i lár an urláir agus faghann siad sguabh beag agus craitheann siad an fhuil ortha fhéin agus ar crúidhte chapaill.

Bhíodh an nós seo aca fadó ach tá sé básuighthe amach anois ach ag corr dhuine ar fud na h-áite. Dá mbeadh gasún tinn sa teach chuireadh siad isteach sa mias fola é agus coinneóchadh siad annsin é go mbeadh sé leigheasta.

Bíonn féasta i n-gach teach an oidhche sin i gcuimhne an naoimh misneamhail seo.
Tá go leor sean sgéalta ag na sean daoine faoi lá Fhéile Mártan agus gach a n-dearna sé.

Máire Ní Mháille
Turloch
Cíde Ros
Iar Chonnacht.



Lá' l Mártan (Gaeilge na h-Eachréidh)
La'l Mártan

Naoi n-oidhche, dhá oidhche gan aire (áireamh) ó oidhche Shamhna go oidhche Mártan. Marbhuighthear éan in onóir ga’n Dhomhnach ‘s go Mhárt is go bhain-ríoghain naomhtha na mbolgaigh. Dóirteann siad an fhuil ar an urlár le gach galra is dochar a choinneál uatha i rith na bliadna atá ag teacht. Tugann an duine a mbeidh coileach aige ceann do’n té nach mbeidh ceann aige leis an fhuil a dhórtadh lá’l Mártan. Bhí bean ann uair amháin a raibh a fear caillte. Ní raibh éan aici le marbhú le h-aghaidh oidh’l Mártan. Ní raibh aici acht an leanbh a bhí sa gcliabhán agus bhí brón uirthi nuair nach raibh aon cheo aici le marbhú in onóir do Naomh Mártan. Chuimhnigh sí ar an leanbh agus dhóirt sí a chuid fola. Bhí an oiread sin grádh ag Dia di nuair a rinne sí sin gur thug Sé an páiste ar ais di agus rinne sé fear mór.

Domhnall Pléamonn
An Cartún
Tuaim
Eachréidh.



Lá Fhéile Mhártan (Gaeilge Iar Chonnacht)

Bíonn lá Fhéile Mhártan againn cuile blian. Is in onóir do Naomh Mártan a bionns sé ann. Sin é an lá a baineadh an ceann do Naomh Mártan. Agus dóireadh a cuid fola go léir.

Bíonn na daoine ag marbadh caoire agus géabha agus muca an lá sin. Tá sé ráidte nach raibh Mártan in a Caitilicheac cor ar bith ar dtus. Fear mór tréán a bhí ann agus ní raibh cead agus duine ar bith boct a teact isteac in a teac. Act lá amháin tháinic fear boct isteac ag iarraidh déirce ar an gcailin act dubhairt sí nac raibh cead aice é do tabhairt dó. Act bhí truaig aice do mar bhí sé ag breathnughadh go h-an boct. Tug sí cuid don t-aois do. Dubhairt sé leí é a cuir a bruith do. Cuaidh sé amac annsin. Nuair a bhí an pota ag taistáil uaid an gcailin. Tóg sí an clár de bhí arbhar ag fás ann. Gloidh sí ar an bhfear an tigh agus dinnis sí dó é. Dubhairt sé leí adul amac agus é a tabhairt isteac. Cuaidh an cailin amac act ni bfuair sí é. D'iompaig Mártan in a Caitiliceac agus fuair sé baiste.

Sorcha Ní Ceannabháin
Ardmhór
Cárna
Iar Chonnacht.



Lá Le Martain (Gaeluinn Iar Mhumhan)

Deiridís fadó go mbíodh brón mór ar na lachain a bhíodh timcheall trí bliana d'aois mar cuireadh na daoine chun báis iad Lá le Mártan. Timcheall meadhon lae thugaidís trí nó ceathar díobh isteach sa tig. B'ainidís na cleití díobh. Coimeaidís na cleití agus chuiridís isteach i mála agus dheinidís pilúr díobh. Annsan mharbhuighidís agus nighidís na lachan agus chuiridís ag beiriú nó ag rósta iad agus bíodh dinéir deas nó súpéir bféidir aca. D'ithidís le prátaí agus annlan bán agis bíodh siad go gleoidhte. Deireadh na sean daoine go n-iosfá do mearanna i na ndiaidh bhíodh siad chomh deas san.

Siobhan Ní Mhuircheartaig
Tullach
Cill-Orglan

eolas ó

Stiophán Ó Shuilleabháin
Cnoc na Gréine



Oidhche Fhéil Mártain (Gaeilge Iorrais)

Deirtear gur ceart ainmhidhe nó éan a mharbhú i gcóir Oidhche Fhéil Mártain. Marbhuigheann na daoine iad ionnus go mbeidh siad i n-ann an fhuil a dhóirteadh i gceithre coirnéil an tighe.
Nuair a bhíonn siad ghá dhóirteadh deireann siad. "Dóirtim an fhuil seo in onóir agus in umhailidheacht do Mhártan Míorúilteach."
Bhí bean ann uair amháin agus ní raibh aon rud aici le marbhú acht bullán. D'éirigh tuile san abhainn agus ní raibh sí i n-ann an bullán a thabhairt isteach. Nuair a bhí sé timcheall an dódhéag a chlog san oidhche tháinic sé isteach agus mharbhuigh sí é.

Le Eibhlín Ní Mhaoilearca
Cluainte Cille, Beannchor, Iorrais.