Pisreoga a Bhaineas leis an Nodlaig agus le Lá Chinn Bhliadhna

1. ‘S comhartha ádha don teach más fear dubh an chéad duine a thagann isteach ar cuairt Lá Cinn Bhliadhna. Is ceart deoch a thabhairt don duine sin.

2. Ní ceart airgead a íoc an lá sin. Má thugann tú airgead amach an lá sin, deirtear go mbeidh tú á thabhairt uait gach uile lá eile sa mbliadhain.

3. Ní ceart glas a chur ar an doras nó dallóg a chur ar an bhfuinneog Oidhche na Nodlaig ar fhaitíos go mbeadh an Mháthair Bheannaithe ’s an Leanbh Íosa ar lorg dídine an oidhche sin.

4. Is ceart coinneal a bheith ar lasadh in gach fuinneog sa teach Oidhche na Nodlaig i dtreo go bhfeicfidh an strainséir nó ’n taistealaí ’n solas agus go dtiocfaidh sé ’steach le biadh agus dídean a fháil, má bhíonn a leithéid ag teastáil uaidh.