Gaedhealg Thír Eoghain



Abhainn: river
An abhainn: the river
Abhainn Riabhach:
Bhí tuile ins an abhainn
Bha tuile ins an abhainn: There was a flood in the river
Ais: ford
Ais an abhainn: ford of the river
Ádh: luck
Ádh mór ort = big, much luck upon you
Go gcuirfidh Dia ‘n t-ádh ort = may Dia (God) prosper upon you
Go gcuirfidh Dia ‘n t-ádh mór = may Dia put much luck (to you)
Adharc: horn
Adharc Bó = cow horn, horn of the cow
Adharc Tarbh = horn of the bull
Adhastar: halter
Adhbhar: reason for laughing

Aifreann: Mass, Liturgy
An t-Aifreann = the Mass, the Liturgy
Chun Aifreann = toward, to Mass, Liturgy
Chuig Aifreann = toward, to the occasion of Mass, Liturgy
Léigheamh an Aifrinn = saying, preaching the Mass, Liturgy
Aimsear: weather, time, age, period of time
Aimsear mhaith = fine weather, fine time
Aimsear deas = nice weather, nice time
Aimsear go h-ionntach = brilliant weather, brilliant time
Tá ‘n aimsear bhriste = the weather is broken
Tá ‘n aimsear ag cur fearthainne = the weather is putting rain / raining
Ins an t-sean-aimsir in the old days, times
Broillseach = in the old times, days

Aingeal: Angel
Ard-Angil = High Angel, Arc Angel
Ainm: name
An t-ainm = the name
Ca ainm = what name
Ca n-ainm = what name
C’ ainm = what name
Do rogha ainm
Do rogh’ ainm = any name you wish
Goidé an t-ainm atá ort?
Goidé ‘n t-ainm atá ort? = what is the name that is upon you?

Ais: ford
Áit: place, area
An áit a bhfuil na cearca gor = the place where the hens are hatching
An áit a bhfuil mé? = the place I am presently? / Where am I?
Goidé an áit atá tú do chomhnaidhe?
Goidé ‘n áit atá tú do chomhnaidhe? = what place are you from? / where are you from?
An áit a thug sé ithe ‘gus ól dí = the place he gave food ‘s drink to her.
Ins an áit seo = in the place here / in this place
Aiteann: whins, gorse
Áithe: lime kiln
Áithe aoil = lime kiln

Airc: meal-chest
Áird: attention
Tabhair áird liom-sa = listen with me! Give attention with me!
Tabhair áird orm-sa = listen upon me! Listen to me! Give attention upon me!
Airc: care
Tabhair aire duit fhéin
Tabhair aire duit féin = give care to yourself. Mind yourself
Airgead: money, silver
Le mo chuid-se airgid
Le mo chuid-se h-airgid = with my money, with my part of money
Tá sé ‘cosnamh airgid = he is earning money, earning money he is
Cur amudha airgid = a waste of money, put waste of money
Táimid fagháil airgead gachan lá = we get money every single day
Do sháith airgid = plenty of money
Ar airgid = for money, on money

Aithne: recognition
Tá aithne agam air ar dóigh
Tá aithne ‘gam air ar dóigh = I know, recognise at me at him well
Albanach, Albannach: Prodastúnach nó Prodastúnach Mór
Allas: sweat
Bha allas air
Bh’ allas air = he was sweating at him
Altóir: Altar

Am: time, age of
Am na prátaí a baint = the time for digging the prátaí (potatoes), time for the prátaí to be dug
Am amháin = time alone
Am dinnéara = time for dinnéar
Corr-am = sometimes
Tá sé am codlata = it is time for bed
Goidé an t-am atá sé?
Goidé ‘n t-am atá sé? = what time is it?
Goidé ‘an t-am t-am atá sé anois?
Goidé ‘n t-am atá sé ‘nois? = what time is it now?
Goidé an t-am a rachas tú?
Goidé ‘n t-am a rachas thú?
Goidé ‘n t-am a rachas tú? = what time will you go?
Goidé ‘n t-am chéadna? = what time will you go?
In am? = in time?

Amadán: fool, idiot
Tá fhios ag gach aon duine gur amadán atá ann
Tá fhios ag gach aon duine gur amadán atá ‘nn = the knowledge is at every single person he is a fool there.
Amlán: fool, idiot
Tá fhios ag gach aon duine gur amlán atá ann
Tá fhios ag gach aon duine gur amlán atá ‘nn = the knowledge is at every single person he is a fool there
Amharc: view
Amhrán: song
Anál: breath
Tá mé as anál
Tá mé ‘s anál = I’m out of breath
Aoileach: manure
Ag cuir aoileach ar na prátaí = putting manure on the prátaí (potatoes).
Tá sé ag cuir aoileach ar na prátaí
Tá sé ‘g cuir aoileach ar na prátaí = he is putting manure on the prátaí (potatoes).
Aois: age
Goidé ‘n aois atá ag an duine is óige atá agat?
Goidé ‘n aois atá ‘g an duine ‘s óig’ atá ‘gat? = what is the age of the youngest child at you?

Aoine: Friday, Day of Áine, Aoine
Aoine Céasta: Friday of the Torments / ‘Good’ Friday
I lár na h-Aoine = in the middle of Aoine / Friday
Dia h-Aoine
Aol: lime
Aonach: a fair
Téighim chun aonaigh gach aon mhí = I go to the fair every single month.
Chuaidh mé go h-Aonach = I went to the Fair
Ins an aonach = at the fair
Aprún: apron
Aprún Bán = white apron

Arán: bread
Tá arán mo sháith agam = I’ve bread enough at me
Giota beag e thuilleadh aráin = a little bit more bread
Arbhar: corn, oats
Níl a arbhar bainte go sé = his corn is not cut yet
An t-arbhar = field of oats
Tá sé ‘crathadh arbhar = he is sowing oats
Ag cratadh an arbhair = winnowing, sowing the oats
De’n arbhar = of the corn
Arc: pigling
Areán: pigling
Arcán: pigling
Níl arcán ar bith ag an mhuic sin
Níl areán ar bith ag an mhuic sin = there is no piglets at that pig
Má bhfuil areán beag ar bith agat = if you have any children / young ones at you.

Ardai: roost
Chuaidh na cearca go thuas ardai = went the hens towards up in the roost
Chuaidh na cearca go thuas an t-ardai
Chuaidh na cearca go thuas an ardai
Chuaidh na cearca go suas an ardai
Asal: donkey
At: swelling
Ar ait = for swelling (charm)
Athair: father
Tá m’athair-se nas aosta ná d’athair-se = my father is older than your father.

Bábaí: baby
Babhal: bowl
Glacfaidh tú dhá babhal do n-arán coirce = you will take 2 bowl(s) of oatmeal.
Bac: hob, hearth-stone
Bachta: turf bank / bank of turf
Bád, Báda: boat
Badhar: byre
Badhbha: coffin
Chuir siad isteach ins an badhbha é
Chuir siad isteach ins an badhbh’ é = they put him inside the coffin / they put inside in the coffin him.

Baile: town, settlement
Sarar fhág tú na m-baile = before you left home
Cha dteachaidh mé na bhaile mhóir = I didn’t go into the big town
Na mbaile, na m-baile = home
Tá toigh mór aige ar mo dheirbhshiúr ar an baile mór = there is a big house at my sister in the big town
Cuireann an ól daoiní bha toigh agus bhaile = drink puts people out of house ‘s home
Chuaidh muid go baile inné = we went to town yesterday
Beidh sé ag an bhaile ag an Nodlaig
Beidh sé ‘g an bhail’ ag an Nodlaig = he will be home about Nodlaig / Christmas
Baile Átha Cliath
Bail’ Átha Cliath = town of the ford of hurdles / town of the ringed ford
Phós sé cailín ó Bhaile Átha Cliath
Phós sé cailín ó Bhail’ Átha Cliath = he married a girl from Bail’ Átha Cliath.

Bainis: wedding
Bainne: milk
Bainne Úr
Bainn’ Úr = fresh new milk
Bainne reamhar = thick milk
Bainne buidhe = biestings
Baintreabhach: widow
Ball: spot
Balla: wall
Ballán: a teat
Banbh: pigling, piglet
Bhí ‘n bainbh ag dúil ar an chráin = the piglets were suckling the sow.
Bara: barrow, wheel-barrow



Banna: a bond, security

Rachaidh mise i mbannaí ort
Rachaidh mis’ i mbannaí ort = you may take my word (bond) for it

Banrioghain, Ban-rioghain, Ban-Rioghain: woman ruler, king / queen

Bárdal: drake – male duck
Barr: top
Barr na mbaile = top of the town
Barr na phíce = top of the pike
Barraille: barrel
Barr-iall: a shoe lace

Bás: death
Fuair sé bás = he got dead
Fuair sí bás = she got dead
Fuair siad bás = they got dead
Fuair sinn bás = we got dead / we died
Fuair sibh bás = yous got dead

Bascáid: basket

Bata: stick
Bata ceangailte aire bata eile
Bata ceangailt’ aire bat’ eile = stick tied / connected to another stick

Beachóg: bee
Beachógaí buidhe = yellow bees

Beagán: little
Beagán amach = little out / very little

Béal: mouth
Ba bhinne a béal le na ceoltaí sidhe
Ba bhinn’ a béal le na ceoltaí sidhe = her mouth was sweeter than the songs, music of na sidhe
Druid do bhéal = shut your mouth
I mo bhéal = in my mouth
Lán do bhéil de tae
Lán do bhéal de tae = a mouthful of tae

Bealach: road / certain way
An bealach aiciorrach = the road short / short cut
Gabh amach as an bealach = go away / go away from the road
Ar mo bealach go Fóchoill
Ar mo bealach go Fó-choill = on my way to Fóchoill

Bealtaine:
Féile Bealtaine

Bean: woman
Bean an Toighe: woman of the house
Sean Bhean: old woman
Mac mna boichte = son of a poor woman
Chuige bean eile = to, toward another woman
Tá fhios d’intinn aige bean an toighe = the woman of the house has knowledge of your intention
Go rabh sí ina bhean, bhean bhreagh
Go rabh sí ‘na bhean, bhean bhreagh = she was a fine, fine woman
Le ‘n bhean sin = with that woman
Lán bean
A lán bean = a crowd of women

Beannart: Beannacht, Blessing
Bearach: heifer / year old heifer cow
Bearád: a cap
Bhain mé díom a’ bhearád
Bhain mé díom mo bhearád
Bhain mé mó bearád = I took off my cap
An bhearád a bhaint díom = to take off my cap
Béarla: high full of itself / english language
Bearnas: logainm
Beatha: life
Sé do bheatha
Sé bheatha = welcome
Uisge Bheatha = water of life
Beo: live
Biadh: food
An biadh = the food
Billi agus an Earbhall Craithte
Billi ‘gus an Earbhall Craithte = Willy Wagtail (éan)
Billi an Fhigheadóra
Billi ‘n Fhigheadóra = spider

Binn: heed
Níl binn agam ar an táilliúir = I don’t heed / like tailors
Cha bhíonn binn ar bith agam ar cailíní = I don”t like / care much about girls
Cha bhíonn binn ar bith agam ar buachaillí = I don’t like / care much about boys
Bheadh binn agam ort = I would be pleased at me upon you / I would be pleased about you
Níl binn ar bith agam-sa ar arán geal
Níl binn ar bith agam-sa ‘r arán geal = I don’t like / care for bright (white) bread at me

Biota: bit – for capall / each / horse

Biseach: improvement
Tá biseach uirthi anois
Tá biseach orthi anois
Tá biseach uirthi ‘nois
Tá biseach orthi ‘nois = she is better upon her now
Caithfidh sí biseach a fhagháil = she must be cured
Caithfidh sé biseach a fhagháil = he must be cured
Caithfidh siad biseach a fhagháil = they must be cured

Blab: water-bag inside a bó / mart / cow
Blaosc: shell
Blaoscán: shells

Bláthach: buttermilk
Bainne bláithche

Bliadhain: year
An bhliadhain atá teacht = the year next / next year
Colpach bliadhna = year old heifer
Ar an bliadhain seo = on the year here, this / this year
Bliadhantán: a year old sheep

Bó: cow
Mairt: cow
Bó ionlaigh
Bó h-ionlaigh = in cow calf
Rug an bhó = the cow calved
Cá mhéad ba ‘gat anois? = how many cows are at you now?
Cailín deas cúisil na mbó
Cailín deas crúidhe na mbó = the pretty milk maid
Tá sé buachailleacht na ba = he is herding the cows
Buachaill Bó = cow boy / herdsman

Boc: he-goat
Boc gabhair = billy goat
Bocsa: box
Bodach: fellow
A bhodaigh bhig = dear little fellow
Boinnéad: lap of hay
Bóitheach: a byre

Bolg: belly, stomach
Iochtar mo bholg = bottom of my stomach
Bollóg: buttock
Bolt: bolt, bolt of thunder
Boltaí talamh = bolts towards the land / thunder bolts

Bomaite: minute
Fan bomaite = wait a minute
Bomaite amhain
Bomaite amháin
Bomaite h-amhain
Bomaite h-amhain = a singe minute

Bonn: sole
Bórd: table
Bóthar: road

Both Dhomhnaigh: logainm
Iochtar Both Dhomhnaigh
Brachán: porridge

Bradán: salmon
Braitlin: sheet
Braitlin bán = white sheet
Braitlin na leabaidh = sheet of the bed / bed sheet
Bréachlán: cripple
Bréag: lie
An bhréag = the lie
Breicfeast, Bricfeas: Breicfeasta / Breakfast
Breim: fart

Breitheamhnas Áithrighe: Penance
Brighid:
Leig Brighid isteach = let Brighid in
Bristi: trousers
Bró: quern
Cloch brón = quern stone
Bróg: shoe
Ar shon na bróga = for the price of shoes / for the shoes
Brollach: chest, breast
D’fhág mise mo lámh ar a brollach modhmhar = I left my hand on her gentle breast
Brosna: little stick
Broth: a ring

Brú: illegal fishing fork
Bruach: spreading ground
Ar bhruach an bhachta = on top of the turf bank
Brúightin: mashed prátaí
Bruillseach: bad aimsir / weather
Tá bruillseach ann indiu = it’s terrible weather today
Bhí sé cur bruillsighe = it was putting snow / bad weather

Buachaill: boy
Bhí buachaillí agam
Bhí buachaillí ‘gam = the boy were at me
Buachalán Buidhe: yellow ragweed
Buadhradh: trouble, vexed
Buaidh: wonderful
Bheir sé buaidh = that’s wonderful

Buailtin: beetle, pounder
Buailtin / an bhuailtin
Bualord: sledge-hammer
Buarach: a tether
Bucóid: bucket
Buidéal: bottle
Na buidéalaí = the bottles

Buidheachas: thanks
Buidheachas do Dhia = thanks be to Dia
Buidheachas do Dhia ar son an t-sláinte
Buidheachas do Dhia ‘r son an t-sláinte = thanks be to Dia for the health at me.
Buidheachas do Dhia ‘r gach aon rud a íosfaidh na pór prátaí
Buidheachas do Dhia ar gach aon rud a íosfaidh na pór prátaí = thanks be to Dia for everything that would eat the seed of na prátaí
Char thug buidheachas ar bith damh = he didn’t give thanks to me.

Builbhin: loaf
Builbhin arán = loaf of bread
Buille: a blow
Bhuail sé buille orm = he struck a blow upon me
Thug sé buille damh = he gave a blow to me
Buinneach: scour
Búistéir: butcher
Bun: bottom
Bun an chliabhóg = bottom of the creel
Bunadh: people

Cabhantar: counter
Cac: shit
‘S mór do chac ar an charnán aoiligh
Gur mór do chac ar carnán aoiligh = great is your shit on the dung heap
Caibin: chin
Cáilith: seeds
Bhain sé ‘n cáilith as = he took out the seeds
Cailín: girl
Tá mé cúirtéireacht le cailín = I’m courting a girl
Saoilim go bhfuil sé ina chailín bhreagh = I think she’s a fine girl

Caill: loss, damage
Níl caill ar bith in seisean
Chan fhuil caill ar bith in seisean = there’s no harm in him
Cha dtearn sé mórán caill = it didn’t do much damage
Cailleach: a hag
Cáis: cheese
Cáisdeach:
Caisideach: A member of Clann Ua Cáiside
Caisleán: Caisleán Ghlaise = log-ainm áitiúil
Cáith: contamination
Cáthadh: chaff
Callán: noise
Caochaire: short sighted person
Caol: right wrist

Caor: berry
Caora: sheep
Míol Caorach: beast on a sheep / tick
Caorán: bog
Caorthann: rowan tree
Capall: horse
Beathach Capaill: horse worm
Carda: card
Carnán: a heap
Carnán an Ghearrán Bháin: log-ainm áitiúil
Carraig Mór: log-ainm áitiúil

Carrán: car, cart
Cartlin: a ball
Cás: a case
Cásc: Cásca / Easter
Casóg: coat
Cat:
Gabh amach a chait! = go out chait!
Cathaoir: chair
Cáth-bhruith: sowens
Céadaoine: Dé Céadaoin
Ceanglachán: a gad (of a flail)

Ceann: head
Ceann amháin = head alone
Mo chionn-sa = my head
Thuit sé ar mullach a chinn = he fell on his head
As mo chionn = out of my head
Ceannach: to buy, buying
Tá ceannach mór air = this is a big buying (demand) for it

Cearc: hen
Mo chearca
Mo chearc-sa
Mo chearc-sa = my hens
Ár gcuid cearca = our hens

Céasadh: Crucifixion
Ceardcha: forge
Chuig an cheardcha = towards the forge
Céile: fellow, spouse
In éis a chéile = consecutively
Fríd a chéile = confused
Cuidiú lena chéile = helping one another

Casfaimid ar a chéile aríst
Casfaimid ar a chéile ‘ríst = we’ll meet together again
Bhí na gasúraí ag caitheamh clocha ar na chéile
Bhí na gasúraí ‘caitheamh clocha ‘r na chéile
Bhí na gasúraí ‘g caitheamh clocha ‘r na chéile
Bhí na gasúraí ag caitheamh clocha ar a chéile
Bhí na gasúraí ‘caitheamh clocha ‘r a chéile
Bhí na gasúraí ‘g caitheamh clocha ‘r a chéile = the boys were throwing stones at one another

Céilidhe: visiting by night
Céilidh, céilí
Ceird: craft, trade
Námhaid ceird gan fhoghluim = an unlearned trade is a person’s enemy / An enemy is a trade unlearned
Ceirtle: ball of thread
Ceirtle shnáth olna
Ceirtle snáth
Ceist: question
Ceo: mist, fog
Chan fhuil ceo ar bith ann anois
Níl ceo ar bith ann anois = no fog is present there now
‘S comh aosta leis an cheo = as old / ancient as the mist

Ceol: music, song
Ceol binn na cuaiche = sweet song of na cuach / cuckoo
Ag gabháil ceol
Ag gabháilt cheoil
Ag gabháilt ceol
Ag gabháilt cheol = singing / capturing song nó music
Éan na Ceoltaí: bird of the songs / Thrush
Ba bhinne a béal le na ceoltaí sidhe
Ba bhinn’ a béal le na ceoltaí sidhe = her mouth was sweeter than the songs of na Sidhe
Ceoltaire: singer, songster, musician
Tá i gcomhnaidhe thart ar na ceoltaire = the thirst is always in around the singer.

Ciall: sense
Tá sé ar a chéad chiall
Tá sé ‘r a chéad chiall = he’s in his second (first) childhood
Ciaróg: beetle
Cineál: kind, race, tribe
Cingis: Whit Dé Domhnach
Ciorin: comb of a coileach (rooster)

Cios: rent
Cioth: shower
Tá cioth ann anois = the shower is there now
Corr-chioth = occasional shower

Cipín: little stick
Cipíní solas = little sticks of light / matches
Clábar: mud
Claidhe: fence
Claidhe críche
Claidhe chríche = boundary fence
Thar leis na chlaidhe = over the fence / ditch. Over with the fence / ditch.
Claidhteacha = fences
Na claidhteacha = the fences
Clainn: clann
Clár: lids
Clár an éadain: a forehead
Cleas: a trick

Cleachtadh: practise
Sin an cleachtadh atá ‘gam
Sin an cleachtadh atá agam = that is the practise / experience at me
Cleamhnas: a match in marriage
Rinne mé gcleamhnas
Rinn mé gcleamhnas = I made a match (in marriage)
Cisteanach, Cistinigh: kitchen
Tá ‘n chistinigh, tá sé lán toit = the kitchen, it is full of smoke

Cleite: feather
Bhí cleite cearc i mo ghruag chinn
Bha cleite cearc i mo ghruag chinn
Ba cleite cearc i mo ghruag chinn
Bhí cleite cearc in mo ghruag chinn
Bha cleite cearc in mo ghruag chinn
Ba cleite cearc in mo ghruag chinn = there was a feather of a hen in my hair

Cliabh: bosom
Beidh buachaill óg aige cailín ina cliabh = a girl will have a young boy in her bosom. / A young boy will be in the bosom of the girl at him
Cliabhán: cradle, creel
Cliabhóg: a creel
Cliath Fhoirste: a harrow
Clóca: cloak

Cloch: stone
Cloch gríomh
Cloch líomhtha = sharpening stone
Cloch a’ tairsighe
Cloch na tairsighe = door-step / door-stone
Cloch an tinteáin = hearth stone / fire stone
Cloch an choirb = top stone / kerb
Cloch sleamhain = smooth stone
Tá sé cur clochannaí = it is putting hail stones / a shower of hail stones.
Clog: clock
Cloigeann: a head
Níl gruag ar bith ar a chloigeann = there is no hair on the head / his head
Cluas: an ear
Ag a chluas = at his ear
Barr de mo chluas = top of my ear
Dhá cluas = two ears

Cluimhneach: feather, feathers
Cluinseant: hearing
Cnámh: bone
Cnapán: a heap of stones / a heap
Cnó: nut
Cnoc: hill
Ar an cnoc adaí thall = on yonder hill / on the hill yonder
Tá sí suas a’ chnoc = she is up the hill / she is pregnant

Cnoc an Ghainimh
Cnoc an t-Sean-t-Oighe / Cnoc an t-Sean-Toighe
Cnoc Bán
Cnoc Glaisne
Cnocán Dubh = logainmeacha

Cnumhóg: worm
Cnumhóg Capaill = horse worm / worm of the horses
Coca: a hay cock
Cochán: straw
Tá sé dhéanamh rópáin de chochán = he is making a rope of straw
Cófra: coffin
Cogadh: war
Goidé shaoilinn tú den chogadh? = what do you think about the war?
Tá eagla orthu bha ‘n cogadh
Tá eagal orthu bha ‘n cogadh = they’re afraid of the war / the fear is upon them about the war

Coileach: cock, penis
Coileán: pup
Coileár: collar
Coill: a wood
Coinín; rabbit
Tá sé ag caitheamh an choinín
Tá sé ‘g caitheamh an choinín
Tá sé ‘caitheamh an choinín = he is shooting the rabbit
Coirce: oats, oatmeal
Coirceán: a cake
Coiscéim: footstep
Rinne mé coiscéim contráilte
Rinn mé coiscéim contráilte = I made a footstep wrong

Cóiste: coach / carriage
Do ‘n fear chóistí = to the man of coaches

Coláiste:
Coláisde: college
Chuir siad é chun na coláiste = they put him to / towards college

Colann: a body
Súgán colann
Súgán colanna = a belly band

Collach: boar
Colpach: heifer

Comhairle: advice, council
Tá mise a tabhairt comhairle ort
Tá mis’ a tabhairt comhairl’ ort = I myself am advising you / upon you

Comharsain: neighbour, neighbourhood
Corr-comharsain = occasional neighbour

Comhluadar: comhlá, conversation
Bhí comhluadar fada acu araon = thy both had a long comhluadar / conversation at them

Connlán: family
Tá connlán mór aige = he has a big family at him
Cá mhéad connlán atá agat? = how many are at / in your clann?

Contae: county
Na Sé Contae = the six counties

Cór Shúgáin: a rope-handle


Cor Criche: Baile ‘Cooks-town’
Corraidh Mhór:
Coraidh Mhór: logainm

Corb: stone
Corgas: After Lent
Corán Mhuire: Rosary / Mhuire Beads
Corr Éisc: heron, crane
Corrach an Ealta: logainm
Corrái: reaping hook
Corruighe: anger

Cos: foot
Bonn do choise = to your foot
Chuig a choise = to her foot

Cosán: a path

Coscloch: step
Fuair mé ar an coscloch é
Fuair mé ‘r an coscloch é = I got it on the step

Cóta: coat
Cothán: straw

Craiceann: skin
Bhí ‘n craiceann ataiste ar mo lámh
Bhí ‘n craiceann ataist’ ar mo lámh = the skin was swollen on my hand / arm

Cráin: sow pig
Crann: tree
Crann Speal: handle of a scythe

Craobh: a shoot
Tá ‘n t-arbhar ag gabháil sa craobh
Tá an t-arbhar ag gabháil sa craobh = the corn is shooting out
Tá ‘n t-arbhar i gcraobh amach
Tá an t-arbhar i gcraobh amach = the corn is shooting out

Cré: earth, clay
Creidheamh: religion
Cril: creel

Críoch: boundary, end of somewhere
Claidhe chríoch = a march ditch / boundary

Crios: part of a spinning wheel

Criosta: Criosta / Christ
d’Íosa Chríosta = to Íosa Chríosta

Cró: pig sty
Crochóg: a heap of turf

Crodh: riches
Tá fhios agat go bhfuil mo chrodh go mór = you know at you that my wealth is great / big

Croidhe: a heart
Tá droch-chroidhe orm = I have a terrible bad heart upon me
Stór mo chroidhe = my darling
Do ghrádh mo chroidhe = to the love of my heart

Cróig: a small heap of turf
Cuireann siad in cróigeannu iad = they foot it

Crois: Cross



Croiseannú: green rushes
Cruach: haystack
Tá sé déanamh cruach de ‘n féar = he is making a haystack
Tá oiread cruach mhónadh de ór agam = I have the size of a turf stack of gold at me
Garrdha na gCruach = haggard

Cruadh-ae: liver
Croidhe na cruadh-ae
Crudh: horse-shoe
Chaill sé na crudha = he lost the horse-shoes

Crúiscin: a jug
Cruit: a hump
Cuaich: cuckoo
Cubhar: froth
Cúchaire: a double tree of ploughing
Cuibhreann: a field

Cuid: a share
Do chuid talamh = share of your land
Ár gcuid cearca = our share of hens
Do chuid sála = your heels
Do chuid-se = yours
Le mo chuid-se airgead = with my share of money

Cuideachta: company
Cuileog: a fly

Cuimhne: memory
Níl chuimhne agam anois air
Níl chuimhne ‘gam anois air = I don’t remember it now
Le mo chuimhne = as far as I remember

Cuinneog: a churn
Cuireadh: invitation
Cuisle: vein, pulse
Cúl: back
Cúl an Gharrdha: logainm
Culaith: a suit
Tá culaith uar aici = she has a new suit at her.

Cúlfáidh: nettle
Cuma: appearance
Cuma críona go leor = a wise enough appearance
Tá cuma múinte air = he looks quiet

Cupa: cupán
Seo dhuit an cupa seo! = take this cupan here!
Cúpla: twins
Cuir iogán ins an chúpla = put a notch in the beans

Dadaí: nothing
Cha leig an eagal damh-sa aon dadaí a rádh = fear didn’t let me say a single thing.
Char dhubhairt sé aon dadaí = he said nothing
Níl fhios agam aon dadaí
Chan fhuil fhios agam aon dadaí = I don’t know at me anything / nothing
Níl me ‘g fagháil aon dadaí
Chan fhuil mé ‘g fagháil aon dadaí = I’m not getting anything

Dainséar: danger
Dair: oak
Seacht óige na coilleadh darach = 7 youths of the oak wood

Damhsa: dance
Dán: hymn
Dántaí a ghabhailt
Dántaidh a ghabhailt = to sing hymns

Danóg: a bowl
Lán an danóg = a full bowl

Daoine Beaga: na Sídhe, Sidhe, fairies, little people
Daol: Beetle
Daróg: Oak tree
Dath: colour
Dealán: knitting needle

Dearmad: forget, forgetting
Rinn mé dearmad chun áirsiú duit = I forgot to tell you

Dearnad: a flea
Dearnadaí = fleas
Déideadh: toothache

Deifir: difference
Cha dean sé deifir ar bith = It doesn’t make a difference
Cha dean sé mórán deifir = It doesn’t matter

Deimhneas: shears / a pair of shears
Déirc: alms
Fear an déirceadh = man of alms / beggar man

Deireadh: end
Lá Deireadh an Domhain = Last Day of the World / Judgment Day
Ar deireadh = at last

Deirfiúr: sister
Cá mhéad deartháir agus deifiúr ata agat? = how many brother agus sister are at you?

Deoch: drink
Tabhair deoch bláthach damh = give me a drink of butter-milk
‘Bhfuil deoch uait? = do you want a drink?
Tiocfaidh na gamhna fá ‘n deoch = the calves / oxen will come for a drink
Bhí mórán deoch agat aréir
Bha mórán deoch agad aréir = you had too many drinks at you last night

Deor: a drop
Deor: a beggar / a tear
Comh bocht leis an deor = as poor as a beggar

Dia: God
Na miorbhuiltí Dé = miracles of Dia
Cha rabh eagla air bha Dia
Cha rabh eagal air bha Dia = there was not a fear at him of Dia
Chuige Dia = toward Dia

Dia: a day

Diabhal: devil
Cha rabh eagla air bha Dia na bha ‘n Diabhal = there was no fear at him of Dia nó ‘n Diabhal
Deamhan ‘sa diabhal agus an min ins an cháthbhruith

Diallaid: a saddle
Cuir an diallaid ar an ghearrán
Cuir an diallaid ar an chapall = put the saddle on the horse

Diardaoin: Déardaoin
Dícheall:
Dícheallt: utmost, best
Rinne / rinn sé a dhícheall chun mise a mharbhadh = he done his best to put me to death.

Dinnéar:
Glac do dhinnéar = take your dinnéar
Am dinnéara = Meán Lae / dinnéar time
Le n-ár n-dinnéar = for our dinnéar

Diog: trench
Dochtúir: doctor

Dóigh: way, means
Goidé an dóigh atá ort?
Goidé ‘n dóigh atá ort? = How are you / upon you?
Goidé an dóigh a rinn tú sin?
Goidé ‘n dóigh a rinn tú sin? = How did you do that?
Sin a dóigh a bhíonn sinn = that’s how we are
An dóigh a baineann sinn an móin = the way we cut turf / bog
Ar gheall ar a dóigh = for his means
Tá mé ar dóigh = I’m very well
Ar dhóigh ar bith = anyhow

Doimhne: depth
Doire:

Dolaidh: harm
Níl dolaidh ar bith ann
Chan fhuil dolaidh ar bith ann = there is no harm in him
Cha dheanfadh sé dolaidh a bith duit = it would not do any harm to you

Dólas: sorrow
Tá mo chroidhe lán dólais = me heart is full of sorrow
Domhan: world
Tá deireadh an domhain ann = the end of the world is there

Domhnach: Dé Domhnach, Dé Domhnaigh
Domhnach na Slat
Domhnach an Duille = Palm Sunday

Domhnall:
Donnchadh:

Doras:
Druid an doras = close the door

Dorn: a fist
Ná druid do dhorn = don’t close your fist
Bhuail sé mé leis a n-dorn = he struck me with his fist

Dreallóg: swingle-tree
Dreallóg dhá chapall = a double tree / a tree of two horses

Dreatháir: brother
Dreoilín: éan bheag
Driosóg: a bramble
Driosúr: dresser
Driúchta: dew

Droichead: a bridge
Droichead an Phluim: logainm

Droighneán: blackthorn
Druim: back
Súgán droma = back rope

Dúidin: clay pipe
Dúil: hope
Tá dúil agam go scríobhfaidh tú
Tá dúil agam do sgríobhfaidh tú
Tá dúil agam do sgríobhaidh tú = the hope is at me that you will write

Duille: a leaf
Domhnach an Duille = Domhnach of the Leaf / Palm
Duilleog: a leaf

Duine: people, person
Aon duine = any person / anyone
Duine eighinteach = somebody
Corr-dhuine = an occasional person
Duine ar bith = anybody
Gach aon duine = everybody / every one person
Ar duine againn = on one of us
Ag aon duine acu = anyone of them
Daoiní Uasla = Sidhe, Fairies
Na daoiní uilig = all the people
Ar na daoiní = on the people / among the people

Duisín: a dozen
Duisín sopa = 12 sheaves
Tá sé duisín a chlog = it’s 12 a chlog

Dúthaigh: an estate
Éadaí: clothes
Tá mo chuid éadaí, tá siad fliuch = my shape of clothes, they were wet

Éadan: forehead
Clár an éadain = the forehead
Bhuail sé buille orm ins an éadan = he struck me a blow on the forehead.