Gaeilge Iorrais

Image
Image

Cathach Cholm Cille

Tuairim le trí chéad bliadhain ó shoin, díbríodh Gaedheil agus Caitligigh Chúige Uladh isteach go Connachta le h-ordú riaghaltas Shasanaí. Agus tháinig buinne mór acu ’steach anuas go Conndae Mhaigh Eo. Lean siad lorg na gcnoc gur dibríodh isteach iad go Gleann Dhúchaill, gleann coilleadh a bhí ann agus chaith siad trí blianaí ansin. Bhí siad ag tabhairt creachannaí as Acaill agus as Baile Chruaich, ag tíocht suas ar bheithígh is ar chaoirigh na tíre go ceann thrí mbliabhain. Scab siad síos ar fud pharáiste Bhaile Chruaich ansin.

Agus an mhuinntir a scab, bhí Cú Choigrí Ó Cléirigh orthu. Is aige a bhí seilbh leabhra Cholm Cille. Agus bhí deartháir dhó ’nn, Cairbre. Bhí ’n bheirt acu ina gcónaí i mBaile Chruaich. Ach fuaigh Chú Choigrí, Cú Choigrí go Cill Dhoinn. Chónaigh sé ansin. Thóg sé teach. Thóg sé garraí, feilm, agus tá an áit le feiceál go fóill ag fear ar bith. Tá a gharraí ansin mar an gcéanna a dtugthar Garraí (Garraidh) Chú Choigrí air. Agus tá an tobar uisge, fíor-uisge, ann a dtugthar Tobar Chú Choigrí air. D’fhan Cairbre i mbaile a dtugthar (Bealach an Mhianaigh) air.

Le linn an ama, d’fhág Cú Choigrí Cill Dhoinn agus d’fhan roinn dá, fear dá chlainn ann, agus d’fhág sé na leabhraí aige. Agus an uair a bhí an mac ag fáil réidh leis na leabhra, ní tháinig le fear ar bith seilbh na, an leabhair seo a bheith aige, Cathach Cholm Cille, ach fear a mbeadh trí nó ceathair dho theangthacha aige agus é in ann an leabhar a léamha. Thiocfadh mí-ádh nó mí-rath eicínt air féin nó ar a mhuinntir ná ar a áit mur, mur mbíodh sé saor ó pheacadh agus mur mbíodh sé ábalta an leabhar a léamha mar ba ceart.

Nuair a bhí sé ag fáil réidh leis an leabhar thug sé dho dh’fhear dho mhuintir Fhithchille í lena choiméad. Agus choinnigh an fear sin í nó go rabh a am féin caití léithi ‘gus ní rabh aon n-duine dhá mhuinntir féin in ann a coinneál ná a tráth fada. Agus thug sé dho Mhághnus Ó Dhómhnaill é, an fear a sgríobh Beatha Cholm Cille, fear as Tír Chonaill mar an gcéanna. Agus an uair a bhí an fear sin ag fágáil Bhaile Chruaich, thug sé dho dh’fhear arbh ainm dhó Séamas Ó Catháin bhí ina chónaí ar an Bhun Mhór. Bhí sé ina bháillí ag Síol n-Dálaigh Bhaile Uí Fhiacháin agus a fhad agus bhí an leabhar i seilbh an fhir sin tháinig strainséaraí fir isteach go Baile Chruaich nach rabh ariamh roimhe ann. Ach bhí sé ina mhór-scólaire i n-Gaeilic agus i mBéarla ‘gus i dteangthachaí eile. Agus badh é ainm a bhí air Dómhnall Cam Ó Gallchobhair. Bhí sé ina mháighstir sgoile ‘gus chualaidh sé go rabh Cathach Cholm Cille ag an gCathánach. Agus fuaigh sé go dtí é go bhfuair sé cead uadh an leabhar a fhoscailt agus dearcadh inti agus bhí sé in ann roinn daoithe a léamha ar aon nós. Agus an uair a d’fhoscail sé an leabhar agus a léigh sé roinn daoithe, cébí páirt daoithe a léigh sé, ach tháinig mí-ádh lena linn ar Shíol n-Dálaigh Bhaile Uí Fhiacháin agus fuair fear acu bás.

Le Pádraig Mac Meanman



Image

Caiptín na h-Éireann

Caiptín mise a bhí in Éirinn a...
Caiptín mise a bhí in Éirinn,
Chaith mé mo théarma ar loing,
Bhaininnse scil as na spéarthaí
Agus chomhairfinn na réaltaí liom.
Gheobhfainn bean óg ar an t-saol seo
A shiúilfeadh ar... A shínfeadh a taobh gheal liom,
Nach rachainnse anonn go Súméice dhaoithe
I gcoinne lucht tae agus rum.

Le Mícheál Ó h-Innéirghe.

('S amhrán seo faoi turas ar an fharraige h-eadar Spáinn go h-Iorruis, agus ar ais aríst gan stad le bliadhanta fada)



Image

Bliadhain an Cheannaí

Tuairim céad bliadhain ó shin ní rabh aon teach amháin siopa i bparáiste Bhaile Chruaich a dhíolfadh ní ar bith dhá dheoin dho mhuintir na tíre, ach ceannaíonnaí ag teacht agus pacaí leofa ag goil ó bhaile go baile, ó theach go teach, ag díol achaon ní dhá bhfóinfeadh dho mhná tí, i dtaobh éadaigh agus earraí beaga eile. Agus nuair a bheadh sin díoltaí acu cheannóchadh siad stocaí agus earraí cniteáiltí thart ag... ó mhná na mbailte agus bheadh ualach leofa ag imeacht uafa ar ais go dtí bailte móra i bhfad ó bhaile, go ndíoladh siad iad agus go ndéanadh siad airgead.

Agus ansin cheannóchadh siad stoc eile earraí, lán paca, agus thiocfadh siad ar ais dhá ndíol. Agus bhí an ceannaí seo mar sin ag teacht agus ag imeacht ar feadh trí nó ceathair dho chuartaí. Ar deireadh thiar d'imigh sé agus níor phill sé.

Agus bhí teach maoir ar an bhealach amach fríd na cnoic. Ní rabh aon bhóthar eile ag teacht ná ag imeacht. Agus casadh leis an mhaor gur mharaigh sé an ceannaí. Agus an fear a chas leis é, bhuail fear a bhain dhon mhaor an fear a chuir an bhréag air, agus bhuail sé le bata é agus leag sé é. An Domhnach dhár gcionn, buaileadh an fear a bhuail an chéad fhear an dara Domhnach. Agus an tríthiú Domhnach, bhí dhá scór fear ag goil ar a chéile. Agus an ceathrú Domhnach, bhí dhá oiread ag goil ar a chéile. Agus an ceathrú Domhnach, bhí an tír uile go léir ina dhá leith. Agus gan aird ar aifreann ná ar ord. Agus choinnigh siad ar feadh bliana ar fad mar sin, gan aifreann ná ord a éisteacht ach ag bualadh agus ag leanúint a chéile. Agus leanadh siad a chéile ar feadh thrí míle in amannaí. Agus bhíodh na mná leofa ag cruinniú cloch agus ag briseadh cloch.

Agus ar deireadh thiar, cé a thigeas chun na tíre ar ais ach an ceannaí. Agus ansin bhí a fhios gur bréag a cuireadh ar an mhaor. Ach bhí na páirtíonnaí chomh mór in aghaidh a chéilí, agus bhí páirtí amháin acu dho mhuintir (Chuana), fir láidre, agus bhí tuairim dó nó a trí dho scórú fear acu ag teacht aon Domhnach amháin le go maraíodh siad an mhuintir eile agus go gcascraíodh siad iad agus go gcuireadh siad fúfa iad i gcruth agus nach mbeadh siad ábalta éirí ní ba mhó. Agus bhí an sagart ag dúil le go n-éisteodh siad an t-aifreann agus ní rabh aon aird acu air. Ach tháinig sé an bóthar ina n-aghaidhe agus d'fhuagair sé orthu a ghoil abhaile agus síocháin a dhéanamh agus gan a bheith ar an chaoi a rabh siad, ag coinneál muintir na tíre óna n-aifreann a éisteacht. Ní thabharfadh siad aon aird air chor ar bith. Agus ní thear' sé ach pilleadh uafa agus cead an bhealaigh a thabhairt dófa. Agus dúirt sé go n-iompróchadh asal gan mórán moill an méid dhon dream sin a bheadh le fáil ná dhá sliocht i mBaile Chruaich. Bhí sin fíor. Chonaic mise nach rabh dhon dream sin i n-déidh go mbudh iad an dream ba láidre iad a bhí insa tír... agus ba éadrom an gásúr beag a bhí fágthaí dhon dream uile go léir.

Le Pádraig Mac Meanman.

(Ba fíor-sgéal é sin annseo, 'gus ba sin faoi bliadhain 1830 b'fhéidir)



Image

An Feilméaraí a chaill a Bhean

Feilméaraí a phós bean. Cailleadh í sul má rabh sí sé mhí póstaí aige, sul má rabh sí sé mhí póstaí aige. Phós sé aríst sul má rabh sí mí cailltí. Bhí buachaill aige sa teach shul má cailleadh an chéad bhean. Bhí tóir mhór aige ar imirt chárdaí agus ar dhamhsa 'gus ar phléisiúr.

Fuaigh sé amach. Agus casadh teach leis ins an áit nár cheart dó teach a chasachtáil leis. Agus. Ach fuaigh sé isteach insa teach, agus an méid a bhí astoigh, sean-fhear agus sean-bhean. Las sé a phaíopa. Thairg sé an phaíopa dhon t-sean-fhear agus níor... ní chaithfeadh an sean-fhear é.

Thairg sé dhon t-sean-bhean é agus deir an t-sean-bhean goil. Shuigh sé síos ansin ag amharc ar an t-sean-fhear agus ar an t-sean-bhean agus ba gearr nó go dtáinig cruinniú mór isteach chun an toighe. Leag siad bord agus thoisigh siad... thoisigh siad ag ithe agus ag ól. Nuair a bhí a sáith ití acu thoisigh siad... ghlan siad na boird. Thoisigh siad ' damhsa agus ag (...).

Agus an chéad bhean a bhí ag an fheilmhéaraí, cé a bhí i measc an chruinnith' ach í. D'éirigh an buachaill nuair a thoisigh an damhsa agus rug sé uirthi agus thoisigh sé ag damhsa léithi. D'iarr sí air gan a ligint amach nó go mbíodh na... chor ar bith. Agus choinnigh sé a ghreim uirthi agus nuair a bhí chuile shórt thart d'iarr sí... d'iarr siad air a bheith ag goil amach. Agus dubhairt sé nach n-gabhfadh sé 'mach go mbíodh an bhean seo leis. Agus dubhairt siad go gcaithfeadh sé a ghoil amach gan an bhean a bheith leis. Agus ar deireadh thiar lig siad an bhean leis amach. Choinnigh sé a ghreim uirthi nó go dteachaigh sé, gur thug sé leis abhaile í go teach an fear póstaí. Nuair a tháinig sé go dtí an doras d'iarr sé ar an fhear astoigh gan an solas a lasadh nó go dtéadh sé isteach. Agus d'éirigh an fear agus lig sé isteach é. Agus chuaigh sé suas agus shuigh sé ar an stól, é féin agus a bhean. Lasadh solas. Agus nuair a dhearc an fear amach cé a chonaic sé ach a chéad bhean amuigh ansin. D'éirigh an bhean a bhí taobh thiar dhó agus dhearc sí amach agus cé a chonaic sí ach an chéad bhean ansin. Agus d'éirigh sí aniar as an leabaidh.

"Tá sé in am agam-sa a bheith ag éirí amach as seo."

An bhean a bhí taobh amuigh, dubhairt sí, "Fan ansin, a bhean. Nuair nach rabh foighid aige fuireacht go cionn sé mhí le ligint do mo chnámhase fuaradh insa talamh gabhfaidh mé abhaile 'uig m'athair agus 'uig mo mháthair féin ar ais."

Le Mícheál Ó h-Innéirghe



Image

Teacht an t-Sorcais

Ní dhearmadfaidh mé go deo na rudaí greannmhara a bhain dom féin timpeall an ama sin. Oidhche lánghealaí bhí mé i mo sheasamh ag geata na páirce 'gus mé 'g féachaint amach ar an mbóthar mór. Ní raibh ainmhí ar bith eile sa pháirc liom agus bhí ciúnas na h-oidhche timpeall orm.

Tar éis tamaill chuala mé mar a bheadh torann traenach i bhfad uaim. Mhéadaigh ar an n-glór agus tuigeadh dom sula fada nach traein a bhí 'nn. Níorbh fhéidir liom a thomhas go cruinn cad ba chúis leis an bhfothram a bhí 'g druidim níba ghaire dom de réir a chéile.

Ansin chonaic mé iad ag déanamh orm --- inneall ola i dtosach gluaiste 'gus leath-dhosaen bhaigíní á dtarraingt aige ina dhiaidh. Bhí trí cinn de ghluaisteáin iompair ina dhiaidh sin, cúpla gluaisteán beag agus roinnt feithiclí eile nárbh eol dom cad é 'n saghas iad. Iad go léir ag gabháil aniar chugam mar a bheadh nathair nimhe fhada 'g lúbadh timpeall na gcúinní ar feadh an bhóthair.

Ní raibh a fhios agam ó thalamh an domhain cad ba bhrí leo nó go bhfaca mé na pictiúir ildathacha a bhí orthu -- pictiúir leon agus tíogar agus eilifintí 'gus moncaithe -- gach aon ainmhí dábhfuil ann bhí a mhacasamhail breactha 'n airde ansiúd ar chliatháin na gcarranna le feiceáil go soiléir faoi sholas na gealaí. Ansin ba léir dom cad iad. An sorcas! Bhí sé tagtha.
Ghabh siad tharam go torannach ach d'fhan mé 'g an n-geata go dtí nach raibh siad le feiceáil a thuilleadh agam agus nach raibh fothram ar bith le cloisteáil uatha.

Ach ní raibh deireadh agam fós leo. Bhí tuilleadh le teacht. Ba ghearr gur chuala mé 'gus go bhfaca mé 'n marcra 'g déanamh aniar orm. Á, ba é siúd an taispeántas ceart! Ba é siúd an radharc a chuir áthas ar mo chroidhe! Ba bhreagh iad an t-inneall agus na gluaisteáin mhóra. Ba bhreagh iad na caranna daite 'gus pictiúir na n-ainmhithe allta a bhí ar a gcliatháin.

Ach níorbh fhiú biorán iad i gcomparáid leis an tréad a bhí g gabháil tharam anois -- capaill mheara shlimghéagacha; capaill dhubha, capaill bhána, capaill dhonn-dathacha; capaill mhóra mhaorga; capaillíní beaga breaca -- sluagh suntasach a d'imigh thar bráid gan oiread agus súilfhéachaint a thabhairt orm-sa taobh istigh den gheata.
Bhí mo dhá shúil ar bior agam-sa, 'gus mo chroidhe 'g rince i mo chliabh. Theann mé i gcoinne 'n gheata 'g féachaint ina dhiaidh. D'oscail an geata romham amach agus bhí mé muigh ar an mbóthar mór.

Le Nedín M. Ó Corrbhuidhe



Image

Capall Mheara Shlimghéagacha
Capull Mheara Shlimghéagacha

Capall Mhóra Mhaorga
Capull Mhóra Mhaorga

Image


Cliatháin: carraige
Mhacasamhail: the likes of them
Capall Mhóra Mhaorga: Horse big agus dignified (giraffe)
Capall Mheara Shlimghéagacha: Horse spirited, long limbed (camel)