Gaeluinn Oir Mhumhain

Laethe

Lá crosta na bliadhna: Tá sin lá nas fada na bliadhain.

Rabantaí Geala na Caise: Bris nó sos san aimsir agus thar sin faoi Cásga.

Foghmhar na Géanna: Nuair a chruinnigh na biadh ‘s arbhar le chéile ‘gus chuir sin istigh an t-sabhail. Tá sin Foghmhar na Geanna.

Dhá lá deag na Nodhlag: eadar Lá Nodlaig go 6adh lá Eanáir (Lá Dóú Dhéag). Thánaig na daoine le chéile le tae le bricfeasta ‘s dinnear ar Lá Nodlaig ‘s Féile Bliadhain Nuadh, Thánaig ead le chéile le dinnear mór ar Dóú lá Dhéag. Annsin thosaidh iad ‘caoineadh faoi gan biadh mór tar éis sin le linn an bhliadhain:

An dha lá deag is mó creach ceat Nodlag.



Gleann Gabhla agus Gleann Bríghde

Bhí fear ann fadó ‘gus bhí rud éigin déanta ‘s an slighe aige. Ach ní bhfaighinn nisint cad a bhí déanta ‘s an t-slighe aige féin. Bhí namhaid á leanúint agus bhí sé ag dul i bhfolach arsna sléibhte an áit a bhfuil an, a n-glaonn siad Cnoc Mhaol Donn air.

Bhí a mháthair ina fhochair agus nuair a bhí an namhaid ag teacht dubhairt sé, dubhairt a mháthair leis, “Tá ‘n namhaid ag teacht!” ar sí sin lena mhac lena mac.

“Má thá,” ar sé sin léithi, “riothfaidh mise chun siúil.”

“Cad déanfaidh tú liomsa?” ar sé sin arsa a mháthair leis.

“Tabharfaidh mé liom tú ar mo dhrom,” ar sé sin léithi. Chuir sé a dhá cois in airde ar a cois léithi leis léithi ar gach gualainn leis. Agus bhí siad ‘ liobarnadh siar síos leis. Agus nuair a tháinig siad go dtí bun Ghleann Gabhla bhí siad go lé- bhí a cabhail go léir scaipthe aige fraoch agus ‘ge clocha as na gleannta mar ní raibh dada ar a ghualainn ach dhá chois a mháthar. Agus leag sé cois ar gach taobh den ghleann agus dubhairt sé leis féineach, “Baistfidh mise Gleann Gabhla ortsa ‘gus Gleann Brighde ar an ghleann eile.”

Sin é agat é anois.

le Séamus Ó Liatháin



Fear bocht i dTigh Ósta

Bhí mé ag dul ‘ dtí aonach Chluain Meala sa mBealthaine ‘g díol (dorn) caoire a bhí agam. Nuair a bhí mé ag teacht abhaile im thráthnóna chuaigh mé isteach go dtí tigh ósta a bhí ar an mbóthar. Bhí fear bocht istigh romham agus é ag ól pionta leanna. Nuair a bhí ‘n óltha aige tháini’ sé ‘mach ar an mbóthar. Agus tháini’ mise ‘mach chun dul abhaile. Dh’iarr sé roinnt airgid orm chun lóistín na h-oidhche a cheannach. Dubhairt mise leis go mba chórta dhó lóistín na h-oidhche a cheannach ar an airgead a bhí sé a chaitheamh sa tigh ósta.

“Ní bhaineas,” arsa é sin liomsa, “an dora-… an (solas) dod dhoras riamh.”

“Bhain-sa,” arsa mise leis, “agus an (áit) duit.”

“Cad a bhí agatsa?” arsa é sin liomsa.

“Bhí,” arsa mise, “mo dhóthain prátaí, cabáiste geal agus bagún.”
“An itheann tusa feoil?” ar sé sin liomsa.

“Dé chúis an cheist sin orm?” arsa mise leis.

“Mór an seó orm,” arsa é sin, “má itheann tusa feoil ná tachtfadh sé tú. Ní dóigh liom,” arsa é sin, “go bhfuil prátaí ná bágún agat, ná (tigh os) do chionn.”

Shin é mar a bhain dom féineach agus don bhfear bocht. Agus ní raibh sé ró-bhaoch díom nuair nár thug mé a thuilleadh airgid dó chun dul isteach go dtí ‘n tigh ósta chun a thuilleadh leanna a dh’ól.

le Séamus Ó Liatháin.



Sliabh na mBan

Conus a tugadh Sliabh na mBan mar ainm ar an sliabh.

In aimsear Fhinn a tugadh an ainm sin ar an sliabh. Do thárla bhí fonn pósadh ar Fionn Mach Cumhal agus ba dheachair dó a rogha do dheanamh agus an méid de cailíní uaisle áilne a bhí ann. Annsan do shocruigh sé ar sin mar seift Ní mór dosna cailíní áilne go léir rás do rith agus suas an sliabh a bhí an rás. Gheall Fionn dhóibh go bpósfadh sé an cailín a bhí ba túisge ag a bárr bhí sé in grád le Gránia, inghean Árd-Ríogh, agus sul ar thosnuigh an rás do tháisbeán se di an comhghar ó bhun an t-sléibhe go dtí an bárr. B’é Gránia an chéad chailín a bhí ag an mullach, an áit ina raibh Fionn ina shuidhe ag feitheamh leo.

Annsan do phós sé Gránia agus bhí bhí Sliabh na mBan mar ainm ar an sliabh ó shoin i leith.



Fionn Mac Cumhaill ar Sliabh na mBan

Sliabh na mBán mar a rinne Fionn a sheilge,
Inis domh a Oisín agus ná lig sinne faoí mealladh,
Cá mhéad fia thit ag Fíonn ag Sliabh na mBan?
Och a Phádraig ní ligimis na Fianna go,
Or níor bhréag línn riamh,
Ór bhí fírinne in ár chroí,
Neart inár n-géag,
Agus gníomharthai de réir ar mbriathar!



An t-Sean Bhean agus an Tig Bheag

Bhí sean bhean ann fadó agus bhí sí ina gcomhnuidhe i dtig beag in aice h-abhann. Oidhche amháin nuair a bhí í féin agus a mac sa leabhaidh d’airig sí guth amuigh ag béiceadh . Níor cuimhnig sí ar aon rud acht d’oscail sí an fhuinneog cún an duine a bhí ag béiceadh do feiscint. Ní feaca sí aoinne amuigh agus annsan glaodh sí ar a mac agus do innis sí a sgéal do.

Cuaidh an fear amach agus nuair a tháinig sé isteach bhí sé ag crioth le h-eagla agus a agaidh comh bán leis an sneachta agus nuair a bhí sé taobh istig d’en doras do thuit sé ar an úrlár.
Ó cad atá ort a mhic ars an mnaoi agus do rith sí cuige. Ó cur an glas ar an doras ars an fear. Ó na Bháinsí. Bhí eagla ar an mnaoi dul agus is ider lag agus seasamh a cuaidh sí go dtí an doras cún an glas do cur ar.

D’imhig an Báinsí agus níor airig siad í indiadh sin.

Le Mícheál Ó Dómhnaill.



Sgéal Greanmhar

Fear a tháinigh ó Baile Áta Cliat go Caisleán Nua chun talamh do roinnt. Do bearruigheadh sé é féin gach maidin is is minic fé dó sa lá. Cuaidh sé isteach i dtig ósta ar thaobh na sráide agus bhí tuirse air. D’ith sé a shuipeár agus do cuaidh sé na chodlad agus do chodail sé go sámh. Déirigh go móch ar maidin agus do glaoidh sé ar cailín aimsire chun uisge allo-bog d’fhágháilt chun é féin do bhearradh. D’oscail sé a mhála chun a rásúr do fagháile ach dia le m’anam ní raibh aon rásúr ann. D’fhág sé é i mBaile Áta cliath ar an mbórd sar a d’fág sé é. Chuaidh sé mór thimcheall na sráide ag lorg siopa bhearradóra. Ní raibh ceann acu ann. Bhuail fear leis ar an sráid agus d’iarr sé air siopa bhearradóra do thaisbáin do. Do shán sé bothán beag do ina raibh acu ann. Cuaidh sé isteach ach bearradóra na marbh a bhí ann. Dubhairt an bearradóir leis gurb é an chéad fear beo a bhearradh sé riamh.

Le Séamus Ó Neill.