Plangstai Mhic Uidhir – Plangstai Mhig Uidhir

(I)
Racha mé ar cuairt suas fá’n tír seo,
Feách an planda ó dhream na ríogha,
Duine lerab’ anmhail leis fíon agus ceol
Agus a bheith aige do ló ‘s do oidhche.

(II)
Go mairidh sé a bheatha ag seasamh cliú na bhfear,
An t-ógánach lér mór mo mhian,
Cuchonnacht mac múinte cródha cliúteach
Cosanta prontach fáilteach.

(III)
Ar n-dóigh níorbh iongna ceolta sídhe,
Lucht ag ól fíona is gach uile dhuine i n-aice.
Is aite liom mar tá sé, cúirteóir sáimh é,
Coraidhe gan tlás é i n-aimsir gleó.

(IV)
Cuchonnacht mhac Briain, croidhe gan chian,
Níor náir liom a insinn, tá sé cinnte.
Go mba fada bheidh sé beó le sláinte mhór,
Go bhfeice mé pósta an sár-mhac.

(V)
Is ádhbhar gáire do mhnáibh na Midhe
An t-árd-shaoi shéimh do thárla ‘n-a slighe.
Níl baintighearna shéimh ó Bhóinn go h-Éirne
Nach bheadh ‘n-a dhiaidh do ló ‘s do oidhche.

Le Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin (1670 go 1738)

(Sgríobh Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin an píosa ceol nó bárdachd seo chun do charad mhaith aige ‘s Fear Mhanach. Ba na daoine Clann Mhig Uidhir charaid maith leis fhéin, agus thug iad cuidiú, biadh agus teine mhaith chun Toirdhealbhach gach aon am a thánaig é faoi cheanntar seo.)