Na Fír Clisneach:
Na Fír Clisneach agus Cogadh na bhFlaitheas:
Bha cogadh cathartha thuas air na bhFlaitheas agus bha sin an-mhor agus an-fhíochmhar. Ach ar lá’mháin, chuir Dia ’n t-orduigh a-mach le sos-chogadh. D’fhan gach aon Aingeal Saighdear san áite acu.
D’fhan na h-Aingil shuas san Fhlaitheas. Troideann na h-Aingil agus nan deamhain air aghaidh indiu gan stad agus gan sos. ‘S Fír Clisneach ead fhéin! ‘S na deamhain san pholl mór annseo indiu ’sgairt chugainne ‘gus ’s na mac-allan ead fhéin fosta.
Choiméad Peadar airgead in ainneoin ordú an t-Slánaitheora:
Bhí Naomh Peadar agus Mac Dé ag siúl an bóthar lá. Tháinig fear bocht go dtí iad agus d’iarr sé déirc orthu. Chuir Mac Dé lámh ina phóca ‘gus tharraing sé aníos pingin agus thug sé dó é. Ghlac sé buíochas leis agus shiúileadar leo. Ní i bhfad gur casadh fear eile dóibh, fear bocht eile, ‘gus d’iarr sé déirc air. Chuir Mac Dé lámh ina phóca ‘gus thug sé scilling dó. Rinne Naomh Peadar ionadh mór de sin, cén t-údar a bhí aige ag tabhairt scilling don fhear sin a bhí luath láidir, b’fhacthas dó, ‘gus gan a thabhairt don fhear bocht claoite ach pingin. D’imigh leo ’n bhóthar, scaitheamh, agus nuair a d’fhill siad ar a n-ais:
“Muise anois, a Athair,” a dúirt Naomh Peadar, “rinne mé ionadh mór, den rud a rinne tú ar ball.”
“Céard sin a Pheadair?” ar seisean.
“Bhí ’n fear bocht a tháinig romhat ar maidinn, bhí sé caite claoite, lag, lúbach. D’iarr sé déirc ort, níor thug thú dhó ach pingin. An chéad fhear eile a casadh dhúinn, bhí sé luath láidir ag dearcadh, slán folláin, agus thug thú scilling dó. Cén t-údar a bh’ agat le sin a dhéanamh?” a dúirt Naomh Peadar.
“Bhuel, anois a Pheadair, tabharfaidh mise údar dhuit leis sin. Siúil leat anois,” a dhúirt Mac Dé.
Bhíodar ag siúl leo ’n bhóthar go dtáinig siad go dtí teach ósta. “Gabh isteach annsin agus féach cé atá ’nn.” Chuaigh sé ’steach agus cé bhí ’stigh ag ól a chuid leanna dhó fhéin, ach an fear a fhuair an scilling, agus d’fhiafraigh sé de Pheadar a mbeadh gloine den leann aige, ‘gus dúirt Peadar leis nach mbeadh. Chuaigh sé’mach arís.
“Anois a Pheadair. Céard a chonnaic thú?” a dúirt Mac Dé.
“Chonnaic me ’n fear a dtug tú ’n scilling dó, istigh, ag ól a chuid leanna ‘gus thairg sé gloine den leann dom agus ní ólfainn é.”
“Bhuel a Pheadair. Tá croí ’n chaite aige sin agus tá sé ‘g fáil a shá. Siúil leat anois,” a dúirt Mac Dé. Chuaigh siad leo scaitheamh go dtáinig siad go leataobh an bhóthair agus dúirt ár Slánaitheoir le Peadar, “gabh taobh isteach den chlaí ‘gus féach é tá ’nnsin.” Dhearc sé ’steach thar a ngclaí ‘gus chonnaic sé ’n sean-fhear básaithe taobh istigh den chlaí. “Tá ’n seanfhear a dtug tú ’n phingin dó, anseo istigh, ‘básaithe,” a dúirt Naomh Peadar.
“Gabh isteach a Pheadair, agus cuardaigh a chuid éadaigh. Ná fág spota dá chuid éadaigh anois, nach gcuardóidh tú é,” a dúirt Mac Dé. Chuaigh Peadar ag cuartú a chuid éadaigh agus fuair sé geall le mála óir ina chuid éadaigh. “Ó a Shlánaitheoir. An bhfeiceann thú? ‘a bhfuil d’ór anseo aige?” a dúirt Naomh Peadar. “Tabhair leat é ‘gus caith amach san abhainn é,” a dúirt Mac Dé.
Chroch Peadar leis an t-airgead trína chéile ‘gus nuair a chaith sé amach cuid dhe, ba mhór leis é chaitheamh amach ar fad. Choinnigh sé cuid dhe é fhéin, agus sin é an t-údar a bhfuil saint ag na sagairt ón lá ó shin ar an airgead.