Beannacht ort, El Mahdi

(I)
Mo bheannacht, El Mahdi!
Mo bheannacht ort aríst!
Go dtuga Allah cabhair duit
Ag cur do namhad síos!
A shaoi! A shaoi! Tá agat guidhe
Tréan-Gaedhealach (Fíor Gaedheal) an domhain;
Go mbeidh do thír gan mhoill go saor
Ó iomarghó ‘n leoin.

(II)
Seo fógra duit, El Mahdi,
Seo fógra carad fíor –
Ná déan aon chonnradh síochána
Le Sagsanach go síor
Tá agat ceart in aghaidh neart –
Is mealltóir náireach Seán –
Ná glac aon duais ar son do chúis’,
Ach saoirse buan amháin.

(III)
D’éist sinn le Seán, El Mahdi,
Go minic d’éist sinn leis,
Chreid sinn geallta thug sé dúinn
Ach d’oibrigh sé ár sgrios.
Óir i n-gach geall rinne sé feall,
Bhris sé iad gach tráth, ‘gus tá bpian,
Le seacht gcéad bliadhain,
Níos géire ‘fás gach lá.

(IV)
Ach i do chúis, El Mahdi,
Tá croidhe na n-Gaedhealtachd leat,
‘Gus le do chlann tá ‘troid go teann
Do shaoirse faoi do bhrat.
Tá fear is bean, tá óg is sean
Ó thoir go Bearnas Mór,
Ag guidhe chun Dé, go gcuiridh Sé
Do leithéid dúinn mar threoir.

(V)
Buail leat! Buail leat, El Mahdi!
‘S na stad ón troid go deo,
Chomh fhad is tá aon Sagsannach
I dtír do dhúthchais beo,
Buail leat! Buail leat!
‘Gus coinnigh brat
An Fháidh go h-ard sa n-gaoith;
Go mbéidh gach béal ag glaoigh an sgéil;
“Tá Éigipt saor a choidheach’!”

 

Le Pádraic Ó Beirn.

(Sgríobh Pádraic an amhrán seo nuair a d’fhoghluim sé faoi Cogadh Saoirse na Mahdi san Afraig an Oir eadar 1881 go 1899. D’éirigh El Mahdi ‘mach in aghaidh na saighdeara dhearga sa bhliadhain 1881 nuair rinn na Sagsannaigh an ionnsaigh mór do ghabhail air. Ach chuaidh Saighdeara ‘s Óglaigh Mahdi ar an ionnsaigh in aghaidh na Gaill, agus chuir iad eadar 400 go 500 Gall bás ann i gCath na h-Aba. Thosaidh an Cogadh Saoirse na Mahdi ‘mach i ndhiaidh sin, agus chuaidh sin ar aghaidh eadar 1881 go 1899. Bhuaidh iad cathanna ‘s ruaigeanna gach aon ám in aghaidh na Gaill eadar 1881 go 1885. Throid na h-Óglaigh Mahdi ‘n aghaidh na Sagsannaigh, na h-Arabaigh agus na Turcaigh le bliadhanta fada, ‘gus thánaig iad faoi n-ionnsaigh as Gaill eile ó ám go h-ám fosta. Ba siad ‘troid le fíor saoirse na Daoine Dhúthchais na Súdáin nó na Súdánaigh. Ach fhuair siad bhristeadh le lámha ‘gus sluaighte Sagsann eadar 1898 go 1899, agus ba mór an truagh sin gan amhras. Ach chuir iad cogadh ‘s troid an-mhór in aghaidh Sagsann, agus thug iad spiorad láidir chun ar na Gaedheil mar sin fosta.)