Cnachar Rí Uladh

Insa t-sean-aimsir bhí ceithre rí in Éireann, rí Laighean, rí Mumhan agus rí Connachta ‘gus bhí rí eile i gCúige Uladh a dtug siad Cnachar rí Uladh air.

Cha raibh Cnachar, rí Uladh ábalta ar throid a choinneáilt leis na trí rígh eile agus chuir siad a dtriúr nighneacha un sgoil (chuige) foghluim agus béasa a thabhairt dóbhtha ‘gus chuir sé suas grianán a’ chois na farraige dóbhtha. Chuaidh sé amach a’n mhaidin amháin agus tháinig sé isteach ag gol agus ag caoineadh. “Goidé seo atá ort anois?” arsa ‘n bhean. “Tá na trí h-oinseacha seo, ar seisean agus ní bhfuil mé ábalta foghluim agus béasa thabhairt dóbhtha.”

“Téirigh, ar sise agus fogha triúr cléireach domhsa a chuirfeas síos a n-ainm agus beidh oiread Fiann Éireann agam-sa agus fhuigfeas insa mbaile acu iad gan buille sgin’ ná claidhimh.” Cuireadh fios ar chléireach agus labhair an rí leis.

“Cuir síos ansin iad,” arsa seisean. “Each Buailceam rí Mumhan, Feilimidh rí Chonnachta, Osgain Fionn mac Ramhair Muingluisne gan sál, Corpach, Laoiseach, Laoiseach Ceann-Airidh, Gruagánach Sainn-Airidh, sin agus a triúr mac, Goll Sgigeadh, Goll Sgóigeadh, Goll na Sgóige Craige Luain, Cú Chulainn mac Sualtaigh mhic Bhuailtaigh mhic Óigeárlaigh mhic Soineárlaigh mhic Mór-óglaigh mhic Fionn-óglaigh, Éileanna mac ‘ic Ceithleanna mac an ríogh-ghaisgidhigh, Bricín beag ‘ac Eilipigh, Ceannaire, Éigsean agus amadán de Chlanna Ruaidhrí.”

“Cuireadh suas an paipéar ansin gach uile áit fríd Éirinn go bhfuil féasta mór thrí oidhche aige Cnachar rí Uladh agus cuireadh aige gach uile dhuine theacht chuige.”

An lá ar n-a bhárach bhí na bóithre breac leis na Fianna Éireann ag teacht chuig an fhéasta. Bhí féasta mór ionn, trí lá agus trí h-oidhche agus an tríomhadh lá rinne Cnachar dearmad de na mná a bhí insa ghrianán agus chuaidh ag amharc leobhtha ach bhí na dorsa foscailte agus iad ar shiubhal.