Is maith an bhean Muire Mhór

Is maith an bhean Muire Mhór,
Máthair ard-rígh na Sluagh Síor,
Is iad a grása ’s gnáth lán,
Bean a chuir fál faoi gach tír.

Bean í dá gclaonann ceart,
Bean is mó neart is brí,
Bean is boige faoi ór-dhearg,
Bean le gcoisctear fearg an rígh.

Bean a bheir radharc do dhall,
Bean is treise thall ar Neamh,
Bean a thóg mo naimhde díom,
Bean is díon dom ar gach cath.