Salm Sheumas a’ Ghlinne (Salm 35)

Urnaigh an aghaidh an Namhaid
Salm le Daibhidh.

1. Tagair mo chúis, a Thighearna,
‘n aghaidh mo naimhde:
cuir cath ar a mbíonn ag troid
liom.

2. Gabh chugad do sgiath agus do
lúireach,
agus éirigh do mo chuidiú.

3. Beartaigh an ga ‘gus an t-sleá
‘n aghaidh luchd mo thóraigheachda (thóraíochta).
Abair le m’anam, a Thighearna:
“S mise do slánú.”

4. Go dtugtar náire ‘gus tarcaisne ar
an dream
atá ar tigh mo mharaithe.
Go gcuirtear ar gcúl faoi náire
lúchd beartaithe oilc i m’aghaidh.

5. Go gcuire n-aingeal an Tighearna ‘n
ruaig orthu
amhail cáith roimh an n-gaoth;

6. go raibh a slighe go sleamhain
dubh-dhorcha
agus aingeal Dé ar a dtí.

7. Leathadar a líon dom gan chúis:
rinneadar uaigh dom gan ábhar.

8. Go dtaga orthu díothú gan choinne;
go gceaptar iad fhéin
sa líon a chuir siad i bhfolach
romham.
Go dtite siad sa chlais.

9. Déanaidh m’anam-sa luchair sa
Tighearna:
déanaidh mé gairdeas ina
shlánú.
10. Déaraidh mé ó mo chroidhe go
h-iomláin:
“Cé ‘s cosúil leat, a Thighearna,
an té a tharrthaíonn an truán ón
tréanfhear,
an duine dealbh ón tíoránach?”

11. Éiríonn finnéithe bréige i
m’éadan
do mo cheistiú ‘ch mé ain-eolach.

12. Díolann siad an t-olc in aghaidh
na maithe liom:
tá m’anam go brónach.

13. Nuair a bhíodarsan breoite chuir
mé sac-éadach orm;
chiapas m’anam le trosgadh.
Bhínn ag guidh’ ó mo chroidhe orthu
mar a ghuidhfinn

14. ar dheartháir liom nó ar chara;
mar dhuine a bheadh ag
caoineadh a mháthair,
bhí mé crom le cumha.

15. Ach anois, ó tá mé sa bhfaopach
cruinníonn siad faoi áthas.
Tagann siad gan fhios orm, do
mo bhualadh,
is iad ag tromaíocht gan sgíth
orm.

16. Bíonn siad ag magadh fúm gan
stad gan staonadh,
is a bhfiacla ‘g díosgán i
m’aghaidh.

17. Cá fhad a bheidh tú ‘g amharc
orthu, a Thighearna?
Tar agus fóir orm!
Déan m’anam a fhuascailt óna
n-ionsaithe;
m’anam ó na leoin.
18. Tabharaidh mé buadhchas duit sa
mhór-dháil;
molaidh mé thú sa sluagh.

19. An dream atá ‘na naimhde gan
chúis dom,
nár dhéana siad gairdeas umam.
Agus an dream a thugann fuath
dom gan fáth,
nár chaocha siad a súile orm.

20. ‘S fuath leo muinntear
shuaimhneach na tíre:
cumann siad cealg ina n-aghaidh.

21. Deir siad, agus a mbéal ar
leathadh acu:
“Há, há! Nach bhfacamar féin e!”

22. Chonnaig tusa é, a Thighearna; ná bith i
do thost;
ná bith i bhfad uaim, a Thighearna!

23. Músgail agus brostaigh chun mo
chosanta
a Dhia liom; A Thighearna, bith liom.

24. Tabhair breith orm de réir do
chirt, a Thighearna;
ná maídis a mbuadh orm, a Dhia.

25. Ná smaoinídís ina gcroidhe: “Tá
buaite againn!”
Ná h-abraidís: Shlogamar siar é!”

26. An dream leanarb áil mo dhochar,
go rabh náire ‘s míchlú orthu!
Go gclúdaítearle h-easonóir is le h-aithis
luchd maíte i m’éadan.

27. Bíodh glionndar agus gairdeas ar
luchd mo pháirte,
agus abraidís gan sos:
“Moladh leis an Tighearna leanarb áil
sonas a sheirbhísigh!”

28. Agus foilseoidh mo theannga
d’fhíréantachd
agus do mholadh ar feadh an lae.

(Fhuair an Salm seo ‘n ainm Salm Seumas a’ Ghlinne mar nuair a dh’fhan e shuas gu bàis, rinn e fógogra ‘nn agus bha e sin Salm 35. Agus as dheidh e sin tha ‘n ainm Salm Seumas a’ Ghlinne chun air an Salm 35 mar e sin amhàin. Dubhairt e bha fear neamh-chiontach e fhé leis an leumh an Salm seo gun teagamh. Chaidh e gu bàis le làmhan Gaill air 8mh Samhainn 1752. Bha Fìor Gàidheal e fhé, ‘gus thug e ‘m beo aige airson fìor saorsa nan Gàidheal agus a’ Ghàidhealtachd.)