Cnachar Rí Uladh:

Insa t-sean-aimsir bhí ceithre rí in Éireann, rí Laighean, rí Mumhan agus rí Connachta ‘gus bhí rí eile i gCúige Uladh a dtug siad Cnachar rí Uladh air.
Cha raibh Cnachar, rí Uladh ábalta ar throid a choinneáilt leis na trí rígh eile agus chuir siad a dtriúr nighneacha un sgoil (chuige) foghluim agus béasa a thabhairt dóbhtha ‘gus chuir sé suas grianán a’ chois na farraige dóbhtha. Chuaidh sé amach a’n mhaidin amháin agus tháinig sé isteach ag gol agus ag caoineadh. “Goidé seo atá ort anois?” arsa ‘n bhean. “Tá na trí h-oinseacha seo, ar seisean agus ní bhfuil mé ábalta foghluim agus béasa thabhairt dóbhtha.”
“Téirigh, ar sise agus fogha triúr cléireach domhsa a chuirfeas síos a n-ainm agus beidh oiread Fiann Éireann agam-sa agus fhuigfeas insa mbaile acu iad gan buille sgin’ ná claidhimh.” Cuireadh fios ar chléireach agus labhair an rí leis.
“Cuir síos ansin iad,” arsa seisean. “Each Buailceam rí Mumhan, Feilimidh rí Chonnachta, Osgain Fionn mac Ramhair Muingluisne gan sál, Corpach, Laoiseach, Laoiseach Ceann-Airidh, Gruagánach Sainn-Airidh, sin agus a triúr mac, Goll Sgigeadh, Goll Sgóigeadh, Goll na Sgóige Craige Luain, Cú Chulainn mac Sualtaigh mhic Bhuailtaigh mhic Óigeárlaigh mhic Soineárlaigh mhic Mór-óglaigh mhic Fionn-óglaigh, Éileanna mac ‘ic Ceithleanna mac an ríogh-ghaisgidhigh, Bricín beag ‘ac Eilipigh, Ceannaire, Éigsean agus amadán de Chlanna Ruaidhrí.”
“Cuireadh suas an paipéar ansin gach uile áit fríd Éirinn go bhfuil féasta mór thrí oidhche aige Cnachar rí Uladh agus cuireadh aige gach uile dhuine theacht chuige.”
An lá ar n-a bhárach bhí na bóithre breac leis na Fianna Éireann ag teacht chuig an fhéasta. Bhí féasta mór ionn, trí lá agus trí h-oidhche agus an tríomhadh lá rinne Cnachar dearmad de na mná a bhí insa ghrianán agus chuaidh ag amharc leobhtha ach bhí na dorsa foscailte agus iad ar shiubhal.

Sagart agus an Bhean Gallda:

Bhí bain-treabhach ins an áit seo. Thóg sí triúr mac. Deir duine acu léi maidinn amháin. “Tá do chuid talamh ró-chaol ar n-a thriúr. Tuitfidh sé ‘r dhuine aghainn a ghabháil i bhfad ar siubhal. Má tá tusa sásta liom. Tá mise sásta mé féin a bheith ‘na shagart.”
Bhí an bhain-treabhach seo sásta a leithéid a theacht ‘na chionn. “Dheanfaidh mise mo dhícheallt chun cuidiú leat.” Rinn siad réidh annsin é. Chuir siad ‘na coláiste é. Nuair bhí seacht bliadhna thart annsin, tháinig sé arais ‘na mbaile. Tháinig na comharsana ‘lig ag amharc air, beirt agus triúr ‘gabháil ar a n-iúl, ag amharc ar an t-sagart dheas seo.
Bhí bean gallda ins an áit seo. Deir sé le n-a h-athair, “Gabhfaidh mise ‘g amharc ar an t-sagart dheas seo. Fora dteachaidh sé ‘na coláiste bhí mise ar sgoil leis. Bhí mise ‘s eisean sa leabhar amháin.”
Thug a h-athair ordú do’n fhear chóistí i ‘thiomáint. Nuair tháing sé (sí) chuig an toigh bheag, bhí céad míle fáilte aige di. Thug sé isteach ins an tigh bheag í, ‘n áit thug sé ithe ‘gus ól dí. Bhí comhluadar fada acu araon. Deir sí leis an t-sagart dheas seo, “Tá mise ‘tabhairt comhairle ort i n-am. Stadáil thusa ‘nois. Tá saoghal bocht cruaidh aige sagart, ag éirghe ins an oidhche ‘s ag siubhal ins an lá. Nárbh fhearr duit pósta ‘r bhean? Ghlac mé féin mar thaiseadh? Tá ‘fhios aghat go bhfuil mo chrodh go mór. Tá deich gcéad ins an bliadhain agham agus dúthaigh.”
“Dá mbeadh dhá chéad (dhá mhíle) ins an bliadhain agat agus dúthaich, cha phósaim-sa bean-gallda go bráth. Glacfaidh mise leis an t-saoghal bocht cruaidh seo ‘tá agham (agam).” D’éirigh sí chuig a cos ag gabháil ‘na mbaile. D’iarr sí póg ná beirt air. Dubhairt sé nach bpógfadh sé bán (gallda) go bráth. “Ach bhéarfaidh mise duit-se rud nas fhearr, mo sheacht míle mBeannacht.”
Ina sé mhí ‘na dhéi sin, fuair sé litir fhada uaithi. Dubhairt sí ins an litir go gcaithfeadh sé í ‘phósadh. Maidin a thriail, rachadh sé go dtí do chroidhe ‘g amharc ar a dhreatháir bocht ‘s a mháthair bhocht, an bheirt ag teacht cosnochttha chuig a’ thriail. Sgairteadh ar aghaidh a’ thriail annsin. Ní rabh fiadhnaise aige ó Righ nan Glóire. Labhair an fear uasal amach:
“Ná nach bhfuil tú ‘gabháil a phósadh an bhean seo? Goidé tá ionat-sa ach mac mná boichte atá bocht ‘s cruaidh? Nach é do (atá) onóir a leithéid seo bean gallta a fhagháil?”
“Char dhubhairt mé riamh go bpósfainn í. Cha phósaim i go bráth. Glacfaidh mise leis an t-saoghal bochd cruaidh seo ‘tá agam.”
Cha rabh na focla seo ‘bhfada ráidhtiste nuair tháinig fear ag marcaidheacht mar an gaoth. “Sgairt ar aghaidh an thriail seo. Cha rabh mise annseo i n-am.”
“Mise ‘fhagháil an phósta (athair an pháiste) ‘n áit an sagart deas. Thug sí deich gcéad damh-sa ‘n oidhche a fuaireas a pósadh agus gheall sí deich gcéad eile ach gan trácht air.”
Labhair an mhaighre bhán seo: “Saoráil Dia mo pháiste. Thaispeán sé an cás go glan. Tá an ruifín gaibhte cionntach is na sagart deas seo saor.”
Drochlá na Gaedheil Thír Eoghain:
(8adh Bealtaine 1567):
(8adh Bealtaine 1987):

Ba 8adh lá mí Bhealtaine lá cruadh uafasach fá choinne na Gaedheil Thír Eoghain sa stair. Ba sin an lá sa 1567 nuair a fhuair eadar 1,300 go 3,000 Gaedheal Thír Eoghain bás i gCath Fearsaid Mhór i dTír Chonaill nuair a dh’ionnraidh Seaghan Ó Néill – rígh Thír Eoghain – istigh ann do bhris in éadan Aodh Ó Domhnaill – rígh nuadh Thír Chonaill. Fhuair 3,000 Gaedheal Thír Eoghain bás ann agus ba sin briseadh an-mhor agus an-uafasach le na Gaedheil Thír Eoghain ann gan amhras.
Ba 8adh lá mí Bhealtaine lá cruadh ‘s uafasach le muinntear Gaedhealach Thír Eoghain sa 1987 nuair a fhuair ocht Fíor Gaedheal bás le lámha Sasuinn i mbaile Loch gCál. Thosaidh feachtas fola Sasuinn in éadan ar na Gaedheil Thír Eoghain agus ar na Gaedheil Lár Ulaidh i ndhiaidh sin agus fuair ciadta ‘s ciadta Gaedheal neamhchiontach bás ann mar sin.