Caoineadh Chuimhne na h-Art Óg, Pádraig agus Briain Mhag Mathghamhna

(I)
Trom tubaisd’ ar Shíol gColla,
Caomh-chlann Eochaidh Mór a mairg!,
Dá n-goin i gcathaibh ‘s i gcliathaibh,
Tuir aon Achaidh iath-ghlain Airt.

(II)
Tuitios Fiachaidh flaith na Banbha,
Le borbghail na gColladh gcruaidh;
Do lean as a los a leat-trom,
Cleas ro clos fár chneadh-throm sluaigh.

(III)
Fala Fiachaidh aird-ríogh Éironn (Éireann),
Éiric nachar naisgeadh riamh,
Tá dá dhíoghail ar an druing-se,
Fáth fá ríomhthar tuirsi triath.

(IV)
Má mhaith Muireadhach a dtromchoir
Do thrí Collaibh Chraoibhe Liag,
Na fir dob fhearr fochain dhiomdha,
Do mheall sochair iomdha iad.

(V)
Trian gach cóigidh, cáin gach baile,
Buannacht bhunaidh, gabháil giall
D’anáir aca tar Clainn Amhláimh,
Daltáin tacha tíre an triar.

(VI)
Toiseach suidhe ag Síol gColla
Ó Chloinn Amhláimh theas is tuaidh,
Tús luighe ag laochraidh Eilge,
‘S tús muighe a meirge fuair.

(VII)
Tosach ibhe agas ionnlait,
Ag ua n-Eachaidh uas gach druing;
Dol i gcomhairle madh ciontach,
Cor connailbhe croidhe Cuinn.

(VIII)
Gan íoc i bhfuil acht i bhfionghail,
Ó fhéin Oirghiall na n-greagh mear,
Nó geimhiol cruaidh ar chois curaidh,
Feadhain fuair ó Ultaibh gean.

(IX)
Dlighidh ag dol i dtír bhiodhbhadh,
A mbeith roimhe fhearaibh Fáil,
A mbeith dhóibh ‘na ndiaidh ag filleadh,
Slóigh go ngliaidh i n-grinnioll áigh.

(X)
Ór fá bhráighdibh na n-giall gabhthar,
Ó ghasraidh úir na n-arm sean,
Cinn óir ar a gcloidhmhte corra –
Tinn a dtóir ó ghonaibh sleagh.

(XI)
An té ‘s sine ‘r sliocht na gColla,
Cumhain liom gur dó is dual,
An t-síoth do shnadhmadh nó ‘n cogadh,
Fríoth ‘na n-gairm gan obadh? uadh.

(XII)
Lámh dheas airdríogh an fhuinn Fhódla,
Fad a chruibh ‘s a chuilg nach gann,
Óna thaobh, is tuig gur sochar,
Nach suidh aon ‘na fhochair ann.

(XIII)
Cosnaid cumairc’ ar feadh bliadhna,
Buaine bladh ná saoghal riamh,
Tearc tréan le dtiocfadh a chongbháil –
Dá gceart é ‘s urlámh giall.

(XIV)
Cuiléan con i dtigh gach biattaigh,
Beatha bhreaghdha gadhair dháibh,
Toir is tiar ar fud na Banbha,
A gcoin dá riar is reabhradh sáimh.

(XV)
Gan cead cleamhnais acht dá dtoil-sion,
Ní teist bhréige fuair na fir,
Gan uinge d’ór is luach impidhe –
Don t-sluagh tinntidhe is suaithnidh sin.

(XVI)
Ag sin na sochair ler mealladh,
Macraidh Colla Chláir Dhá Thí;
Mo-nuar a n-guin is a n-gearradh,
Cuain nár chuir i n-earradh brígh.

(XVII)
Fuath nó fala chuir ó chéile,
Congnamh Clann na gColla riamh,
Cuid i n-Albainn is i n-Éirinn,
In gach éin-tír toir is tiar.

(XVIII)
A dtug Muireadhach Chláir Chobha,
Do Chloinn Eochaidh d’Éirinn aird,
Níorbh fhiú a dtaobha do tholladh,
An triar maordha mholsad baird.

(XIX)
Díbirt eachtrann, fógra foghla,
Ionnsmadh amnad?, feachta anall,
Faire, dúsgadh, feithmheadh fada,
Rúsgadh beithreach chleacht an chlann.

(XX)
Cogadh cruaidh laochraidhe Lochlann,
Leathnuigh sunn for Achadh Airt,
Gur bhaoghlach béime na gColladh,
Shaothruigh tréine a dtroda cairt.

(XXI)
Ó theacht Sagsann sonn go h-Éirinn,
Iomdha tréin-triath dhíobh rosbath
I n-gliaidh goile na laoch ó Lunndain –
Cia fuair urdail eile i cgcath?

(XXII)
Toiseach i dtír bhiodhbhadh dearbhthar,
Deireadh ag dol dá dtír féin,
An slógh dá ? sguchtar gach adhbha,
Leór do chur a bhfaladh i bhfréimh.

(XXIII)
Teacht ó gach turbhaidh thruim teadhma
Thairgfeadh macraidh Mhuighe Rath,
Go bás Airt Óig ar bruach Sionna,
Cás fár chóir mionna le cath.

(XXIV)
Uaisle, oineach, féile, cródhacht,
Crábhadh, creideamh ó Dhia fuair;
Ní bhfuil acht mar thuile ag trághadh,
Nachar thuit uime ag Áth Luain.

(XXV)
Lúth agus láthar Chlann Mhíleadh,
Rug aon-urchar uainn a mbríogh;
Art Óg do mhuin a mharbhtha,
Do chuir brón ar champa an ríogh.

(XXVI)
Fada athchur gunna h-Uilliam,
Imchian uaidhe do-ní a choir,
Ó Áth Luain nach garbh goirmshian,
Do mharbh amín? Oirghiall Thoir?

(XXVII)
Muineachán ar mearbhall aignidh,
Fá Art mhac Aodha mhic Airt Ruaidh;
Ní hé ‘mháin acht Dún Dealgan,
Ní nár le múr Eamhan uaill.

(XXVIII)
Cia ‘n chuid do Chríochaibh Logha,
I Leith Cuinn nó Mogha Móir,
Atá gan airc chruaidh is cumhaidh,
Fá bhás Airt umhail óig?

(XXIX)
Biodh nach dtuitfeadh um thriath Oirghiall,
D’uaislibh Éireann acht é féin,
Fá mór an béad é don Bhanbha,
Pór na n-geug dár clann an chléir.

(XXX)
Atáid ollamhuin fuinn Bhanbha,
Baird is breitheamhuin sa spíd,
Gan easpuic gan ab gan órda,
Ó dhol do Art Óg faoi líg.

(XXXI)
Mag Mhathghamhna Mhuighe Ratha,
‘S rígh Macha, Mag Uidhir Mór,
An dias sin dá mbeadh ‘na mbeathaidh,
Ní bhiadh Breathnaigh ar a sógh.

(XXXII)
Cú Chonnacht is Art dá maireadh,
B’usa gaineamh chur i n-gad,
Ná Banbha bhuain as a lámhaibh,
Abhla chuaidh re fánaidh ar fad.

(XXXIII)
‘S uras aithne gur thuitsead,
Atáid príosúnaigh fá phéin,
Feachta fear ag teacht mar throm-dháimh,
A gceart dá chongbháil ón gcléir.

(XXXIV)
Easbhaidh Airt don chóigeadh Ultach,
Uisge gan iasg ghéanfadh snámh,
Nó h-each gan srian chum a seólta,
Creach na gcliar is leónta ‘r lár.

(XXXV)
Sé .c. déag, ciodh cian an aimsir,
Aon is nócha cré ‘s? cairt,
Ó ghein Íosa i gclár na cruinne,
Fáth ar n-guilne go h-éag Airt.

(XXXVI)
Tar gach tír i dtuaisceart Logha
Lór do phudhar gáir a n-guil;
Ar chrích Dartraighe níor fhás fainne,
Go bás Clainne Cholla Dhuibh.

(XXXVII)
Clann ba léighionnda leanbaidhe,
Aobh-chlann eagnaidhe shuilbhir shuairc,
Olc d’Oirghiallaibh méad a leat-truim:
Éag i n-Eachdhruim ar a gcuairt.

(XXXVIII)
Ciodh mór d’uaislibh ann ro h-easgradh,
Ar ar h-imreadh fala is fíoch,
Tug Críoch Chuailgne ar iocht bodach,
Mo thruaighe! sliocht Cholla Dhá Chríoch.

(XXXIX)
Deaghchlann Cholla rug do roghain,
Reacht na ríoghraidhe reampa riamh,
Seachna sóigh is fulang dochair,
Sleachtadh slóigh gan obadh gliadh.

(XL)
Do chaillsead féin feóil is cnámha,
Crú a gcroidhe sgéal is mó,
I gcléith chatha ar son an dúthchais,
Feart na bhflath do mhúsgladh brón.

(XLI)
Uch mo léan, mo léan, mo dheacair!
Dreagain Bhanbha dár chóir cion,
Rathdhamhradh go ruithneadh rósa,
Mathghamhnaigh ó mhór go mion.

(XLII)
Mór an easbhaidh Caomh-chlann Cholla,
Cumhaidh Bhriain – cá béad is mó?
Éag Pádraig an dara doilghios –
Créad fá dtáinic doirbhios dóibh?

(XLIII)
Goin Bhriain i mBruidhin Da Choga,
Do chur ar aon le h-Art Óg,
‘S Pádraig d’oidheadh i n-Eachdhruim,
A bhratháir bunaidh an leathchuing ód.

(XLIV)
Clann do chleacht corma is comhól,
Cionnas nach biadh brón ‘na ndiaidh?
Neimhiongnadh is uille an ádhbhair:
Oidheadh Pádraig is éag Briain.

(XLV)
Deaghua dísle mic mic Rosa,
Roighne curadh ba maith méin;
An dá chaiptín chalma chródha,
Armtha órdha, rósdatha i sgéimh.

(XLVI)
Clann gan iomarcaidh gan easbhaidh,
Aobhclann dar dhual féile is fos,
Clann ba doighear iad le dianshluagh,
Clann oighear is iarua Ros.

(XLVII)
Cúpla caiptín ba caoin cneasda,
An cúpla searcach suairc sáimh:
Clann Cholla Dhuibh mic Rudhraighe,
Clann chumhraidhe re gach dáimh.

(XLVIII)
Do thiormuigh lacht loilgheach Dhartraighe,
Dreasa droine feadha a bhfóid,
Atá a coill ‘na toirt gan toradh,
Fá Chloinn Cholla mic Rudhraighe Óig.

(XLIX)
Easbhaidh iotha d’fhás as talmhain,
Easbhaidh éisg is torchuir cuain,
Art Oirghiall ar n-a tholladh,
‘S Clann Cholla mar do-chuaidh.

(L)
Fairsing a n-gaol i gcrích Chabháin,
I gCrích Mhanach ba mór a meas,
A bhfuil is follus i dTír Eóghain,
Guin a gcolna níor chóir an cleas.

(LI)
Forlann feadhma do luigh ortha,
Eadar Eachdhruim agus Áth Luain,
Cúis rom chailg uile i n-gábhadh –
A Mhuire, ‘s mairg tárraidh? an uair.

(LII)
Annamh aon-fhear don fhréimh Ultaigh,
Eadar Dhrobhaois Banna is Bóinn,
Nachar chaill a chlann i n-Eachdhruim –
‘S mall mairg an leat-truim dhóibh.

(LIII)
Ar son nach ionann iad cheana,
Caoinid cách a gcneadha féin,
Caoinfidh mise macraidh Oirghiall,
Gasraidh bhrisde bhoirb-ghliadh ghéir.

(LIV)
Dol dóibh fá uisge an cheatha,
A Cholla chneisghil, ní náir;
Cia dod fhuil, mo chreach mar chluinim,
Neach nach bhfuil ‘na fhuigheall áir?

(LV)
Acht ciodh doilghe cúinn ar dtriatha,
Ar n-gaol geineamhna, ar dtréin,
An fhian Oirghiall doba calma,
Ní h-iad do marbhadh acht sinn féin.

(LVI)
Martra fhíre fuair na tréin-fhir,
Ag troid ar son Chreidimh Chríost,
Do ghlac iad i gCoróin Ghlóire,
Mac na h-Óighe, Dia gan díosg.

(LVII)
Ní cluintear casaoid na ruireadh,

Bíd ‘na bhreith do shíor fá shólás,
Chím nach dólás dol ‘na dháil.

(LVIII)
Ní cóir cailleamhain Dé neimhe,
Ar ní ar bith fón ghréin ghil;
Ní bhfuil san saoghal acht sgáile,
Goimh a gháire ‘s baoghal guil.

(LIX)
Córaide grádh do Mhac Muire,
Mairidh sé, do bhí ‘gus biaidh,
Gan aois gan urchra gan easbhaidh –
Baois ar mburba leasfaidh? an Liaigh.

(LX)
Guidhmid, a Cholla, an Coimdhe,
An chraobh nár chríon is nár chrom;
Eagna ar leith uadh go bhfagham,
D’eagal ar n-anman do bheith trom.
Trom tubaisde.

Le Éamonn Ó Cáiside

(Acc so duáin do roinneadh re h-Éamonn Ó Cáiside ionna bhfoill-sighthear na sochair do bhí ag sliocht).

(Sgríobh Éamonn Ó Cáiside ‘n dán seo sa 1691 nó 1718 nó faoi san am sin. Bha sin i gCuimhneachán trí mhac as Clann Mathghamhna nuair a fhuair ead bás san Eachdhroim an Áir ar 12adh Iúil 1691. Ba na trí Mathghamhnach na riogh gColladh na h-Albainn, na h-Eireann agus na Manainn – nan Gaedhealtachd. Ba sin caoineadh i gcuimhn’ Art Óg, Pádraig agus Briain Mag Mathghamhna).