Briseadh na Bóinne – (1adh Iúil 1690)

(I)
Teacht Shéamais: Earrach 1689.
Cé hé súd thall ar lár na fairrge?
Tá ansúd rígh Séamas, ceann gan eagla,
Cúl breá dualach na gcocán airgid,
Ag dul go Talla Bhán agus garda breagh shagart leis,
‘S uch! uchón!

(II)
Do tháinig rígh Séamas chughainn go h-Éireann,
Rena bhróg ghallda ‘s rena bhróg Ghaedhealach;
Tóin an oighin bhuí dá leaghadh mar phay dhúinn,
Bíodh an t-athphrás ag Gallaibh na h-Éireann,
‘S óch! ochón!

(III)
Atá an lá inniu fuar is tá sé gaofar,
Le linn an rígh seo a thíocht go h-Éirinn;
D’aimhdheoin an-bhroid bhodaigh an Bhéarla,
Beid na trí ríoghacht’ arís ag Séamas,
Och, ochón!

(IV)
An Cogadh in Ultaibh: Fómhar 1689.
‘S iomdha daoine uaisle faoi chlócaí dearga,
Faoi chlócaí uaithne ‘s clócaí gorma,
Agus saighdiúir singil is a ghunna ‘r a ghualainn,
Do chuaidh go cóige Uladh ‘s nár fhill, ná a thuairisc,
‘S óch! ochón!

(V)
A Doire a’ Cholmcille, bolgach chughat-sa,
Ar nós na scaile ar lasadh le púdar;
‘S a liacht faraire fada fionn lúbach,
Gan foscadh ón n-gaoith, ná cria dá gcumhdach!
‘S seinn, óch! óchón!

(VI)
Ag Iubhair Chinn Tráigh bh’ ár gcompáin cloíte,
‘S os cionn Dhún Dealgan bh’ ár gcampaí sínte,
An áit arbh fhéidir linn gan an-mhéad saothair.

(VII)
Rígh Uilliam a mhúchadh ‘s a anréim a chríochnadh,
‘S seinn óch! óchón!

(VIII)
‘S baintreabhach bhocht mise,
A d’fhág d’imigh le saighdiúir nach raibh pósta,
A bhfuil a dhroim briste agus fuil a chroí dóite,
Agus d’fhág súd mise i gcúige Uladh go brónach,
‘S uch! uchón!

(IX)
Céad léan ar an bhfiabhras do bhain mo ghruaig díom,
‘S d’fhág sé maol mé, gan aon ruainne;
Tá sí ag teacht chomh h-ard lem chluasaibh
‘S an uair fhéachaim siar, ‘s fada liom uaim í,
‘S uch! uchón!

(X)
Briseadh na Bóinne: Iúil 1690.
‘S iomdha saighdiúir láidir mómhar,
Do chaill a chaidheamh, is do chaill a chlóca,
Do chaill a stocaí is d’imigh gan bhróga
Ag teitheadh ón namhaid, lá bhriste na Bóinne,
Och! ochón!

(XI)
Ar an bpáirc do bhí ‘n rás ar Dhiarmaid,
Do chaill sé a chlóca ‘s a chórú ciarsach,
Do chaill sé a phiostal, a ghunna is a dhiallait,
‘S do chaill an t-anam, gidh mhairbh sé an diabhal díobh,
‘S uch! uchón!

(XII)
Nárb é do bheath’ anall chugainn a rígh ghil Séamas,
Red leathbhróg ghallda is red bhróg eile Gaedhealach,
Ag déanamh buarth’ ar fuaid na h-Éireann,
‘S nach tug tú bualadh uait ná réiteach,
‘S uch! uchón!

(XIII)
Cuirim-se mo mhallacht ort-sa, a rígh Séamas,
‘S iomdha mac máthara a d’fhág tú ‘n éide,
Fána stocaí geala ‘s a gcarabhataí gléigeal,
‘S bróga móra fuaite ar chlann na n-Gaedheal bocht,
is uch! uchón!

(XIV)
A scológaí na Mí, ná goilleadh oraibh an fómhar,
Nó an mórchloí fuaramar ag briseadh na Bóinne;
Tá an Sáirséalach láidir is a thrúpaí aige ‘n ordú,
Le gunnaíbh is dromaíbh leis na bodaigh a chur as Fódla,
‘S seinn och! ochón!

(XV)
A Chlanna Gaedheal chalma bainigí an fómhar seo,
‘S ná cuirigí suim i lá bhriste na Bóinne.

(XVI)
A chlanna na n-deathrach cuiridh an eorna,
‘S ná cuiridh i suim briseadh na Bóinne,
Atá an Sáirséalach láidir is a shaighdiúirí óga,
‘S mo thrua mar cailleadh Alastram Mac Dómhnaill,
Och! ochón!

(XVII)
Luimneach: An Chéad Léigear Iúil – Lughnasa 1690.
‘S iad na buachaillí seo, buachaillí Gaedhealach,
Ag briseadh a gcroí ag siúl na sléibhte,
Ag amharc amach ar chuantaí na h-Éireann,
‘S ag sileadh na súl ag siubhal gan Séamas,
‘S uch! uchón!

(XVIII)
‘S ag an mBaile Mór a chodail muinn an oidhche sin,
‘S ag an t-sean-droichead a ligeamar ár scíste,
Dul anonn ar an t-Sionainn a bhí gruaim ar na míltibh,
‘S ag Luimneach na long a bhí ‘n mháirseáil aoibhinn,
‘S uch! uchón!

(XIX)
Do gheabhaidh mé siar an sliabh seo im aonar,
Agus geabhad aniar arís más féidir;
‘S ann do chonairc mé ‘n campa Gaedhealach,
An dream bocht silte nár chuir le chéile,
‘S seinn óch! óchón!

(XX)
A Phádraig Sáirséal, guí gach n-duine leat,
Mo ghuí-se féin is guí mhic Muire leat;
Ó thóg tú ‘n t-each caol ag gabháil trí bhiorra dhuit,
‘S gur ag Cuilinn Ó gCuanach buadh leat Luimneach,
‘S seinn óch! óchón!

(XXI)
A Phádraig Sáirséal, is duine le Dia thú,
‘S fearrde ‘n talamh ar sheasaigh tú riamh air,
Do bhuainteá n-allas as clanna na striapach,
‘S do sciob an báire ó láimh rígh Uilliam leat.
‘S uch! uchón!

(XXII)
An Cogadh sa Mhumhain: Fómhar 1690.
D’imigh an smál ar bhád an chalaidh,
‘S tá Cionn t-Sáile lán de bharcaibh,
Gabhaidh lastall chuig Dúthaigh an Bharraigh,
Táid na poirt réabtha is Éireann ag Gallaibh,
‘S óch! ochón!

(XXIII)
A Chlanna Gaedheal, ní h-ionnadh dubhach sibh,
‘S feabhas do lasaid na Sacsanaigh púdar,
Atá Cluain Meala acu agus Carraig na Siúire
Agus baile beag eile inarb ainm dó Durlas,
Och! ochón!

(XXIV)
Lá Sparr Thuamhan ba chruaidh an chéim sin,
‘S ár n-daoine uaisle i gcuan a bheith traochta,
Go dtáinig anuas scuaine an Bhéarla,
Do thug léirscrios Luain ar chuallacht Shéamais.
Och! ochón!

(XXV)
Eachtraí Éagsúla Eile: Samhain 1690 – Iúil 1691.
D’éirigh mé ar shliabh lá breagh gréine,
Do chonairc na Sacsanaigh i bhfochair a chéile;
An córú capall ba dheise bhí ‘n Éireann,
“Ó coimeád dhom na bodaigh go mbainfead gé astu”,
‘S seinn, óch! óchón!

(XXVI)
‘S é mo chreach mar do chailleamair Diarmaid,
Bhí ceann an scafaire ar h-albart iarainn;
Bh’ a chuid fola á sracadh ‘s a bhratach á stialladh,
‘S gan fáil chast’ aige, dá bhfeicfeadh sé Dia ann!
‘S seinn, óch! óchón!

(XXVII)
‘S é mo chreachsa an t-sraith á tógbhan,
An dá fhear déag do bh’ os cionn Feorach;
Mo dhias dearthár is iad is gleo liom,
Ach mo chúig céad diachair Diarmaid an t-óigfhear,
‘S seinn, óch! óchón!

(XXVIII)
An tráth do las an teach bhí ‘n deatach dár múchadh,
Ag Clann Bhil bhradaigh dár n-greadadh le púdar;
Níl aon urchar dá scaoilfidís fúinne,
Ná fiafraíodh Coirneil Mistill “Ar leagadh Tighearna Leamhcán?”
‘s seinn, óch! óchón!

(XXIX)
“Cé súd thiar tar dhoras na ceártan?
“Ná ceil ar rí Uilliam é, tá mise Briain rábach”
“Fan do sheasamh, a bhodaigh, go gcaithfe mé grán leat”.
“A ghiolla na praisce, ní fhanfad go lá leat,”
‘S seinn, óch! óchón!

(XXX)
A Chaisleáin na Coinne, ‘s fada liom síos tú,
Dá n-éirínn ar maidin nó i dteacht an mheon-oidhche,
Do b’fhearr liom féin ná cúig chéad píosa
Go mbeinn slán súgach tar éis gabháil tríot-sa,
Och! ochón!

(XXXI)
A Phádraig Uí Faodhagáin, a bhodaigh na bláithche,
‘S iomdha fear fearúil bhí riamh ar do gharda,
Spanógaí glana acu ag fuaradh na cáfruith,
‘S lucht na sligeán cam, is nár thille Dia slán iad.
‘S m’uchón! ó!

(XXXII)
A Chlanna Gaedheal do fuaireabhair náire,
Do chailleabhair Corcaigh agus Cionn t-Sáile,
Baile Átha Luain agus Droichead Átha,
‘S briseadh na Bóinne is é is mó a chráigh mé,
och! ochón!

(XXXIII)
Eachroim: Iúil 1691.
‘S iomdha saighdiúir láidir meanmnach,
Mac duine uasail is sár-fhear ceannasach,
Faoi chlócaí uaithne, dubha agus dearga
Do cailleadh le Séamas thíos in Eachdhroim,
Och! ochón!

(XXXIV)
Thug sinn an chéad bhriseadh ag bruach na Bóinne,
An dara briseadh ag Móta Ghráinne Óige,
An tríú briseadh in Eachdhroim Dé Domhnaigh,
Buaileadh buille dhroma linn is cha mhór a bhí beo ‘gainn,
‘S uch! uchón!

(XXXV)
‘S mó shaighdiúirín meidhreach meanmnach,
Do ghaibh an t-slighe seo le seacht seachtaine,
Faoi ghunna, faoi phíce, faoi chlaidheamh cinn airgid,
‘S tá siad sínte thíos in Eachdhroim,
‘S seinn, óch! óchón!

(XXXVI)
Tá leasú ‘g Ó Ceallaigh ‘s ní gainimh é ná h-aoileach,
Acht saighdiúirí tapa dhéanfadh gaisce le píce;
Do fágadh iad in Eachdhroim ‘na sraitheanna sínte,
Mar bheadh feoil chapaill ag madraidh á sraoilleadh,
‘S seinn, óch! óchón!

(XXXVII)
In Eachdhroim Uí Cheallaigh a fágadh na céadtha,
De na fearaibh maiseach ba deise bhí in Éirinn,
Gan snáithe hata, carbhata nó léine,
Acht a gcorpaibh geala ‘s a gcuid fola á dtréigeadh!
‘S seinn, óch! óchón!

(XXXVIII)
Luimneach: An Dara Léigear Fómhar 1691.
Go neartaí Dia le ballaí Luimnigh,
‘S leis na daoine uaisle atá ag ól is ag imirt ann,
Ar dhíslí cnámh is ar chártaí h-imeartha,
‘S briathra Dé dá léamh go minic ann,
Och! ochón!

(XXXIX)
Nach ait an áit ‘nar fágadh aréir sinn,
Ar bhruach na tráigh gan snáithe den éadach,
Tá na loingis ag snámh ‘s ár mná ag géarghol,
‘S mo chúig céad slán go brách leatsa a Éire,
‘S óch! ochón!

(XL)
S iomdha faraire fada fionn glégheal,
Do chuaidh tar sáile in arm rígh Séamas,
Do thabharfadh a stát ar cháirtín géar dí,
Nó ar dheoch fhairsing d’uisce na h-Éireann,
‘S óch! uchón!

(XLI)
‘S saighdiúir bocht creapailte mé bhí ‘n arm rígh Séamas,
‘S an gcuala sibh na scéala mar chaill muidn’ Éire?
Do dhíoghal mé mo dhúiche ar aon chárta dí géire
‘S buaileadh buille dhroma liom ar fad amach ó Éirinn,
‘S seinn, óch! óchón!

(XLII)
“Ce súd thall ar chnoc Bhinn Éadair?”
“Saighdiúir bocht mé le rígh Séamas;
Ar dhíslí cnámh is ar chártaí imeartha,
‘S briathra Dé dá léamh go minic ann,
Och! ochón!

(XLIII)
Slán le Sáirséal: Nodlaig 1691.
A Phádraig Sáirséal, slán go dtí tú,
Ó chuais don Fhrainc is do champaí sgaoilte,
Ag déanamh do ghearáin leis na ríghthe,
‘S d’fhág tú Éireann is Gaedheil bhocht cloíte!
‘S seinn, óch! óchón!

(XLIV)
Tá pinginn ar an gcárta is an cárta líonta,
‘S a Phádraig Sáirséal, mo shlán go dtí thú,
‘S uch! uchón!

(XLV)
An lá úd a chuaidh muinn’ os cionn Sruth Bóinne,
Gé go raibh bombaí h-arda ‘s grán linn á sgaoileadh;
Le athrú ceannphoirt throidfeamaois arís iad,
‘S och! a choirnéil Sáirséal, céad slán go dtí tú!
‘S seinn, óch! óchón!

(XLVI)
Ansúd atá siad, barr uaisle h-Éireann,
Diúicigh, Búrcaigh, ‘s mac rígh Séamas,
Caiptín Talbóid croí na féile
‘S Pádraig Sáirséal, grá ban Éireann,
‘S seinn, óch! óchón!

(XLVII)
Athnuachan.
A Phádraig Sáirséal slán go bhfille tú,
Thug tú clú na Mumhan go h-uile leat,
Do thug tú an láir riabhach ar srian tré Bhiorra leat,
‘S i gCuilleann Ó gCuanach do bhuaigh tú Luimneach.
‘S uch! uchón!

(XLVIII)
A bhuachaillí ‘n chúige, bainigí ‘n eorna,
‘S ná cuirigí faoi gheasaibh bheith ag briseadh na Bóinne,
Tá an Sáirséalach ag teacht is beidh leis na slóite,
Ar chuala sibh mar cailleadh Ball Dearg Ó Dómhnaill,
‘S m’uchón ó!

(XLIX)
An chlann sin Bhullaí ‘s gan aon duine acu le chéile,
Buaidh agus biseach le cuid bhuachaill Shéamais,
‘S m’uchón ó!

(L)
Nár fhagha mise bás ‘s nár fhága mé ‘n saoghal seo,
Go bhfeice mé ‘n bhuíon Shacsanach ag stealladh na déirce,
Bróga boga fliuch’ orthu mar bhíodh ar Chlanna Gaedheal bocht.
‘S seinn, och! ochón!

(LI)
Achainím ar Mhuire is ar Rí na féile,
Go bhfeicead na Sacsanaigh ag stealladh na déirce,
A ráinne ar a n-guaillibh ag tuilleamh pá lae leo,
‘S a mbróga lán d’uisce mar bhíos ar Ghaedheal bocht,
Och! ochón!

(LII)
Tiocfaidh an rígh is tiocfaidh an bhan-righean,
Tiocfaidh Séarlas is an dá Mhac Cárthaigh;
Tiocfaidh na Franncaigh ina rancaí ina dhéidh sin
‘S beidh na fir ghruama á ruagadh as Éirinn,
‘S uch! uchón!

(LIII)
Chailleamairne Bóinne le foirneart an lae sin,
Coirneál Stangan a bhí farannach méiniúil,
Bhí ‘na sheasamh go bhfaca rígh Séamas –
Rígh meata do ghlac na ritréada,
Rígh meata do ghlac na ritréada,
‘S d’fhág buaireadh naoi n-uaire ar Ghaedheil bhocht.

(LIV)
Tá mo chluasa bochta buartha gan éisteacht,
‘S mo shúile dúnta gan radharc ar bith,
‘S trua nach in uaigh thalúna i gcré bheinn,
A’ tharla mé beo is gan cabhair ‘na ndéidh agam;
‘S gur furas do na bodaigh nach bhfaca an saoghal sin,
Labhairt go trom trom ar bhuachaillí Shéamais.

(LV)
‘S iad na buachaillí seo, buachaillí Gaedhealach,
Ag briseadh a gcroí ag siubhail na sléibhte,
Ag amharc amach ar chuantaí na h-Éireann,
‘S ag sileadh na súl ag siubhail gan Séamas,
‘S uch! uchón!

(LVI)
A scológaí na Mídhe, ná goilleadh oraibh an fómhar,
Nó an mór-chloí fuaramar ag briseadh na Bóinne.

(LVII)
A chlanna na n-deathrach, cuiridh an eorna,
‘S ná cuiridh i suim briseadh na Bóinne.

(LVIII)
A Chlanna Gaedheal chalma, bainigí an fómhar seo,
‘S ná cuirigí suim i lá bhriste na Bóinne.

(LIX)
Créad é an scléip seo ar scriúdaraí an Bhéarla,
Ag síorchumadh bréaga is á dtreorú,
Ag síorchur i gcéill gur scrios siad na Gaedheil
‘S gur h-ardaíodh a gcéim ag an Bhóinn dóibh?;
B’olc, olc bhur rún gidh gur mhór bhur n-dúil,
‘S níl gar dhúinn anois bheith buartha,
Go dtiocfaidh an t-am a dtabharfaí díoghail dá cheann,
Agus cuntas ann gan chairde!

(LX)
Nárbh fhada bhí Maoise ‘gus Pobal (Clann) Iosraeil,
I gcogadh is faoi chíos ag Faró?
‘S nárbh fhada bhí Críost ar thalamh dár saoradh,
Ó chathaibh na n-diabhal naimhdeach?
‘S nach minic a léirscriosadh Iarúsailéim,
Le baothchogadh mallaithe gach náisiúin,
‘S amhaill tá ár dteampaill sár-beannaithe féin,
Anocht faoi ghéarsmacht na Galltacht.

(LXI)
Níl aon bhodach gallta ó so go Droichead Átha,
Nár chóir a chrochadh in airde le rópaí,
Ná a gcur i mbrannraí nó i mbairillí sparrtha,
‘gus a leigean le fánaidh na Bóinne;
Ós iad a leag lámha go trom orainn an lá sin,
Le feall, le clampar ‘s le treoir-bheart,
Acht tiocfaidh loing faoi spás go Carraig na mBárc,
Bhainfeas cuntas san ármhach le comhrac.

(LXII)
Ní raibh éifeacht i mbriseadh na Bóinne,
Ná i mBaile Átha Luain cí go raibh cathbheart ró-mhór ann,
Ná in aon chath dá dtugamar in Éirinn,
Nó gur tugadh orainne cruinniú na féinne,
go h-Eachdhroim Uí Cheallaigh dár bhféachaint.

(LXIII)
A Sháirséalaigh ar do chodladh do bhí tú?
Nó goidé ‘n suan do tháinig ó Chríost ort?
‘S gur shíl mé féin gur laoch tú bhí líofa,
Do rachadh i dtús nó i dtoiseach na bruíne,
Agus tosach agus cúl do choinbheáil síos leobh.

(LXIV)
Mo dhola, mo dhochar is mo léanscrios,
Ar leagadh le feallbheart an lae sin,
‘S ár gcoisíní bochta dá n-géarloit,
‘Sé ba samhail dóibh talamh a mbeadh tréad air,
Dá leagadh chun eallachaí méithe,
Gan fascadh de thalamh dá gcaomhaint.
A gcorp rotaí ó mhór-theas na gréine,
A gcairde ‘g teacht dá bhféachaint,
Ag cur aithne ar na marcaigh bhí tréasach;
Níor bhealach leo bealach rígh Séamas,
Ach bealach ler cailleadh na céadta,
An fealladóir bradach, gan séan air!

(LXV)
Iarraim ar Mhuire, is go gcluinead mar sgéal é,
‘S a theacht dúinn aríst ar chuanta na h-Éireann,
Ár n-gall-trompaí ‘gainne dá séideadh,
Agus ár n-drumaí dá mbualadh go h-aerach,
Agus rígh geal Séamas i dTalla Bhán mar ba mhéin linn.

Le h-Anaithnid

(Sgríobh an sgéal seo le duine gan fhios againne sa bhliadhain 1695. Bha ‘n dánta seo faoi Cogadh na Dá Rígh in Éireann (1688 go 1692).