Naomh Pádraig

A Phádraig an chrábhaidh gan éalang,
Féach ar gealladh le h-aingeal Mhic Dé duit
Ar bharr na Cruaiche is gluais dár saoradh
In am an ghá le pháirt ded’ thréada.
Is tagair go h-ard, a Phátrúin ghléigil
I gcúirt an Athar, i bhfaithis na féile,
Do shliocht na clainne a thugais ó dhaorbhroid,
Go dtuillimid áit in áras taobh leat.