Gaedhlig Bhréifne

Tuireamh Ó Bhréifne Thoir
Tuireamh Ó ’n Chabháin

(I)
Tá an tírsi go dubhach is ní h-iongnadh dhi é
Re h-ingreim ‘tá dhá déanamh an fhíor-phobal Dé
Ag aicmí dána gan ghrásta ‘tá tréigbheáil do’n t-slíghe
Atá ag treorú re deallramh go Parrathas an Ríogh.

(II)
Theagmhuigh an bás do’n Athair Pádraig re géirleanmhaint fhír,
Fear a b’áille de Raghailligh nár shanntuigh saidh-bhris a’ t-saoghail,
Lámh a’ réitigh le daonacht, ag bochtaibh ris dá riar,
‘Chuir i bhFéim Mhaigh ? gach aon ní i n-onóir is don Triar.

(III)
Teacht abhaile ó’n gCabhán bhí náimhde ’na suidhe
Tionscnamh feille fá’n am sin chuir luigheachán ar a shlighe,
Mar fhaolchoin chíochrach’ re fíoch tré fholladas do’n uan
d’fhág siad sínte ’na luidh’ é go nuige Lá an Luain.

(IV)
An taidbhirseoir ró ghrána thuit ó Fhlaitheas na Naomh
Air sic treoruíonn iad san tráth sin a n-dearn siad an n-gníomh;
Tá sé gárdach ó tharla go bhfuair sé leo a mhian
Dá gcómhaireamh gan amhras ar lucht ‘tá in a líon.

(V)
Bhí lucht canta na bhFlaitheas, na h-Aingle is na Naoimh,
Sinim abhráin ris fá’n am sin chuaidh a anam féin dá dtaoibh,
Tráth d’eág sé i n-uaigneas ar tuighe fá’n chreideamh atá fíor
Ris an dream sin gan cheansacht atá ag Lucifer mar mhaor?

(VI)
Níorbh iongnadh liom a thréad ’san dá mbéadh dá chaoi go buan
Ag síorghol fós gan traothadh; dá éagmais sinn i mbrón.
Is a ghaolta gach aon díobh bheith in a dtulcaí chaoi
Re doilíos ghéar na dhiaidh san ó síneadh é san uaigh.

(VII)
Re teacht an lae dhéidhinnigh, tráth thiocfas Rígh na n-Dúl,
Beidh eclipse ar na spéarthaí ’s na Flaithis uile ar siúl sic,
Is an chruinne comh-bhuaidheartha re h-uathbhás an chirt fhír
Re n-íocfar le gach éinne ’réir a oibre ar an t-saoghal.

(VIII)
Beidh lucht feallbheart san am sin ag sileadh uaibh na n-deor,
Is gan aon eile shantuíos dul a ‘t-slighe nach bhfuil cóir.
An Breitheamh fíor-cheart ’néis suidhe ag cur druing ‘ar gach láimh
Bhéarfaidh cuntas an mhuintir’mharbh an seanamhóntaí sámh.

(XI)
Tá an chríochaon si faoi dhaoirse timcheall trí chéad anall,
Níl cothrom ceart re fáil dúinn ó’n mbuaidh ag Clann na n-Gall;
Guidhmuid Dia feartach do ghnáth re h-eadar-ghuí na naomh
Gach ábhar corraighil a atharú chum síothchána do’n t-saoghal.

(X)
Ocht gcéad déag is ’na dhiaidh leath caogaid ós a chionn,
Uadh teacht an Té úd do céasadh ‘tá ríghtheamh ós ár gcionn,
Leagadh síos an sagart dílis seo i gcómhra insan úir,
D’fhág na daoiní ag caoi-ghol is ag trom-sileadh súl.

Le Pádraig Mac Comhghaill.

(Sgríobh Pádraig Mac Comhghaill an t-amhrán seo sa bhliadhain 1825 nuair a fhuair an t-Athair Pádraig Uí Raghallaigh báis. Bha sagart an-mhaith é fhéin agus throid é ’n éadan na Gaill le son saoirse na n-Gaedheal agus na n-Gaedhealtachd fosta. Bha é ’mach le linn Éirigh Amach Mór na 1798, agus ba muineadh é ’s Gaedhlig amháin gach aon ám fosta).



Luibheanna

Tá go leor luibh de gach saghas ag fás sa dúthaigh seo ‘gus deineann siad dochar d’on talamh agus do na bárraí má leigtear dóibh fás ann. Siad na cinn coitchinne atá le feicéal thart annseo ná Neanntóga, Cupóga, Fliodh, Cinn Dubha, Fearbán, Caisearbhán, Lus na mBan Sidhe agus Feóchadán. Cé go n-deineann siad dochar do bhárraí deineann siad maitheas do’n duine mar is féidir leigheas a dhéanamh asta.

Fadó bhí na sean daoine ana ealadhanta ar fad agus bhíodh leigheas do ghach galar le fághail aca ins na luibheanna. Tá an chuid is mó de’n eolas seo caillte anois.

Dheinidís ceiríní de Lus na mBan Sidhe do chréachta.

Dheinidís préamhaca na gcupóg do bheirbhiú in uisge. Chuiridís súicre tríd agus bhíodh leigheas sa dígh seo do shlaghdán. Is minic a dheinidís préamhaca na gcupóg a bheirbhiú in éinfeacht le h-eidheann i gcóir aicíd na n-gearb.

Tá luibh ann agus tugtar “na Duilleoga Báite” air. Fadó deineadh na daoine iad a bheirbhiú in im úr agus bhíodh an leigheas sin aca i gcóir duine a bhíodh dóighte.

Bhaineadar úsáid as coirt an chrainn leamhain i gcóir an rud céadna, agus coirt an “crann collaich” i gcóir créachta.
Dheinidís ola ’s an draigheanán donn i gcóir súile tinne.
Dá mbéadh cos athta ‘g duine chuiridís Fliodh air agus bhí leigheas ann.

Bhí luibh eile aca i gcóir tinnis croidhe agus dheinidís é a bheirbhiú ar nos tae.

Tugtar “An Luibh Chridhe” air. Fásann bláth gorm ar an luibh. Bhí leigheas aca i gcoir an treaghaid. Gheibhidís préamhaca na méaracán púca agus dheinidís iad a bheir-bhiú i mbainne. Annsin d’ólfadh an duine tinn é sin ag dul chodladh dó.

Bhaineadh siad úsáid as lus an tóiteáin (Lus an Tóiteáin) i gcóir súile tinne ar ainmhidhthe. Chuiridís an súgh isteach ins na súile, ach bhí sé an chruaidh ar na h-ainmhidhthe.

Bhí leigheas in aiteann freisin. Nuair a bhíodh peisteoga ins na h-asail bhaineadh na daoine go leór aitinne agus bhíodh siad dá meán-bualadh le giota adhmaid go dtí go mbíodh siad an-mhín. Annsin mheasgadh siad an stuf sin le coirce agus thugaidís le nithe do na h-asail é.

Bhí i bhfad níos mó leigheasanna ag na sean daoine seachas na cinn sin. Ba mhaith na dochtiúirí is na banaltraí iad, ach mo léan níl mórán díobh in a mbeathaidh anois. Agus an chuid aca a thug cúl a gcinn dúinn agus atá imthighthe ar shlighe na fírinne níl againn le cur leo, ach slán agus beannacht go Rioghacht Gheal na Glóire agus gan dearmad a dhéanamh paidir a cur le na n-anam agus guidhe ar a son.

Le Brighid Ní Shiordan.



Ná Prátaí

Feilmeiréacht an t-slighe bheatha atá ag m’athair. Tá feirm mhór aige. Cuireann sé prátaí san Earrach – acra talmhan díobh. Uaireannta cuireann sé níos mó ná sin agus uaireannta eile ní bhíonn an méid sin aige. Gheibheann sé ráinn ar dtúis agus romharrann sé an talamh leis. Deineann sé iomairí ‘gus cuireann sé leasú air. An fhaid a bhíonn seisean ag déanamh na h-oibre sin bíonn a bhean ag gearradh na bprátaí síl in a sgiollána. Le sgín a ghearann sí iad agus fágann sí súil ins gach sgiollán. Leagann an fear na sgiolláin síos ar an leasú agus cuireann sé na fóid suas ar an dá thaobh.

Annsin cuireann sé cré suas leis an iomaire agus fágann sé annsin é. Is gearr go mbíonn na gais ós cionn talmhan agus nuair a chíonn seisean é sin gheibheann sé a shluasad agus tosnuigheann sé ag cur ath-chré ortha. Nuair a bhíonn fás maith fé na gais cuireann sé púnt agus ceathramha sóid agus púnt cloch ghorm in aghaidh gallúin uisge agus cuireann sé sin ar na gais chun an “dubh” a choiméad uatha.

Nuair a bhíonn na prátaí ullamh chun a mbainte i mí Deire Foghmhair romharann sé an talamh agus piocann sé na prátaí móra. Fágann sé na cinn bheaga sa chlais agus ins an tráthnóna héis filleadh ón sgoil dom féin is dom dheirbhshúir téighimíd amach is bailighimíd iad. Tugann m’athair na cinn bheaga (na poithíní) do na muca agus deineann sé carnán de na cinn mhóra san n-gairdin. Cuireann sé tuighe ortha agus cré chun iad a chosaint ar an sneachta a bhíonn againn le linn an gheimhridh.

Ceannuigheann m’athair an ráinn san siopa ( líníocht pionsail – i gcóir na láimhe / i gcóir na coise) agus tá trí sgilleacha go leith a bhíonn air.

Siad na h-ainmneacha atá ar na prátaí na h-Epicures, Bán-dhearga Ua Céarra, Brataich na h-Aráinn agus na Luisne h-Aimearaga. Na Brataich na h-Aráinn na cinn is fearr san áit seo.

Usáidtear prátaí in go leor slighe sa cheanntar seo. Tugtar do na cearca do na lachain, do na muca agus do na ba iad. Bíonn siad ag an dinnéar gach lá in gach tigh. Déantar biadh an-mhaith díobh ar a dtugtar “bocstaigh”. Díosgtar na prátaí ar dtúis. Cuirtear isteach in giota glan lín-éadaigh agus deintear iad a fhásgadh go maith go dtí nach mbíonn aon uisge fágtha ionnta. Gheibhtear an mhéid céadna de phrátaí beirbhighthe agus deintear iad a mheasgadh le chéile. Cuirtear roinnt salainn tríd. Annsin cuirtear roinnt bheag plúir isteach ann. Fuinntear é agus deintear cacaí beaga de. Cuirtear na cacaí beaga seo isteach i bpota uisge beirbhighthe agus fágtar iad a beirbhiú go ceann dhá uair. Tógtar amach iad annsin agus nuair a bhíonn siad fuar gearrtar iad i sliseáin agus deintear iad a fhriochtáil in im nó in gréis éigin. Bíonn siad ag na daoine annsin i gcóir an bhricfeasta ar maidin nó i gcóir an tae sa tráthnóna.

Deintear “bocstaigh” eile asta fós. Díosgtar iad ar dtúis. Tógtar cuid den uisge asta agus cuirtear isteach bainne géar, salann agus sóid. Measgtar tré na chéile iad.

Cuirtear plúr isteach ann díreach mar a deintear le linn panncóga a dhéanamh. Deintear iad a friochtáil ar an bhfriochtán mar panncóga agus bíonn siad ag na daoine i gcóir an tae sa tráthnóna. Itheann siad iad nuair a bhíonn siad te.

Le Brighid Ní Shiordan.



An Fáoisin Chaoitíceannta

Adhmúighim do Dhia h-Uíle-cúmhachtach, do Náomh Múire, atá ’riamh ’na h-Oigh; do Náomh Micheal Ard-Áingeal; do Náomh Eoin Baiste; do ná Naoimh Apóstal, Péadhar agus Pól; do Náomh Padhráic agús do ná Náomh h-úilich (agus dúitse, a Áthair) gúr peachaigh mo go ro-tróm, lé smáoineadh, le bríathar agús lé gníomha, fridh mo chóir fhéin, fridh mo chóir fein mhór-cóir fhéin.

Ar an adhbhair sín, íagraim Náomh Múire ata ’suamh ’na h-Oigh; Naomh Mícheal Ard-Áingeal; Naomh Éoin Baiste; ná Naoimh Apstáil, Peadár agús Pól; Náomh Padhráich agús ná Náoimh h-úilich Diá a guidhe ár mó són.

Le Róise Ní Shamhrain.



A Bain-Rioghain Beannúigh
Salve Regina

Gó mbéannuighthear dúit, á Báin-rioghan Beannúigh, á Máthair ná Tróchaire, ár mílseacht, agús ár n-dóthchas. Is órt-sa á sgáirteamúid, Clánn Bócht Éabha, ís cugát-sá á cúirimid n-ár ósnaí, ag tíonadh túis-se agús brón ins án n-gléann seo ná n-deor. Ar án adhbáir sin, á h-eadharíutheor, féách órainn lé do súile tróchaireach; agús núair á bhéas ár n-díbireacht ar an t-sáoghal seo criochnúigh; teis’ ean dúinn tóradh béannuigh’ dó bhrónn, Iósa, A Mhaighdhean Múire, cheannsa, craibhtheach, milis!

Le Róise Ní Shamhrain



Cré na n-Ápstal

Creidhim í n-Día, án t-Athair Uile-cúmhactach, Crúthuighteoir Néimhe ‘gús tálaimh; agús ín Íósa Criósta, á h-aon Mác-san, ár dTíghearna, á gabhádh o’n Spíorad Náomh; a rúgadh o’n Mhúire Óigh; a d’fúilinn pháis faoí Poínt Pioláid, a céusadh, fúair bhás, agús á h-iodhláchadh; á chúaidh síos go h-ífríonn, a d’éirigh án tréas lá ó mhárbh; á shúas ár néamh; atá ná súidh ár Déis Dé, án t-Atháir Úile-cúmhachtach; Eiseán tíochfaidh lé bréitheamhnas á tabháirt, ár beo agús ár márbh. Creidhim íns án Spíorad Náomh, íns án Naomh Eáglais Cáthoilicigh, í gcómhaoin ná Náoimh; í máitheamhnois ná bpéachaidh; ín eiseirighe ná gcórp, agús íns án béatha súain. Amén.

Le Róise Ní Shamhrain.



Offráil na Máidhné

O, a Iosa! offráilim súas dúit, ás íocht Cróidhe ro-glán ná Maíghdhine Múire, agus már is míán lé do cróidhe naom-thá fhein mo smáointe, bríatraí, gnaomtaí, agús búaireadh h-úilich ar feadh an laé indiú.

Le Róise Ní Shamhrain.



Úrnúidh Gearr

Á Iosa, a Mhúire, agus a Séosaimh, tóirbirim dáoibh mo croidhe agús mo’ ánam. A Íosa, á Múire, agús á Séosamh, cúidigí liom ár úair mo bháis. Á Iosa, á Múire, agús á Seosáimhm, go sgároidh mé lé mo anal í síothchain líobh.

Le Róise Ní Shamhrain.



Teactairéacht an Áingil

Tháinich aingeal án Tighearta lé téachtaireacht fá dhéin Mhúire,
Agús gáb sí fá na bróinn o’n Spíoraid Naomh.
Dia do béatha, a Mhúire, ata lán do ná grástaí,
Tíghearna léat; ís béannuigh’ tú tár ná mna;
Agús ís beannuigh tóradh do bróinn, Íosa.
A Náomh Mhúire, a Máthair Dé, gúidh órainne ná peachaigh,
Anóis agús á mbáis.
Amén.

Feach, ’s mise Searbhóntaighe án Tígearta, Déantar líom már dúbrais:
Dia do béatha, a Múre etc.
Agús rínneadh feóil de’ ne bríathraí, agús comnúigh Se ín ár méasg.
Día do beátha, a Múire, etc.
Ceadhuigh dúinn do móladh, a Maighdhean Beannuigh:
Go neartuigh tu sínne in aghaidh do namaidhe.
Amén.

Le Róise Ní Shamhrain.



Úrnuidhe an Tighearra

Ar n-Atháir ata ar Néamh
Go naomhtar d’ainm;
Go dtígidh do rígheacht;
Go n-déantar dó thóil ár an talámh, már níghtear ar Néamh
Ár n-áran laethamaiíl tábhair dúinn indiú;
Agús máith dúinn ár bfíacha már máth-eamúid-né d’ár bfíachaib fhein;
Agús ná leig sínn í gcatú, ách sáor sínn ó olc.
Ámen.

Le Róise Ní Shamhrain



Failthe an Áinghil

Dhia dhó bheatha a Múire atá lán dhó ná ghrastha,
Tá án Tighearna laeth is bheánnuigh thú tár ná mná agús is bheannuigh toradh dhó bhrónn Iósa. Á Naómh Múire Mathair Dé ghuidh orainne ná peachaighí anóis aghus ár úair ar mbás.
Amhén.

Le Mairead Ní Samhrain



Tár éis an Aifrinn

A Dhia ár n-didean aghus ár an n-daighneacht amharch anúas in dhó trochaire ár dhó pobhal atha ag sgairthigh orth aghus fridh eadhairguidhe ná Naomh maighdine glórmhair gleighil Múire Mathair Dé Naomh Seosamh a céile, na Naom Apról Peadhar agus Pól aghús ná Naomh uiligh húilich in Dó trochaire agus in Dhó maitheas eisth linn lé nár n-urnuigh ár son gó dtionniochadh ná peachaidh cugath agus ár són saoirche agus ardhuigh ár Naomh Mathair an Eaglais Fridh Criostha ár Tigearna.
Amhen.

Le Mairead Ní Samhrain



Tus Paidrin Paírtheach

Tionnsgnaimh a rad an urnuidhe seó már d’orduigh Dia agus ná noamh Eaglaís Cathloíceach duinn Creudheadh go diongmhaltha. O a Iósa ós tú a ceannuigh sinn go mba tú geabthas sinn o a Iósa éisth linn tábhair toradh ar ár n-guidhe.
Amen.

Le Mairead Ní Shamhrain



Ná Moltha

Go mBeannuighthear Dhia gó mBeannuighthear a ainmh Naomhta,
Go mBeannuightear Iósa Criostha fior Día agus fíor Dúine,
Go mBeannuightear Ainmh Iósa, gó mBeannuighthear Croidhe ró Naomtha,
Go mBeannuighthear Iosa Naomh Sacramhuinth ná h-Althora,
Go mBeannuightear mór Mathair De Múire ro Naomthá,
Go mBeannuightear Naomtha gan smál.

Go mBheannuigtear Ainmh Mhuire Maigdean agus mathair go mBeannuigtear Dhia os cionn na Aingil agus na Naomh
in a Diaidh Dinnear.
Míle Glór agus Bhuidheas lé Dia ár son beidhe sin agus bheideach a tog tú dom. An uair a tanaigh mé ar saoga. Go dtí an tiair atá latair agus mar tug tú beideach sin. Dhomh as son mó Colan thabhair a beatha siorraidhe do mo ainm Amen.

Abrainn tú seo nuair a bhíonn tú ag cúr uisge beannuigthe ort.
O a Iósa nig rinne le uisghe na grasta agus bheid sin níos giolla na sneachta agus deanm muidh pairidh le Dia Amen.

Le Mairead Ní Shamhrain



Oidhche na Gaoithe Móire:

Ar an dára lá déág de mhí Eanair 1839 bhí stoirm uathbhásach ann, agus tugtar “Oidhche na Gaoithe Móire” air fós. Oidhche ionghanthach gaothmhar a bhí ann. Leagadh tighthe ‘gus annsin rinneadh obair do na saoir. Réábadh na crainte, leagadh stacaí coirce ‘gus is beag nach bhfuair cuile dhuine bás ag iarraidh an féár a shabháil. Bhí teach in Doire Leathan agus baineadh an díon de. Cheap na daoin’ ar maidin go raibh an fear agus a bhean agus na páistí marbh, ach nuair a chuaidh siad go dtí an teach fuaireadar iad go léir chomh téagartha le luchóga ‘gus staca coirce. Stipháin Mac Samhráin a b’ainm don fhear.

Bhí stoirm eile ann ar an dára lá deag de mhí Bealtaine ’n aimsear Ceannach na Talmhan. Bhí m’uncail ag innseacht dom go raibh air dul treasna “Carraig na Mada” is é suas go dtí a chom san sneachta ar lorg a chuid caorach. Chaill sé triocha ceann de chaoirigh ins an sneachta agus an méid céádna de uain óga. Is beag nach bhfuair sé bás leis an bhfuacht agus tá sé ’n a bheathaidh fós is é os cionn ceithre fichid bhliadhain d’aois. Dubhairt sé liom go raibh an sneachta ar na sléibthe nuair a bhí na daoine ag sábháil na móna ar an 22adh lá de mhí Mheithimh.



Ár Mór i mBréifne Thoir:

Bhí an gorta nó Ár Mhór in Éirinn uile ‘gus rith na mbliadhain 1846 agus 1847, agus is mó an díoghbhail a dhéin sé do na daoine bochta. Bhí sé sa cheanntar seo freisin – Gleann Gaibhleann agus fuair na sluaigthe daoine bás den ocras. Sé ’n rud ba mheasa a tháinig ná aicíd éigin ar na prátaí.

Ní fhaca h-éinne a leithéid de rud agus ní raibh fhios aca h-aon t-slighe chun é a chosg. Do bé aicíd é ná an dubh; bhí na prátaí a’ fás go h-an mhaith agus na gais ghlasa os cionn talmhan nuair a tháinig an aicíd sin. Do loit sé na gais agus annsin níor fhás na prátaí cor ar bith, agus ní raibh aon rud le nithe ag na daoine. Dá bhrígh sin ní raibh in a gcomhair ach an gorta. Fuair na daoine bochta bás ar thaobh na mbóithre agus ins gach áit agus toisg nach raibh aon cónra le fághail níorbh féidir iad a thabhairt go dtí an roilig. Rud eile bhí na daoine ró lag chun iad a iomchar. Béigean iad a chur i bpoll san áit a bhfuair siad bás.

Uaireannta eile cuireadh an c

orp isteach i mála agus tharring duine amháin go dtí poll éigin é agus leagadh isteach sa pholl é. Deireann na sean daoine go raibh ar na daoine píosa de chorp marbh a ithe bhí an ocras chomh mór sin ortha. Bhí fear in Doire Leathan darbh ainm dó Cathal Mac Samhráin agus bhí coire aige – pota mór doimhin agus is ann a dhéanadh sé an min a bheirbhiú. Annsin théigheadh daoine as Móinín Samhráin agus Alt na Sidhean go dtí a teach le cannaí chun roinnt den leitinn d’fhághail uaidh. Bhí m’uncail a’rádh liom go raibh fear thart annseo agus go riabh muirighean mór aige. Ní raibh ach bó’mháin agus tar-éis í a bhleaghan bhaineadh sé cuid den fhuil as a h-uth agus measgadh sé an fhuil leis an mbainne i dtreo go mbéádh go leor den bhainne aige le h-aghaidh na bpáistí.

Bhí go leor tighthe in Gleann Gaibhleann an t-am sin nach bhfuil ann anois. Níl in a n-áit ach na clocha bhí seacht tighthe in aon bhaile – Corraglas an t-am sin agus níl ann anois ach na fothracha. Bhí bóithre a dhéanamh sa cheanntar seo in aimsir an Áir – an bóthar go dtí an sráidbhaile – Damhsrath agus an bóthar go dtí “An Bearna Mór” atá i Sliabh Cailceach, agus ní raibh ach cúpla fear ag obair ortha mar bhí na daoine ró-lag tar-éis an Áir chun na h-oibre a dhéanamh. Sé an phágh a fuair na daoine a bhí ag obair ar na mbóthar go Damhsrath ná deich bpinghne sa ló, agus na fir ar a’ mbóthar eile an méid céadhna. Sé an biadh a bhíodh aca ag am an lóin ná min coirce bheirbhithe in uisge. Lean galair an Áir agus leis sin fuair na sluaighte daoine bás leis an bhfiabhras.



Gnása i dtaobh Pósadh:

Fadó roimh an bpósadh do deineadh cleamhnas agus socruigheadh an lá a mbéadh an pósadh ann. An maidin sin chuaidh an cailín agus an fear chun an t-séipéil agus pósadh iad. Nuair a bhéadh an pósadh thart thagaidís abaile ‘gus bhíodh bricfeast mór aca i dtigh an chailín.

Annsin théighidís a’ chaitheamh mí na meala. Uaireannta eile bhíodh “ritheadair” aca – sé sin dá mbéadh buachaill an mhór le cailín théigheadh sé go dti a teach agus d’iarrfadh sé cead ar a hathair í a phósadh. Annsin dheinidís an cleamhnas agus bhíodh togha gach bídh agus rogha gach dighe aca. Annsin théigheadh an bheirt go dtí teach eile agus bhíodh gach éinne ag ól. An lá in a dhiaidh sin chuirfeadh athair agus máthair an chailín fios uirthi agus shocrochaidís an lá a mbéadh an pósadh – lá éigin indheire na míosa sin. An lá sin seadh pósadh iad agus bhíodh an-ghreann aca ag ól. Nuair a bhíodh an pósadh thart théigheadh an bheirt go dtí teach an chailín agus bhíodh dinnéar mór aca. An lá in a dhiaidh sin bhíodh an “chuir chun abhaile” aca; sé sin do théigheadh an cailín go dtí a teach nua.

Uairteannta eile is ins an tráthnóna a bhíodh an pósadh ar siubhal. Théigheadh an fear is an cailín go dtí an séipéal agus na cáirde go léir in éinfeacht leo. Nuair a bhíodh an pósadh thart bhíodh ceol is rinnce is gach saghas spóirt aca go mbíodh siad tuirseach sáruighthe. Annsin théighidís abhaile is bhíodh dinnéar mór aca. Thagadh daoin’ isteach is leanfaidís den rinnce. In a dhiaidh sin bhíodh caiple is cóistí aca is théighidís go dtí áit éigin chun é a fheicéal. Sa deire théigheadh an lánamha nua phósta go dtí teach an fhir.

Bíonn pósanna ar siubhal ó cheann ceann na bliadna ach amháin ar feadh an Charghaois agus in Aidbheint.

Bhíodh sean nósa i dtaobh laetheannta chun pósadh ag na daoine fadó – Dia Luain i gcóir sláinte, Dia Máirt i gcóir saidhbhreas, Dia Chéadaoin an lá is fearr díobh go léir, Diardaoin i gcóir cailleamhaintí, Dia h-Aoine i gcóir duadh agus Dia Sathairn an lá is measa díobh go léir. Bealtaine an mhí is measa chun pósadh, agus Meitheamh an mí is fearr de na míosa chun pósadh.

Máirt na h-Inide bhíodh go leor pancóga ag na sean daoine is bhíodh fleadh is féasta aca. Bhíodh cearc nó gé agus píosa bagúin aca an oidhche sin freisin.

Déantar go leór cleamhnais in mo cheanntar fós. Téigheann na daoine go dtí teach áirithe agus socruigheann siad an lá a bhéas an pósadh agus an foirtiún a beidh le fághail ag an gcailín. Tugtar airgead do chailín agus má’s rud nach mbíonn go leór airgid le fághail aici tugtar ba dó.

Seo é ’n spré a bhíodh le fághail ag cailín sa t-sean aimsir annseo – dhá bhuin, leabaidh clúmh, túirne, crann tochrais agus lín-eadach.

Anois seo iad na rudaí a a thárlaighean ar an “lá mór”. Téigheann an bheirt – an fear agus an cailín chun an t-séipéil agus pósann an sagart iad. Annsin tagann siad abhaile go tigh an chailín. Bíonn bricfeast breagh aca agus is minic a théigheann siad go Baile Átha Cliath nó go dtí Bun Dobhráin nó áit éigin mar sin. Annsin tagadh siad arais go tigh an chailín agus má thagann téigheann sgata buachaillí go dtí an teach le tuighe. Bíonn sluagh mór díobh ann – suas le fiche duine. Bíonn hataí déanta as tuighe aca, hataí móra agus ní féidir le h-éinne a naighthe a fheiceál mar bíonn siad clúduighthe leis an tuighe. Téigheann siad isteach sa teach agus déineann siad dreas ceóil agus babhta rinnce – ceathrar díobh féin ar dtúís agus annsin an lánamha nua-phósta, an bean choimhdeachta ‘gus an fear coimhdeachta. Gheibheann na buachaillí fuisge ach ní ghlacann siad é. Annsin ag dul abhaile dóibh deinid teine mhór des na hataí ‘gus tosnuigheann siad a’ ghlaodhach is a’ bualadh bos. Téigheann an lánamha nuadh-phósta abhaile chuig teach an fhir agus deirtear nár cheart don chailín dul go dtí a teach féin go mbídh mí caithte aice i na teach nuadh. Tagann sí féin is a fear abhail’ annsin ar “chuairt na míosa” is bíonn féasta is siamsa aca i dtigh a h-athar an lá sin.



Dathughadh:

Bhíodh na daoin’ ag dathughadh éadaigh agus rudaí mar sin freisin. Bhaineadh siad dathanna ’s Coparús, fraóc agus as caonach na gcloch. Deintí ’n caonach agus an t-éadach a chur isteach le chéile i bpota uisge ‘gus iad a bheirbhiú. Bhíodh go leor barraillí ’s cuinneog a dhéanamh freisin. Ar na daoin’ a dhéanadh na n-éithe sni bhí:



Plainín do dhéanamh teann láidir:

Cuirtí pota mór fuail ar an teine agus ceithre phúnt gallúnaighe gearrtha isteach tríd. Cuirtí é seo ar an bplainín ar dtúis. Fuair na fir doras agus leagadar é ar an urlár sa sgioból. Chuireadar doras eile ag an bhfalla ‘gus ceann eile fós ar a chuimhais. Bhí saghas ruda aca annsin ar a dtugtaí “stoc”. Bhíodh fear ar gach taobh annsin. Leagadar an plainín eatortha agus rinneadar é a chosadh ar feadh leath uaire. Bhíodh an plainín slat níos giorra nuair a bhíodh an méid sin déanta leis. Annsin nuair a bhí deire leis an obair go léir deintí ’n plainín a nighe agus a ghealughadh.



Fígheadóireacht:

Bhíodh an figheadóireacht ar siubhal san áit seo fadó. Nuair a bhíodh an líon réidh aca chuiridís i bpoll uisge é ‘gus clocha móra troma os a chionn chun é a choimeád fé uisge. Na dhiaidh sin tugadh as an pholl é. Lasadh teine mhór i sgioból bhíodh bíomaí os cionn na teine agus cuireadh an líon ar na bíomaí chun é a thiormú. Nuair a bhíodh sé tirim deintí é a scothadh. Na mná is mó a rinne ’n obair sin. Bhíodh dhá phíosa adhmaid aca mar seo lámh-fhada cuimhais géar (pictiúr) i gcóir na h-oibre.

Nuair a bhíodh an sgothadh ar suibhal ag na mná bhíodh an spórt is siamsa aca. Thagadh sluagh mór aca go teach éigin agus dhéinidís an obair ann. Taréis na hoibre bhíodh féasta ’s damhsa aca. Bhíodh lá an ghnóthach ag bean a’ tighe sin ag déanamh cácaí min-coirce i gcóir na h-oidhche. Dheineadh sí maisteadh chomh maith ionnus go mbéadh im úr aca. Ní bhíodh tae ar bith aca ach bainne milis. Nuair a bhíodh an scothadh déanta aca thugaidís an líon annsin don sistealóir. Sistealóir a beadh Peadar Mac Amhlaigh as Doire Leathan, Gleann-Gaibhleann. Bhí úirlis aige-san leath chomh mór le bráca agus fiacla fada ’nn ar nós snáthaid tráchtadluidhe. Leis sin sgaradh sé an líon ón tuich. Bhí trí saghas fiacla ar an mbráca an-gharb, garbh, agus min. Nuair a bhí seisean réidh leis thosuigh na mná ar é a shníomh. Nuair a bhí an snáth déánta aca san tugadh do’n fhigheadóir é agus chríochnuigh sé ’n obair.

Nuair a bhí an t-éadach réidh ag an fhigheadoir finneadh na mná é a ghealughadh agus annsin rinneadh braitlíní, léinteacha, tubháillí ‘gus sgaróideacha de.



Sean-cheirdeanna:

Bhíodh coinnlí déanta ’s brobhanna glasa ‘g na daoine fadó. Sé ’n chaoi a dheinidís na coinnlí ná – bhaineadh siad an chroiceann de na brobhanna agus d’fhágadh siad fuighleach beag gan an croiceann a bhaint de i dtreo go mbéadh sé láidir. Annsin cuireadh siad im ar phíosa iarainn agus leaghadh siad é. Cuireadh siad an choinneal isteach san ghréis agus lasaidís í ’s bhíodh solus aca ar feadh uaire a’ chluig in aghaidh gach coinnle. Ní bhíodh coinnleoir ar bith aca. Ghreamuighidís an choinneal do chúl cathaoireach agus is minic a bhíodh poll cruinn dubh dóighte ar an gcathaoir. Tá na cathaoireacha sin le feicéal annseo fós.

Bhíodh coinnlí eile aca chomh maith leis na coinnlí sin. Leaghadh siad réisín agus casadh siad ar phíosa córda tríd agus bhíodh an córda mar buaiceas aca. Lasadh siad í agus bhíodh an solus sin aca freisin.

Bhíodh bascáid déanta san áit seo fadó. Sé an chaoi a déintí iad ná: Cuireadh na daoine na slait síos chun lad a bheirbiú agus thuitfeadh an croiceann díobh. Annsin is as na slait a deintí iad.



Scoileanna Scairte:

Bhí sgoil scairte in mo pharóiste tamall ó shoin – sé sin do thagadh daltaí an pharoiste “le céile” cois claidhe agus bhíodh fear a múineadh.

Scoil Scairte a tugtaí air agus Móinín Shamhradhain a bhí an ceann seo. Amuigh fen aer a bhíodh sé ins an samhradh agus bhíodh an múinteoir is na páistí i mbothán éigin nuair a bhíodh an Geimhread ann.

Padraig Mag Samhráin a b’ainm don mhúinteoir agus as Doire nan Annta é. Ní raibh ach cos amháin aige mar ní raibh cead ag éinne múinead ins na Sgoileanna Scairte ach duine go raibh rud éigin cearr leis.

Fear as an áit seo a bheadh é. Bhíodh sgilling de fághail ag an múinteoir ó gach sgoláire gach tríomhadh mhí.

Siad na h-ádhbhair a múintí ’nn ná leightheóireacht, Áireamh agus Sgríobhóireacht.

Ní bhíodh leabhra aca ar dtúis ach fuaireadar leabhra i gceann tamaillín darbh ainm dóibh “Do Dhéan ‘Leamh easga”. Bhíodh píosa slinnte aca agus bhíodh féar tirm nó tuighe ach le cur ar chloich agus shuidhfeadh siad air sin. Le h-imitheacht aimsire fuaireadar cóip-leabhair agus pinn a bhí déanta ’s cleite gé.

Ansin cuireadh Sgoileanna Náisiúnta ’r bun sa bliadhain 1831, agus chuaidh na sgoileanna scairte ar ceal agus tosuigheadh ar na h-ádhbhair seo:- Gaedhilg, Béarla, Áireamh, Gramadach, Sgríobhnóireacht, Tír Eolas agus Stair.

le Aodh Mag Samhráin.



Cloch a’ t-Sagairt:

Tá cloch mhór le feicéal fós in Abin a’ Shídhean (Abin a’ Sidhean) bhí an cloch sin mar altóir in aimsir na bPéin Dlighthe. Tá puill ann – Dhá cheann díobh agus deireann na sean daoine gur ins na puill sin a bhíodh an tuisge is an fíon ag an sagart is an t-Aifreann.

le Tomás Mac Siordan



In Aimsir na bPéin Dlighthe:
Carraig na h-Áltanna:

Bhíodh an sagart ag léigheamh Aifrinn annsin is é ar chrith le h-eagla go dtuicfadh na Saighdeara Dhearg’ anuas air i n-gan fhios dó. Bhí na spiairí ann – daoine a bhíodh i gcomhnuidhe a’ féacaint an bhfeicfeadh siad sagart in aon áit mar bhíodh go leór airgid le fághail ag an té a bheirfeadh ar sagart in áit éigin. “Sealgairí na Sagairt” a tugtaí ortha. Bhíodh ar an sagart bocht dul thart i mbréigriocht go dtí na socraid agus ag an socraid chuirfeadh na daoine hata timcheall do na daoin’ a bhí thart timcheall ionnus go gcuireadh sé piginn nó ann. Sin é an chaoi a mhair an sagart. Bhíodh sé i bhfolach ins na tighthe tuaithe ‘gus ar na sléibthe ‘gus ins na carraigreacha agus nuair a bhíodh sé a’ tigheacht chun an Aifrinn a léigheamh do na daoine bhíodh air teacht síos na h-aibhneacha.

Do léigh an sagart an t-Aifreann ins na tigthe nuair a bhí deis aige agus nuair a bhí sé cinnte nach raibh aon contabhairt gar dó. Ac nuair a bíodh sluaighe mór daoine ann is amuigh ar na sléibhte nó ins na carraigreacha. Cloch mór a bhí leagtha isteach ar bhinn-se na carraige a bhí mar altóir.

Tráth amháin bhí sagart i bfolach i Sliabh Chaileach agus bhí sé ’n a leabaidh. Bhí cailín ag féachaint ar eagla go mbéadh na saighduirí ag teacht. Tráthanna go leór chonnaic sí iad, agus leig sí an sagart amach ar chúldoras agus chuaidh sise isteach san leabhar agus d’fhan annsin go dtí go raibh siad imthighthe. Chuaidh an sagart treasna na sléibhte agus chuaidh sé i bhfolach i gCarraig na h-Áltanna, ach fuair na saighdiúirí é is mharbhuigheadar é san sneachta.

le Brighid Ní Shiordan.



Lucht Siubhail

Tagann mná déirce go dtí mo theach anois agus arís ach bhíodh go leór díobh ann fadó – na sluaighte díobh. Gach aon lá bhíodh sluagh nua amuigh agus tagaidí

s go dtí na tiththe ag amhránuidheacht. Gheibheadh siad pighinn nó dhá phighinn agus annsin théigheadh siad go dtí teach eile. Uaireannta eile thagadh sluagh díobh agus gan cead théighidís isteach i dteach agus dheinedh siad leaba sa coirnéal. Annsin ar maidin taréis rudiaí d’fhághail théighedh siad ar a mbealach.

Bíonn rudaí beaga aca is iad ghá n-díol – bioráin, cíoraca agus éadach. Bíonn cuid eile díobh ag deisiú potaí buicéidí agus cannaí. Gheibheann siad na rudaí sin ins na sráid bhailte is giorra dóibh agus díolann siad leis na daoine iad. Uaireannta ceannuigheann na daoine rudaí uatha nó tugann siad arán, nó im nó bainne dóibh. Tá cuid díobh na tincéirí ‘gus taid an-droch-mhúinte ’s cuid eile díobh agus bíonn siad deagh-mhúinte. Cuirtear fáilte roimh na daoine deagh-mhúinte ach sé a mhalairt a bhíonn roimh na daoine droch-mhúinte. Ní fhanann siad ins na tighthe anois cor ar bith ach bíonn sórt ” teantaí ” aca amuigh ar thaobh an bóthair déanta ’s malaí ‘gus bíomaí. Fadó bhíodh siad ins na tighthe ar feadh oidhche amháin agus bhí ortha imtheacht ar maidin. Anois téigheann siad thart sa ló ag iarraidh rudaí le nithe agus annsin má fhaghann siad plúr nó bagún ullmhuigheann siad é ag deire a’ lae. Siad seo na rudaí a gheibheann siad plúr, tae, siúcra, bainne, bagún agus sean bhróga nó sean éadaigh. Sé an chaoi a théigheann siad ó áit go háit ná ar chairt. Siad na daoine a thagadh go dtí an ceanntar seo

fadó ná:

Na mná
Máire Uí Bhaoighill
Máire Uí Fheinneadha,
Máire Uí Chonnghaile,
Ceitidh Uí h-Eabha,
Nellidh na h-Olna.

Na fir
Risteard Ó Néill
Aodh De Lace,
Mícheál Ó Connghaile,
Maolmhuire O h-Ára.

Thagadh gach dream díobh beagnach as Co. na Midhe agus as Béal an Atha Mhóir. Anois ní bhíonn mná déirce thart annseo cor ar bith. Ní thagann siad ach uair sa bhliadhain má bhíonn an aimsear go breagh. Ní innsigheann siad sgéalta i dtaobh áiteacha eile in aon chor ach má fhagainn siad deirc imthigheann siad ar an noimeat.

Le Brighid Ní Shiordan.



Gnása atá ‘g Baint le Laethanta h-Áirithe

Dia Luain agus Diardaoin an dá lá is fearr san seachtmhain chun pósadh agus fadó ní deinti na leigheasanna ach amháin Dia Luain agus Diardaoin. Deirtear freisin nach ceart dul isteach nua aon lá i rith na seachtmhaine ach amháin Dia Luain nó Diardaoin.

Deirtear má tosnuightear ar obair Dia h-Aoine nach mbeidh sé críocnuighthe go luath agus má tosnuightear ar obair ar bith Dia Sathairn nach mbeidh deireadh leis go deo.
Má cuirtear gáirleóg ar an seachtmhadh lá déág de Mhárta – lá ‘le Padraig agus má baintear é ar an gcúigeadh lá déág de Lughnasa beidh sé go han mhaith agus beidh leigheas ann ac m cuirtear lá ‘le Padraig é agus mas rud é nach baintear ar an gcúigeadh lá déag de Lughnasa é beidh sé feochta agus ní bheidh aon mhaith ann. Má cuirtear prátaí ar Aoine ’n Chéásta beidh siad go h-an mhaith.

Laethennta na bó riabhaiche = Sin iad an dá lá dheiridh de mhí Márta agus an chéad lá de mhí Aibreáin. Bhí bó riabhach ann fadó ‘gus chuir sí ’n Márta dhi gan an bás dá breith agus nuair a chuir thug sí dubh-shlán fé Mhárta gan aon dá chuid do dhéanamh as san amach. Annsin bailigh an Mhárta na gaotha go léir chuige ach theip air an bhó do mharbhughadh ach do fuair sé lá ar iasacht ó Aibreán agus cailleadh an t-sean bhó riabhach le fuacht is le stoirm an tríomhadh lae.

Bíonn ” An Foghmhair na Géanna” againn i mí Deireadh Foghmhair. Nuair a bhíonn an coirce istigh san ngarrdha téigeann na géana amach go dtí (-)

Deireann na sean daoine nach mbeidh aon nídh a teastail ó dhuine a rugadh i mí na Nodlag.

Deireann siad freisin:-
Rugadh ar Dia Luain beadh thú go maith ar an aghaidh,
Rugadh ar Dia Máirt beadh grás Dia agat,
Rugadh ar Dia Ciadaoin beadh thu sásta ‘gus an-shásta,
Rugadh ar Diardaoin beadh brónach ’s gan craic leat,
Rugadh ar Dia h-Aoine beadh Dia maith agat leat,
Rugadh ar Dia Sathairn beadh thú ‘obair ceart agat,
Rugadh ar Dia Domhnaich beadh thú go maith go brách ar fad.

Le Brighid Ní Shiordan.



Bréagáin

Fadó do deineadh bréagáin agus deintear fós iad. Déanann na buachaillí crainn tabhaill, bogha agus saighead, painntéir, gunnaí ’s luibheanna áirithe ar a dtugtar “gunnaí-gasóg”, agus topaí.

Sé nídh é an crann tabhaill ná píosa leathair agus córda ins an dhá thaobh de. Cuirtear cloch ar an leathar agus castar an córda timcheall ar an chéad mhéar. Annsin castar anonn is anall é ‘gus leigtear do phíosa’mháin den córda tuitim as an láimh. Annsin téigheann an cloch achar fada ón leathar.
Sé ’n chaoi a deintear na bogha ‘gus na saighead ná baintear slat. Deintear é a iompódh síos. Annsin greamuightear córda do gach taobh den slait. Gheibhtear slat bheag eile agus cuirtear ar an gcórda é. Tarraingtear an córda agus imthigheann an slat.
Sé ’n chaoi a deintear an painntéir ná. Gheibhtear giota de shreang tanaidhe agus socruightear é le lúb. Cuirtear taobh amuigh de pholl an choinín é is é greamuighthe sa talamh. Nuair a thagann an coinín amach in gan fhios dó cuireann sé a cheann isteach sa pholl agus bíonn an córda ‘g éirghe níos daingne ‘gus annsin márbhuightear an tainmhidhe bocht ar an noiméat.

Topaí. Gheibhtear spól agus déantar é a ghearradh in a dhá leith. Cuirtear píosa de chipín isteach i leath amháin agus bíonn topa agat. Is féidir é a chasadh ar an urlár agus is mó an ghreann a bhíos ag an aos óig leis. Deineann spól amháin dhá topa.

Deineann na buachaillí gunnaí-gasóg. Is as plannda mór fada a fhásas sa mhoinfear a deintear iad. Gheibhtear píosa slait agus cuirtear uisge isteach san bpoll atá sa plannda. Tarrainghtear an slat agus imthigheann an tuisge amach as. Tá sé ana chosamhail le teannaire rothair.

Aodh Mac Siordan
An Charraig,
Gleann-Gaibhleann
Bhréifne Thoir.