D’imigh an Gobán Saor agus a mhac ar thuras lá. “A mhic,” ar seisean lena mhac, “giorraigh an bóthar.”
“Ní thig liom a ghiorrú, a athair,” ar seisean, “ach siubhail go tapa.”
“Níl aon mhaith leat, a mhic,” arsa ’n Gobán Saor. “Caithfimid filleadh abhaile.”
D’fhill siad abhaile. Ar maidin lá arna mhárach d’imigh siad an dara h-uair. “A mhic,” arsa ’n Gobán Saor, “giorraigh an bóthar.”
“Ní thig liom a ghiorrú,” ar seisean, “ach siubhail go tapa.”
“Níl aon mhaith leat, a mhic,” arsa ’n Gobán Saor, “caithfimid filleadh abhaile.”
Nuair a tháinig siad abhaile d’inis an mac dá mháthair na focail a dubhairt a athair leis.
“Maise, nach tú ’n mac gan chiall!” arsa ’n mháthair. “Nuair a déarfaidh d’athair leat an bóthar a ghiorrú’márach, tosaigh ar sgéal, agus geallaim duit bhfillfidh sé.”
Ar maidin lá arna mhárach d’imigh siad arís.
“A mhic,” arsa ’n Gobán Saor, “ghiorraigh an bóthar.”
Thosaigh an mac ar sgéal, agus níor mhothaigh siad an t-am ag sleamhnú thart gur shroich siad an áit a raibh siad ag dul.
Sin údar an t-sean-fhocail: Giorraíonn beirt bóthar.
Le Padraic Mac Piarais