Féile Stiofáin

An Dreoilín agus Naomh Stíofán

Nuair a bha Naomh Stíofán ar an rith amuigh as na saighdearan Róimh, chuaidh ‘s rith sé ‘stigh gort na cruitneachta do’n éalaigh amuigh iad. Rinn na saighdearan lorg an-mhor le Naomh Stíofán ach cha fhuair iad e fhé mar bha sé sábháil istigh an gort ann, agus cha rabh fhios acu sin. Ach bha na dreoilín istigh an gort ann fosta gus ba fuath an-mhor aige le daoine Críostaíochd. Agus nuair a chuaidh na saighdearan do fhág amuigh as an gort agus as an cheanntar léim na dreoilín shuas sa spéire ‘gus sgairt e ‘mach an-mhor chun na saighdearan faoi Naomh Stíofán. Thánaig na saighdearan chun go Naomh Stíofán i ndhiaidh sin agus chur iad e faoi gabháil agus fhuair sé bás cúpla lá tar éis sin. Ba Naomh Stíofán an Ciad Mairtír sa Criostaíochd, agus fhuair sé ghabháil agus bás mar na dreoilín. Ba sin ar 26adh Nollaig 34 IC. Agus beadh na daoine Gaedhealach ag sealgaireachd na dreoilín gach aon 26adh Nollaig nó gach aon Féile Stíofán mar sin o shoin.



Lá Dreoilín i bParóisde Mórach

Maidean Gheimridh do dheineamair smaoineamh ag siubhal na tíreach gan brón sa t-saoghal.
Ár n-Dreoilín taoibh linn is gur lag an Rígh é ‘s gur luig an scríob air fé lár an lae.
Ní raibh caoineadh air ná ní raibh píp air ná ní raibh aibíd air os cómhair an t-saoghail,
Acht isteach san oidhche deineadh caoineadh míos air agus do bhí braon díghe air ar nós gach n-aon.
Air teacht an tíghe dóibh bhí roinnt pinginí aca, agus bhí salacar bruíghne ann ‘sé díogh gach sgéal
Do bhí fir dá síneadh ann le bataí druighean-glas agus gan scáth ón gclaidhe ann mar páirc na bpiléar
Bhí fear i meadhon-aois ann go féasóg buidhe air agus fuair sé snaidhm uaitha i mbéal a cléibh.
Dod’ fan san sínte is níor ghaibh sé tímcheall agus bhí gol agus caoineadh air ar feadh trí lae.
Fuaireamair sgilling gléigeal thuas ón gCinnéidach agus do chuir san féin orann eirighe croidhe.
Do seasóchadh ráte sin i rith an lae dúinn. ba shuairc é an saoghal dúinn i mbliadhna airís.
Dp chuadhamair den stáir sin go dtí Paidí Séam an Gairdín is ba mhaith an t-ádh é dá raghadh linn dul.
Acht bhí tarbh beárrtha thiar sa chlois rómhainn agus do chuir le fánaig sinn gan mórán moill.
Bhí Nell an Bhánaig ar Guarraidh an Geárrtha agus a dhá láimh cráidhte ‘ge clipí úsg.
Agus do labhair go dána le h-ár bhfearaibh gallanta ná faghaidís náda de bhárr Lá an Dreoilín. Bhí ár láir cómh cómhrac le láir bhán Domhnall, cómh beárrtha le smólach d’imtheocaidh ó píleár. Cuadhamair don stáise sin go dtí Baile Crám siar agus níor mhaith an t-ádh é dá fheabhas í a slíghe. Acht speal is curránaibh is picí sáthach in dhiaidh ár lárach is í air ár n-druim.



Amhrán an Dreoilín

Fuair mé mo dhreoilín féin fé shiop
Cá’r mbfearr é d’fhághailt ná fé chloich
Faoi-Faoi – An Rígh na n-Éan,
Féile Stíofán a ghábháil sé sa aiteann
Éadtrom, éadtrom, seorum,
Fiadruim, fiadruim, bórum,
Raghaimíd ag ól insa’ teampuillín.

Canadh é sin lá an Dreoilín.



Lá an Dreoilín

Tagann Lá an Dreóilín ar an séamhadh lá ficead de mí na Nodhlagh.

Téigheann búachaillí óga agus búachaillí móra amach an lá san agus bíonn dreóilín ag gach dream aca.
Deineann na búacailló móra láir bhán. Ar dtuis téigheann síad go dtí an siúnéar agus deineann sé an ceann dóibh agus annsan deineann síad an cuid eile íad féin de funsaí.
Seachtmhain roimh an lá san tosnúigheann síad ar malairt eadaig do dheanamh agus deineann síad agaidhthe feidl. An lá roimis sin marbhuígheann síad dreóilín agus cuireann síad anáirde ar tor Chuilinn é an lá san.
Téigheann síad ó thig go tig ag lorg airgid agus an tráthnóna ní roinntear an t-airgid in-aon-chor eathortha ac bíonn oidhche rínnce aca agus is minic a bhíonn líon dubh aca.
Roinntear an t-airgead a bhíonn ag na búacaillí beaga eatortha féin agus deineann síad pé rud ba maith leó leis.

Micheál O Dúbhda
Coill Mhor.



Lá ‘le Stiopháin

Lá mór iseadh Lá Fhéile Stiopháin san áit seo ‘ Lá an Dreoilín’ a thugtar air. Bíonn óg agus aosta amuigh go moch maidin an lae sin chun dreoilín dfághail agus téigheann siad ó thigh go tigh chun airgead do bhailiú le h-aghaidh Rí na n-Éan, gheibtear go bog é agus caitear go bog é agus dá bhrígh sin tá an nós só ag fágáil bháis.

Taisbeánann cuid des na dánta atá againn faoi an dreoilín nach chun airgeadh a dhéanamh do coiméadtaí an nós san tsean aimsir. Tá cuid mhaith des na rannta sin againn fós. Seo cúpla ceann aca:-

‘‘Dreoilín: Dreoilín rí na n-Éan
Lá Fhéile Stiopháin do ghabadh é.
Is mór é do chlann is beag tú féin.
Is do bhfáigainn- sé ceapara damhsochainn céimh.’’

Agus
‘Dreoilín, a thugus-sa thugus- sa a Shíle,
Is ní le súil le deoch na biadh duait.
Ach chun deágh guidhe na bliadhna ghuidhe duit
Gura fearr bheir ar mo theach arís chugat.

le Brígidh Ní Chuimilín
Tabhnach-Cnámh
Caisleán-a-Bharraigh.



Lá Féile Stíofán

Níl an nós ceudna ag gach paróiste ag gach paróiste ar Lá Féile Stíofán. Ins an áit seo is iad na buachaillí a théigheann timcheall na h-áite ag bailíghadh airgid. Bíonn dreoilín marbh acu agus é ar tor chuilinn. Bíonn siad ag amhráníocht nuair a thagann siad go dtí doras gach tighe.

“Tha Dreoilín – Righ gach aon na h-Éiníní,
Ar Féile Stíofán fhuair sé ghábháil san aiteann,
Tha bosca beag faoi mo láimh,
Beadh schilling nó dá schilling go mhath,
Shuas leis na ceiteal agus shíos leis an bhfrioctán,
Tabhair freagra asat chugainn agus beadh muid amach.”



Lá ‘n Dreoilín

Tuiteann lá an dreóilín ar an séamhadh lá is fice de mhí na Nodhlagh. Bíonn athas ar gach duine an lá sin acht go mór mór ar na buachaillí óga. Bíonn siad ag rádh le na chéile “béidh dreoilín ambharach againn”.
In ár gceanntar Lá Féile Stiófán teigheann na buachaillí óga amach már buachaillí ‘n dreóilín. Bíonn eadhaogh a mhathar ar cuidh acha, agus bíonn eadhaigh a n-driotúir ar cuid eile aca, agus bíonn siad striócaí uighthe ó bun go bárr agus bíonn buachaill amhain gléasta már óinseach.
Nuair bíonn siad gléasta teigheann siad amach ó theach go teach ag iarraidh airghid. Bíonn orgán béil agus búicéad ag cuid acha, agus trumpa stáin ag cuid eile acha, Bíonn siadh ag damhsadh agus ag rádh “Suas leis an túlán, agus síos leis an bhfríoctán tabhair dom pighin chun an dreóilín a cur”. An teach in a mbíonn páistí bíonn eagla orra romhpa már bíonn maídí ‘gus bataí aca. An oidhche in a dhiaidh sin bíonn damhsadh mór acha. Teigheann na buachaillí dreóilín go léir chuig teach comharsan. Teigheann agus tughann gach ceann acha builín arán leis nó cacha arán nó rud éigin leis, agus bíonn an damhsadh ar siubhal acha ar feadh na h-oidhche. Bíonn togha gacha bídh, agus rogha gacha dighe aca.

le Máire Ní h-Éigceartaigh
Coill Salach, Eachréidh.



Lá Fhéile Stiofáin (Gaeluinn na Déise)

Tagann Lá Féile Stíofáin ar an lá tar éis Lá Nodlag.
An lá san téigheann scata daoine timcheall an paróiste leis an dreoilín.
Gheibheann siad cúpla phingin ag gach tigh.
Bíonn sean-hataí agus sean-casóga agus bíonn aighthe fidil orra leis.
Téigheann siad ó tigh go tig agus bíonn dreoilín marbh.
Deireann siad an t-amhrán seo –

“Dreoilín a fuaras-sa thíos ar an inse fé bragaid carraige agus carabhat síoda air. Tugas-sa chúgaibh é a lamhana an tighe seo agus go mba seacht bfearr um an dtaca seo arís sibh.”
Nuair a bhíonn an lá san caite ag na daoine a bhíonn ag dul timcheall leis an dreoilín. Deineann siad an t-airgead do roinnt cothrom ar gach duine acu. Bíonn Aifreann in gach séipéil an lá sin. Naomh a b’eadh Stíofán agus cuireadh cun báis é. Níl lá Féile Stíofáin an-fhada uainn anois, timcheall ceithre lá. Deireann siad an t-amhrán seo – ”

A dreoilín, a dreoilín, cá n-déinir do nead.
Insan gcrann ar thugas do gean.
Sa crann ciullinnis cuill is taithneamhaighe.
Mar a léigfear domsa is dom mhuirgin.
Feidhneán is coll!
Coll agus feidhneán!
Lá Nodlag, lá na n-amadán.
Suas leis an gciotal is síos leis an bpean.
Tabhair dúinn dainsilis imtheachaimíd glan.
Ub-burra-bub-burra
Dreoilín, dreoilín, dreoilín”.



Lá Fhéile Stiofáin (Gaeluinn na Déise)

Tagann lá Féile Stiofáin indiaidh lá Nodhlag. Sin é lá an Dreolín. Déanann na daoine bosga bheaga don dreóilín agus fágann siad puill bheaga ar an mbosga sa gcaoi go mbeidh aer isteach aige. Tugann na páiste beaga leó an bosga annsin agus imthigheann siad leó agus tosuigheannn siad ag cuartú ins na claidheacha agus i
mbun-t-sop an tighe agus má fhághann siad an dreóilín cuireann siad isteach ins an mbosga é agus cuireann siad a mbéal isteach leis an mbosga agus tosuigheann siad ag casadh amhráin:-

Dreoilín, Dreoilín Rí na n-Éan,
Lá Fhéil’ Stiofán do gabhadh an t-éan
Is mór é a mhuinntir agus is beag é fhéin
Agus dhá mbeadh gunna agam chaithfinn é

Téigheann siad ó theach go teach annsin agus an port sin ar siubhal aca agus tugann muinntir an bhaile airgead dóibh.
Nuair a bhíonn sé na tráthnóna scaoileann siad amach an dreoilín agus téigheann siad ag an siopa agus ceannuigheann siad milseáin agus bíonn siad sásta tar éis an lae.

Ní bhíonn aon “láir bhán” acu san áit seo. Ní théigheann tart leis an dreóilín acht na buachaillí beaga agus corr-dhuine acu sin féin.

Le Seán Bolustrom
An Tulaigh
Baile na h-Abhann
Iar Chonnacht.



Lá Féile Stiophán (Gaeilge Eachréidh)

Bíonn Lá Fhéile Stiophán ann ar an séadh lá fichead de Mhí na Nodlag, an lá tar éis Lá Nodlag. Bíonn an-spóirt ag na buachaillí an lá sin. Téigheann siad amach sa gcoill agus marbhuigheann siad dreóilín. Gheibheann siad bosca beag agus cuireann siad an dreóilín isteach ann Téigheann siad ó theach go teach, agus stadann siad ag an doras agus thógann duine aca an bosca suas in a láimh. Bíonn beirt aca le céile i gcomhnuidhe, agus seo é an amhrán a bhíos aca “dreóilín dreóilín riogh na n-éan is mór é a mhuirighean is beag é féin. Eirigh suas a bhean an tighe beir ar sgian na coise buidhe, agus gearr píosa de’n dreóilín.” Gheibheann siad cúpla pighinn ins gach teach. Sa tráthnóna roinneann siad an t-airgead idir an bheirt aca.
Chuireann buachallaí eile féasóga ortha féin agus téigheann siad isteach ins na tighthe ag seinm ceoil. An oidhche sin cuireann na fir óga sean-éaduigh ortha agus téigheann siad ó theach go teach ag damhsa. Gheibheann siad cúpla pighinn ins gach teach.
Fadó do théigheadh fir thart leis an dreóilín agus nuair bheadh a lán airgead aca racadh siad isteach sa dteach ósta agus óladh siad luach an airgid de uisge beatha. Annsin théigheadh siad amach agus cuireadh siad an dreóilín. Sé an fáth a marbhuightear é ná, d’innis sé do na Íudaigh go bhfaca sé Íosa. D’iarradar ar an spideog annsin an bhfaca sé Íosa. Dubhairt sise “ní fhaca mé é ó cuireadh an cruithneacht sin.” Dubhairt an dréoilín “cuireadh an cruithneacht sin indé, agus chuaidh Íosa an bealach seo.”

Proinsias Ó Cearbhaill
Cora Finne
Eachréidh.


Lá le Stiopáin:

Teigeann na buachaillí amach le dreóilín lá le Stiopháin ag bailiú airgid agus bíonn ceól acú mar seó
Dréoilín, Dreoilín rí na n-éan.
Lá le Stiopáin a fuar mé é.
Is mór a mhuinntír, is beag é féin Dreoilin, Dréoilin, rí na n-éan.

Le Sorca Ní Bhriain.


Lá Fhéile Stiopháin:

Tuiteann lá Fhéile Stiopháin ar an lá in a dhiaidh lá Nodlag. Bíonn go leór buacaill beag ag dul thart leis an dreóilín bíonn an dreóilín thíos i mbosca agus bíonn cuileann ar bhárr an bhosca agus bíonn amhráin beag ghá rádh ag na buachaillí beaga. Seo é an amhrán:-

“Dreóilín, dreóilín, rí na n-éan.
Lá Fhéile Stiopháin gabhadh an t-éan
Is mór é a mhuirighín, is beag é fhéin,
Eirigh suas a bhean an thíghe
Beir ar sgian na coise buidhe
Agus gearr amach píosa do’n dreóilín.”

Deireann an duine abíonn ag éisteacht leis go mbíonn se sin go maith agus tugann sí píghinn nó dhá pighinn dóibh agus bionn dhá buachaill agus aon bosca eadorra. Nuair a bhíonn a sáith déanta aca, bíonn an t-airgead arfad ag buachaill amháin agus roinneann sé an t-airgead eadorra agus ceannuigheann siad milsean agus teigheann siad abaile.

Mairéad Ní Chomháin
Cinn Uisge
Eachréidh.


Lá Fhéile Naomh Stiopáin rachadh na buachaillí thart timcheall na bailte leis an dreóilín agus ag iarraidh airgead seo é an sean rann a bheadh acu.
Dreoilín dreoilín rígh na n-éan.
Is mór é do muire is beag tú fhéin.

Maire Ní Chraith
Cill Ghoibhreann
Eachréidh.



Lá Féile Stiophán (Gaeilge Eachréidh)

Thuit Lá le Stiofáin ar Dé Domhnaig an blian seo caithte. Tháinig buacaillí go dtí ár dtig an lá sin ag bailiú airgid chun an dreóilín do chur. Bhí craobh cuillean in a lamhaibh acu agus bhí ribíní ceangailthe mór thimcheall air chun é a mhaisughadh agus bhí dreoilín istig i lár baill ann. Bhíodar ag canadh “Amhrán an Dreóilín”. Tháinig beirt fear comh maith agus bhí agaidhthe fidil ortha agus bhí culaith éadaig stracaithe ortha. Bhí gleás ceóil aca agus bhíodar ag seinnt air. ‘Sé an fáth a bhítear ar thóir an dreóilin an lá sin na san. Nuair a bhí na saighdúirí ar thóir Naomh Stiofáin do thóg sé sos fé crann. Nuair do chonnaich sé na saighduirí ag teacht do rith sé suas an crann agus tháinig na saighdúirí agus shuidheadar fé’n gcrann agus ní fhacadar Naomh Stiofáin in ao’cor.
Bhí dreóilín in áirde ar an gcrann agus do dhein sé fothrom le’n a sgiathán agus d’féuch na saighdúirí suas agus do connacadar Naomh Stiofáin agus do rugadar air agus do caitheadear cloca leis agus do marbhuigheadear é agus marbhuigheann na buacaillí an dreóilín ó shoin i leith.

Cáit Ní Chéilleachair
Dúiche Ealla
Múscraige.


Sgheal: (Gaeluinn Iar Mhumhain)

Bhí dreóilín ann sá t-sean aimsir ag bhí sé ag dul do a mhuirighin mhór a thógáil. D’iarr sé iasacht chúig bpúnt ar chorr-sgréacóig agus thug an chorr-sgréacóig do an t-airgead. Nuair a tháinigh an Foghmhar chuaidh an corr-sghréacóg go dtí an dréoilín go dtí an dreóilín ag lorg an airgid thar nais. Fá’n am sin bhí chuile ceann de na dreóilíní óga comh mór leis an sean-dreóilín agus níor aithnig an corr-sgréacóg aon ceann aca tar a chéile. “Ní bhfuair mishe pinghin ar bith ar iasacht uait” arsa ceann eile. Dubhradar uilig an rud cheudhna nó go mbéighin don chorr-sgréacóg imtheacht gan an t-airgead dfágáil. Casadh an sionnach uirthi agus d’innis sí dó an beart a dimir na dreóilíní uirthé. Do gheall an sionnach go dtabharfadh sé chúiche an sean-dreóilín. Nuair a tháinig an sionnach san áit a raibh an dreóilín agus a dháreág mach, chonnaic sé iad ag piocadh péistí as iomairí. Bhí cloigeann péistí ag teacht anuas as an gcréafóig agus rug ceann de na h-éanacha ar cloigeann ac do theip air an péiste do tharraing aníos. Do theip sé ar cúid mháit aca agus annsin chuaidh an sean-dreóilín anonn agus tharraing sé aníos an phéiste. “Grá mo chroidhe an sean-chnámh” ar seisean ag caitheamh an péiste annsin chucha. “Mise! nár laga Dia tú annsin” arsan sionnach ag breith ar chul a cinn ar an sean dreóilín, Is tú a bhí ag taidhreamh”.

Le Pádraig Ó Cobhthaigh
An Sean-bhóthair
Cathair Saidhbhín
Iar Mhumhan.


Sgéal faoi Dreoilín: (Gaeilge Iorrais)

Fadó nuair a bhí cainnt ag na h. éanacha agus bhí nead aice in a raibh dreoilíní óga. Níor fheádh sí aon bhiadh a fhághail dhóibh. Lá amháin casadh an anóig air agus thosuigh siad ag cainnt. Labhair dhom rud beag i gchóir na cinn óga le do tholl” ars’ an dreoilín. “Chéarfaidh agus fáilte” ars’ an anóig. Thug. D’imthigh an dreoilín agus bhí sí an bhiudheach don anóig.
Chuaidh an t-am thart agus níor tháinig an dreoilín ar ais. Annsin chuaidh an anóig go dtí an dreoilín
Bhí an dreoilín agus na cinn óga ag obair go cruaidh ag soláthair bidh dóibh fhéin. Bhí na dreoilíní óga chomh mór leis an máthair agus ní raibh a fhios ag an anóig cé acu a n-iarrfadh sé an t-airgead air agus b’éigin dí pilleadh abhaile díreach mar tháinig sé Ó’n lá sen amach níor thug aon anóig congnamh do dreoilín.

Sorcha Bean Uí Náraidhe
Béal an Mhuirthead
Iorrais.


Lá Fhéile Stiopáin: (Gaeilge Iorrais)

Tuiteann lá Fhéile Stiopháin ar an lá in-éis lá Nodlag. Ar an lá sin éirigheann gach gasúr go moch, agus téigheann siad amach ag súil go bhfuigheadh siad dreoilín. Annsin téigheann siad ó teach go teach leis an dreoilín. Deireadh siad dán ag gach doras agus annsin geobhainn siad cúpla pighne ó na daoine agus ar an gcaoi geobainn siad cúpla sgiling dóibh féin. Cuid acu. Ní bhíonn aon dreoilín ar bith acu acht ní fhághann siad morán airgid.

Sorcha Ní Mhuilligh
An t-Straith
Iorrais.


Sgéalta Nodlag (Gaelg Acaill)

(I)
Lastar na coinnle Oidhche Nodlag mar geall n ar na soluis a bheith muachtha i ngach teach i mbeitlimh on oidhche sin. Deirtear gur le bealach a theaspáint do Ár Slánuighteór a lastar iad.

(II)
Oidhche Nodlag crocann na páistí sua, a gcuid stocaí suas ins an t-similéir le bronntas a fhagháil ó Sán Nioclas.

(III)
Seo é an rann a deireann na páistí nuair a bhíos síad ag dul theart leis an dreóilín lá Fhéil Stiopáin. Dreóilín, Dreóilín, Ríg na n-éan lá Fhéil Stiophán gobhadh é is mór é do a mhuirín is beag é, é féin éirghe suas a bean an tighe fáig an sgian na coise buidhe agus gearr amac pinng le h-aghaidh an dreóilín.

le Pádraig Mac Fionnachtaigh
Bun an Churraigh
Acaill.


Lá le Stiopháin: (Gaeilge Iorrais)

Tuiteann la ‘le Stiophan ar an 26adh lá de mhí Nodlag. Ar an lá sin téigheann na daoine óga ‘mach leis an dreoilín ag iarraidh airgid. Acht fadó is amach ag iarraidh ceapairí a théighidís agus théigheadh buachaillí ‘gus cailíní amach – ní mar anois mar ní théigheann acht na buachaillí amach anois.
Uaireannta chanaidís port eicínt agus théighidís ag damhsú. Bíonn an dreoilín i dtuir bheag acú agus é déanta suas go h-áluinn i ribiní agus páipéirí de chuile shórt. Tá sgéal ag baint leis an gcaoi a d’éirigh leis an dreoilín a bheith ‘na righ ar na n-éan.
Lá amháin shocruigh na h-eanlaith gur maith an rud rí a bheith ortha, agus ní raibh fhios acú cé’n ceann acú a bhéadh in a in a righ. Ar deire thiar tall shocruigh siad gur’b é an t-éan a bheadh indon eitilt suas ba aoirde sa spéir gurb’é a bhéadh ‘na righ.
Ó bhí an dreoilín comh beag is bhí sé bhí eagla air nach mbéadh sé indon eitilt ró-árd agus cheap sé a dhul suas ar dhruim an iolair a bhí níos mó ná na h-eanacha eile agus d’fan sé ann nó go raibh gach éan eile tuirseach agus b’éigin dóibh isliú.
Nuair a bhí an t-iolair ar tí a rádh go raibh sé ‘na rí, d’eiteall an dreoilín amach os a chionn agus bhí sé ‘na rígh annsin. Sin é an fáth go dtugann na daoine onóir don dreoilín.
Ó’s rud é go dtuiteann lá ‘le Stiopháin ar an lá ‘na dhiaidh lae Nodlaig bíonn neart ithe is ól lé faghail ag na daoine ag a mbíonn an dreoilín. Seo é an rann a deireann siad: –

‘Dreoilín, Dreoilín, Rí na n-éan,
Is mór do mhuirghin, is beag tú féin,
Eirigh suas a bhean-a’-tighe,
Beir ar cois na sginne buidhe
Is tabhair pinginn don Dreoilín.’

Máire Ní Gamhnáin
Cill Cuimín
Gaoth Sáile
Iorrais.


Lá Féile Stiophain (Gaeilge Cois Fharraige)

Nuair a thagann Lá Féile Stiopháin bíonn bród mór ar na gasúr le h-aghaidh a dhul ag imteact leis an dreóilín. Fághann siad greim ar la Nodhlag. Bíonn Aifrionn ann an lá sin. Téigheann cuid go na gasúir ag an Aifrionn sul a dtéigeann siad ag imteact leis an dreóilín agus imtigheann cuid eile aca éirighe gréine agus bíonn gac teac siubailte acú roim an gcuid eile. Canann siad rann nuair a thagann siad isteac. Dreóilín a chonnaiceas le ais cárnán cloc. Chaitheas mo mhaide leis is bhriseas a cos. Rí na n-éan é is tá sé beag. Is éirig do suidhe a bhean an tighe is líon chugainn deoc. Fadó bhí na h-eanaca ag éirighe mí foigdeac le na céile. Lá amáin ceapad ar gur maith an rud rí a bheithorra Lá Stiopháin an lá a rabh Naomh Stiophán. Socruigeadar annsin an t-éan abfuide a gabfad suas san aer a bheith na rí léim an dreóilín faoi stiatán lolar bhí na h-éanaca eile ag éirighe tuirseac agus ag casad no go raibh an t-iolar ar an éan abaoirde d’fúgair sé amac is mise rí na n-éan. Act déirigh an dreóilín amac on a sgiathán an agus dfuagair sé is mise rí na h-éan. Ní raibh an t-iolar indon a dhul ní bfuide. O sin bíonn gasúir ag imteact leis an dreóilín Lá Féile Stiopáin.

Le Tomás Breathnac
Calladhmhuighinse
Cárna
Cois Fharraige
Iar Chonnacht.


Lá le Stiopháin (Gaeluinn Deas Mhumhain)

Bíonn súil in áirde againn i gCionn t-Sáile gach Nodlaig le Lá le Stíopháin. Ar an lá san bíonn buacaillí an dreóilín ag gabháil timcheall, ag déanamh súilt agus spóirt do mhuinntir an bhaile agus ní h-é a ndearmhad airgead do bhailiú don dreóilín. Geallaim dhuit go bhfuigheann siad a ndothain mar bíonn fáilte ag gac aoinne rómpa de ghnath. An lá roimis sin, Tagann sgata buacaillí le chéile cun iad féin d’ullamhúghad i gcóir an lae amáireac. Geighinn siad tor cuilinn agus cuireann siad páipéar daithte ar sileadh leis agus nead i lár an tuir. Leigeann siad ortha go mbíonn an dreóilín istig ann. Ansan solathruigheann siad gac saghas éadaigh éagsamhla mar atá, culaith mná, gúna agus háta cailín hata cruaidh agus casóg eirbaill don chaptain agus gac saghas gléiseanna ceoil mar atá orgán beil bucéad stáin trúmpa stáin agus mar sin de.
Bíonn siad go léir ‘na suidhe go moc an lá úd agus iad gléasta suas na gculaithí dreóilín, aghaidh feidhil ar foth dhuine aca agus aghaidh dhubh ar tuille eile do chuirfidis ag gáirí thú. Má ‘s féidir in aon cor é geigheann greim ar asal éigin, téigheann an captain ag marcuigheact air,
Nuair a bhíonn gach aon rud i dtreo, tugann siad aghaidh ar an mbaile agus iad ag séideadh is ag bualadh is ag greadadh i dteannta chéile agus ana ghleo ar suibhal aca. Stadann os cómháir na dtighthe, deineann greas ceoil agus babhta rinne. Ansan buaileann siad ar na dóirse agus rann mar seo dhá rádh aca:-

“Dreóilin, dreóilín rí na n-éan, Lá le Stíopháin a fuair greim ort féin.
Má tá tú beag is mór é do chlann
Go mbeadh áthas oraibh a bhuachaillí agus a cháilíní
Tabhair conghnamh éigin don dreóilín bocht
Tá bosca fé m’ascail agus tá sé folamh
Pingin no dhó ní dhéafadh sé aon díoghbháil díobh,
Suas leis an gciotal agus síos leis an bpota,
Ac tabhair dom freagra agus leig dom saor.”
Tar éis an turais ar na sráideanna go léir éirigeann siad as. Roineann an captain an t-airgeadh go comhthrom ortha go léir. Ansan téigeann siad abhaile ana sásta leo féin.

Eílís Ní Súirdáin
Cionn t-Sáile
Deas Mhumhan.


Lá ‘le Stiophan (Gaeluinn Tuadh Mhumhan)

Ar an lá seo téigeann buachaillí an Dreóilín mór thimcheall ag bailliú airgid an lá seo chun an dreóilín a chur. Bíonn na gasúir ag tóruíocht dreóilín ar feadh cúpla seachtmhaine roimh an Nodlag. Nuair a bheireann siad air marbuigeann siad é agus ceanglann siad é ar craobh cuilleann nó craobh udhneáin.

Cuireann siad ribíní de gach dath ag crochadh ó’n tor nó craobh. Beireann siad an craobh seo leo nuair abhíonn siad ag bailliú airgid. Teasbánann siad an dreóilín marbh chun a teasbáint go bhfuil siad dá ríríbh agus nach bhfuil siad ag lorg déirce.
Bíonn fiche no ceathrar deag de gasúin ann. Ins an sluag seo bíonn “Oinseach” agus “Amadán” agus iad clúdúighte i gculaith ait. Bíonn gach fear clúduighthe le eadaí strachtaighthe agus eadaigh greannmhaire. Bíonn buailteán ‘na taimh ag gach duine aca. Bíonn “bladder” de muice ag an Óinseach agus ag an Amadán. Bíonn an beirt seo ag deánamh go leór spóirt agus imirt cleas agus ag bualadh gach aoinne leis na “bladders”. Bíonn rinnceóir nó peidhre díobh ins an dreamh agus bíonn daoine ins an dreamh in-ann ceól a ghabháil as go leór gleásanna. Siubhalann siad ó áit go h-áit ach bíonn capall bán ag an Taoiseach.

Nuair a thagann an dream so i sráid-bhaile siubhalann siad suas an sráid le ceól agus séideann siad adharcha. Tosuigheann siad ag an gcéad teach. Deanann siad leath-ciorcall díobh féin mór thimcheall an dorais. Tosnuigheann na ceóltóirí ag seinm ceóil agus cromann na rinnceóirí ag damhsa ar lich an dorais. Anfhaidh is a bhíonn an ceól is an rinnce ar siubhal coimeádann an Óinseach agus an Amadán go paisdí ó’n dorais. Anois buaileann beirt nó triur fear isteach san teach is deireann siad an rann seo:-

A Dreoilín, a Dreoilín, Rígh na h-Éan,
Fuair thú rug sa fuirs’ ar Lá ‘le Stiophan,
Tá sé beag, ach tá do chlann aige mór,
Éirighe suas a bhean agus chuir bíadh chugainn,
Suas leis an ciotal, amach leis an plata,
Agus fágann linn amach.

Má gheibheann siad airgead ó muinntear a’ tighe leigheann gach duine luíg is téigeann siad ag mársáil go dtí an céad teach eile.
Nuair atá an lá caithte, tagann siad le cheile go teach éigin is bíonn an-oidhche de rinnce aca. Tugann siad cuireadh do gach caílin ins an paróiste, chun teacht go dtí an damhsa seo. Caitheann siad an airgead a bhailligheann siad chun “togha gach bidh is nuadh gach dighe” a cheannach igcóir an damhsa”
Amannta freisin téighean siad amach lá Coille nuair nach mbíonn siad in-ann dul amach lá ‘le Stiopán.


Lá Fhéile Stiopháin (Gaeilge Iar Chonnacht)

Tuiteann lá Fhéil’ Stiophán ar an 26adh de mhí na Nodlag. Tá an chuimse gnásanna ag baint leis an bhféile seo. ‘San gceanntar seo téigheann buachaillí thart ó theach go teach leis an dreóilín ag cruinniú pighineacha. Bíonn cuid mhaith airgid acu i n-deireadh an lae ach caitheann siad go fánach é. Deirtear nuair a bhí Íosa Chríost agus an Mhaighdean Glórmhar agus Naomh Íoseph ag imtheacht go h-Éigipt ó shaighdiúirí Herod casadh daoine a bhí ag cur coirce i n-garraidhe leo. Dubhairt siad leis na daoine dá dtagadh saighdiúirí ar a thóir a rádh go n-deacha triúr thar an n-garraidhe nuair a bhí siad ag cur an choirce. Rinne Dia míorbhúilt san oidhche agus nuair a thánaig na fir amach lá ar na bháireach bhí an coirce réidh le baint. Is gearr go dtáinig na saighdiúirí. D’fhiafraigh siad de na fir an bhfacha siad aon triúr ag imtheacht thar an áit. Dubhairt siad go n-deacha triúr thar an áit nuair a chuir siad an coirce. Cheap na saighdiúirí gur b’in tamall maith ó shoin ach labhair an dreoilín agus dubhairt sé “indé indé.” Thuig na saighdiúirí céard a bhí i gceist aige agus lean siad ar an tóir. Sin é an fáth go leanann na daoine an dreoilín bocht gach lá fhéile Stiopháin.

Brenda Ní Mháille
Ros Muc
Iar Chonnacht Deas.


Lá Fheil’ Stiopháín: (Gaeilge Iorrais)

Seo é an lá tar éís lá Nodlag. Téígheann na daoine óga amach leis an dreóilín agus bíonn fear ceóíl leo, le h-aghaidh seinm in ‘chaon teach á rachaidh siad; agus nuair a bhéas siad ag fágháíl an tige déárfaidh siad an rann seo:

Dreóilín Dreóilín rí na n-éan
Is mór a mhuiriín is beag é féín
Éirigh suas a bhean an tighe
Agus beir ar láimh na sgeine buidhe
Is gearr an buillín thrí ‘na chroidhe
Is tabhair a chuid fhéin do’n dreóilín.

Tugann bean an tighe arán nó piosaí airgid do na gasúir annsin. Bíonn Pota gloine leis na buachaillí agus nead ann agus istigh sa neid deir siad tá an dreóilín.

Le Maighréad Ní Dhochartaigh
Port Durlainne
Iorrais.


Lá ‘lé Stiophán: (Gaeilge Cois Fharraige)

Tagann féilí chugainn gach bhlian agus is mó a chuireann mid suim i bhFéilé Lá ‘lé Stiopháin.
Roimhe Nodlaig bíonn na “múmírí” ag dul ó theach go teach agus bíonn siad gléasta go deas réidh. Bíonn siad ag damhsú is ag sheinm ceóil agus gheibheann siad airgead maith ó na daoine mar gheall ar san.
Tagann “buachaillí an dhreóilín” ó theach go teach ar bhFéilé Lá ‘lé Stiophán. Bíonn dealbh dreóilín aca agus ríbíní is píosá chraoibh air, seo. Bíonn siad ag glaodhach ar amhráin mar seo “An dreóilín, an dreóilín,” sé rí gach n-éan”. Tá scéal ag baint le sin: – bhí saghas troda idir dreóilín agus fioláir i dtreó’s go bhfúigheadh siad amach cé aca b’fhearr ar eitilt. Chuaidh an fioláir suas go hárd san spéir acht bhí an dreóilín ar a dhruim agus bhí an buadh aige san. ‘Sé an fáth a dtugtar “Rí na n-éan” air.
Gheibheann na buachaillí airgead ó na daoine agus annsin téigheann siad abhaile go sásta. Deirtear to dtagann gach “múmírígh” ó Loch Garmáin.

Pádhraig O Dubhghaill
Baile ‘n Páirceanna
Cois Fharraige
Iar Chonnacht



An Crann Dreoilín: (Gaelg Mhanainn)

‘S Crann Dreoilín an-thábhachtach air do sealgaireachd airsean na Dreoilean. Chuir daoibh ribínean air an crann agus dheunann daoibh ciorcalan móran faoi crann cuideachd, agus chuir daoine ‘n Dreoilean air an ciorcalan. Ach chan fheil éun beó, chan fheil éun fíor, agus chan eil é básamh. ‘S dheun é le chéil le daoine.

‘S shuibheal na Buachaillean Bána faoi tamall nan tighthe ‘gus chuir iad amhrán agus damhsa ‘nn air gach aon tighe nuair a tha iad ann, agus ‘s damhsa ciorcal (ciorcal damhsa / ciorcal damh) a tha shin. Tá Crann Dreoilín a-steach lámha páisde beag nuair a chuir ‘s déan na Buachailléan Bána ‘n amhrán agus tá ceoltairean leotha ‘nn cuideachd nuair a tha na craic ‘beó.



Dreoilín Rígh na n-Éan

Ins na laetha fadó chruinnigh éanlaith an aeir lá amháin mar gheall ar rí a thógáil a bheadh os a gcionn. Ghlac an t-Iolar an chathaoir agus thug óráid uaidh.
‘Tá a fhios agaibh uilig,’ ar seisean, ‘gur mise Rígh na n-Éan. Tá eagla ar gach éan sa tír romham agus tá sin mar is cóir.’
‘Druid suas,’ arsa sean-Phréachán a bhí ina shuidhe ar ghéag crainn. ‘Níl ionat ach scriosadóir,’ ar seisean, ‘agus ach ab é go bhfuil droch-shlaghdán orm phiocfainn na súile as do cheann.’
Thoisigh na h-éanacha eile ag gáirí agus chuir seo fearg ar an Iolar.
‘Ná cuir aird ar an amadán dubh sin,’ ar seisean. ‘Is maith leis a bheith ag éisteacht leis féin ag caint.’
‘Fan ort,’ arsa an fhuiseog. ‘An bhfuil aon fáth le gur chóir dúinn tusa a thógáil mar Rígh?’
‘An í sin an fhuiseog atá ag caint?’ arsa an t-Iolar.
‘Is mé,’ arsa an Fhuiseog.
‘Ba mhaith liom a rá,’ arsa an t-Iolar, ‘nach bhfuil éan ar bith láithreach a bhfuil níos mó measa agam uirthi ná an fhuiseog. Musclann a cuid ceoil mé go moch ar maidin agus éirím in am mhaith le a ghabháil ar lorg bídh.’
‘In am mhaith le cearca a ghoid,’ arsa an Préachán.
‘Coinnigh go socair,’ arsa an t-Iolar. ‘Má abrann tú focal eile cuirfidh mé an Seabhac ar do lorg.’
‘Is cuma liom sifín cocháin fán phéire agaibh,’ arsa an préachán. ‘Fhad is atá bhóta ‘gamsa ní bheidh ceachtar agaibh ina Rígh.’
‘Níl ach amaidí dúinn a bheith ag caitheamh an lae anseo ó tharla nach bhfuil muid ag déanamh obair ar bith,’ arsa an spideog.
‘Dhéanfaidh mise réiteach a shásós an t-iomlán agaibh,’ arsa an t-iolar. ‘An t-éan is airde a rachas ins an spéir, bíodh an t-éan sin ina Rí.’
Taobh amuigh den Phréachán shásaigh seo na h-éanacha eile go léir agus thoisigh siad ag eitilt.
‘An bhfuil tusa ag gabháil suas?’ arsa an t-iolar leis an Phréachán.
‘B’fhearr liom an bás ná do chuideachtasa,’ arsa an Préachán.
‘Dá mbeinnse ‘mo Phréachán,’ arsa an t-iolar, ‘bháithfinn mé féin.’
‘Ba mhór an trua an t-uisce a shalú le do chorpán,’ arsa an Préachán.
‘Suas linn,’ arsa an t-Iolar, agus ba ghairid go raibh siad as amharc.
Fhad is a bhí an t-Iolar ag scansáil leis an Phréachán shocraigh an dreoilín í féin ar a dhroim. Ní raibh a fhios ag an Iolar go raibh sí ansin ar chor ar bith. Nuair a bhí na h-éanacha eile h-uilig sáraithe bhí an t-Iolar níos airde suas ná aon cheann acu. Ansin scairt sé amach: ‘Is mise Rígh na n-Éan.’
‘Fan ort,’ arsa an Dreoilín. ‘Tá mise níos airde ná thusa agus ar an ábhar sin is mise Rá na n-Éan.’
Bhí an t-Iolar ró-sháraithe le a ghabháil suas níos faide agus bhí an bhuaidh ag an Dreoilín.



Dreoilín Rígh na n-Éan

Tugtar lá ‘le Stiopháin ar an lá i n-diaidh lae Nodlag sé sin an séamhadh lá fichid de mhí na Nodlag.

Coimeádtear an lá sin mar gach lá saoire ach níl sé ceangailte ar na daoine dul chun Aifrinn.
Eirigheann gach aoinne go moch an maidean sin agus bíonn súil i n-áirde aca le teacht buachaillí an dreoilín.
Tugtar buachaillí an Dreoilín ortha mar marbuigheann siad an dreoilín an lá san agus gheibheann siad tor chuilinn agus chuireann siad an dreoilín ar an dtor. Annsan gheibhinn siad ribíní páipéir de gach dath agus cuireann siad ar an dtor chun é do mhaisiú. Annsan chuireann siad éadaighe éagsamhla ortha féin agus deineann siad a n-aighthe do dhathú.
Fadó san dúthaigh séo do bhíodh gléas ceoil de gach tsaghas ag buachaillí an dreoilín, cur i gcás :- Consertína, orgán béil, ceaintín stáin agus uaireannta sáspáin agus do bhíodh siad a mbhualadh le chéile chun “drum” do dhéanamh ach ní bhíodh anois aca ach orgán béil.
Nuair a bhíonn siad ullamh roineann siad in a ngasraí agus tugann siad cuaird ar gach tigh sa pharóiste. Téigheann siad isteach sa chistin agus deineann siad gréas ceoil agus babhta rinnce do mhuinntir an tighe agus tugann siad san airgead dóibh.
Caitheann siad an lá mar sin ag dul mór-tímcheall an pharóiste ó thigh go tigh ag bailiú airgid do’n dreoilín mar dheadh.
Nuair a bhíonn an lá caithte aca ceannuigheann siad biadh agus deoch leis an airgead a bhailigheann siad agus bíonn fleadh agus siamsa aca san oidhche.
Seo an fáth go mbíonn siad comh anuas ar an ndreoilín mbocht. Fadó nuair a bhí na saighdiúirí ar thóir Naoimh Stiopháin tháinigh an dreoilín anuas ar an dtor in a bhí Naomh Stiopháin i bhfolach. Thosnuigh sé ag cantain agus do chuala na saighdiúirí é agus do thánaghadar go dtí an tor agus do fuaireadar Naomh Stiopháin agus do mharbhuigheadar é.
Tá sgéal eile leis i dtaobh an dreoilín, agus seo mar deireann na sean-daoine :-
Nuair a bhí an Leanbh Íosa ag teicheadh ó Hearóid, chuaidh sé féin agus a mháthair agus Naomh Seósamh tré ghort in a raibh na fir ag cur cruithneachtan. Ar feadh na h-oidhche d’fhás agus d’aibig an cruithneacht agus ar maidin lá ar na mbárach bhí na fir á baint. Tháinig na saighdiúirí agus chuireadar ceist ar na fir oibre ar tháinigh an tighearna an treo seo agus cathain? D’freagadar gur thánaghadar nuair a bhíodar ag cur an cruithneacht sin. Bhí an dreoilín ag éisteacht agus d’osgail sé a ghob agus dubhairt sé “Is indé do thánaghadar an treo seo”.

Nora Ní h-Airthnéadaigh
Sgiobairín
Iar Mhumhain.


Oidhche Stiopháin (Gaeilge Iorrais)

An lá indhiadh sin tugtar lá le Stiopháin ar, bíonn an lá sin againn mar cuimhneadh ar Naomh Stiopháin mar b’é Naomh Stiopháin an céad duine a fuair bás ar son an creidimh.
Do cuaidh na buachaillí óige amach ag dul thart ar fud na mbailte agus Dreoilín gléasta le ribiní agus le cuileann leo istigh mbosca agus do cuireadar sean éadaigh agus agaidh bréige ortha agus tógadar bata leo. Bíonn rann aca ghá rádh ag doras gach tíghe a tugtar rann an Dreoileán ar agus muna bfághaid siad airgid nó arán i gach tígh ní imteochaidh siad buideach.
Se seo an rann.

“Dreoilín, Dreoilín Rígh na n-Éan.”
“Is mór é a muirighin is beag e féin.”
“Éirigh suas a bean an tigh.”
“Beir an sgiain na coise buidhe”
“agus gearr amach píosa den Dreoilín”

Oidhche le Stiophan bhí a lán spórt i gach áit.
Nósa Oidhche Coille agus lá Coille.
Is é Oidche Coille an oidhche deirnach den mbliadhain. Bhí a lán spórt agaionn an oidhche sin do chuaidh na buachaillí óige amach do thógadh sean canna agus bataí leo. Bhí siad ag déanamh gleó agus clampair agus bí ceol acu fresin agus do bhí siad a cuir fáilte roimh an mBliadhain Nua.

Deireann na Sean Daoine (na sean) nach bhfuil se ceart chun uisge a thóbhairt isteach mar deirtear go bhfuil an t-uisge leath Fuil agus leath uisge.
An lá n-diaidh sin tugtar Lá Coille ar mar is é an céad lá den mBliadhain Nua. Deirtear fresin nach bhfuil sé ceart bean nó cailín dul isteach idtosach san teach mar ní bhéidh tádh ag muintir an tígh deirtear is ceart ceart buacaill nó fear dul isteach i dtosach san tigh.

Brígid Nic Aindriú
Sean a Chaidh
Iorrais.


Lá le Stiopháin (Gaeilge Lár Chonnachta)

Tagann lá le Stiopháin gach bliadhain ar an lá taréis la Nodlag. Téigheann buachaillí an dreóilín ó theach go teach ar an lá sin chun airgid a fhágháil i gcomair an dreóilín. Sul a thaganns an lá sin ceannuigheann na buachaillí go dtí an mbaile mór agus ceannuighidh cúig nó sé feasóig. Nuair a thaganns an lá gléasann na buachaillí i sean-giobalaigh agus cuireann siad an féasóg ar a éadain, ionnuis nach mbéadh fhios ag na daoine a chasfadh ortha cé’n daoine a bhéadh ann. Nuair a théigheann siad isteach i dteach tosuighid ag damhsa. Tugann muinntear an tíghe cúpla pighneacha dóibh agus annsin téigheann siad go dtí teach eile déanaidh an rud céadna. Nuair a thaganns an tráthnóna tugann siad an méid céadna de’n airgead do gach duine acú agus nuair a théíghid go dtí an mbaile mór ceannuighid milseáin nó aon rud eile atá ag teastáil uatha.

Mícheál Mac Ceoinín
Ceathramhadh-an-Uisge
Muraisg
Iar Chonnacht.


Lá Le Stíopháin (Gaeluinn Inis Cléire)

Do mharbhuigheadh na buachaillí go léír dreóilín gach Lá le Stíopháin agus do théidís isteach ins gach tig a’diaraidh cúpla pingin agus seo mar a deiridís:-

“Thugas mo dhreóilín cugat sa, a mháistrás, agus ní mar dhúil i leamhan ná i n-arán, ach nós atá in ár n-dúthaigh Lá ‘le Stíopáin, ”
nó díaraidís:-
“Thugas mo dhreóilín anoir ó Pháris, tá sé i mbarra maide agam agus staf a bháis ann. Tá sé maluighte agus is deacair é do shásamh, Is a ghasra a’ tighe seo cuiridh amach an tairgead, sul a n-deanfhaidh sé sib a cháineadh.
Dá bhfaighidís an tairgeadh d’iaraidís:-
“Slán beó chúghaibhse a lánmhú a’ tíghe seo,
Go mairfhidh sibh go deó chun go mbeidh sibh críona
agus chun go bhfásaidh an lua dhearg trí mhullach an t-seana thíge agaibh.”

Mura bhfaigheadh na buachaillí an t-airgead d’iaraidís:
Thugas mo dhreóilín ó cugat sa a chúpat,
A ceann gan innithin is a cloigean gan súile,
Ná sínir do chosa is ná crapair do ghlúine,
Agus go seacht míle measa i gcóir an Nodlaig seo chúghainn sibh.

Cáit Ní Drisceóil
Cumolán
Inis Cléire.


LÁ ‘le STIOPÁIN (Gaeilge Iar Chonnacht)

Ar an lá sin teigheann na buachailli thart leis an dreoilín ag bailiú airgid ó na daoine. Bíonn siad gléasta suas le tuighe, féar agus sugáin. Bíonn an dreoilín istigh i gloine acu. Bíonn an rann seo ar siubhal ag cuid acu,

“An Dreoilín, an Dreoilín, Rí na h-éanacha
Lá Fhéile Stiophaín fuair muid san aitinn é,
Lean muid suas é tré crainn is driseacha,
Chaith muid an maide agus bhris muid a dhruim
D’imthigh sé suas trid an siopa, suas leis an tulán
Agus síos leis an bpan
Tabhair dúinn ár n-airgead agus beidhmid imthighthe.”

Micheál Ó Liodáin
Ceathramhadh Garbh
Iar Chonnacht.


Lé Stíopáin (Gaeilge Inis Bigil)

Seó é ceann do na laethe bheannuigthe lé Stíopán. Bhíonn sport mór ag na paiste an lá bheannuigthe sin. Tigeann na bhuacaille bheaga tart gac ait ag cuirtú Dreoilín is ma ceapann siad é, marbhuigh siad é. Cuireann siad isteac i boisgin an dreoilín. Ann sin cuireann na buacaille crann mór suas san air is ceanglion siad an dreoilín den crann. Togeann siad go gac doruis ag iarraigh pigeannaca. Bíonn riobhuaim deasa go gac dat ag crocad on crann. Tugann gac duine pigeannaca do sa deiream. Deanain siad sgillean no as a ceann. Nuair tigeann siad abhaile cuireann siad an dreoilín. Nuair tigeann siad ag iarraigh na bpaineaca seó é an riam a bíonns acu.

Dreoilín Dreoilín rígh na n-ein
Is mór a bhuireann is beag i féin
Eirgh suas a bhean an tige
Craith an diobhal as do craóide
Beir ar an airgid bhuidee
Is tabair a cuid féin den dreoilín,
Fuair me lé Stiopan.

ó
Máire Uí Maile
Inis Bhigil
Báile a Chruac
Iorrais.


Lá’l Stiophán: (Gaeilge Iorrais)

Teidheann na gasúra thart annseo gach lá’l Stiopáin, beirt nó trúir le chéile. Ní bhéidh nios mó ná triúr in gac aon sgata. Béidh tor aitinne leó agus ribíní air acht ní bhéidh aon dreoilín ar an tor. Tiocfaidh beirt nó triúr go dtí an doras, annsoin beirt nó triúr eile agus mar sin de ar feadh an lae. Déarfaidh duine

“Dreoilín, Dreoilín, rí na n-éan
Is mór ‘do mhuirín, is beag thú féin,
Éirigh suas, a Bhean a’Tighe,
Beir ar cois na sgine buidhe,
Agus tabhair a chuid fhéin do’n dreoilín.”

Geobhaidh siad pinginn nó dhó agus imtheóchaidh siad leó.
Le cúpla bliadhan tigeann buachaillí móra ar gluaisteán, aghaidh fidil orra, gléis ceoil leó. Ní féidir a n-aithneachtáil. Ní bhéidh siad-san sásta mar bhfághaidh siad réál nó sgilling ins gach aon teach. Sé an t-airgead cuspóir na hoibre uilig agus ní hé an greann é.

Le Mícheál Mac Thámais
Dumha Thuama
Iorrais.


Lá Fhéile Stiophán (Gaeilge Lár Chonnacht)

Bíonn an-spóirt ag na buachaille óga Lá Fhéile Stiopháin níl aon lá eile sa m bliadhain act amháin Lá le Pádhraig a bhíonn an oiread spóirt acu leis an lá sin. Téigheann beirt no triur acu thart leis an n’dreóilín. An oidhce roimh an lá sin téigheann na buachaillí thart ar lorg an dreóilín. Lá Fheile Stiopháin annsin téigheann siad thart ó bhaile go baile ag lorg airgid.
Cuireann siad isteach i m’bosca é agus caitheann siad píosa aráin chuige. Téigheann siad thart ó teach go teach annsin leis agus abruigheann siad rann seo

Dreóilín dreóilín ríogh na
Is mór éa muirín is beag é
Eirigh suas a bhean an thighe
Agus tabhair pinginn nó
dó don dreóilín

In áiteacha eile níl siad chomh dutracht- ach agus a bhíodh siad fadó. Tagann Lá Fhéile Stiopháin ar an séadh lá fichead de mí na Nodlag. Sin é an lá indiadh Lá Nodhlag.

Máire Nic Aodhagáin
Cill Bhrighde
Ó
Mairtín Mac Aodhagáin
Cill Bhrighde.


LÁ FÉILE STIOPAIN (Gaeilge Iorrais)

Tágann lá féile Stiopáin í Mí na Nodlag: bíonn na buachaillí beaga ag imteacht leis an dreóilín an lá sin; bíonn craobh cuilinn ag na bhuachaillí agus bíonn an dreóilín béág ag cuidh acha. Lá é sin a tágann in onóir do Naom Stiopáin. Téigeann na buacaillí thart ag bailiú airgidh. Sé an fáth a dtéigeann siad thart inonóir do Naom Stiopán. Nuair a bhí Naom Stiopán ag rith ó na namhaidh fadó chuaid sé suas í gcrann agus bhí dreóilín tuas ins an gcrann agus dheirtear go bé is chiontac leis an Naom sin do marbhadh.

Máire Ní Clochartaigh
An Aird Mhór
Iorrais ‘s Iar Chonnacht.


Lá Fhéile Stiopháin (Gaeilge Chonnamara Theas)

Bíonn lá fhéile Stiophan againn ar an 26adh Mhí na Nodlag agus sé an nós a bhíonn ag daoine an lá sin ná na gasúir a chur amach ar fúid na tíre agus dréoilín a cur í gcrúisgín dóibh agus blátanna a chur thár timhcheall air agus na gásúir gléasta go deas. Bíonn ceól dá sheinimh aca. Bíonn béirt ar tosach duine le h-aghaidh an dreóilín agus duine eile le h-aghaidh a bhéith ag bailiú an airgid. Ag dul isteach ins chuile theach abhruightear an rann seo a leanas:-
Tháinig an dreóilín ag doras teach an tailliúra.
Bhuail sé buille air, is bhain sé clár as.
Mara n-déanaidh tú mó chasóg agus Bhelbhet le na chába.
Béidh mé ag gabhailt go mhaide ort.
Go mbrisfidh mé do chnáma.

Bairbre Ní Fhátharthaigh
Tír an Fhiaidh
Connamara Theas
Iar Chonnacht.


Dinnéar Mór ar Lá ‘le Stiophan (Gaeilge Eachréidh)

Bíonn lá ‘le Stiopain díreach thar éis Lá Nodlag. Teigheann na buachaillí thart leis an dreoilín agus iad ag rádh an rann seo:-

Dreoilín dreoilín rígh na n-éan.
Lá ‘le Stiopáin gabhadh an t-éan
Is mór é mo mhuinntear is beag mé féin
Dá bhfagainn-sa ceap rígh na n-éan.

Má bhíonn tú ag caoineadh lá Nodlag beidh tú ag caoineadh ar feadh na bliadhna ar fad.
Má theigheann tú a chodhlag lá Nodlag ní bhfuighidh tú aon bhlas de’n mart atá dhá ins na flaithis.
Is ceart teacht abhaile le h-aghaidh na Nodlag.
Is ceart dhá choinnle déag a lasadh oidhche Chinn.

Micheal O Mhaoldomhnaigh
An Chreig Bhuidhe
Baile Chláir
Eachréidh.


Lá le Stiopáin (Gaeilge Eachréidh)

Teigeann na buachaillí amach le dreóilín lá le Stiopháin ag bailiú airgid agus bíonn ceól acú mar seó

Dréoilín, Dreoilín rí na n-éan.
Lá le Stiopáin a fuar mé é.
Is mór a mhuinntír, is beag é féin
Dreoilin, Dréoilin, rí na n-éan.

Sorca Ní Bhriain
An Mhóin Ard
Cúl Árann
Eachréidh.


Lá’l Stiophán (Gaeilge Iorrais)

Ní itheann duine ar bith feóil an lá seo. Téigheann na paistí óga amach idir malraigh agus girseaca ó theach go teach leis an dreóilín. Déanann siad damhsa i n-gach teach agus bailigheann siad airgead. Bíonn siad gléasta le ribíní agus éadaigh aisteach agus bíonn aighthe fidil orta. Deireann siad an rann seo i n-gach teach.

Dreóilin, dreoilín, rí na n-éan,
Is mór é a muintear is beag é féin
Eirghe suas a bhean a tighe
Is tabhair a bheag nó a mhór do’n dreoilín,
Téigheann na daoine fásta thart freisin agus iad gléasta cosamhail le Santa Claus. Bíonn siad ag seinm ag damhsa agus ag bailiughadh airgid.

Seachtmhain o lá Nodhlag bíonn lá Nodhlag beag. An oidhche deiridh de’n sean-bhliadhain coinghbhuightear é cosamhail le Oidhche Nodhlag. An céad lá de’n bhliadhain nua sin lá Nodhlag beag. Bíonn féasta mór i n-gach teach an lá sin. Mas í bean an chéád duine a thagas isteach ar maidin deirtear nach mbéidh an t-adh ar an teach sin. Bíonn damhsa ag an aos óg an oidhche sin. Oidhche an cúigeadh lá bíonn dhá coinneall déág lasta ar an bhfuinneóig agus iad a rádh an paidirín. Lá’r na bhárach sin é an céád lá de’n Inid.

Pádhraig Ó Cearáin
Gleann Cuileann Íochtarach
Iorrais.


Lá ‘le Stiophán (Gaelg Acaill)

Bíonn na gasúirí beaga ag gabhail thart ó theach go teach leis an dreóilín ag iarraidh pingeacha agus an amhrán seo acu.
Dreóilín Dreóilín rí na n-éan
Lá Stioiphán gabhad é
Is mór a’ mhuighin is beag é fhéin
Éirighe suas a bhean an tighe
Beir ar sgian na coise buidhe
Agus gearr amach píosa dh’n dreóilín.

Le Cáit Ní Gallachobhair
Cnoc na Cneasach
Acaill



Oidhche Roimh Lá le Stiophán (Gaeilge Cearra)

Ar an oidhche roimh lá ‘le Stiopháin téigheann na buachaillí
thart ag cuartú gach bunstop ar an
mbaile agus bíonn siad réidh le dul an
bóthar maidin lá ‘le Stiopháin. bíonn an
dreolín istigh i mbosca acú agus eidheann
agus cuileann ag cumhdach an bosca. Seo é an
rann a bíos acu:

Dreolín, Dreoilín, rí n-éan,
Is mór é a mhuirighin, is beag é féin
Éirig suas a bhean a tighe, is bain an ghangaid as do chroidhe
is tabhair rud éigin do ‘n dreoilín buide.
In
áiteacha eile ‘siad na h-ógánaigh a bhíos ag
dul thart leis an dreoilín, bíonn a éadain
daithte acú agus- sean- bhalcaisí de éadaigh ionna
nach mbéadh aithne ag duine ar bith orra.

An oidhche roimh Ceadaoin a’ luachraidh déan
tar pancóga-, agus ar Dhomhnach Cásga bíonn
na pruthóga ar siubhal. Lastar teine
mor ar an mbaile agus bailiugheann an
t-aos óg chuici agus bíonn uibheacha rósta
ghá n-ithe. Ar Aoine an Chéasta, gearrann
gach cailín cuid dá cuid gruaige in onóir do
bhás Íosa Críost. Ar lá Bealtaine cuirtear
bláthanna thart ar an doras in onóir
na Maigdine Mhuire. Ar Oidhche Naoimh Eoin
lastar teinte cnámh ar gach creagán árd
ar an mbaile agus fanann an t-aos óg’
na suidhe ar feadh na h-oidhche ag damhsa
agus ag déanamh sprí.
Nuair a thagas Oidhche
Samhna bíonn an- spóirt ar siubhal ar
fud a’ bhaile. Bíonn na -buachaillí ag bris-
eadh cabáiste. bíonn tubán uisge i lár
gach urlár agus ubhall nó airgead ar an
tóin agus an duine atá indon breith an ubhall le ‘na bhéal is leis é.

Bríghid Ní Ging
Doire ‘n Daimh Dheirg
Cearra.


Lá ’l Stiophán (Gaeilge Iorrais)

Lá’l Stiophán bíonn greann mór ag na buachaillí óga. Téigheann sgata aca amach agus cuartuigheann siad an dreoilín agus má fhághainn siad ceann rachaidh siad thart ar fud na mbailte ag iarraidh beagán airgid don dreoilín.

Éamon Mac Giolla Mhártain
Cill Ardubh
Bail’ an Chaistil
Iorrais.


LÁ LE STIOFÁIN (Gaeluinn Iar Mhumhain)

Téigheann garsúin mór thimcheall agus dreóilín aca, ar bárr chrainn agus ribíní air. Diarraidh an té a mbeadh an dreóilín aige as é ag dul isteach an doras, amhrán mar seo:-

“Mór as Múire a chaileacht an tighe seo,
Céad moladh le Muire nach marbh sa chíll díobh
Ní bheadh aon úadh agam-sa igcúl cailleactain coidhche
Go bhfásfadh bille tré mhullach mo chroidín bhig
Tá dreóilín agamsa, agus carabhat óir bhuidhe fé
Fuaireas ar an mbaile seo i barr do ghóilín seo,
Teacht ar triall ar Shéamus Ó Donnchadha go Flaithibh ag ól díghe
Go buanfaí gradam é agus go mairfid sé nua shíos
Sí an lacha bhean mhúinte í ciuintais bhéasac
Toisfoileadh trá le triúir ban Dé agus molaim sí an tubhall gur múin a bhéanus,
Mór ar maidin duit a mharcaig chóirig
A fuar clú agus ceannas, as mar a glacaimse seo sin.
Tá an téan sa á spreagadh as dá labhairt gach nomeat.
Teacht ar triall ar Séamus Ó Donnchadha go glanadh sé scóirneach.
“Rinnrushaen” thíos a bheir mo ghasra,
‘a deir an dreoilin,
Fé shioch fé shneachta fé easba den cóir bhídh,
Bíos in a naice as ní rabhadar na gcómhnuidhe.
Níl claidhe ár leagadar ná go bhfuil agam a spreagadh ag an dreóilín bocht.
Dreóilín a thugas cugatsa a mháighistreas
‘S nílim i n-diúil led lionn ar an arán
Acht i n-dún i túgair ud do coimeád a bíodh ár n-dútaig Lá le Stiofaín
Óig mná cheannasach charthanach grádhmhar
Fear a stáit mhóir go mór ingrádh libh
Cuirfid lámh i bhúr bpóca as bídh a spóirt sa ráis leis,
Agus tugaid fiach an fheoil mar scóip dem’ ghearrcaig.

Séamus Mac Shéamuis Ó Donnchada
Achadh Tiobraid
Cathair Saidhbhín
Iar Mhumhain.


Lá ‘le Stiopháin (Gaeilge Eachréidh)

Lá ‘le Stiophán teigheann na daoine fásta ar cúairt. Teigheann na búachaillí thart leis an dreóilín agus bhíonn rann gá casadh acu. Bíonn an boiscín gléasta go deas le eidheann agus ribíní. Seo é an rann a bhíonns aca.

‘Dreolín, Dreoilín rí na n-éan,
Is mór é a mhuirín agus is beag é fhéin,
Lá Stiophán gabhadh é
Súas leis an citeal agus síos leis an bpan
Eirigh súas bean an tighe
Beir ar sgéin na cosa buidhe
Tabhair duinn píghin nó dá phíghin a cuirfheas é’

Bíonn an dreoilín beó ag go leór búachaillí. Cuireann síad isteach i lampa cár é. Geobhfhann síad seo níos mó airgead ná na buachaillí a mbíonn sé marbh aca.
Baluigheann siad airgead uibheacha agus arán. Bíonn síad amach ó mhaidin go hoídhche. Bíonn na búachaillí móra ag dul ó theach go teach an lá sin freisin. Bíonn gléas ceól acu agus damhsuigheann síad dreas i ngach tígh. Bíonn sean éadaigh orra. ‘Mummaers’ a thugann na daoine orra.

Micheál De Búrca
Cruim-ghlinn
Eachréidh



Lá le Stiopháin: (Gaeluinn Iar Mhumhan)

Tá de nós ag buachaillíbh óga dul le tor cuillinn ‘na mbíonn dreóilín marbh ó thigh go tigh ag bailiú an maidean sin. Bíonn an tor go gléásta le ribíníbh.
Canaid ins gach tigh
Dreóilín a fuaireas sa thíos ar an Innse
Fé bhrághaid cairrge agus carabhat síoda air.
Thugas sa díbh é a lánamha an tighe se
‘S go mba seacht mbfearr sibh um an dtaca so arís chughaibh.

Máire Ní Chúrnáin
Málainn
Cill Mhic Iarainn Thoir
Iar Mhumhan.


Lá le Stiophán: (Gaelg Acaill)

Geobadh na gasúir tart leis an dróilín sgata mór acú. Biodh an amhrán seo acú:-

“Dreóilin, dreoilín riogh na n-éan,
Lá le Stiophán ceapadh é,
Éirigh suas a bhean a tighe,
Agus beir an sgian na coise buidhe.
Agus gearr “slais” amach d’on dreoilín.”

Pádraig Ó Gallachobhair
Cnoc na Móna
An Corrán
Acaill.


Amhrán Dreoilín: (Gaeilge Eachréidh)

Dreóilín, Dreóilín, rí na n-éan,
Lá ‘le Stiophán do chapadh é,
Is mór é a mhuirighin,
Is beag é féin
Is dá bhfuighinn airgead,
Damseóchainn é.

Máire Ní Mheachair
Caisléan Uí Dhálaigh
Eachréidh.


LÁ le’ STIOPHÁN (Gaeluinn Uíbh Ráthach)

An lá i n-díaidh lae Nodlag ‘seadh lá le’ Stiophán. Téigheann sgata garsún timcheall an lá san agus aighithe fidil ortha agus bíonn craobh cuileann aca agus dreoilín beag marbh ar crocadh ar an gcraobh. Bíonn siad ag bailiú airgid agus an amhrán seó á rádh aca;-

“Dreoilín a fuaras-sa ar an ínse,
Fé bhrághaid cairrige agus carabhat síoda air;
Thugas-da chúgaibhé, a lánamha an tíghe seo,
Agus go mba sheacht bfeárr um dtaca so arís sibh.”

Le Mícheál Ó Súilleabháin
Eochair Mong
Cathair Saidhbhín
Iar Mhumhan.


In Onóir do Naomh Stiopháin (Gaeluinn Uíbh Ráthach)

Tuiteann lá ‘le Stiopháin an 26adh lá de Mí na Nodhlag.
Coimeada an lá san in onóir do Naomh Stiopháin.
Fadó do theigheadh na daoine móra amach agus chapaill admaidh aca, agus anois téigheann na buachaillí amach agus dreoilín na dtor aca, agus bíonn agaidhdthe feidil ortha.
Nuair a théigheann siad isteach go dtí dtig déireann siad.

Dreoilín a fuaras amuigh ar an Inse,
Fé bheul chairrge charabat síoda air.
Thugas seacht seachtmhaine á tharrac go dtí an port.
Eirigh a bhean a tighe, agus sin chughainn deoch.

Annsan tugann bean na cupla pinginí doibh in onóir do Naomh Stiopháin.

Leis Eibhlín Ní Shúilleabháin
An Chora
Gleann Beithe
Uíbh Ráthach
Iar Mhumhan.


Lá le Stiopháin- (Gaeilge Ceara)

Téigeann na buachaillí amach leis an dreoilín ag cruinniú airgead agus bíonn rann ar siubhail acú in gach teach.

Naincí Breathnach
Coill an Bhalláin Thoir
Ceara
Lár Chonnacht.


Lá Stíopán (Gaeilge Íochtar Chonnacht)

Lá Stíopán mharbhuigh na buachaillí dreóilín agus chuir siad isteach i gcanna í. Chuaidh siad thart ar an gceanntar arís ar lorg airgid Téighean siad go dtí na tíghthí nach dheachaidh siad chuca n-oidhche Nodhlag.

le Seán Mac Éinrí
An Leargain Mhór
Íochtar Chonnacht.


Lá Fhéile Stiopháin: (Gaeilge Eachréidh)

Is lá mór é sin in Éirinn go mór mhór imeasg na bpáistí. Tuiteann sé ar an séamhadh lá fhiched de mhí na Nodlag. Marbhuigheann na daoine óga dreóilín agus crochann siad ar bhárr bata é agus cuireann siad eidheann agus cuilinn ar a mhaide lé’n é a mhaisiú. Téigheann siad in a mbeirt nó in a dtriúr ag bailuighadh airgid agus leigeann siad go dteastuigheann an t-airgid uatha leis an dreóilín a chur. Teigheann siad ó theach go teach ag iarraidh airgid.

Le Tomás Ó Murchadha
An Sean Bhail’ Ard
Eachréidh.


Lá Stiofán (Gaeilge Eachréidh)

Fághann na buachaillí óga dreóilín agus cuireann siad isteach i n-éanadán agus cuireann said cuileann agus páipéara daithte thart ar an éanadán agus breathnuigheann sé go h-an deas annsin.
Teigheann siad thart ó theach go teach agus abruigheann siad rann ins na tighthe agus fágh- ann siad cúpla pighne ó na daoine.

Liam Ó Fíne
An Currach Mhór
Ceathramha ‘n Bhrúnaigh
Eachréidh.


LÁ FEILE STIOPHAIN (Gaeilge Cois Fharraige)

Theigheadh go leor daoine ag an Aifreann an lá seo fada, le mo chuimhne féin. Ní theigeann go leor ann anois. Ní deantar aon obair lá Feile Stiophain. Daoine nach ndeacha ag fiadhach aon lá eile sa mbladhain teigheann siad ag fiadhach an lá seo le madraib – cúití agus brocairí is mo a bhios aca. Teigheann cuid aca amach ag lamhac acht ní go leor é. Teigheann buacaillí óga thart leis an Dreoilín, cuid aca ag seinnm ceóil agus ag gabhail fhuinn agus ag damhsa ag cruinniú airgid agus iad gleásta neam coichianta agus aighte bréagach ortha. Bíonn an cuid is mo don áit saor an lá do le fiadhach ann le madaraí. Bhiodh na tighthe osta lán le sean daonaibh fada an lá seo ag ól agus ag imirt caírde. Lá mór é le cuairt , le ól, le fiadhach agus le damhsa agus ceol agus amhrainíocht go mór mhór san oidhche. Tá sceul ag na sean daonaibh annseo go raibh fear ann fadó agus chuaidh sé amach Lá Feile Stiophain ag obair ag tarraint adhmaid go Gaillimh. Níor mhaith leis an gcapall dul faoi an gcárr do an lá ceudna a go mba capall socar cineálta a bhí innti. Cuireadh faoi an gcárr i sa deireadh. Bhris sí a cos an lá ceudhna agus beigean í a caitheadh. Thainic iagus Lá ceudna an bhladhain in a dhiaidh sin agus chuaidh sé amach sa gcoill ag leagant crann. Thainic seanbhean chuige agus é ag dul amach an bóthar, nu cas sí leis in áit ecínte idir a theach féin agus an choill agus chomhairligh sí dhó iompodh abhaile. Níor ghlac e leis an gcomhairle. Chuaidh sé go dtí an choill agus an cheud coisineigh a thug sé ón bóthar go dtí an choill thuit sé agus bhris sé a chos. Ní dheachaidh sé ag obair aon Lá Feile Stiophain in a shaogal as sin amach.

Le Gearóid Ó Laidhigh
An Pollach
Cois Fharraige
Connamara Theas
Iar Chonnacht.


Lá le Stiophán (Gaeluinn Iar Mhumhain)

Teigean scata buachaillí mór thimcheall na h-áíte ó thig go tig ar an lá san ag bailiú airgid, bíonn high fedell agus púicín ar gach éínne. Bíonn drumaí agus ogan bheál aca leis. Bíonn na drumaí deánta de croiceann tirm-gabhair agus fonnsa adhmaid. Téigheann na garsúin óga agus na buachaillí aosta ins an dreóílín. Bíonn laír bhán agus gleás ceóil ag na buacaillí fásta. Bíonn cuid mhaith spórt aca idtig áírithe ins an áít. Bíonn a n-dóthain bídh agus díghe aca tar-éís an dreóílín leis an airgid a bhailigheann siad.

Seaghán Ua Murchadha
An Clochán
Corca Dhuibhne
Iar Mhumhain.


Lá le Stiopán: (Gaeluinn Iar Mhumhan)

An lá indiaidh laé Nodlag. Bíonn na garsuin go léir ana gnóthach ag déanamh drumana agus ag déánamh culaith deas i gcóír an lae sin. Nuair a thagann an lá bailigheann siad na scataí móra agus téigheann siad ó thig go tig ag bailiú airgid. Bíonn aghaidh feidil ar gach duine aca agus bíonn organ béal agus melógeon á sheimint aca. Bíonn na fir óga sa dreóilín leis agus bíonn láir bhán aca. Bíonn sí déánta le adhmaid agus cuirtear brat bán mór thimcheall uirthe.

Le Maitias Ua Dúbhda
Bail’ an Leacan
Corca Dhuibhne
Iar Mhumhain.


Lá’il Stiopáin (Gaeilge Iorrais)

Bíonn na buachailli beaga ag dul thart agus tom leo é gléasta suas le paipear daiththe agus ribíní daithte. Téigheann siad go gac teach agus deireann siad rann agus tabhaireann na daoine airgead dóibh.

An Rann
Dreolín, dreolín Rí na n-éan
Lá’il Stiopáin ceapadh mé.
Éirigh suas a bhean a tighe,
Caith an donacht as do chroidhe
Agus tabhair cúpla pighinn don dreoilín.

Fado ó shoin bhíodh na buachailli ag dul thart le málai ag iarraidh aráin.

Róise Ní Thachair
Droim Slaod
Baile Chruaich
Iorrais.


Lá le Stiophán (Gaeluinn Iar Mhumhan)

Tagann Lá le Stiophán ar an fichead séamnhadh lá do mhí na Nodhlaig. Air an lá san téigheann na garsúin agus na cailíní óga tímcheall an bhaile ó thigh go tig. Bíd ag seinm ceóil agus bíonn aighte-fidil ortha. Bíonn siad ag rádh amhrán éigin i gcómhnuidhe. Bíonn an Bhéarsa seo thíos ar siubhal aca.

“Dreoilín a fuaireas-sa thíos ar an Inse.
Fé bhrághaid cairrge agus carabhat síoda air.
Thugas-sa chúghaibh é a lánamhna an tíghe seo
Agus go mba seacht bhfeárr um an dtaca so airís sibh.”

Tugann muinntir gach tíghe pinginí nó rud éigin le n-ithe dos na buachaillí a théidheann tímcheall. Cuireann na buachaillí gach saghas éadach ortha féin. Bíonn capaill déanta d’adhmad ag cuid dos na buachaillí. Bíonn brat ag cuid eile aca agus ainm éigin curtha ar an mbrat aca. Téigheann na cailíní óga agis na buachaill óga san n-dreoilín agus téigheann na fir móra ann leis.

Máire Ní Gríbhthín,
Baile Móir
An Daingean
Iar Mhumhain.


Lá le Stíopoan (Gaeluinn Tuadh Mhumhan)

Lá le Stipoan baluigtear go leor airgead ar fuaid na tire. Bíonn na fearraibh amuigh ar sluag féin agus na buachaillí féin. Bíonn ribíní bán agus bhuidhe ar na fearraibh,, agus bíonn beirt fear ann an tamadán agus a bhean an oinseach. Bíonn a aghaidh dubh ionas na naiteneoch na daoine iad, agus bhíonn bfeilín agus orgán béil agus beirt ag sionamh ceol.

Bhíonn bata ag gach fear agus bíonn dhá báta ag an tamádán agus an oinseach agus borracha ceangháilte ar bárr an bata agus é lán de uisge agus aoine a caisfeá ar an mbótar léis bíonn an t-ámadán ag buileadh iad.
Teigeann sisear fear isteach sa gach thighe Bionn cuid aca rinnche agus cuid eile ag sionamh ceol agus deireann siad an amrain seó.

Dreóilín, dreólín, rí na n-éin
Do fhuireadh i imeasg na gcrann
Taimidh ag lorg cabair is biadh
Feach annso an teineán rí.

Seán O Cilltreáin
Dubhlinn
Tuadh Mhumhan.


Amhrán na n-Dreoilín (Gaeilge Cearra)

Lá le Stiopán, a gabhadh an t-Éan,

Da fhógadh sé a cheart beadh sé in-a rígh
Éirigh suas a bhean a tige, nár crádheigh
Dia do chroide, agus tabhair do chuid do’n dreoilín.

Le Máire Ní Dhochartaigh
An Priosún Thoir
Gleann an Dúin
Ceara.


Lá Fhéile Stíopáin (Gaeilge Eachréidh)

San gceanntar seo téigheann na buachaillí beaga ó theach go teach Lá Fhéile Stíopain agus an dreolín i mbosca déanta suas le cuilean agus le cleití
iol-dathacha acu. Deireann síad an rann seo:- Dreolín, Dreoilín, Rígh na n-Éan, Is mór é do mhuirín, is beag thú fhéin. Éirigh suas a bhean a’ tighe agus tabhair cúpla pighinn dúinn” ins na tíghe agus síad píghinn nó dá phighinn in ghach teach.

Leis Pádhraic Ó h-Annracháin
Ceathmharadh an Lathaidh
Eachréidh.