Bhí mé ag dul ‘ dtí aonach Chluain Meala sa mBealthaine ‘g díol (dorn) caoire a bhí agam. Nuair a bhí mé ag teacht abhaile im thráthnóna chuaigh mé isteach go dtí tigh ósta a bhí ar an mbóthar. Bhí fear bocht istigh romham agus é ag ól pionta leanna. Nuair a bhí ’n óltha aige tháini’ sé’mach ar an mbóthar. Agus tháini’ mise’mach chun dul abhaile. Dh’iarr sé roinnt airgid orm chun lóistín na h-oidhche a cheannach. Dubhairt mise leis go mba chórta dhó lóistín na h-oidhche a cheannach ar an airgead a bhí sé a chaitheamh sa tigh ósta.
“Ní bhaineas,” arsa é sin liomsa, “an dora-… an (solas) dod dhoras riamh.”
“Bhain-sa,” arsa mise leis, “agus an (áit) duit.”
“Cad a bhí agatsa?” arsa é sin liomsa.
“Bhí,” arsa mise, “mo dhóthain prátaí, cabáiste geal agus bagún.”
“An itheann tusa feoil?” ar sé sin liomsa.
“Dé chúis an cheist sin orm?” arsa mise leis.
“Mór an seó orm,” arsa é sin, “má itheann tusa feoil ná tachtfadh sé tú. Ní dóigh liom,” arsa é sin, “go bhfuil prátaí ná bágún agat, ná (tigh os) do chionn.”
Shin é mar a bhain dom féineach agus don bhfear bocht. Agus ní raibh sé ró-bhaoch díom nuair nár thug mé a thuilleadh airgid dó chun dul isteach go dtí ’n tigh ósta chun a thuilleadh leanna a dh’ól.
le Séamus Ó Liatháin