Gaedhlig Thalamh an Éisg

Eachtra Ghiolla 'n Amaráin
Eachtra Ghiolla an Amaráin

Roinn a h-Aon

(I)
Do riarfainn sceól dom chomhursa ar éanrud
I mbriathra beóil do b'eól do chéadta,
Ar Bhrian Bóirmhe, ar shlógh na Féinne,
Ar chliar mhic Lóbuis, fós a ghaolta,
'S níor chóra dham teacht thar dreas dá saothar
'Ná ar nódhacht do bhain dam d'easbhaidh an t-saoghail seo,
De bhrígh go rabhas-sa gann fí ghréithre
'S gur fríoth go fannlag dream na h-Éireann,
Gan chíos gan chabhair acht speannsus bréige
'S dá gcíoradh ag clann na n-gall so is tréine.
Ag múineadh scoile do b'obair dom laethibh,
'S a rún don phobul go mb'fholamh an chéird sin.
Ins an oidhche im luighe 's me im aonar,
Dam seal ag smaoineadh ar íde an t-saoghail,
Ag caitheamh mo bheathadh gan earradh gan éanrud,
'S go mb'fhearra go fada bheith tamall mar mhaol bheag
I gcomhar na gcapall nó ag cartadh na cré seal
Nó ag ól bhainne i dtigh M'leachlain Uí Mhaona,
Nó fós go rachainn as talamh na h-Éireann
'S go mb'eól dam sealad do chaitheamh im chléireach,
'S go rachainn fí sheól le feóithne ar séide
Go Sasana Nódh má's dóith go mb'éidir.

(II)
Ar dteacht do mhaidean do phreabas go h-éadtrom
As mo leaba le taithneamh an scéil seo,
Beirim ar mhaide 's ní stadfainn ar éanchor,
Is feilc ar mo hata san bhfaision is faobhar air.
Déantar cótaí bheag ghearra le sméide,
Is léinteacha breaca go barra mo mhéara.
Do chuir me slán lem cháirde in éinfheacht
'S ag cuid níor fhágas slán le foiréigean,
Dá gcasadh gan árthach ad fhagháil in Éirinn
Dorachainn thar sáile in áit nár bhaoghal dam.
Fiadhain ar ghlacas ó mhaithibh sin Phaorach
A liacht beathadh mion-earradh agus gréithre
Dothug an pobul i bhfochair a chéile
Chum ár gcothuighthe i gcogadh nó i spéirlinn,
Stór ná caillfeadh suim de laethibh
Agus cófra dhoimhinn a dtoillfinn féin ann;
Dobhí seacht gclocha 'e mhin choirce ghlan-chréithre ann
Is dríodar crochta na loiste le chéile,
Is lán an bharaille b'fhearra bhí 'n Éirinn
De phrátaí leathana d'eagla géarbhroid;
Dobhí seacht bhfichid ubh circe agus éanla ann
Le h-aghaidh a n-ithte chomh minic 's ba mhéin linn;
Cróca n-ime do dingeadh le saothar,
Spóla suille ba thruime 's ba mhéithe;
Dothugas ceaig leanna ann do lasfadh le séide
Is chuirfeadh na mairbh 'n-a mbeathaidh dá mb'éidir,
Leaba agus clúda i gciumhais a chéile
Ceangailte ar dhrom mo thrúnc le téadaibh;
Bhí bróga istigh ann, bhig is béabhar
Agus stór mar sin anois ná déarfad.

(III)
Go Port-láirge dhen stáir sin téighimse
Chomh farránta le Conán na Féinne;
Glacaim mo lóistín bórd bídh is féasta
Fairis an óg-mhnaoi ba chóraighe in Éirinn.
Dobhí sí fáinneach fáilteach, tréitheach,
Ba chaoin deas sásta an drawer le glaedhach í,
Ba ghleóidhte, b'aibidh, ba ghasta, ba néata
d'inneósadh eachtra, startha agus scéil duit,
Ní ghlacfadh sí faladh ná fearg go héag leat
An feadh bhraithfeadh sí airgead agat gan traochadh,
'S i gcúrsa mná ní thráchtaim éanrud,
Acht cúis mo gháire fáth a sméide;
Dorinn sí mo chlú dá mb'fhiú mo shaothar,
Do chuireadh sí im chúl-sa púdar gléigeal,
Bhíodh deoch ar maidin 's me im leabaidh dá gléas dam,
Ó bhun go barra 'sí bhearradh go léir me.
Ba mhuar é m'iongantus a soineantacht féile
Is cruadhas a muime chum pingne dh'éileamh,
Ní mhaithfeadh a máthair cárt ná braon dam
Go gcaithfeadh sí an táille dfhagháil gan phléidhe uaim.

(IV)
Dfhanas 'n-a bhfeighil sin suim de laethibh
Ag fuireach le luing doraghadh as Éirinn.
Bhí Captaein Ailin, fear meanmnach, aerach,
Ag teacht don mbaile 's níorbh'fhada gur réidheas leis.
Gléasam orm go h-obann le féirsce -
Me féin 's mo chostus ar sodar in éinfheacht.
Chuadhas don Phasáiste ar ghearrán le caraeire,
Is ualach scadán 'om mheádhachan ar thaobh de.
Dochuaidh mo chófra ar bórd go h-éascaidh,
Is uaisle an phóirt ag ól gan traochadh.
Dfhiafradh go haibidh an labhrainn Béarla.
'S dfhéadas a bhfreagairt i Laidin ar éigean.
Níorbh'fhuláir dam m'ainm do thabhairt don chléireach,
Is Mac Conmara chuir tarsna sa Leabhar-Lá.
B'éigean mo chófra sheóladh ar thaobh dhíom
'S mé ag éisteacht ceóil is spóirt in éinfheacht.

(V)
Scaoiltear seólta ar nóin do Phoébus,
Dobhí Aeólus leó agus Thétis;
Scinnid de phreab amach san tréanmhuir,
Druidid abhfad i dteas na gréine.
Níorbh'fhada gur ghoill ar chloinn sin Mhaonuis
An fhairrge dhoimhinn is radharc na spéire,
Bhí meacain is meadhg ag Tadhg Ó Laoghaire
Is ní bhlaisfeadh sé greim le treighid ná braon de;
Bhí Caoilte Ó Caoimh ag caoineadh a chéile
'S ní bhfaghadh a chroidhe bocht scíth ar éanchor.
Bhí buachaill Uí Leathlabhair ag altughadh a bhéile,
'S cé bhuail é san leath-shúil acht Calbhach is scéird air;
Bhí Gearailt is Tiobóid is Gearóid ar saothar
Ag tarraint mo phlocóide in onóir na scléipe;
Gur dhearbhuigh Diarmuid thiar go faobhrach
Ná mairfeadh a dtrian le triall ar Éire.

(VI)
Sin mar do chaitheadar tamall go taomnach,
Tuirseach, atuirseach, treascartha, traochta,
Is bíodh ar mh'fhalaing nár thaise dham féin sin -
Sínte tarsna chomh aindeis le h-éinne.
Dfhanas im mhart gan phreab gan faothamh
Mar a bheadh sac gan fead gan glaodh ionnam:
Mo chreach fhada, ní magadh ba mhéin liom,
Im chleas margaidh 's im lastram aonaigh;
Ba mhinic é m'iarraidh ar Dhia, dá mb'éidir,
Stoirm dár bhfiaradh aniar go h-Éire.
B'fhearr 'ná a bhfeaca de mhaitheas an t-saoghail
Is é dfhagháil, cé fairsing, is a raibh i dtaisce ag Croesus,
'Ná an lomradh órdha thóg mac Iasúin,
'Ná sochar na Scótach is mhór-Dháilréada, (Dháil Riada)
'S dá bhfaghainn 'san imirt an fhinnebhean Déirdre
Ler cailleadh clann chumusach Uisneach na dtréan-each,
Nó ar dhearmad Seóirse i bhFlóndrus de ghréithre
Ag teacht ó n-a nómhaid go Hanóbar ar éigean.

(VII)
A n-deirim do thabhairt mar mhalairt le buidheachas
Ar bheith sa bhaile nó i gcalathphort éigin,
Ar bheith san mBarúnaigh 'om neartughadh idir Ghaedhlaibh
Ag reic mo cheathramhan 's ag smachtughadh mo thréada,
Nó fairis an sagart tug teagasc go séimh dam
Is blaise na leanna go fairsing gan éileamh,
Nó ar Sliabh geal gCua rug buadh na féile
Ag riar lucht duanta druadh, 's a gcléirigh,
Farra Uilliam Ó Moghráin fonn-árd léigheanta
Do chanfadh seanndán os ceann chláir m'éaga.

Image

Le Donnchadh Ruadh Mac Conmara.

(Sgríobh Donnchadh Ruadh an t-amhrán so shíos eadar 1743 go 1744 nuair a chuaigh é ar na rith amuigh as an Gaedhealtachd san am sin mar dh'iarr é do'n éalaigh amuigh as clann áitiúil, mar fhuair é bean óg leis leanbh gan breith. Ní raibh iad phosta le chéile freisin, agus bhí na h-Eaglais Caitleach i gcoinne aige é mar sin. Rinn é do'n éalaigh mór tarsna na bhFharraige Mór chun go Talamh an Éisg mar ní raibh suim aige do phosta go 'n bean óg le leanbh as, agus bhá h-eagla mór air faoi díoghaltas na clann léi freisin.)

Image

Roinn a Dó

(I)
In a dtráchtfam an iongantas ádhbhalmhór i módh aislinge ain-eólachuis,
le h-Aoibheall na Craige Léithe, ar n-dul san áit a ráidhtar
Elésium, ar gach radharc annsúd, ar thairngreacht Chonáin, ar
theacht as an áit réamhráidhte, ar theagmháil le luing Franncach, ar
an gcath do fearadh idir an dá luing, ar a chasadh abhaile, 'gus ar
a ghuidhe féin chun Dé fá dheóidh.

(II)
Ar lár mo smaointe is m'intinn traochta
Dotháine an t-Sídhbhean Mhíonla Mhaordha,
A cuacha sgaoilte síos go féar léi,
A gruadh mar chaor ag suidheamh a scéimhe;
Ar íoghair a pearsan a d'aithin me ar éigean
Aoibheall chleasach na Craige Léithe.
Do tharraing an fháidhbhean mhánla léi sinn
Gur stadadh linn láimh le báinsigh réidh-tigh:
Chonnacas uaigh n-a n-gluaiseadh gaoth as,
Sceach ar a bruach leathstuas is fraoch glas.
Do mhachtnuigh mé an cás go h-árracht éadmhar,
'S cé an t-achrann fáin 'n'arbh-áil léi mé chur.
Dothug go h-aibidh sí freagra in éiric: -

"Ná cuireadh beart ar bith fearg ná fraoch ort;
Ná déin iongantas de nidhthibh an t-saoghail;
Ná tréig mise go bhfillead, 's ní baoghal duit;
Radharc ná fuair fir Thuadhmhan is léir
Go bhfaghairse uaimse is luach do shaothair."

(III)
Buailimíd i n-geimheall a chéile
'San uaigh sin síos ar shoillseadh an lae ghil,
Go bhfeacamair uainn ann cuanta is géar-mhuir
Is Acheron fuar ag gluaiseacht taobh linn;
Seo an t-eanach 'n-a n-gabhaid an dream so éagann,
Gach anam is samhail i n-geall a daorthar.
Na mílte ceann bhí ann go déarach
Ná fuigheadh dul anonn tar abhainn le réidh-teach:
Ní h-ionann mar thuiteann ó Bhirgil le h-Aenghus -
Gur le h-uireasbha a gcurtha ar an t-saoghal so.
'S é chloisinn dá rádh ag lucht ráidhte is léighinn
Gurab é duine bhí i mbád ann Cháron méirscreach:
Adeirimse leó gur dóibh is bréag san, -
Acht cleithire mór de phór na h-Éireann.
Dochímís i seanbhád thu dá tiomáint go saothrach
A dhíthreabhaigh ghalánta, a Chonáin na Féinne.
Dobhí croiceann dubh fóisce ar a thóin mar éadach
'S ní beag linn go deó air mar chomhartha 'n méid sin.
Ní thabharfadh Sasanach tarsna gan réal gheal
'S ní labharfadh dada acht Laidean nó Gaedhilg!
Nuair chonnaic sé Aoibheall bhinn is mé aici
Crothann a mhaoil 's ba scíosmhar a fhéachain;
Adubhairt mar tharbh go feargach, faobhrach: -

"A chrústa mhalluighthe, a chaile 's a mhéirligh,
Is dána thugairse duine i gcruith dhaonna
In áit ná tigeann éinsciolla dhen chré ar bith;
Dá mb'fhiú liom mursantacht cumuis do dhéanamh
Do rúiscfinn tusa is do ghiolla mar aon leat!"
"Fóill, a churaidh" ar an mhiochardha mhaordha,
Tóg do chuthach is glac iomachur réidhtigh;
Duine gan bhuairt dofuair mé i n-géarbhroid
De chineachaibh uabhair is d'uaislibh Éireann."
Dorug an macámh ar bharr mo mhéara
'S dorinne sé gáire ós árd is béiceach;
Le fuaim a ghutha do chritheadh na spéartha
Go gcuala an chruinne é is chuir ifreann géim as!

(IV)
Téigheam thar sruthán sa churrachán chaol dubh
'S déanam an t-aithghearr gnuig cnocán beag aerach
Go rángamair eanaighe is geataí gan éanghlais,
An áit a mbíodh maistín ag glamghail gan traochadh.
Níor bhréag do Bhirgil adeireadh 'n-a bhéarsa
Gurab é seo Cerberus theipeadh an réidh-teach.
'N-a chodladh bhí ar cheartlár an chasáin 's gan fé sin
Acht soparnach phiseáin 's é ag srannán 's ag séide:
Dorug an fear fóirnirt de phór na h-Éireann
Go dubh ar a scórnain le fórsa a ghéaga;
Níor leigeadh don mhadra feacadh ná staonadh
Gur ritheamair thairis fí eagla ár n-daethin.
Níor fhanadh linn go barra 'n chnuic den réim sin,
Mar ar stadamair ag machtnamh 's ag féachain;
Gur amharcas uaim ann sluagh ar gach taobh dhíom
Ag tarraint magcuairt 's ag ruagadh a chéile.
Adubhairt linn suidhe go n-innseadh éifeacht
Is cunntus díreach buidhne is béasa.

"Féach-se thall uait clann Gadelus"
Ar sé "agus bantracht modhmhail na h-Éireann
An bhfeicir fir ghroidhe na Traoi 's na Gréige,
Hector 's a chloidheamh ag maoidheamh a thréithe,
An sean-duine Anchises a chríon le léithe,
A mhac le n-a thaoibh 's a shínsear éachtach?
An gcloisir an glór so ag slógh na h-éigse
An gcloisir an glór so ag slógh na h-éigsea?

(V)
Horace ann ag mealladh shuilt Mhaecenas
'S dá n--gearradh san gan lagadh ar bith le géire
Óbhid 'n-a shuidhe ar bhínse féir ghlais
'S a nóta scríobhtha síos chun Caesar,
Iubheanal 's a phionn idir a mhéara
Is domblas mar dhubh aige is géirnimh;
Aodh Buidhe Mac Cruitín as Éirinn
'S é ag filidheacht go guib-bhinn i n-Gaedhilg -
A bprionnsa san go ceannsa i suilt - dá mbréagadh
'S fonn a ghuib go dtabharfadh duine ón éag leis!
Atáid annsúd, uch! trúip na Féinne
Go h-árracht, lúdrach lúbach léidmheach,
Uch! a Fhinn Mhic Chumhaill a chionn na Féinne
Dá mbeinnse is tú 'n-ár n-dúthaigh ghaolmhair.
Dothabharfimís abhaile arís an faraire Séarlus
'S bheadh cabhair dhó i n-Alba nó mealladh me, 's in Éire.
Machtnuighse Liútar d'iompuigh an téarma
'S Calbhin 'n-a gcrústa ag cúbhradh méithris;
An t-ochtmhadh Hannraí 's a bhain-ríghin bhréagach
Crochta i mbrannraí a' slabhraí daora.
Iad so atá scaoilte is chír gan éanghlas
Béarfar arís go ríoghacht Mhic Dé isteach!
Imthighse abhaile," ar an faraire tréanmhar,

"A dhuine seo thagann mar theachtaire as Éirinn
Is fada bheidh síolradh mhíntais Shéamuis
Fí cheannus 'n-a rígh ag díonadh bhur n-gaolta,
Go n-éirighe plannda 'e sheann-t-Sliocht Éibhir
A dhéanfas conncus i n-geall ar éigean,
A bhainfeas an choróin de Sheóirse an éithigh
Is leanfa go fóill de phór Mhilésius.
Seachainse an t-olc do loit Síol Éabha,
Gaibh paidear is troscadh is cros Mhic Dé chughat,
Bí déarcach carthannach, ar lasadh le daonnacht,
Is réim i bhflaitheas dogheabhair má's féidir.
Rachad-sa ar siubhal, tá liugh agus glaodh orm
An aicme seo Liútair bhrughadar m'ae ionnam;
Do mhairbh an Frangcach an domhan 's an saoghal díobh
'S caithfeadsa a n-iomchur anonn don taobh so."

(VI)
Go ró-fhada sceinn óm radharc den léim sin
Gur thóg Aoibheall íogair léi me.
Thángamair annso aníos i gcoinghíoll nách léir liom,
Mar sáidhtar coinín as poillín le spéice;
Gan stad, óm smúit do mhúscail mé annsan,
Mo leaba fúm, mo thrúnc is m'éadach;
Is amhlaidh bhraitheas me tarsna gan éin-phreab
'S an long ag tarrint ar Shasana ar foiréigean;
'S é chráidh mo chroidhe nuair smaoinigh mé annsan
Gach gábha ar ghabhas tríd gur thaidhreamh bréige é!

(VII)
Níorbh'fhada gur labhair an long "A seól, a seól,
Thá gach leaba luascáin thíos, odsouns ionnsaigh í orainne"
Frigate bheag Fhrangcach lom mhear ghléasta
Chuir sinn i bponnc fí scannradh ár n-daethin:
Caitheann sí urchar fí imeall ár n-éadain
'S a dathad glan-ghunna dá leigean gach féile;
Go mb'éigean dúinn casadh chomh tapa 's do b'éidir
'S pé againn ba mheathta chun reatha bheith fé dhe.
Mar a bheadh cúrsa cú agus girrfhéidh aici
Dá chasadh i ngach ponnc 's an cúpla ar saothar
Go gcaithfeadh sí stad le neart bheith traochta
Ba mar sin ár gcath-na teacht ar éigean.
Do marbhadh fiche d'ár bhfuirinn san scléip sin,
Ní áirmhim tuilleadh do milleadh bhí créachtach.
Do chailleamair triúr i dtúis an lae ghil,
Bhí gearradh agus brughadh ar chúig fhear déag díobh,
Chuaidh urchar i n-dailtín an chaptaoin 's níor léan liom,
Do ghoid sé mo chaipín is níor dhanaoid leis maol mé.
Rángamair an Pasáiste go batrálta tréithlag.

(VIII)
'S thángas-sa go Port-láirge ar cosanáirde im aonar.
Ar luing faid mhairfead ní rachad má fhéadaim
Mura raghainn le bata nó ceangailte ar théada.
Mar bharra ar gach nídh le Críost bíodh buidheachas,
A Chara bí 'om dhíon, a Rígh ná tréig sinn,
Tóg-se t'fhearg dhínn, neartuigh is saor sinn
Fóir ar ár n-anam - sin agaibh mo scéalta.

Le Donnchadh Ruadh Mac Conmara.

(Thá sin so cuid a dó nó roinn a dó na h-amhrán so. Tháinig iad faoin ionnsaigh na bhFrangcaich ar an Fharraige Mór mar chreid iad -na bhFrangcaich - bhá siad amuigh as Sasainn. Agus a-dubhairt Donnchadh Ruadh an fhíor-sgéal chugu - bhá Gaedheil iad fhéin agus bhá siad ar an bealach go Talamh an Éisg do''n obair ag iasgaireachd. Chuir na Frangcaich iad chun saoirse tar éis sin gan mhoill. Chuaidh iad ar aghaidh go Talamh an Éisg annsein. Bhá sin eadar 1743 go 1744 le linn turas na Donnchadh Ruadh go Talamh an Éisg freisin.)



Bánchnuic Éireann Óighe
Bán-chnuic Éireann Óighe

(I)
Beir beannacht óm chroidhe go Tír na h-Éireann,
Bánchnuic Éireann Óighe,
Chum a maireann de shíolrach Ír is Éibhir,
Ar bhánchnuic Éireann Óighe
An áit úd nur bh'aoibhinn binnghuth éan
Mar shámhchruit chaoin ag caoine Gaedhal,
Mo chás a bheith míle míle i gcéin
Ó bhánchnuic Éireann Óighe.

(II)
Bíonn barra bog slím ar chaoin-chnuic Éireann,
Bánchnuic Éireann Óighe,
'S is fearra 'ná an tír seo díogha gach sléibhe
Ar bhánchnuic Éireann Óighe;
Is árd a coillte 's is díreach réidh
'S an bláth mar aol ar mhaoilinn géag,
Tá grádh im chroidhe is im intinn féin
Do bhánchnuic Éireann Óighe.

(III)
Ní fhaicim a gcóraidh ag gabhóil san taobh so,
Bánchnuic Éireann Óighe,
Ní fhaicim a mbólacht dá treór chum féir ann,
Bánchnuic Éireann Óighe
Acht barca dá seóladh le fóirneart gaoth,
Is fairrgí móra go deó le n-a dtaobh,
Go bhfaiceathar fós me im chóige féin -
Ar bhánchnuic Éireann Óighe.

(IV)
Tá gasradh líonmhar i dtír na h-Éireann,
Bánchnuic Éireann Óighe,
Dfhearachoin ghroidhe ná claoidhfeadh céadta,
Ar bhánchnuic Éireann Óighe;
M'atuirse chroidhe! Mo chaoine géar!
Iad ag gallaphoic síos fé ghreím, mo léan!
'S a mbailte dá ríomh fé chíos go daor -
Bánchnuic Éireann Óighe.

(V)
Is fairsing 's is muar iad cruacha Éireann,
Bánchnuic Éireann Óighe;
A cuid meala agus uachtair gluaisid 'n-a slaoda
Ar bhánchnuic Éireann Óighe;
Racha mise ar cuaird nó is luath mo shaoghal
Don talamh bhig shuairc is dual do Ghaedhil,
B'fhearra liom 'ná duais dá uaisleacht é
Bheith ar bhánchnuic Éireann Óighe.

(VI)
Scaiptar an drúcht ar gheamhar 's ar féar ann,
Ar bhánchnuic Éireann Óighe,
Is tagaid ann ubhla cúmhra ar ghéagaibh,
Ar bhánchnuic Éireann Óighe;
Biolar is samhadh i n-gleanntaibh ceóidh
'S na srotha sa t-samhradh ag labhairt ar n-eóin,
Bíonn maise gheal is clú i gcúilfhinn óig
Ar bhánchnuic Éireann Óighe.

(VII)
Is oscailte fáilidh an áit sin Éire,
Bánchnuic Éireann Óighe,
Bíonn toradh na sláinte i mbarr na déise
Ar bhánchnuic Éireann Óighe;
Ba bhinne 'ná méara ar théadaibh ceóil
Ag seinm liom géimneadh a laogh is a bó,
Bíonn taitneamh na gréine ortha, aosta is óg
Ar bhánchnuic Éireann Óighe.

Image

Le Donnchadh Ruadh Mac Conmara.

(Sgríobh Donnchadh Ruadh an t-amhrán so nuair a mholadh dorinne é i dTalamh an Éisc nó ar Talamh an Éisg ar Oileán Úir nó Dúthaich nan Craobh sa bhliadhain 1745. Bhí sé 'nn eadar 1744 go 1755. Bhí sé 'cuimhne s' smaoineamh faoi h-Éireann nuair a sgríobh é n t-amhrán so freisin gan amhras. Dh'obair é leis na h-iasgairí nuair a bhí sé 'nn freisin. Sgríobh é sin so sa 1745 gan amhras freisin.)



Ar Maidin Indé bhí Camadán Scéil
Ar Maidin Indé bhí Camadán Sgéil

(I)
Ar maidin indé bhí camadán scéil
Ag gaige gan chéill dá leathadh idir mhná
Go bhfeaca sé h-Aodh Ó Ceallaigh go tréith
I dTalamh an Éisc 'n-a mhangaire smáil,
Lag marbh sa lamraic gan tapa ina ghéig
Ó tharraint an éisc is an t-salainn de ghnáth
Is Sasanach méith dá lascadh ar a thaobh
Ó bhaitheas go féar is do b'aindeis mar phágha.

(II)
Do b'aithnidh dam féinidh feara nach é
Do chleachtadh an scléip 's ná stadadh den phráisc
Dorachadh ag pléidhe le Sasanach méith
I dTalamh an Éisc nó ag baile gan tlás;
Do phlapfadh do phléascfadh baithis is plaosca
Do chnapfadh do réabfadh reathacha is cnámha
Le bata le claedheamh le cleath is le pléar
Is glacaim-se, a Aodh Uí Cheallaigh, do pháirt.

(III)
Má's spraoi le h-Aodh dul tamall dá shaoghal
Go Talamh an Éisc ag caitheamh 's ag fagháil
Ní thaitneann leis éinfhear magaidh ná bréige
Bheith ag aithris a scéalta sa bhaile do mhná;
Is fearamhail faobhrach meanmnach léidmheach
Calma an laoch é ag tarraint tar sáil
Is banna agus cléirchas, earradh agus éadach
Is airgead réidh aige ag casadh sa bhFáll.

(IV)
Is tapa dothéigheann i shallop de léim
Is na flaithis ag séide seachtmhain nó lá,
'S go mb' fhearra leis craosmhuir gail-shion is gaoth
Is cranna dá réabadh 'ná tarraint na rámha;
A ghlaca ba tréan ar láinnéar nó ar seól mhóir
Taca agus téada dá stracadh go clár,
Do neartuigh sé an airgid i dTalamh an Éisc,
Is abram go léir go dtaga sé slán.

(V)
'Sé an scafaire subhach é chaithfeadh na púint,
Do scaipfeadh an lionn is do lascfadh an clár,
Do chnagfadh sa t-súil éan-t-Sasanach reamhar
Is rachadh le fonn i sparainn le námhaid;
Bíonn ceaig agus crúsca, canna agus cubhar air
Is bata do lúbfadh 'n-a dhorn de ghnáth
'S ní chasfadh sé a chúl le h-éin-fhear insa Mhumhain
Nó gur mhasluigh an gúta a chosa is a lámha.

(VI)
An té chasfadh le h-Aodh bheith ag tarraint an t-séine
Nó i mbarra na fléice 's bara dá chrádh
Sin damanta daor é má thagann go h-Éire
Ag beannughadh do h-éigse, cleasaidhthe 's báird;
Do b'fhearra le Gaedhil é bheith eatortha féin
Ag seasamh sa scléip 's ag cur eagla ar chách
Ná anaithe in aer i dTalamh an Éisc -
Sin teastas ar Aodh Ó Ceallaigh do mhná.

Image

Le Donnchadh Ruadh Mac Conmara.

(Sgríobh sé 'n t-amhrán seo nuair a bhí sé 'muigh trasna na dtonnta go Talamh na Éisg eadar 1744 go 1755. Sgríobh é seo le chéil' eadar 1746 go 1754 b'fhéidir. Thá 'n amhrán seo faoi h-Aodh Ó Ceallaigh, agus ní raibh sé láidir leis an obair ann - na h-iasgaireachd - má creididh muid Donnchadh Ruadh.)



Seo Scéala tug Danaid is Deórán
Seo Sgéala tug Danaid is Deórán
Is mé déanach i mBaile Sheáin
Is mé go déidheanach i mBaile Sheáin

(I)
An aithnid díbh Séamus is Seán Óg? -
Aicme den chléir sin do ghráidh ceól -
Fear díobh ó shléibhtibh
An bhaile nach aeirde
'S an neach eile ón gCé sin na mbád seól.

(II)
Ní feasach a samhail i réim fós
Ó Eachdhruim Uí Cheallaigh go Léid Mhór
Le canamhain Aifreann na marbh
Mar ghabhtar ar aonach
Gan gamut gan aon lá ná ré sóh!

(III)
Is mairg don té sin bheadh láimh leó
Cailleamhaint a éisteacht' ba dháil dó
Le searbhas béice
'S a leathar á réabadh
Iar gcaitheamh an féasta bhí in Áird Mhóir.

(IV)
Ba mheasa liom caodhan bocht i mbás bróin
Gur mheasadar éag dhó, cé tá beó;
Dar leabhar na n-Gréagach
Do b'fhearra dhóibh éisteacht
'S gan cantain a dhéanamh le cnáid spóirt.

(V)
A chara na n-éigeas nár stán fós
Ón gCarraig sin taobh linn is sámh neóll,
Smachtuigh an chléir sin
Let theangain i bhfaobhar
Nó geallaim go dtraochfar an dáimh leó.

(VI)
Ní h-éistfead-sa ar mh'anam, it phórpháirt,
'S ní ghéillfead dá gcleasaibh go deó it dháil,
Acht ag céasadh is ag casadh
Ag aoradh is ag gearradh
Gach cléireach do mhasluigh do mhóráil.

(VII)
Taom agus taise agus tóchtán
Déirc agus paca ar a thómpán,
Gan réal ina spaga
Gan chléireach gan chapall
Ag an té rinn an magadh le ró-phráisc.

Donnchadh Ruadh dá fhreagairt: -

(VIII)
Seo scéala tug danaid is deórán
Daorchnead is peannaid im mheadhónlár -
An t-aenfhear do b'fhearra
Bhí 'n Éirinn de shagairt
Ag cléir 'n-a stoc magaidh is mórchnáid.

(IX)
Léigheann agus cantain is beólrádh
Gan éanchuid do chaitheamh acht lón gearr,
Daorghuth 'n-a mhainistir
Ag éileamh an airgid -
Thraoch an fear calma ar comhlár.

(X)
Réabadh agus cnapadh agus dórnfhásc,
Tréadhnas is faire agus órdchrádh,
Gan spéis insan mbeatha,
Gan braon acht go h-annamh
Bheir éigse na Seanmhagh ar tógáil.

(XI)
Do b'éidir, má mhaireann sé beó um Cháisc,
Go n-déanaimís easpog de Thómás,
Chomh naomhtha le h-Aspol
Na h-Éireann do thaistil
Tar Thétis dár dteagasc ón Róimh áird.

(XII)
Glaodhaim agus gairim thú ón mbás,
Ná tréigse do charaid go fóill tráth
Ná h-éirg go Flaitheas
Na naomh is na n-aingeal
Gan éiric it mhasladh fé dhó dfhagháil.

(XIII)
Bhí tréimhse fé rachmus ag Tómás
Le tréine le gaisce 's le sólás,
Níl éinne ina mhalairt
Do léimfeadh i n-gealtaibh
Chomh éadtrom chomh tapaidh ná chomh árd.

(XIV)
Éirigh go h-aibidh d'aindeóin chách
Dom bréithir ní h-eagal duit fós bás,
Nuair is méin leatsa freagairt
Go h-aolbhrog na bhFlaitheas
Beidh céadta dár n-aicme-na it chomhdháil.

(XV)
Glaodhfimíd caibidil cór dámh
Agus déanfimíd salma ar nós Dáth;
Réidhfam a ghlasa
Le h-Aifreann na marbh
Agus éigse na Banba i n-geóin-gháir.

(XVI)
Taoscfimíd cannaí 'gus córnáin
Den aon digh is fearra tig ón Spáinn,
Saorfimíd a anam
Mar dhéinid na sagairt
'S is craosach a chanfimíd crónán.

(XVII)
Beidh a shaothar i leabhraibh fós lá,
'S a réaltan ag taitneamh um nóin, tráth;
Éist-se le h-atuirse
Is éigean do charad -
Na Gaedhil bhochta 's fada fé dhólás.

(XVIII)
Ná h-éimigh a gceasta ná a n-óráid
Acht aontuigh fear Shacsan do rórchádh,
Ná taobhuigh-se sagart
An éisc is an mhagaidh
Ná 'n cléireach ón mbaile nach ró-árd.

(XIX)
Nuair a bhí mé 'siubhail oidhche mhaith
Is mé go déidheanach i mBaile Sheáin,
Thánaig mé le chéile leis sgianaich Sacsainn
Is iad dá dtraochadh age n-a námhaid;
Bhá mé 'ól 's ag canadh le crógacht an-mhor
Leis an fír-chogaidh so ró-chrógacht -
'S gur bhinne liom Sasanaigh ag rith le foiréigean
'S gurbh'iad clanna Gaedhal bocht a bhuaidh an lá.

(XX)
Chaith mé m'airgid le bhá mé 'n-aisteach
Ag deoch, ag rácáil (ag troid) agus imirt cardaí -
Cé ná raibh airgead agam ná gréithre
Ná rud san t-saoghal acht nídh gan áird;
Annsain d'iompaigh mé seóladair sásta,
Le luchd 's obair bhá mé bheó 'muigh as an tír,
Is bíodh ar mh'fhalaingse gur mór an bhréag san
Is gur beag den t-saothar a thuit lem láimh.

(XXI)
Thá Talamh an Éisc planndáil leithéid,
'Bheadh seo mo stáistiúin roimhe mo bháis;
Mo chrádh go mb' fhearra dham bheith in Éirinn
Ag díol gártaeirí ná ag dul fén gcoill:
Faighidh thú bean ceart agat-sa, b'fhéidir,
Bean sásta maith sa súil agat -
An paca straipeanna 's measa tréithe
'S go mbeiread féin ar bheith as a radharc.

(XXII)
Tar liom, deoch sláinte go Seoirse ríoghal a bhuachaillí,
'S ceannaire-taoiseach linn - nár órduigh Críost,
Is aitchimís ar Mhuire Mháthair
É féin 's a ghárdaí do leagadh síos;
Ní bheadh eagla mór againn' a gunnaithe mór 's sgairte
Nuair beith Seoirse mór charad linn-se -
'S a Chríost go bhfaiceadsa iad dá gcárnadh
Ag an mac so ar fán uainn ag dul don bhFraingc.

Image

Le Donnchadh Ruadh Mac Conmara.

(Sgríobh Donnchadh Ruadh an amhrán so eadar 1754 go 1755. Bhá sin an aghaidh Sacsann agus an aghaidh na Sacsannaigh gan dabht. Chuir sé so 'mach sa toigh tábhairne 'nn ar Talamh an Éisg le h-aghaidh na Gaedheil i gcoinne na Gaill. Bhá bhreagh leo - na Gaedheil - an amhrán so mar thá sin an-ghreanmhar mar cha rabh fhios agu - na Sacsannaigh - an sgéal faoi so 'gus bhá bhreagh leo sin freisin. Bhá fear an-chliste Donnchadh Ruadh gan dabht mar rinn é h-amadánnu le na Gaill agus cha rabh fhios agu sin.)



Is mé go déidheanach i mBaile Sheáin
Is mé déanach i mBaile Sheáin

(I)
Seo scéala tug danaid is deórán
Daorchnead is peannaid im mheadhónlár -
An t-aenfhear do b'fhearra
Bhí 'n Éirinn de shagairt
Ag cléir 'n-a stoc magaidh is mórchnáid.

(II)
Léigheann agus cantain is beólrádh
Gan éanchuid do chaitheamh acht lón gearr,
Daorghuth 'n-a mhainistir
Ag éileamh an airgid -
Thraoch an fear calma ar comhlár.

(III)
Réabadh agus cnapadh agus dórnfhásc,
Tréadhnas is faire agus órdchrádh,
Gan spéis insan mbeatha,
Gan braon acht go h-annamh
Bheir éigse na Seanmhagh ar tógáil.

(IV)
Do b'éidir, má mhaireann sé beó um Cháisc,
Go n-déanaimís easpog de Thómás,
Chomh naomhtha le h-Aspol
Na h-Éireann do thaistil
Tar Thétis dár dteagasc ón Róimh áird.

(V)
Glaodhaim agus gairim thú ón mbás,
Ná tréigse do charaid go fóill tráth
Ná h-éirg go Flaitheas
Na naomh is na n-aingeal
Gan éiric it mhasladh fé dhó dfhagháil.

(VI)
Bhí tréimhse fé rachmus ag Tómás
Le tréine le gaisce 's le sólás,
Níl éinne ina mhalairt
Do léimfeadh i n-gealtaibh
Chomh éadtrom chomh tapaidh ná chomh árd.

(VII)
Éirigh go h-aibidh d'aindeóin chách
Dom bréithir ní h-eagal duit fós bás,
Nuair is méin leatsa freagairt
Go h-aolbhrog na bhFlaitheas
Beidh céadta dár n-aicme-na it chomhdháil.

(VIII)
Glaodhfimíd caibidil cór dámh
Agus déanfimíd salma ar nós Dáth;
Réidhfam a ghlasa
Le h-Aifreann na marbh
Agus éigse na Banba i n-geóin-gháir.

(IX)
Taoscfimíd cannaí 'gus córnáin
Den aon digh is fearra tig ón Spáinn,
Saorfimíd a anam
Mar dhéinid na sagairt
'S is craosach a chanfimíd crónán.

(X)
Beidh a shaothar i leabhraibh fós lá,
'S a réaltan ag taitneamh um nóin, tráth;
Éist-se le h-a-tuirse
Is éigean do charad -
Na Gaedhil bhochta 's fada fé dhólás.

(XI)
Ná h-éimigh a gceasta ná a n-óráid
Acht aontuigh fear Shacsan do rórchádh,
Ná taobhuigh-se sagart
An éisc is an mhagaidh
Ná 'n cléireach ón mbaile nach ró-árd.

(XII)
Nuair a bhí mé 'siubhail oidhche mhaith
Is mé go déidheanach i mBaile Sheáin,
Thánaig mé le chéile leis sgianaich Sacsainn
Is iad dá dtraochadh age n-a námhaid;
Bhá mé 'ól 's ag canadh le crógacht an-mhor
Leis an fír-chogaidh so ró-chrógacht -
'S gur bhinne liom Sasanaigh ag rith le foiréigean
'S gurbh'iad clanna Gaedhal bocht a bhuaidh an lá.

(XIII)
Chaith mé m'airgid le bhá mé 'n-aisteach
Ag deoch, ag rácáil (ag troid) agus imirt cardaí -
Cé ná raibh airgead agam ná gréithre
Ná rud san t-saoghal acht nídh gan áird;
Annsain d'iompaigh mé seóladair sásta,
Le luchd 's obair bhá mé bheó 'muigh as an tír,
Is bíodh ar mh'fhalaingse gur mór an bhréag san
Is gur beag den t-saothar a thuit lem láimh.

(XIV)
Thá Talamh an Éisc planndáil leithéid,
'Bheadh seo mo stáistiúin roimhe mo bháis;
Mo chrádh go mb' fhearra dham bheith in Éirinn
Ag díol gártaeirí ná ag dul fén gcoill:
Faighidh thú bean ceart agat-sa, b'fhéidir,
Bean sásta maith sa súil agat -
An paca straipeanna is measa tréithe
'S go mbeiread féin ar bheith as a radharc.

(XV)
Tar liom, deoch sláinte go Seoirse ríoghal a bhuachaillí,
'S ceannaire-taoiseach linn - nár órduigh Críost,
Is aitchimís ar Mhuire Mháthair
É féin 's a ghárdaí do leagadh síos;
Ní bheadh eagla mór againn' a gunnaithe mór 's sgairte
Nuair beith Seoirse mór charad linn-se -
'S a Chríost go bhfaiceadsa iad dá gcárnadh
Ag an mac so ar fán uainn ag dul don bhFraingc.

Image

Le Donnchadh Ruadh Mac Conmara.

(Sgríobh Donnchadh Ruadh an amhrán so eadar 1754 go 1755, nuair a bhá sé ar Talamh an Éisg. Bhá sin an aghaidh Sacsann agus an aghaidh na Sacsannaigh gan amhras. Chuir sé so 'mach istigh sa gach aon tigh tábhairne so ar Talamh an Éisg le na Gaedheil i gcoinne na Gaill. Bhá bhreagh leo - na Gaedheil - an amhrán so mar thá sin an-ghreanmhar mar cha rabh fhios agu - na Sacsannaigh - an sgéal faoi so 'gus bhá bhreagh leo sin freisin. Bhá fear an-chliste Donnchadh Ruadh é fhéin gan amhras, mar rinn é h-amadánnu le na Gaill agus cha rabh fhios agu sin. Chuir an amhrán so spiorad láidir mór eadar na muinntir Gaedhealach ann, agus san na Gaedheil Thalamh na Éisg go h-áirithe.)