(I)
Go h-Ameiriceá Siar sea do rachas
Ar a shealg i dtúis mo shaoghail,
Chun go gcífinn an t-ór ann sa talamh
Agus ciúnas do chífinn fhéin
Chonac-sa go leor ann den t-sneachta
Agus clagar ag báisteach thréin,
Coinnleoirí reo ann cois leapan
Ar maidin le fáinne an lae.
(II)
Siad na ceolta is mó a gheobhair id t-aice
Agus n’fheacais id’ dhúthaigh fhéin
Chífir fear púdair ag tarrac
Chun talamh a bhrú gan bhréag
Chífir an mhiúil ann ‘s an capall
Is na cartacha ina n-diaidh ar thréith
An carraera is a lampa ar a mhalainn
Ar maidin le fáinne an lae.
(III)
Is má castar tú choíche ina n-aice
Cuimhneoidh tú ar bhrí mo scéil,
Gurb ainnis an t-slighe chun na beatha
D’aon ropaire rábach tréan,
Mar beidh tú chomh doimhin sin i dtalamh
Ná cífear an ré ná an réalt,
Beidh do choinnealín caoch ar do mhalainn
Ar maidin le fáinne an lae.
(IV)
‘Gus is mó rud atá ráite le fada
Ag gach teallaire cráite baoth,
Nár bhaol duit an ghaoth ann ná ‘n fhearthainn
Ach ag taitneamh go h-ard ón n-gréin,
Beidh an maisín go h-ard ann ar barra
Is é ag obair le cumhacht an aeir,
Beidh do dhá shúil le smúit ann dá n-dalladh
Ar maidin le fáinne an lae.
(V)
Gus má chastar tú choíche ‘na n-aice
Cuimhneoidh tú ar bhrí mo scéil
Gurb’ ainnis an t-slighe chun na beatha
D’aon duine a bheadh ag imeacht dó fhéin.
Beidh an saoiste ansúd ann ‘na sheasamh
Is i n-aice dhó an ard-fhear caol,
Ag fógairt gach stróile chun gaisce
Ar maidin le fáinne an lae.
(VI)
Agus cífidh tú rud ann a dhalta
Nach bhfacais id’ dhúthaigh féin
Cífir fear púdair ag tarrac
Chun an talamh a bhrú gan bhréag
Cífir an mhiúil ann is an capall
Is na cartanna ina n-diaidh ag a thréith
Beidh tú ansúd ansan ‘s tú ag braistint
Le gach éinne a thabharfaidh dhuit é.
(VII)
Má chuimhníonn tú fhéinig a dhuine
Ar an duine a dúirt leat é
Cífir gur mhaith ag d’anam
Bheith thiar i do dhúthaigh féin
Mar beidh na daoine ansiúd ann ad’ leagadh
Agus cífidh tú cúrsaí an t-saoghail
Beidh do choinnealláin caoch ar do mhalainn
Ar maidin le fáinne an lae.
Le Séamus Feiritéar, Mícheál Feiritéar ’s Seán Ruiséil.
(Sgríobh na trí fear an amhrán seo roimhe an bhliadhain 1919. Ba Mianaich iad fhéin agus d’obair iad thíos ann le lae fada gach aon lá, ‘gus ba sin obair básamh ’s cruadh gan amhras. Thánaig siad as baile Butte, Tír an Airgid, Aimearaca Siar nó Dúthaich nan Craobh, agus bha Fíor Gaedheil iad fhéin freisin. Bha fear bhochd iad nuair a sgríobh siad an amhrán seo le chéile.)