Sagart agus an Bhean Gallda

Bhí bain-treabhach ins an áit seo. Thóg sí triúr mac. Deir duine acu léi maidinn amháin. “Tá do chuid talamh ró-chaol ar n-a thriúr. Tuitfidh sé ‘r dhuine aghainn a ghabháil i bhfad ar siubhal. Má tá tusa sásta liom. Tá mise sásta mé féin a bheith ‘na shagart.”

Bhí an bhain-treabhach seo sásta a leithéid a theacht ‘na chionn. “Dheanfaidh mise mo dhícheallt chun cuidiú leat.” Rinn siad réidh annsin é. Chuir siad ‘na coláiste é. Nuair bhí seacht bliadhna thart annsin, tháinig sé arais ‘na mbaile. Tháinig na comharsana ‘lig ag amharc air, beirt agus triúr ‘gabháil ar a n-iúl, ag amharc ar an t-sagart dheas seo.

Bhí bean gallda ins an áit seo. Deir sé le n-a h-athair, “Gabhfaidh mise ‘g amharc ar an t-sagart dheas seo. Fora dteachaidh sé ‘na coláiste bhí mise ar sgoil leis. Bhí mise ‘s eisean sa leabhar amháin.”

Thug a h-athair ordú do’n fhear chóistí i ‘thiomáint. Nuair tháing sé (sí) chuig an toigh bheag, bhí céad míle fáilte aige di. Thug sé isteach ins an tigh bheag í, ‘n áit thug sé ithe ‘gus ól dí. Bhí comhluadar fada acu araon. Deir sí leis an t-sagart dheas seo, “Tá mise ‘tabhairt comhairle ort i n-am. Stadáil thusa ‘nois. Tá saoghal bocht cruaidh aige sagart, ag éirghe ins an oidhche ‘s ag siubhal ins an lá. Nárbh fhearr duit pósta ‘r bhean? Ghlac mé féin mar thaiseadh? Tá ‘fhios aghat go bhfuil mo chrodh go mór. Tá deich gcéad ins an bliadhain agham agus dúthaigh.”

“Dá mbeadh dhá chéad (dhá mhíle) ins an bliadhain agat agus dúthaich, cha phósaim-sa bean-gallda go bráth. Glacfaidh mise leis an t-saoghal bocht cruaidh seo ‘tá agham (agam).” D’éirigh sí chuig a cos ag gabháil ‘na mbaile. D’iarr sí póg ná beirt air. Dubhairt sé nach bpógfadh sé bán (gallda) go bráth. “Ach bhéarfaidh mise duit-se rud nas fhearr, mo sheacht míle mBeannacht.”

Ina sé mhí ‘na dhéi sin, fuair sé litir fhada uaithi. Dubhairt sí ins an litir go gcaithfeadh sé í ‘phósadh. Maidin a thriail, rachadh sé go dtí do chroidhe ‘g amharc ar a dhreatháir bocht ‘s a mháthair bhocht, an bheirt ag teacht cosnochttha chuig a’ thriail. Sgairteadh ar aghaidh a’ thriail annsin. Ní rabh fiadhnaise aige ó Righ nan Glóire. Labhair an fear uasal amach:

“Ná nach bhfuil tú ‘gabháil a phósadh an bhean seo? Goidé tá ionat-sa ach mac mná boichte atá bocht ‘s cruaidh? Nach é do (atá) onóir a leithéid seo bean gallta a fhagháil?”

“Char dhubhairt mé riamh go bpósfainn í. Cha phósaim i go bráth. Glacfaidh mise leis an t-saoghal bochd cruaidh seo ‘tá agam.”

Cha rabh na focla seo ‘bhfada ráidhtiste nuair tháinig fear ag marcaidheacht mar an gaoth. “Sgairt ar aghaidh an thriail seo. Cha rabh mise annseo i n-am.”

“Mise ‘fhagháil an phósta (athair an pháiste) ‘n áit an sagart deas. Thug sí deich gcéad damh-sa ‘n oidhche a fuaireas a pósadh agus gheall sí deich gcéad eile ach gan trácht air.”

Labhair an mhaighre bhán seo: “Saoráil Dia mo pháiste. Thaispeán sé an cás go glan. Tá an ruifín gaibhte cionntach is na sagart deas seo saor.”