Eachdhroim (12adh Iúil 1691)

(I)
A dhaoine tá líonta dhen daonnacht,
An díth libh-se díbirt na féine,
Nó scarmhaint na gcaoifeach le chéile,
Nó ruagadh na gcuaillí bhí décheart?

(II)
Chailleamairne Bóinne le foirneart an lae sin,
Cornal Stangan a bhí farannach méiniúil,
Bhí ‘na sheasamh go bhfaca Rí Séamas –
Rí meata do ghlac na ritréada,
Rí meata do ghlac na ritréada,
‘S d’fhág buaireadh naoi n-uaire ar Ghaedheil bhocht.

(III)
An uair sin bhí suaimhneas ar Ghaedhealaibh,
Ag máirseáil go Luimneach ba chontúirteach an sgéal sin,
Bhí an baile gá bhriseadh is gá réabadh,
‘S an púdar dhá múchadh is gá mbréanadh;
Bhí an púdar dhá múchadh is gá mbréanadh,
‘S an luaidhe ghlas dhá mbualadh san éadan.

(IV)
Seacht seachtaine bhí suíd-se ann le Gaedhealaibh,
‘S níorbh fhiú leofu umhlú ar aon chor,
Gur buaileadh buille cruinnigh’ leobh infheadhma,
Go h-Eachdhroim Uí Cheallaigh, mo léan-sa!
Go h-Eachdhroim Uí Cheallaigh, mo léan-sa!
Mar bhí na seacht náisiún ag gabháil carnadh ar a chéile.

(V)
Bhí Turcaigh, bhí Duits ann, bhí Daein ann,
Bhí na Breatnaigh ag teacht isteach ar gach taobh ann,
Bhí Albannaigh fuair gorta is léan ann,
Bhí Sasanaigh bharbartha is bhí Gaedheil ann.

(VI)
Tráthnóna ‘n éis Fómhar an lae sin,
‘S iomdha óig-fhear breá lúfar bhí gan feidhm ann,
‘S a chuid fola le fearthain is le gréin ann,
‘S a ghruaig bhreá ‘na dualaibh le gaoith ann.

(VII)
Is ar maidin ‘n-déidh an Fhómhair sin a dhéanamh,
Is iomdha óig-bhean bhreá mhómhar bhí gan chéile ann,
Bean mhánla ar tuairisc a h-éinmhic,
Agus garlach gan fádar is é ag géarghol.

(VIII)
‘ Eachdhroim cuirim lagar agus léan ort!
Mo mhallacht-sa agus mallacht Mhic Dé ort!
‘S cruaidh an seachrán a chuir tú ar mhaithe na féine –
Sior Uileag, Sior Raibeart, agus Sior Féidhlim,
Bheith mar chonairt a chuirfí ó chéile,
Nó mar scaitear caora ar thaobh mhalaigh shléibhe.

(IX)
Ar na mhárach ‘n-déidh an fhómhair sin a dhéanamh,
‘S tinn breoite bhí Gordon Ó Néill ann,
Seán na Seamar gá ghearradh le faobhair,
‘S an ginearál Francach a d’fhág angar ar Éire
‘na cheath-rúnaigh ar leataoibh an chlaoin ann;
Ní hé sin cás dom ach scrúd na n-Gaedheal bocht:
An eaglais dháimhiúil chráifeach Ghaedhealach
Ag triall ar sáile is gan fáth dhóibh shéanadh,
Mar dheoraíbh ins gach róidín ó chéile.

(X)
Tá mo chluasa bochta buartha gan éisteacht
‘S mo shúile dúinte gan radharc ar bith,
‘S trua nach in uaigh thalúna i gcré bheinn,
Ó tharla mé beo is gan cobhair ‘na n-déidh agam;
‘S gur furas do na bodaigh nach bhfaca an saol sin
Labhairt go trom trom ar bhuachaillí Shéamais.

le n-Anaithnid sa bhliadhain 1802.

Sgríobh iad dán seo faoi Eachdhroim an Áir nó Cath na h-Eachdhroim nó Cath Eachdhroma (12adh Iúil 1691).