Féile Bhreandán – 16adh lá mí Bhealtaine

Féile Bhréanainn

A Bhréanainn a thaistil thar fharraige i gcaolbhárc,
‘S a tháinig abhaile go h-atuirseach traochta,
‘S tú a dhein míorúiltí ‘gus éachta
Mar bhí tú lán de ghrá an Spioraid Naofa.
Dá mhéid do chuarda ar fud an t-saoil
Níor chasadh ort áit ab fhearr ná Éire,
Dá bhrí sin comhairligh don deoraí Gaedheil bochd
Filleadh ar an mbaile nó fanacht go h-éag ann.