Filidheachd Laighean

Paidir Urnaigh Aontacht éidir Clann Ua Broin ‘s Clann Ua Thuathail:
(1576):

Dia do réitioch ar gcarad, an Rígh (Rígh na bhFlaitheas) bhacas gach buadhairt, deigh-shliocht Seaghán mhic Réamuinn is mac Éamuinn Í Thuathail.
Atá aca ré chéile cardio nach éidir d’fholach, ní ‘s sia ná caoga bliadhan gan fheirg niata gan chogadh.
Fédaidh (Féadaidh) Dia cosc a bhfeirge, gan rún ceilge ‘na gcribhibh; gar réitioch d’fheirg na gcarad, an fhearg fhada ní dhlighid.
Eidir Aodh ‘s an dá Fhiachaidh ná reacthar briathar uatha, ‘s ná creideadh aoinneach eile gomadh deimhin a bhfuardhacht.
Sliocht Aodha nár thuill toibhéim, fir gan droich-mhéin ‘na gcribhibh, ‘s mac Airt nár thionnscain meabhuil, Dia dá seachna ar fheirg righin.
An dtuigid (ttuigid) ar n-aos grádha gurb é áithios a námhad a mbeith scaoilte ré chéile gan bharr réitigh gan chádhus?
Teagosc mar theagosc Thorna do Chorc cródha ‘s do rígh Niall do-bhéaruinn d’Fhiacha Ó Thuathail ‘s d’Aodh nár fhuathaigh beith fírfhial.
Anuid ar teagusc Torna fir bhorba fá lór tréine, Corc agus macraidh Macha, gan chor gcatha ré chéile.
Mar sin as cosmhuil don charuid dán cóir carthoin ar gceirde, Bheith réidh go gcead dá n-ollamh, gan chath, gan fhocal feirge.
An Spiorad Naomh ‘s an t-Athair ‘s an Mac lér gabhadh géirphian, go dtí (ttí) chugainn ré dísle grása an Trír-si éin Dia.

– le Giolla na Naomh Ruadh Mhac Eochadha.

(Sgríobh Giolla na Naomh Ruadh Mhac Eochadha ‘n dán seo mar d’iarruidh é do chur gach aon clann Gaedhealach Laighin ré chéile don aontaithe le chéile ‘n aghaidh nan Gaill ré Cogaidh na gComhaireachd (1480 go 1776). Sgríobh Giolla na Naomh Ruadh sin annseo sa bhliadhan 1576 mar d’iarruidh é don aontaithe Clann Ua Thuathail ‘s Clann Ua Broin go h-áiridhe gan amhras).



Teine Toigh Fiach mac Aodha:
Teine Bhaile na Corra: (Aibreán 1581):

Cionnus atá an treabh-so as-toigh,
‘Na bhfaicmís mná ‘gus macroidh,
Ré béalaibh (bélaibh) a múir a-muigh,
Ag dénimh lúidh is lámhnaigh?
Ó mhaidin go nél nóna,
Mar do bheith cúirt chomhóla,
Gáir bhan is macruidhe a-muigh,
Fán gcladh dtlacht-mhuighe dteasbhaigh (ttlacht-mhuighe tteasbhaigh).

Annsain dob fhiadh-nuisi sinn,
Ar dhuine ‘s gach aird d’Éirinn,
Ar beith dreas a n-doghruing sleagh,
Ag foghluim cleas is cluicheadh.
‘S ann budh mionca meic ríogh,
Gan dubhachas, gan dimbríogh,
Ag dáil a séd ar a son,
Ar gháir théd i n-a dtiomchal (ttiomchal).

‘S ann do bhíodh Fiachaidh féin,
Ar lár an bhrogha bhláithréidh,
‘S lucht daghmholta duan n-glan,
‘S sluagh arm-ghonta a n-other.

– le lámh’ Anaithnid.

(Ba dán seo sgríobh shíos ás déidh d’ionnraidh na Gall-Shagsannaidh istigh go tighearnas Ua Broin, agus nuair a chuir iad Baile na Corra chun teine san Aibreán 1581. Ba sin le linn Éirigh Amach Laighean, agus ba Baile na Corra ‘n phríomh-bhaile na Clann Ua Broin na Gabhal Raghnaill faoi cheannas Fiach mac Aodha Ó Broin. Ghabháil na Sagsanaidh an bhaile seo leis áir cruadh an-mhor, agus fhuair ciadta ‘s mílte Gaedheal neamh-chiontach bás le lámha Gaill annseo freisin. Cha rabh tháinig na Gaill ann nuair a bha Fiach mac Aodha ‘nn mar bh’ eagal an-mhor aca faoi gan amhras. Ba Baile na Corra h-áite cosanta ‘s shábháilte na bhFíor Gaedheal agus na Gaedheal go dtí ‘n t-ionnsaigh an-mhor uafasach annseo).



Mise Éire

(I)
Mise Éire:
Sine mé ná ‘n Chailleach Bhéarra.

(II)
Mór mo Ghlóir:
Mé a rug Cú Chulainn cróga.

(III)
Mór mo Náire:
Mo chlann féin a dhíol mo mháthair.

(IV)
Mór mo Phian:
Bithnaimhde do mo shíorchiapadh.

(V)
Mór mo Bhrón:
D’éag an dream inar chuireas dóchas.

(VI)
Mise Éire:
Uaigní mé ná ‘n Chailleach Bhéarra.

le Pádraig Mac Piarais.