Slán chum Pádraic Sáirséal

(I)
‘S bain-treabhach bhocht misi (mise),
A d’fhág Dia breóidhte,
D’imthigh le saighdiúir nach raibh pósda,
A bhfhuil a dhroimm briste agus fuil a chroidhe dóighte recte
dóirte (réidhteach doirte)?
Agus d’fhág súd méise a gCúig Uladh go brónach.
Is uch! uch ón.

(II)
Céad leun ar an bhfhiabhras do bhain mo ghruaig díom,
‘S d’fhág sé maol mé, gan aon ruaine;
Tá sí ag teacht comh h-ard leum chluasaibh,
San uair fheuchaim siar, as fada liom uaim í.
‘Gas uch! uch ón.

(III)
Nár budh hé do bheatha anall chughain, a righ ghil Séamus,
Read leath-bhróg Ghallda ‘s read bhróig eile Gaodhlach (Gaedhealach),
Ag deunadh buaidheartha ar fuaid (fud) na h-Éireann
‘S nach tug tú bualadh uait ná réidhteach.
Is uch! uch ón.

(IV)
A Chlanna Gaodhal chalma, bainigidh an foghmhar seo,
Sná cuirigidh suim a lá bhrisde na Bóinne,
má fúigeadh Eachdhruim loisgithe dóighte.
Is uch! uch ón.

(V)
Air an bpáirc do bhí ‘n rás ar Dhiarmaid,
Do chaill sé a chlóca sa chórughadh ciarsach,
Do chaill sé a phiostal, a ghuna is a dhiallait,
‘S do chaill an t-anam, gidh mhairbh sé ‘n diabhal díobh.
‘S uch! uch ón.

(VI)
A Phádraic Sáirseál, is duine le Dia thu,
‘S féirrde an talamh ar sheasadh tú riamh air,
Do bhuainteá allus as clanna na striapach,
‘S do sciub an bharr ó láimh rígh Uilliam leat.
Uch!

(VII)
A Phádraic Sáirseál, slán go dtighidh tú,
Ó chuaidh tú uain anun tar taoide,
Ag déanamh do ghearáin leis na righthibh,
‘S d’fhág tu Éire ‘gus Gaedheil bhochta claoidhte.

(VIII)
A Phádraic Sáirseál slán go bhfilleadh tú,
Tug tú clú na Mumhan go h-uile leat,
Do thug tú ‘n láir riabhach ar srian tré Bhiorra leat,
Sa gCuillend Ó gCuanach do bhuadhaigh tú Luimneach.
Is uch! uch ón.

(IX)
Go mbuadhaigh Dia an t-ágh le geataí Luimnigh,
‘S leis na daoine uaisli tá a bhfill recte (réidhteach) buil? imeartha ann,
Dí-slidhe bána a láimh gach n-duine aco (acu),
‘S bréithra Dé dá leigheadh go minic dóibh.
‘S uch! uch ón.

(X)
Cé hé súd thall ar lár na fairrge (farraige)?
Tá’n súd rígh Séamus ceann gan eagla,
Cúl breagh dualach na gcocán airgid
Ag dul go Toigh Halla Bhán (i Sasuinn) agus gárda breagh shagart leis.
Is uch! uch ón.

Le n-Anaithnid sa bhliadhain 1844

(Sgríobh iad dán seo faoi Pádraig Sáirseál agus Cogadh an Dhá Rígh (1688 go 1692) in Éireann, agus (1689 go 1694) in Albainn. D’fhág Pádraig Sáirséal amuigh as an Ghaedhealtachd san Imeacht na Géanna Fiáine ‘s eadar Nodlaig 1691 go Aibreán 1692. Ba é ceannaire mór na Gaedheil san Eóraip le linn Cogadh Lughaidh (1688 go 1697). Bha na Gaedheil cairdiúil leis na Franncaigh ré cogadh sin agus bh’ ead shuas in éadan gach aon tír na h-Eóraip mar sin. Rinn Pádraig Sáirséal cúpla h-ionnsaigh mór in éadan Sasuinn eadar 1692 go 1693. Ach fhuair sé bás i gcath san Ollaind sa bhliadhain 1693.)