Domhnach na Slat

Domhnach na Pailme (Gaeluinn na Déise)

Bhí Domhnach na Pailme againn an Domhnach seo caiththe. Aon Aifreann amháin a bhí sa séipéal an lá sin agus bhí soisgéal an-fhada ann.

Is é an sagart paróiste a léigh an t-Aifreann an lá sin. Do bheannuigh an sagart an Phailm roimh an Aifreann. Tar-éis an Aifrinn thug na buachaillí a bhí ag freastal an Pailm amach do na daoine chun é do thabhairt abhaile leo.

Chuaidh fear ó’n Rinn fé dhéin na Pailme siar go dtí Drom Anna. Tar éis an Aifrinn bhí beannacht sa séipéal agus bhí a lán de’s na scoiláirí ag amhrán agus cuid de’s na daoine móra leis. Bíonn Domhnach na Pailme againn gach aon bhlian roimh Domhnach Cásca. Cuireann cuid de’s na fir agus cuid de’s na buachaillí craobhacha Pailme ar a gcuid gcasóga an lá sin. Nuair a bhí an Pailm beanuighthe ag an Sagart chuir sé dhá píosa dí ar an Altóir. Sé an cúis a bhfuil an ainm sin ar an Domhnach roimh Domhnach Cásca. Mar ar an lá sin bhí Íosa ag dul isteach go h-Ieriusaílúim agus nuair do chonnaic na daoine é. Do chaith siad pailm ar an mbóthar roimhe agus ó shoin i leith tá Domhnach na Pailme mar ainm air. Deirtear aon tigh ina mbeadh an pailm sin nác bhfuighead aoinne é do chur tré theine. Cuireann cuid de’s na daoine an phailm anáirde ar na pictiuirí.

Máire Ní Thallachán
Cairraig A’ Mhadra
Na Déise



Domhnach na Slat (Gaedhealg Thír Eoghain)

Ar Domhnach na Slat achan bhlían bíonn slatacha le na daoine chun Aifrinn le cuimhne a coinneál ar an lá a shiubhal ar Slanuighthe-óir go luthghara fríd Iuraselem. Seo sean gnás ag na Gaedil i gcomhnuidhe. Giotaí crann a bheas leó in Éirinn ach i gcómhnuidhe bionn “SLATACHA DUBHA” leo fosta. Indhiaidh iad a fhaghail coisre-eachta, ag an Aifreann, fágann síád na slatacha dubha le triomiú agus annsin deanann na daoine FAINNEADH dobhtha.

(LÉARÁID FÁINNE)
Tá seo trí nó ceithre uair níos mó nó an méid ceart.

Pádraig Mac Ailín
Ailt an Leathan
An Clochán
Cill Taobhóg
Tír Chonaill



Naomh Bríghid agus Domhnach na Slat (Gaeilig Ros Goill)

Níl moran rudaí ins an am i lathair go bhfuil meas fé leith ortha, ach tá rud éigin crochta i n-áirde i ngach teach, cibé an rud é. Bíonn amanna spéisialta ins an bhliadhain go bhfághtar na rudaí sin mar ag Féil Bríghde. Oidhche Fhéile Bríghde ghnidheann muid croiseanna in onóir do Naomh Bríghid.

Ghnídhtear croiseanna Bhríghde do fheadga, ‘gus cuirtear ceann in áirde ós cionn gach dorais ins an teach agus cuirtear ceann ós cionn dorais gach uile bhoithigh. Ba í Naomh Bríghid an chean duine a rinne crois de na fheadha ariamh. Uair amháin bhí Bríghid ag siubhal amuigh. Nuair a bhí sí ag gabhail thar teach a bhí ag taobh an bhealaigh mhóir, cualaidh sí glór beag uaigneach mar bhéadh duine ag fághail bháis. Rith sí isteach go tapaidh. Bhí Págannach i n-a luighe astoigh agus gan aige acht é féin. Thoisigh sí ag innse dó fá Íosa Chriost agus fá’n dóigh a bhfuair Sé bás ar an chroich.

Ní rabh fhios ag an Pháganach goidé an rud crois agus le teasbaint do goidé an seort rud é crois rith sí amach. Bhain sí grainín feadha agus rinne sí crois asta go tapaidh. Chreid an Págannach i n-Dia agus sul a bhfuair sé bás bhí sé ‘na Chaitliocach. Ó’n lá sin go dtí an lá indiu ghnídheann na daoine croiseanna in onóir Bhríghde.
Bheireann daoine pailme leó go Teach an Phobail le iad a fhághail coisrioctha gach Domhnach na Slat, in onóir do ár Slághnuighthear. Cuireann na daoine cuileann isteach in a gcuid toightheach Oidhche Nodlag. Cuireann siad an chuileann isteach ins na fuinneogaí agus áiteacha eile fríd an teach crochta ar na ballaí.

Róise Nic Pháidín
Dumhaigh
Ros Goill
Tír Chonaill



Féill Bhríghid agus Domhnach na Slat (Gaeilig Ros Goill)

Ta leár toightheah sa’n cheanntar seo, ‘gus tá leár rudaí ionnta, a bhfuil meas mór ag na daoine ortha. Bíonn cuid mhór rudaí acaí a bhíos ag baint le naomh éiginteacht. Da dteighthea isteach i dteach ar Oidhche Fhéile Bríghde, bhéad preataí brúighthe acu agus bhéadh na daoine ag déanadh croiseanna in onóir de Naomh Bríghid.

Bíonn na croiseanna seo déanta de fiadhacha agus chuirtear é ós choinne an dorais le ádh a chur an na daoine atá ins an teach. Chuireann na daoine ceann amuigh ag taoibh cró na gcearc agus ceann eile ag taoibh an bhóithigh.

Deirtear go gcuireann crois Bhrighde ádh-maith ort le ceann beag a dhéanamh duit féin, agus é a choinnéail i do phóca gach áit a mbíonn tú ag gabháil. Deir na seandaoine go rabh fear ag gabháil as an cheanntar seo go Doire agus bhí aige le siubhal rith an bhealaigh. Bhí crois Bhríghde aige in a phóca agus chuir sé ádh maith air. Ní raibh sé i bhfad ar an bealach gur casadh aingil air agus bhí sí leis go dtainig se ‘na bhaile arís.

Beireann na daoine ‘steach bláthanna ar an chead lá Bealtaine ‘gus chaitheann siad iad ag an doras fáilte a chur roimhe duine ar bith a bhéadh ag teacht isteach.

Nuair a thiocfadh Domhnach na Slat bheireann na daoine pailme isteach go dtí an teach le ádh a chur ar an teach agus ar na daoine atá na gcomhnuidhe ins an teac sin. Sul a dtabhrann siad na pailme go dtí an teach caithfidh na daoine iad a thabhairt go dtí Teach a’ Phobail, le iad fhághail beannuighthe.

Anna Nic Giolla Brighde
Na Dúnaibh
Tír Chonaill



Piotúir faoi Domhnach na Slat (Gaeilig Thír Chonaill)

Tá meas speisialta ag mo mhuinntir sa bhaile ar pioctúir atá aca. Tá sé i dtaisge aca agus bheir siad an áire go bráthach dó. Is é Pioctúir an “Muirighin Naomhtha” atá ann agus tá sé aca i gcuimhne duine a fuair bás. Ní leigfeadh siad duine ar bith ina chóir ar eagla go mbriseadh siad é. Bíonn meas speisialta aca fosta ar uisge a bheireann siad abhaile laethe áirithe as toibreacha beannuighthe. Bheireann siad uisge abhaile as Tobar Cartha nuair a bhíonn siad ag siubhal an turais ar an 4adh lá de Mhárta an ‘uile bliadhain.

Tá Tobar Cartha suidhthe ar taobh na láimhe clé ar an bealach atá ag gábhail ó Cill Cartha go Baile an Teampaill. Beireann siad canna nó buideál d’en uisge sin abhaile agus coinnigheann siad cuid d’en uisge fá fhoinne leigheasannaí nó daoine tinne agus ólann siad cuid de fosta. Bheir siad uisge abhaile as Tobar Phádruig ar Lá Fhéil Phádruig. Coinnigheann siad an h-uisge sin istigh agus bíonn án-mheas aca ortha ar fad. Nuair a tig siad abhaile leis na pailmeacha Domhnach na Slat crochann siad na pailmeacha i n-áit eighinteacht ins an teach. Coinnigheann siad iad i n-onóir d’on uair a bhí na daoine amuigh roimh Íosa agus pailmí in a gcuid láima aca agus ag rádh, “Hosanna do Mhac Dáibhidh”.

Máire Ní h-Asgáin
Tamhnaigh,
Cill Chartha
Tír Chonaill



An Leigheas (Gaeilig Thír Chonaill)

Coinneál Beannuighthe a thabhairt leat agus né a chur trí h-uaire thar a chorp agus é a chur trí h-uaire thar a druim agus isteach eadar a ceithre cosa agus slathacha Domhnach na Slat a chuir isteach i gcanna agus a doghadh faoi an ceann.

Corda a thabhairt leat agus snaidim na Peiste a deanamh trí h-uaire ar a dhruim.

Briain Ó Domhnuill
Tearmhair
Inbhir
Tír Chonaill Theas



Pailm (Gaolainn an Bloscaod Mór)

Beannuightear í seo Domhnach na Pailme. Ceangluigheann na mná iad i na n-gúnaí agus cuirid isteach i mbun fáthmach a n-gunaí iad. Cuireann na sean-daonne i bpócaí a mbrístí agus na hataí í. An té go mbíonn sí seo ‘a chaitheamh aige, bíonn an t-olc i bhfad uaidh.

Máire Nic Ghearailt
An Bloscaod Mór



Rudaí Domhnach an Pailme (Gaeluinn Tuadh Mhumhan)

Fadó do dheineadh na daoine croiseanna d’adhmad nó de chloich agus crochtai suas iad laetheannta airighthe. Sé an fath go gcrochtar suas iad na chun onór do thabhairt do’n naomh san. Tugtar isteach tor an oidhche roimh lá Bealtaine agus croctar de’n sileal é ar feadh na bliana, deirtear nach mbeadh an t-ádh leat dá dtabharfaí sgeach geal isteach. Um Nodlaig tugtar isteach cuileann agus lastar coinnle. Domhnach na Pailme gheibhtear pailm ins an Séipeal. Roinntear amach é imeasc na daoine i n-diaidh an Aifrinn.
Bhi brat aluinn ag Naomh Brigid. Theastuig talamh uaithe agus cuir sí ceist ar fear saidhbhear lá amháin. Dubhairt seiseann go bhfaigeadh sí talamh ar aon fairsing le’n a brat. Sin an brat ar fuaid na tíre ar fad.

Eibhlín Ní Ghiolla Seanáin
Baile Uí Eoghanáin
Tuadh Mhumha



Domhnach na Pailme (Gaeluinn Uíbh Ráthach)

Pailm tar éis Aifreann do chaitheamh ar hata nó ar chóta. Coinnle, Pailm agus Uisce coiscrecan ins gach aon tigh. Bíonn coinneall bennuighthe ar lasadh le linn annróid mar stuirm, tóirthnighe nó gála.

Fionán Ua Muircheartaigh
Cill Mhic Iarainn Thoir
Uíbh Ráthach
Iar Mhumhan