Cath Chnoic na n-Os

Do Fearadh an 13mhadh Lá De Mhí na Samhna, 1647.

“Do gheobhair cloidheamh Alastruim do threascair na treóin
I gCnoc na n-Os, mar ar throid an leomhan.”

– Eoghan Ruadh Ó Súilliobháin cct. san “Síothó! a thoil,” agus c.

“Ba bhinne leat í ag scolaireacht ‘ná conairt ghadhar ar bhruach cnuic,
‘Ná an ceól do sheinn Ó Conaill i Mucros go h-uasal,
‘Ná gol na mban ar Alastrom go h-atuirseach i n-duanaireacht
‘Ná an chuach i n-gróbh cois fairrge ‘s í ag calaireacht i n-uaigneas.”

– Sean-amhrán, .i. “An Chiúrach Mhallaithe”.

Feartlaoi Alastruim

“Trí h-Alastruim rug ceannus ar an t-saogal riú –
I n-armaibh, i n-gaisce mhir, ba laochda a n-dúil;
I n-aigne, i n-anamsprid, i n-déanamh clú
Gan amharus ba shamhalta le chéile an triúr.

“Alastrom on Macedon ba laochda ar dtúis;
An dara h-Alastrom an seabhac mear ón n-Gréig ar lúth,
An treas Alastrom an marbh so is déidheannaighe phúir,
‘S an ceathramhadh – ní fheadar-sa cá mb’fhéidir súd.”

– Mághnus Ó Domhnaill cct.

Atá an oiread san daoine i n-ár measc i ndiu atá dall ar inad Chnoic na n-Os, nár mhuar dam, b’éidir, beagán do rádh annso i dtosach bára mar ghioll ar an gceanntar i n-a bhfuil an ball san. Timcheall dá mhíle fearainn soir ó Cheann Tuirc atá sé, i bparóiste Chaisleán an Mhaingnéaraigh. Tá sé ocht míle ó Lios Chearbhaill is ó Chill na Mullach. Ag duine de threibh Chonaill atá sealbh an Chnoic fé láthair. Ní beag san mar chur síos anois; beidh a thuilleadh againn ar ball.

Agus, má’s beag a bhfuil d’eólus ag ár bhfurmhór i dtaebh inaid an chatha úd, is lugha ‘ná san a bhfuil d’fhios againn mar ghioll ar an mbualadh féinidh agus i dtaebh an mhéid ba bhun leis. Ní thagann liom insan n-gearra-thuairisc seo an scéal go léir do shiubhal den chor so; acht caithfead beagán d’innsin, chun an sgéal do chur ar a bhonnaibh, ionnus go dtuigfeadh an choitchianntacht é.

Ní mór dúinn tagairt don tráth úd, mí Lughnasa i mbliadhain a 1646. Le cúig nó sé de bhliadhntaibh, bhí Comhall Chaitlicí Éireann ar marthain, agus a lán cathanna buailte aca ar fuaid na dúithche. Ba liosta le luadhadh a raibh de aighneas annso is annsúd, i bhfus is tall, ar thalamh na h-Éireann; acht, fé Lughnasa, 1646, bhí an lámh uachtair san Chomhall ag an mBuiltéarach, Iarla h-Urmhumhan, tré lúbaireacht is tré chama-chlis. Do rinn seiseanclé-chonnradh tar ceann Ríogh Shasana le n-a dhream féin san Chomhall, ó badh aca a bhí an barr an tráth san. Níor thaithn anclé-chonnradh san le h-éinne acht leo féin amháin. Bhí Rinuccini, teachta an Phápa, go tréan i n-a aghaidh, agus b’é an sgéal céadna é ag easpoig is ag sagairt is ag tuaith na h-Éireann uile, acht amháin an praisimín de mhaithibh is de mhór-uaislibh ba bhun leis an lúbaireacht, .i. cáirde an Iarla h-Urmhumhan.Bhí coinghíoll de choinghíollachaibh an chlé-chonnartha úd, agus is é a bhí ann ‘ná ceannus arm is sluagh an Chomhaill do bheith ag Iarla h-Urmhumhan feasta. Níor bheag san, go mór-mhór an uair ná dearnadh socrughadh ar bith chun éin-réim ná saoirse ná cead do thabhairt do Chaitlicíbh na h-Éireann i gcúrsaibh creidimh, ná chun éin-deimhin d’fhagháil i dtaobh cirt is comhthrom do sna seana-Ghaedhlaibh a bhí inadaithe fós i n-áitreabhaibh a sean is a sínsear. Do bhí Iarla h-Urmhumhan is a chomh-lúbairí tar éis rí-rá a dhéanamhden sgéal: do loiteadar gach nídh. Bhí taoisigh Ghaedhal ar dhearg-bhuile, nídh nár bh’iongnadh. D’aithnighdar do sna daoinibh, féibh mar do rinn Rinuccini féinidh, gan éan-bhaint a bheith aca leis an Árd-Chomhairle, ó ba rud é gur fheall lucht na h-Árd-Chomhairle sin ortha. Nuair do chuir teachta an Phápa gairm-sgoile amach ag iarraidh ar gach oifigeach diúltadh don Árd-Chomhairle láithreach bonn, do ghaibh muíntir Phórtláirge, muíntir Chluainmeala, muíntir Luimnigh, agus a lán eile leis. D’fhógair is do chairéal sé báthadh na h-Árd-Chomhairle, agus do chuir ar bun Mór-Chomhairle. Acht, tar éis gach éin-scéal, b’é an cleas céadna ag an Mór-Chomhairle – do shleamhnuigh camthaí an Bhuil-téaraigh isteach arís. Bhí n-Iarla h-Urmhumhan féin i n-a chomhnuidhe i gCill Choinnigh, mar a mbíodh an cruinniughadh – bhíodh a lán dá fhuirinn ar a chomhgar; acht níor mhar sin do theachtairibh Uladh is do theachtairibh Chonnachta is do theachtairibh Iarthair Mumhan – níor fhéadadar-san teacht i n-dáil acht go fánach, agus, dá bhrigh sin, badh ghearr gurab é an sean-sgéal do bhí aca arís. An Chomhairle nuadh so, de rinneadar gach nídh ar tuathal: I n-inad Eoghan Ruadh Ó Néill do thabhairt anuas agus é do chur i gceannus mhór-shluaigh, is é rinneadar ‘ná é sheoladh go Cúige Chonnacht, ar eagla go mbeadh éan-chur-isteach aige ar na suaracháin do chuireadar féin os cionn Arm na n-Gaedhal i Laighnibh is san Mhumhan, .i. Preston is Táth. Bhí an Niallach tar éis árd-scriosadh a thabhairt ar na Gallaibh ag an mBinn Bhoirb tamaillín roimhe sin .i. an cúigmhadh lá de Mheitheamh, 1646.

I n-deireadh mí Iúil, 1647, do thréig Iarla h-Urmhumhan is a shluaighte Cathair Átha Cliath ar fad, agus thugadar saor-chead do shlógh Pharlimint Shasana chun áitighthe innti. Ó’n ló san, do chuaidh neart Gall i dtreise, go dtí gur bhuadhadar caoch ar Ghaedhil Laighean ag Cnoc Dhungáin an sémhadh lá de Lughnasa, 1647. Dá dheascaibh san, do tugadh Eoghan Ruadh tar n-ais ó Chúige Chonnacht, agus do chuir seisean is a shluagh fútha i n-aice Áth Truim ar feadh mí is ráithe – rud a chuir scannradh go leór ar Ghallaibh, mar ní leogfadh eagla dhóibh a n-arm i gCúige Laighean do lagh-dughadh, ná éan-chuid de do sheoladh go Cúige Mumhan chun cabh-ruighthe le Gall-t-sluagh an Deiscirt. Ní beag linn de chomhartha ar uamhan Ghalla-fhóirne Átha Cliath roimh Eoghan Ruadh an tráth úd, an cur-síos do rinn duine aca féin an uair a bhí Eoghan chuca bliadhain roimhe sin. Seo aistriughadh ar leitir do sgríobhadh i n-Áth Cliath an trímhadh lá de Mhéadhoin Fhoghmhair, 1646:

“Tá an áit seo níos contabharthaighe anois ioná mar a bhí éantráth is cuimhin liom-sa ó 23 Méadhoin Fóghmhair 1641, aleith, mar atá Eoghan Ó Néill agus sé mhíle fear de mhór-shluagh aige ag Fiodh an Átha, mar seo, agus a dtreó chughainn-na. Ní cabhair dúinn, mura gcasaidh láithreach ár sluagh-na atá imthighthe le seachtmhain fí dhéin Chill Choinnigh chun luighe i gcoinne teachtaire an Phápa.”

An lá i n-a dhiaidh san do scríbh an lámh chéadna leitir eile, agus seo mar adubhairt:

“Tá Eoghan Ruadh agus líon a h-ocht míle aige, idir marcra ‘s coisidhthe, ag Fíodh an Átha ón Mhárt so d’imthigh thorainn, agus a dtreó annso. Agus ag Dia atá a fhios ná faighmís-na seasamh i n-a gcoinne ar feadh ceithre h-uaire fichead dá mbeadh gan bheith aca acht dhá mhíle; act, thairis sin féin, tá dhá mhíle eile de mhuíntir Chill Mhanntáin ag bogadh chun cabhruighthe leó.”

Ní beag soin mar dheimhin ar an scannradh croidhe a bhí ortha roimh Eoghan Ruadh Ó Néill, agus nár bh’é an truagh é gur bh’é siúd an t-aon-taoiseach amháin nár theastuigh ón lúbaire sin, Iarla Ur-mhumhan, é chur i n-árd-cheannus ar Arm na n-Gaedheal? Agus bhí meas mór sa Mhumhain ar Eoghan – rud is léir ó’n rann so ó láimh an Chaptaein sin, Piaras Feiritéir:

“Má’s é leóghan cródha Gaedheal i gceart
Do bhéarfas fód glan Fódla fé n-a smacht,
A bhfaice-si, a stócaigh chróin, noch téidh thar lear,
Beir chum Eóghan Mór Ó Néill an ghlac.”

Ní bhfaghadh éan-seana-Ghaedhal, dá mhéid cáil, cae ón mBuiltéarach ná ó n-a chó-lúbairíbh, Iarla Chlann Riocaird (Búrcach) is an t-Iarla Diolún. Do chuireadar san go léir i bhfad níos mó suime i gcúrsaí Ríogh Shasana ioná mar do chuireadar i gcúrsaíbh Gaedheal ná i gcúrsaibh na h-Éireann. Normánach gan mhaith, dar bh’ainm is sloinne Tiobóid Táth, ó Chonnachtaibh, do chuireadar mar cheann ar shluaightibh na Mumhan, agus chífam ar ball cad a fríth de dheascaibh an droch-thoghtha san.

Do b’éigean dam an méid sin do chur síos chun go dtuigthí an chuid eile dhem chunntus i gceart.

Seo sinn anois sa Mhumhain i mbl. (mbliadhoin) a 1647. Murchadh Ó Briain, Iarla Inse Uí Chuinn, .i. Murchadh na n-Dóighteán, a bhí i gceannus Gall san chúige an tráth san. Bhí sé tar éis creachadh is milleadh is réabadh a dhéanamh i gcondatethibh an Chláir, Luimnigh, is Thiobrad Áran, agus do bhí a shluagh tar éis scór sagart do dhúnmharbhadh i gCaiseal na Rígh. Do b’éigean do Tháth bogadh i n-a choinne fé dheire, agus b’in é thug an scéal chum críche i mí na Samhna, 1647.

I gCeann Tuirc do chuir sluaighte an Chomhaill fútha le h-aghaidh an bhuailte. Do ghluais Murchadh is a shluagh ó Chorcaigh go Malla an trímhadh lá de mhí na Samhna: ní raibh de rogha ná de mhalairt aige acht troid nó gorta. Do bhogadar chum róid ó Mhalla an dara lá déag den mhí, agus ní hé an bóthar mór réidh (dá n-gairmthear anois “An Loingseoireacht”) do ghabhadar, acht bóthar aimhréidh curaiceach cumhang .i. trí Chill Mhaclainín, nó trí chonair Bhaile na gCloch; acht is deimhin gur ghabhadar tré Baile Áithín, agus tá éan-rud amháin eile dearbh .i. gur chaitheadar an oidhche sin i gcoill ar an n-Garra Dhubh, i dtreo go dtiocfaidís adtuaidh ar Chnoc na n-Os. Cheithre míle ceithearnach coise agus dhá chéad marcra a líon – sin é a n-áireamh féin.

Maidir le Táth is a shluagh: do shuidheadar gach nídh i dtreó ar thaobh Chnoic na nOs, nó treasna an chnoic ar an dtaobh thuaidh is ar an dtaobh thiar; acht nár bhacadar i n-éan-chor le duine do chur ar an gcúinne ab aoirde – ní raibh gádh leis, mar ní bhfaghadh sluagh Mhurchaidh teacht annsúd, bhí an fánadh chomh mór is comh doimhinn sin. Seacht míle, cheithre chéad, seascad is a ceathair (7,464) ceithearnach coise a bhí ag Táth, agus míle sé is seacht-mhoghadh (1,076) de mharcra. De Chonnachtaibh ab eadh dhá dhíorna (reisimintí) dhíobh san, agus Albanaigh is Ultaigh dhá dhíorma eile a bhí fé cheannus Alastruim Mac Domhnaill, mac Colla Chiotaigh. Dhá mhíle slíghe a bhí idir an dá shluagh an oidhche roimh ré. Do chuir Murchadh scéal ag triall ar Tháth ag baint le cúrsáibh cogaidh; acht do rinn seisean moill éigin gan freagra do chur chuige ar an leitir rin, de dheascaibh gan a chuid ordnáis a bheith ullamh aige. Do chuir sé an freagra chuige, ámhthach, an tráthnóna céadna go dtí an Garra Dubh, agus do scríbh Murchadh ath-fhreagra chuige gan mhoill, dá rádh leis do gcuirfidís socrughadh gach aighnis ar cáirde go ló. ‘Sé theastuig ó Mhurchadh ná Táth is a shluagh do theacht leath-shlighe fé n-a dhéin agus Cnoc na n-Os do thréigean! Acht, cé go raibh Táth baoth go leór, dom thuairm-se, ní raibh sé chomh aimideach agus an tairiscint sin go ghlacadh ó n-a dhearg-namhaid. B’in é an connradh leanbhaidhe do cheap mo Mhurchadh shímplídhe do dhéanamh maidean an bhuailte .i. Dia Sathairn, an 13° lá de Samhna, 1647; acht níor chuir Táth de fhreagra uaidh acht freagra béil leis an n-giolla, dá chur i n-iúl ná raibh sé chomh éigcialldha san agus an méid sin a dhéanamh air, gur ro-shuarach an saighdiúir ná déanfadh áis d’éinleath-chuma a rángóghadh aige ar namhaid, agus ná raibh amhrus aige ná gur mar sin a dhéanfadh Murchadh dá mbadh aige a bheadh an chae.

Dá dheascaibh san, bhí ar Mhurchadh is a shluagh teacht dhá mhíle shlíghe chun an chnuic fé n-a n-déin. Gearra-ghunnaí nó gunnaí glaice (muscaedaí) an t-arm a bhí ag dhá dtrian a lín choise. Trí chuid do rinn sé dá shluagh ag dul ag triall ar an gcnoc dó. Chuir Murchadh sé dhreamanna de mharcra i bhfochair a chlé-roinne agus seacht n-dreamanna marcra mar theannta leis an n-deas-roinn, agus tacaí le gach roinn díobh. Ní féidir innsint go cinnte cad é líon láir a bhí aca, acht is eól dúinn go dian-mhaith gur bh’é Lt.-Col. Crispe bhí mar cheann ar an bhfórsa coise a bhí ag Murchadh mar chúl báire. Col. Sior Uilleim Bridges an ceann urraidh ar an n-géig chlí – cloisfeam tuilleadh i n-a thaobh ar ball. I lár baill a shluagh a bhí Murchadh féin, agus ar an n-deas-roinn bhí Col. Temple mar cheann. B’in é an córughadh a bhí ar shluagh na Parliminte ag Cnoc na n-Os.

Níor mhar a chéile – ná i n-éin-ghoireacht dó – suidheamh ná socrughadh arm an chomhaill ar fhíoghar is ar thaobh an chnuic.

Bhí naoi mion-roinnte aca, maidir le n-a gcuid coisidhthe – foirne na Mumhan féinidh i lár baill, fí stiúir Iarla Chaisleán Ó gConaing; ar a dtaobh deas san bhí Alastrom mac Colla Chiotaigh Mac Domhnaill agus a thrí dhíormaí (3,000) d’fhearaibh a chine ó Ultaibh is ó Albain, agus taobh leo san, mar chúl báire, bhí an Puirséalach (captaein) is a dhó nó trí de dhíormaíbh dhe mharcra aige. Ar aghaidh sluagh Sior Uilleim Bridges a bhíodar an fhuireann so Alastruim, .i. an deas-roinn de chabhair na n-Gaedhal, agus clé-roinn Gall i n-a gcoinnibh. Ar an gceann eile den gcnoc, i gcoinne Temple is a fhoirne, bhí suas le cheithre mhíle coisidhthe ó Chonnachtaibh, fé cheannus Táth, agus bhí cúl dhá dhíorma de mharc-shluagh aige.

B’in é riar an dá thaobh i gcomhar an chatha, agus ba dheacair thar barr an cruinn-eoluis d’fhagháil ó sna cunntuisíbh atá sgríobh-tha annso is annsúd. B’é an trímhadh lá déag de mhí na Samhna é, agus tá sé ráidhte nár theastuigh ó Alastrom tosnughadh ar an n-gléo an lá san, mar nár bh’ádhmharach aige riamh an reann úd Saturn – b’éidir gur thug sé géilleadh do phiseógaibh. Ní fios dam fé láthair an raibh piseógacht an “trí déag” i bhfeidhm i n-Éirinn an tráth san, acht is dócha go raibh.

“Dia is Pádraig” an focal faire bhí ag Gaedhlaibh; “Caithréim / Bhiotóraibh” bhí ag na Gallaibh.

Bhí socair ag Tháth fanamhaint i seilbh an chnoic, mar a raibh aige; bhí an ghaoth féin go taithneamhach. Bhí áis gach nídh aige, acht amháin cródhacht ionn féin agus i gcuid dá shluagh.

Thug Murchadh fé n-deara go luaith go raibh na Gaedhil ró líonmhar dó fé fhearaibh, cé gur lucht pící a lán díobh-súd, agus chonnaic sé go cruinn go raibh togha inaid aca. Dá bhrígh sin, d’órduigh dá chlé-roinnt (an dream bhí ar aghaidh Alastruim) gabháil beagán chum tuathail, isteach i dtalamh branair a bhí ann dá leogaint air go raibh sé ar aigne casadh ar chúlaibh dheas-roinne na n-Gaedheal, agus thug órdughadh dá chlé-roinnt gluaiseacht chum tuathail, amhail is dá dteastóghadh uaidh na Gaedhil d’ionnsuidhe annsúd amháin le lán a shluaigh. Ar eagla an bhuailte ar a gcúlaibh, nó go mbriseadh an trom-shluagh isteach ortha i n-aon inad amháin, d’aistrigh foirne Gaedhal ó sna h-inadaibh a bhí ceapaithe i n-a gcomhair, agus, nuair d’iompuigheadar chum deisil i gcabhair dá gcáirdibh, bhí an leath-chuma nach mór imthighthe gan éifeacht; ba mhar a chéile annsan é ag gach taobh maidir leis an n-gaoith, agus do b’usaide do Ghallaibh an cnoc do chur díobh.

Do chuir Murchadh dhá gunna móra ag caitheamh pléar i gcoinne Alastruim is a bhuidhne, ionnus go ritheadh Gaill – idir mharcra is coisidhthibh – ortha isteach, dá rángóghadh éin-iomrall do Ghaedhlaibh dá dheascaibh. Nuair a bhreathain na Gaedhil go rabhthasag dul go géar ortha ar gach taobh, do luigheadar chun an bhuailte i n-dáríribh.

Do chrom Alastrom is a shluagh ar an léasadh, agus níor léasadh go dtí é – sin é an innsint do rinn na Gaill féin ar an scéal an lá céadna, agus i gcur-síos eile dá n-dearnadar trí lá i n-a dhiaidh san. Do ghaibh Alastrom agus a chuid fear tré chlé-roinn na Gallafoirne féibh mar a gheobhadh seabhac tré scata míon-éan; do rinneadar neimh-nidh dhíobh, is do threascradar ar an láthair sin na cinn urraid bhí i n-a n-aghaidh, .i. Sior Uilleim Bridges, Col. Gráigh, Maor Broune, Sior Robert Trabhers agus c. Do chuir Alastrom an ruaig glan ar an namhaid a bhí os a chomhair, agus do mhairbh tuairm míle duine aca le faobhar claidheamh, mar ní túisce a chaith fuireann Alastruim urchar nó dhó an duine ná mar do theilgeadar uatha a n-gunnaí glaice is ghabhadar pící ‘s cleath. Ní’l éanamhrus ná gur theich na Gaill le n-a n-anam rómpa; tá an méid sin admhuighthe aca féin go doiléir, agus i n-a theannta san, gur sháruigh Alastrom dhá ghunna dá n-gunnaí móra. Acht is deacair a chreideamhain nár chaill Alastrom acht cúigear fear san bhfoghadh úd, go mór mhór má lean sé an namhaid trí mhíle do shlighe ón láthair sin. Ní misde a rádh, amthach, ná go n-deárna sé éirleach thar barr ortha is gur chuir sé scannradh an bháis ar an méid den chlé roinnt do rug a n-anam slán leó. Do shaoghail sé, nídh nach iongna, go raibh an lá le Gaedhlaibh, acht caithfeam an chuid eile dhen gcluiche do shiubhal, féachaint cionnus a dh’éirigh leis an gcuid eile, agus casfam arís ar Alastrom.

Nuair thug Murchadh fé’n dream láir so na n-Gaedhal – Muimhnig ab eadh iad uile, agus Iarla Chaisleán Ó gConaing mar cheann ortha – ní dheárnadar acht urchar nó dho an duine do chaitheamh, agus as go bráth leo, fí dhéin na mbailte sin Ceann Tuirc, Áth Treasna ‘s Lios Cearbhaill. Bhí Táth féin chomh deithsionach le cách ag fágaint an inaid, agus Lt. Gen. Puirséal is Col. Ó Gráda le n-a chois. Níor dheachaidh Murchadh ná puinn dá shluagh i n-diaidh an dreama san na droch-mheanman, agus ní dócha gur cailleadh thar cúpla céad aca ar fad ó thúis go deireadh. ‘Sé an tuairisc atá amuigh ortha ná gur gaibh a marcra tosach ar a gcoisidhthe ag triall dóibh i gcoinne na n-Gall agus gur caitheadh na ceathanna mion-philéar leis an marc-shluagh sin ó chloidhe mar a raibh dream de Ghallaibh fé scáth, i slíghe gur shatail na capaill ar na coisidhthibh a bhí dtaobh thiar díobh. Do chuir an tiubaist sin amugha an cliathán clé, ionnus gur theicheadar uile idir choisidhthibh is mharcra .i. a raibh de choisidhthibh san roinn chlé is san roinn láir agus a raibh de mharcra ar an roinn chlé, (fé cheannus an Phuirséalaigh?). Níor lean san tóir iad acht fíor-bheagán de mharcra Mhurchaidh.

B’in dá dtrian de sluagh na n-Gaedhal imthighthe, ruaighthe, scáinte, gan éin-dhíthcheall do dhéanamh. B’é tuairim a lán gur bh’amhlaidh do rinn Táth agus na chomh-chinn a bhí aige i lár buill an chatha, agus san sciathán clé, an feall-bheart i n-glan dáiríríbh .i. teicheadh leo féin gan fáth, agus Alastrom Mac Domhnaill is a thrí dhíorma do leogaint annsúd sa chliathán deas, chum seasaimh i n-a n-aonar i gcoinne lán-t-shluagh Mhurchaidh na n-Gall. Fillfeam ar an gcúrsa san arís má bhíonn an chae is an uain againn.

D’éis an ruagtha úd an láir is chlé-chliatháin Ghaedhal, do chas Murchadh go sásta chun tuaithil, acht cad é mar scéal é! Bhí an roinnt sin dá shluagh scaipthe, brúighte, briste, míle duine aca treascartha ag fuirinn Alastruim, agus Mac Domhnaill féin agus mórán dá chuid fear ag tóruidheacht an t-sluaigh Galla bhí tar éis teicheadh.

Féibh mar adubhart cheana, do cheap Alastrom go raibh an lá le Gaedhlaibh – gur éirghidh le n-a cháirdibh chomh geal is mar d’éirghidhleis féin, mar ba cheart dóibh dá n-déinidís an iarracht. Acht, mo chreach chráidhte! ní mar sin do bhí an scéal, acht gach duine riamh aca tar éis teichthe. Tá sé ráidhte gur thug Táth féin iarracht chum a chuid fear do stuanadh ar láthair an bhuailte, agus gur mhairbh sé roinnt éigin aca le n-a chloidheamh; acht is deacair an scéal san a chreideáil, ós rud é gur ghread sé an bóthar chomh dian is a bhí ann a dhéanamh go dtí gur shrois sé cathair Luimnigh, agus adharca is stuic aige ‘á séideadh, díreach mar a bheadh ag taoiseach a bhí tar éis gaisce an domhain do dhéanamh!

Ar filleadh do Alastrom is a laochradh chum an inaid i n-a rabhadar i dtosach, tar éis dóibh ceann na láimhe clí den namhaid do ruagadh is do lán-chloidhe, d’ionnsuidh furmhór shluagh Mhurchaidh é, mar níor fhiadhachadar na teichmhaigh san tóir. De réir mar fhéadaim déanamh amach, trí mhíle fear líon Alastruim ag tionnscaint an bhuailte ar maidin an lae ghil sin. Annsan do thárla an chuid ba dhéine den n-gleó. Do thug Murchadh anuas an sluagh coise a bhí i dtaisce aige san roinn láir agus ar an gceann deas, agus marcra mar an gcéadna ná raibh éan-bhaint aca leis an gcoimheascar go dtí san. Is ar éigin do deargadh ar Alastrom is ar a bhuidhin chródha go dtí an tráth san – bhí an lá leo i gcoinnibh Gallafoirne na láimhe clí a bhí i n-a gcomhair; ar admhughadh na n-Gall féinidh, bhí na gunnaí móra i seilbh Alastruim ar feadh abhfad – ar feadh uaire chluig adeir ughdar áirithe. De réir gach deallramh, bhí beirt ag Murchadh i n-aghaidh an duine ag Alastrum san choimhghleic deiridh seo. Ní raibh uain ag fuirinn na n-Gaedhal a n-gunnaí móra do líonadh ath-uair, bhíodar chomh deimhinitheach san go raibh Murchadh ruagtha, nuair do ling an mór-shluagh ar mullach cinn ortha. ‘Sé deir gach cunntus is tuairisc ‘ná go n-déarna Alastrom árd-thuargain is treascairt ar an machaire sin, mar bhí sé “chomh groidhe láidir d’fhear is d’iomchur cloidheamh clais-leathan san ré úd, agus bhí an oiread san de ghaisce ann i dtorann treathan-gharbh na troda is gur bh’ionáirithe é ar mhor thaoiseachaibh na h-Eórpa dá mbeadh a ghliocas is a ghaisce de réir a chéile.”

Bhí ár is éirleach ar an bpaiste sin; is beag tuairisc againn ó éan-taobh ar an dtreascairt, acht chuaidh an lá ar an iarmhar san de Chlannaibh Gaedhal bhí fé cheannus Alastruim, agus do marbhuigheadh é féin chomh maith, cé nach ró-chruinn atá sgéal a mharbhtha againn sna tuairiscí, rud a thráchtfam ar ball. Do cailleadh timcheall dhá mhíle de shluagh an Chomhaill i gCnoc na n-Os, cé gur áirmhigh Murchadh féin níos mó, ag sgríobh’ dó ag triall ar Lenthall, Spéicéir na Parliminte, ar an 18° de mhí na Samhna, 1647, chúig lá tar éis an bhuailte, ó áit dar b’ainm Gort na Tiobrad. Sidí a chaint:

“Ní dóigh liom gur chailleadar os cionn trí mhíle, mar níor sheasaimh an troid éan-fhaid; agus muna dtráchtainn ar na trí díormaí de shluagh coise a bhí i gceannus Sior Alastrom Mac Domhnaill, an chuid eile aca chuireadar díobh chomh mear agus bhí i n-a gcosaibh, tré choilltibh is tré churraighthibh fé dhéin Cheann Tuirc, Áth Treasna is Lios Cearbhaill.”

Cé go n-abraid na tuairiscí Gallda gur bheag an easnamh fear do thárla do shluagh Mhurchaidh de dheascaibh oibre an lae sin, ní dócha go n-deachadar as gan míle duine ar a laighead, do chailleamhaint. Do síneadh deichneabhar nó dosaein dá dtaoisigh de réir a gcunntus féinidh, agus do goineadh is do leónadh tuille aca: Gabhadh bheirt oifigeach eile i n-a bpríosún aighibh, agus ó ba rud é gur ghaibh na Gaedhil príosúnaigh mar sin, ní fuláir nó go raibh bail éigin ortha san bhualadh agus i n-deireadh na dála féin. Bhí raith go leor ar Alastrom is ar a shluagh sa chéad dul, fí chomhair na láimhe clí de shluagh Mhurchaidh.

Tá sé dearbhuighthe san scríbhinn go raibh Alastrom ar thulaigh bhig i leath-taoibh ó n-a fhuirinn (tar éis dó marbhadh tiugh do dhéanamh ar Ghallaibh agus an ghlan-ruaig do chur ortha), d’fhéachaint cionnus mar a bhí an scéal ag Gaedhlaibh ar an taobh eile de mhachaire; go dteagmhuig cheithre dhuine dhéag de mharcra an namha air, ar a chasadh dhó; gur dhiúltuigheadar san taise dhó; gur mairbh sé ceathrar aca ar an láthair sin, agus gur sháith duine eile aca é i bhfeall-bheart an fhaid is bhí Alastrom ag plámás leis an gcaptaein a bhí ortha, gur thuit an tréan-taoiseach i n-a chnap, marbh. Ní mór ná gur mar a chéile an innsint sin agus seana-chuimhne na n-daoine, mar adeir go raibh Alastrom ag filleadh ar a shluagh nuair a rug cúigear de mharcra an namhad air is gur ghabhadar i n-a chime é, go raibh sé ag gabháilt thar sruthán ag Áth an Taoisigh ar dtaobh thiar den mhachaire, gur chrom a chapall a cheann chun ólta, agus gur sháith duine den n-gárda san an treón nuair a fuair an lom air tré bheárnain a chonnaic sé san lúireach. ‘Sé deirid na daoine ná gur “Samuels” sloinne achladhaire bheitheamhnaigh do rinn an feall san, agus go raibh an sémhadh glún uaidh fear dar bh’ainm is sloinne Tadhg Ó Ceallacháin (Tadhg Chinn Tuirc a leas-ainm) i n-a sclábhuidhe i gceanntar Dún ar Aill, dathadh bliadhain óchoin. Dubarthas, leis, go raibh stáit bheag ag Samuels is ag a shliocht i n-a dhiaidh, i n-aice Rátha Luirc, acht gur chailleadar í, is go bhfuil a shliocht san dúthaigh sin indiu.

Tá seana-rádh san n-Gaedhilg go mbíonn dhá innsint ar scéal, acht sáruigheann scéal mharbhtha Alastruim an méid sin mar tá dhá innsint eile i n-a theannta san air! Is é adeir innsint díobh san ná gur ghéill Alastrom dá namhad é ghabháili n-a ghéill, mar gur léir dó a líon fear ag dul i bhfánaigheacht sa choimeascar le neart tuargain is éirligh, agus gur ghaibh captaein sa mharcra (Purdon a shloinne) i dtaobh thiar de ‘s gur sháith cloidheamh tré chorp an mhear-laoich – beart a bhí bun-os-cionn le ceart-riaghlachaibh cogaidh is cinidheacha. Deir tuarasgabháil do scribh oifigeach do bhí i n-arm na n-Gall go bhfuair Alastrum agus ar ghaibh leis anacal ó Choronet (? Ó Gráda) de mharcra Mhurcaidh, acht go dtáinig ar an bhfód ar an nóimeant déair Maor Purdon is gur fhiosruigh den gCoronet cé dhó gur thug sé taise, agus ar fhagháil an chunntuis gur ghaibh fearg buile é is gur chuir sé piléar láithreach bonn tré cheann Alastruim, fear a bhí fí chúram is choimirce an Ghrádaigh, agus gur mar sin a cailleadh Alastrom mac Cholla Chiotaigh Mic Domhnaill. Deir an finné céadna go bhfuair Purdon tuilleadh gradaim de bharr na gráin-bheirte sin mar go n-deárnadh Baronet de, gur throid an Coronet úd leis gach bliadhain ar feadh seacht mbliadhna d’fhonn díoghail, acht gur theip air gach uair, agus gur mhóide an truagh san.

An Abha Bheag ainm an t-srotha i n-a bhfil Áth an Taoisigh, acht Abha Átha Soluis an ainm choitcheann atá air indiu. Cé gur “Cnoc na n-Os” a thugtar ar inad an chatha, is dearbh gur ar an mbaile fearainn sin “Leaca Liath” a fríth furmhór an ghliadh, agus tá n-ainmneacha fé leith ar bhallaibh áirithe, mar atá Clais an Chogaidh, Páirc na h-Eachraidhe agus c., agus tá Páirc an Chamtha ceathramhadh míle shlighe i dtaobh thoir-theas de Chill Bhroin, mar ar shuidh Murchadh a chamtha d’éis an bhuailte, ar feadh lae nó dhó.

Taobh thall d’Abha Bhig do cuireadh corp Alastruim i n-úir, ag an gcúinne thiar-theas de gháirdín a ghaibh le gabháltus an Phuirséalagh, fear ag a raibh sealbh na h-áite úd, .i. Ráth Meachair. Tá crann mór fuinseóige ag fás indiu os cionn an bhaill i n-ar leagadh an corp agus i n-ar fhágadh é ar feadh trí lá is trí oidhche, go dtí gur beireadh é go Reilig Chluainmhín fén mhór-urraim badh dhual dá chrú is dá chlú. Do leagadh an corp fé dheóidh i dtuamba na gCeallachánach mór. Donnchadh Ó Ceallacháin na Cluana Míne fé n-dear an nidh sin. An chuid eile do treascradh sa ghléo do rinneadh iad d’adhlacadh mar ar thuiteadar agus do nochtadh roinnt cloidhmhte, spor, etc., ar an láthair ó am go h-am. An Maolánach, an té bhí i seilbh na h-áite tamall óchoin, thárla dá chuid fear, uair agus iad ag rómhar, cnámha corp daonna, acht stadadh den obair, láithreach.

Mairfidh cáil Alastruim sa Mhumhain. Badh mhór an náire ‘s an truagh dá dtéidheadh a chuimhne ar ceal. Is maith is cuimhin liom féin an port úd “Máirseáil Alastruim” do chlos ag na seandaoinibh agus ní dócha go rabhas os cionn trí bliadhna dh’aos nuair a chonnac fear de sna comhursnaibh ag déanamh an rinnce a ghabhann leis an gceol. Badh mhór le rádh ag ár sinnsear “Cloidheamh Alastruim”: féach i mbrollach an aiste seo, an leath-rann sin Eoghain Ruadh Ó Súilleabháin ag geallamhain don leanbh go bhfaghadh sé an t-arm meillteach san.

Ba liosta le luadhadh a n-deárna Alastrom de ghaisce i n-a dhútha féin .i. Alba. De shliocht Iarlaí Aontroma ab eadh é.

Nuair ná géillfeadh sé don gConnradh (nó Cobhanant) do b’éigin dó teicheadh ó sna h-Oileáin go h-Éire, mar a ráinig sé i mbl. a 1639, ag Aontruim. Dhá bhliadhain i n-a dhiaidh san, do chlaoidh sé le sluagh an Chomhaill, acht ní chualathas puinn i n-a thaobh go dtí gur ghaibh sé cuan Phortláirge amach (ón bPasáiste) an 27° lá de Mheitheamh 1644, le trí cinn d’árthaighibh is pinnace, le sé-chead déag fear. Do ghabhadar tír i dtráth ag Rinn Áird na Murdhúchán i n-Albain. Rugadar buadh i dteannta Mhontrós ag Tobar Muire, agus do bhuaileadar cathanna i gcoinne lucht an Chonnartha ag Abar Dheathain, Inbher-locha, Cillsioth, agus c., agus c. Tá a lán scríobhtha ag Scott agus ag Napier i dtaobh a n-deárna sé i n-Albain ar feadh trí bliadhna, acht bíodh san mar atá. Do chas ar Aontruim i samhraidh na bliadhna 1647 is do rinneadh leas-thaoiseach de ar shluagh an Chomhaill.
Badh mhór an chailleamhaint é thuitim i gCnoc na n-Os, creach do thárla dhúinn tré mheaithteacht Táth. Dá n-déineadh Táth agus a shluagh seasamh dána, ‘gus cuidiughadh le h-Alastrom bhí an lá le Gaedhlaíbh agus Cúige Mumhan ar fad fé n-a gcoimirce is fé n-a dtearmoinn. Admhughadh na n-Gall féinidh atá againn leis an méid sin. Acht bhí i n-dán dúinn an lá do chailleamhaint is ní maitheas a bheith dá chaoineadh indiu.

Bhronn an Pharlimint míle púnt ar Mhurchadh agus deich míle púnt ar an arm. Acht níor bh’fhada i n-a dhiaidh san gur ghaibh Murchadh atharrach bóthair – chuaidh sé ar thaobh na Coróineach, i gcoinne na Parliminte! Cladhaire críochnuighthe bitheamhnaigh ab eadh é, cé gur dhe shliocht Bhriain é agus dhe chreideamh na n-Gaedhal.

D’fhéadfaí a lán do rádh i dtaobh an chatha seochas a bhfuil ráidhte ins an aiste seo, acht, don chor so, is leór a shuidheamh gur thinn dubhach dubh dolásach an lá d’Éirinn é.

AGUISÍN.

Sid iad na gaeallamhna do thóg Murchadh:

Co. Raghnall Mac Domhnaill; Lt. – Col. Mac Con Mara;
Maor Seán Ó Faoláin.

Captaein:
Gearóid Mac Muiris, An Puirséalach, Aedh Ó Ceallaigh, Éamonn de Búrc,
Piarus Breathnach, Roibeárd Suipéal, Giolla Riabhach Ó Briain, Mac Con Mara,
Donnchadh Ó Briain, Domhnall Mac Con Mara, Finghín Mac Carrthaigh, Donnchadh
Mac Carrthaigh, Seán Mac Con Mara, Risteárd Feiritéir, Liam Builtéar,
Tiobóid Builtéar, Roibeárd Mac Murchadha, Alastrum Mac Siacuis, Mac
Lochlainn, Liam Ó Dúbhda, Farriah Ó Domhnaill, Aonghus Ó Domhnaill, Seán
Ó Domhnaill, Art O Luingsigh, Marcus Mac an Astair, Aedh Ó Connchubhair,
Domhnall Ó Súilleabháin.

Táinistearan:
Tomás Hellihed, Pádraig Ó h-Ógáin, Conn. Mac Con Mara, Conn. Ó Briain,
Éamonn Mac Suibhne, Maghnus Mac Donnchaidh, Seán de Búrc, Olibher Dignum,
Tomás Builtéar, Liam Ó Ceallaigh, Aengheas Ó Dúbhlaigh, Tadhg Ó Donnchadha,
Ó Duibhir, Daltún, Ionnsadún, Mac Stiabhna, Cinnéide Ó Briain, Brian Mac Craith.

Fir nam Brataich:
Tomás Mac Muiris, O h-Annracháin, Lillis, Proinsias Gordon, Éamonn Ó Gráda, Donn. Mac Mathghamhna, Domhnall O Nialláin, Domhnall Mac Coda, Lochlan O Ceallaigh, Liam Hodnae, Donn. O Brughadha, An Baróideach, Seán mac Domhnaill Mac Carrthaigh, Domhnall de Búrc, Seán O Corcraigh, De Léis, Seán de Búrc, Éamonn de Búrc.

Fir Buabhall:
Seán Mac Gearailt, An Puirséalach.

Maighstir nan Cairteal-Feachda:
Risteárd Mac Síoghradha.

D’uaislibh na Dúithche:
An Puirséalach, Criostóir Puirséal, Stiabhna Brúin, Seán Nobhaidh.

“Síoghra Dubh.”

Tá ar gcara Tomás Ó Rathaille ar a laethibh saoire fé láthair, agus fágann soin sinn gan aon chuid de “Shíoghra Dubh” san uimhir seo. Leanfar dhe an mhí seo chughainn.

Le Risteárd Ó Foghludha
1909