Nodlag Beag

Dá lá deagh na Nodlag. Tagann sé sin Oidhce Nodlag agus seasuigheann sé Oidhce Nodlag Beag agus ní ceart aon obair núa do dhéanamh na laetheannta san Fóghmhar na n-Géana, sé sin Mí na Samna agus Deire Dóghmhair. Coimeádann daoine cuid dos na scioltheánaibh istig go Aoinne an Ceásta, agus cuireann síád íad mar go mbeudh sé ana rathúil.
Piseóg a maireann imeasc na sean-daoine fós iseadh go mbeadh an mí-rath ar aoinne a deanfadh aon deargú ná aon tosnú ar aon obair maidin Dé Lúain gan é fo bheith tornuighthe roimh re. Deirtear aon t-saghas síl a chuirfheadh duine Aoine an Chéasda go bhfásfhadh se acht an té a cuirfheadh garrdha Lúain Cásga deirtear ná fasfadh sé go deó. Tagann coighcís fúar garbh trí seachtmhain tar-éis lá Bealtaine agus "Scairbhín na gCuach" a tugtar air, agus deirtear "Scairbhín na gCuach is garbh a bhíonn agus is fuar.

Neil Ní Súileabháin
Both Chearnaigh
Iar Mhumhain.


Oidhche Nodhlag Bheag (Gaeilge Dúthaigh Sheoighe)

Tugtar Nodlag beag ar an 6 adh Eanair. An oidhche sin lasann na daoine 12 coinnil ar an fuinneoga. Lasann siad cupla coinneal ar gach fuinneóg agus fágann siad ann iad go mbíonn siad ar fad dóighte.

Úna Bhreathnach
An Machaire Beag
Dúthaigh na Sheoighe
Iar Chonnacht.


Uisge Oidhche Nodlag Beag (Gaeluinn Oir Mhumhain)

Timpal Mungraide, aon uisge glan a bionn istig caithti amach é ar maidin gan aon usáid a bhaint as. Deiridís nár ceart é usáid mar gurbh í sin an oidhche go n-deintear fíon de gach uisge mar sin. Caitfí dul maidin lár na mháireach go dtí an tobar cun uisge d'fagail maidin Lae Nodlag.

Íta Ní h-Aodha
Mungairit
Oir Mhumhain.


Sean Fhocal faoi Nodlag Bheag (Gaeilge Iorrais)

Oidhche Nodlag mór ith do chuid ar an stól mór oidche Nodlag beag ith do chuid ar an stól beag.

Le Gráinne Ní Cheachmharaigh
Béal Feirsde
Iorrais.


Bás in Aimsir na Nodlag (Gaeluinn Na Déise)

Aoinne a geibheann bás idir Lá Nodlag agus "an dara lá déág" (Lá Nodlag Beag) deirtear go raghaidh sé díreach go dtí na flaithis gan dul tríd an bPurgadóir ar aon chor.

Máire Ní Chárthaigh
Árdán Tomáis
Dúngarbán
Na Deise

an duine a thug dom é ná:-

Bean Uí Mhuirgheasa
Baile an Róid
Na Déise.


Lá Nodlag Beag (Gaedhleag Thír Eoghain)

Deirtear go mbíonn ádh no mídh-ádh ag baint le laethe airithe agus mar sin is mian leis na daoine tosughadh ar obair éigin no gan tosughadh ar laethe mar iad seo. Lá Nodlag Beag deirtear nar chóir airgid a chaitheamh ar an lá sin no deirtear go gcaithfidh tú beagan no morán a chuir amach achan lá i rith na bliadhna sin.
Deirtear gurb droch comhartha an grian a beith ag soillsiú no gur iomaidh lá a bhéas neall uirthí. Athair an dá lá déag Eanair 6adh la Is gnathach leis na daoine féasta a déanamh ar an lá seo no deirtear nach mbíonn Nodlag mór thart go dtí an lá sin agus gur fuighleach na feóla a ithtear an lá sin.

Pádraig Mac Aoidh
An Coimín
Tír Chonaill.


Lá Nodlag Beag: (Gaeilge Iorrais)

Deirtear má ’s bean an chéad duine a thaganns ar cuairt chugat an lá seo nach mbeidh lá de shéan ort arís ar feadh na bliana.

Le Máire Ní Nuadhain
Gort na Maoile
Iorrais.


Lá Nodlag Beagh (Gaeluinn na Déise)

Tugtar Lá Nodlag Beag ar an 12adh lá i ndiaidh Lá Nodlag. Is droch rud é an sal do scuabfadh amach an doras Dia Luain mar beadh tú scuabhfadh an Rath amac. Tugtar lá Nodlag beagh ar an 12 adh i n-dhiaidh Nodlag. Is ceart é a tig do glanadh roimh oidce Samna. Beannuigheann na daoine na páirceanna gach oidhce Samna.

Le Seán Mac Gearailt
Cill na bhFraochán Mheánach
Na Déise.


Oidhche Nodlaig Beag (Gaeilig Thír Chonaill)

Sin an oidhche deireannach den t-sean bhliain. Bhí sé creidte ag an t-sean muinntir agus tá lán cor dhuine go fóill a chreideas go dtiompughadh an t-uisce i n-a fhíon an oidhche sin no gur i gcoithrim na h-oidhche sin a d'oibir Críost an chead mhiorbhailte, se sin, aistriughadh an uisce go fíon ag bainfheis Chána. Bhi sé creidte aca fosta dá dtogtai uisce indiaidh ghabhail ó sholas an tráthnóna sin go dtiocfadh léan sgrios ar bhunadh an toighe agus mar sin dó, bhíodh uisce an toighe istigh i ngach teach roimhe luighe gréine.
Sgéal i dtaoibh an chreideanna seo. Bhi bean ann aon uair amháin agus chuaidh sí amach agus thug sí isteach stópa uisge indiaidh luighe gréine Oidhche Nodlag Beag, agus d'fhág sí an stópa i gceann an toighe. I dtráthaibh am luighe bhuail tart í agus chuaidh sí le gugan uisce a thógail as an bhucaid, acht caidé do bharramhail nach rabh an t-uisce i n-a fuil. Chreathnuigh sí agus d'amharc sí thart agus tcí sí aingeal a dubhairt léithe go dtearn sí éagcóir mhoir ar Día nuair a bhris sí saoire na h-oidhche sin no gur tharraing sí cuid fola an t-slánuightheóra arís.

Séamus Mac Giolla Easbuic
Gort a' Choirce
Tír Chonaill.


Lá Nodlag Beag (Gaeilge Iorrais)

Sé an chéad lá den bliadhain úr é agus deireann na daoine nach ceart uisge salach a caitheadh amac agus nach cóir rud ar bith a thabhairt isteach taréis dul faoi don gréin, go mór mór uisge, mar deireann na daoine go dtionnuigheann sé isteach i fuil é Oidhche Nodlag Beag.

Le Róise Ní Thachair
Baile Chruaich
Iorrais.


Lá Nodlag Beag (Gaelg Acaill)

Maidin adhamhail maidin lae Nodlag beag. Má’s bean an chead duine a thigeanns isteac beidh an teac sin mí-adhamhail go ceann bliadhna. Ma fuileann tú an lá sin beidh tú soi-gearrtha go ceann bliadna.

Le Prionnsias Mac Manamon
Dumha Fhearaíl
Acaill.


Lá Nodhlag Beag (Gaeluinn na Déise)

Tugtar Lá Nodlag Beag ar an séamhadh lá de Eanair. Tá a lán ainmneacha eile ar an lá san leis, Lá Nodlag na mBan agus Lá an Chinn.
Nuair a thagann Lá Nodlag Beag ní bhíonn sé ó aoinneac aon rud do dhéanamh. Mar deirtear pé rud a deinfeadh duine an lá san go gcaithfeadh siad é do dhéanamh gach lá i rith na bliana.
Oidhche Nodlag Beag lastas dhá ceann déag de choinnle in onóir an dá asbal deugh. Deirtear go n-ionntóchadh an t-uisge i bhfuil agus d'fainidís ina suidhe go dtí an dá bhuile déag cun é fheiscint. Oidhche Nodlag Beag bíonn sé socair ag a bean a'tighe go n-deirfeadh sé "Bail ó Dhia isteach annso". Cun go mbeadh beannacht Dé ortha ar feadh na bliadhna.
Annsan beadh ana-spórt acu feucaint cad é an duine is túisce a bheadh na suidhe. Tugtar dá lá déag na Nodlag ar an aimsear ó Lá Nodlag mór go dtí Lá Nodlag Beag.

le Pádhraig Ó Cléirigh
Barr an Stuac
Na Déise.


Pisreóga Lá Nodlag Beag (Gaeilge Iar Chonnacht)

Ní caithtear amac aon salacas nó an luaith Lá Nodlag Beag ar fhaitchios go gcaithtear amac an t-ádh.
An rud bheadh tú ag deanamh agus an caoi a bheadh ort Lá Nodlag Beag, bhead tú ag deanamh an rud céana agus beadh an caoi céana ort ar feadh na bliadhna.
Dá mbheadh tuilte móra ann Lá Nodlag Beag, bheadh na h-aibhne líonta ar feadh na bliadna.
Ní chuirtear amac aon airgead Lá Nodlag Beag, ar fhaitchios go mbeadh siad á gcur amac é ar feadh na bliadhna.
Lasann cuid de'n na daoine dá choinneal deag Oidhche an Dá Lá Déag i n-onór an dá Abstal déag.
Bíonn fad coiscéim coiligh ar an lá an Dhá Lá Déag na Nodlag.
Sean-focal: Deanann Nodlag glas uaigh reamhar.

Micheál Ó Congailligh
Na Cnocáin Bháin
Mám
Iar Chonnacht.