Bhí fear ann fadó ‘gus bhí rud éigin déanta ’s an slighe aige. Ach ní bhfaighinn nisint cad a bhí déanta ’s an t-slighe aige féin. Bhí namhaid á leanúint agus bhí sé ag dul i bhfolach arsna sléibhte an áit a bhfuil an, a n-glaonn siad Cnoc Mhaol Donn air.
Bhí a mháthair ina fhochair agus nuair a bhí an namhaid ag teacht dubhairt sé, dubhairt a mháthair leis, “Tá ’n namhaid ag teacht!” ar sí sin lena mhac lena mac.
“Má thá,” ar sé sin léithi, “riothfaidh mise chun siúil.”
“Cad déanfaidh tú liomsa?” ar sé sin arsa a mháthair leis.
“Tabharfaidh mé liom tú ar mo dhrom,” ar sé sin léithi. Chuir sé a dhá cois in airde ar a cois léithi leis léithi ar gach gualainn leis. Agus bhí siad ‘ liobarnadh siar síos leis. Agus nuair a tháinig siad go dtí bun Ghleann Gabhla bhí siad go lé- bhí a cabhail go léir scaipthe aige fraoch agus ‘ge clocha as na gleannta mar ní raibh dada ar a ghualainn ach dhá chois a mháthar. Agus leag sé cois ar gach taobh den ghleann agus dubhairt sé leis féineach, “Baistfidh mise Gleann Gabhla ortsa ‘gus Gleann Brighde ar an ghleann eile.”
Sin é agat é anois.
le Séamus Ó Liatháin