Lúireach Phádraig

Críost liom,
Críost romham,
Críost ar mo chul,
Críost ionam,
Críost fúm,
Críost os mo chionn,
Críost ar mo dheis,
Críost ar mo chlé.
Críost im’ luí,
Críost im’ shuí,
Críost im’ éirí dom.

Críost i gcroí gach duine a smaoiníonn orm
Críost i mbéal gach duine a labhraíonn liom,
Críost i súil gach duine a fhéachann orm,
Críost i gcluais gach duine a chloiseann mé.