Maighistreas Cól

(I)
Is aoibhin sáimh a’s is suairc gach lá
Planda an t-séin nár léar léi ach sport,
Maighre na súl glas, péarla na lúb cas,
‘S léithese dúiscfidh an Chúirtse ó bhrón.

(II)
Cúl na mbachal deas fáinneach,
Rún gach duine sí an stáid bhean
‘S éifeachtach binn í, ‘s léidmheach grinn í,
Siúd i an leanbh a shiolúigh ón aicme ‘en ard-fhuil mhóir.

(III)
Réir mar deir gach uile dhuine i n-éifeacht intleacht,
‘S tréitheach binn bhéasach grinn cheart a glóir:
Madam Cól sí ‘s sgafánta
Síne dheas is galánta sí mo mhian ar mhnáibh.

(IV)
Ce bé bheadh tinn san áit so,
Muna bhfuil duine bhí milte ó náduir,
Leighistear sa ‘chúirt seo, sin éifeacht na cúise,
Líon anois an ghloine is biodh a sláinte gá h-ól!

Le Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin (1670 go 1738)

(Sgríobh Toirdhealbhach an píosa bardachd nó ceol eadar 1718 gu 1719 b’fhéidir. Rinn é sin i n-onóir na chara mhaith leis as Fear Manach agus bha Maighistreas Ní Chól nó Cól an t-ainm a raibh uirthi. Bha do chlann aici tighearnaí talamh gharbh, ach bha sí daoine dheas gan dabht mar sgríobh Toirdhealbhach an píosa seo fuithi.)