Pisreóga Lá Nodlag Beag

Ní caithtear amac aon salacas nó an luaith Lá Nodlag Beag ar fhaitchios go gcaithtear amac an t-ádh.
An rud bheadh tú ag deanamh agus an caoi a bheadh ort Lá Nodlag Beag, bhead tú ag deanamh an rud céana agus beadh an caoi céana ort ar feadh na bliadhna.
Dá mbheadh tuilte móra ann Lá Nodlag Beag, bheadh na h-aibhne líonta ar feadh na bliadna.
Ní chuirtear amac aon airgead Lá Nodlag Beag, ar fhaitchios go mbeadh siad á gcur amac é ar feadh na bliadhna.
Lasann cuid de’n na daoine dá choinneal deag Oidhche an Dá Lá Déag i n-onór an dá Abstal déag. Bíonn fad coiscéim coiligh ar an lá an Dhá Lá Déag na Nodlag.

Sean-focal: Deanann Nodlag glas uaigh reamhar.

Le Pádraic Ó Congailligh.